Gelex

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/100 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2022 maidir le dréacht-Fhoraithne ó Ríocht na hÍsiltíre i dtaca le deochanna do lapadáin agus bainne do lapadáin a dtugtar fógra fúthu i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith C(2022)312) (Is ag an téacs san Ollainnis a bheidh an t-údarás agus aige sin amháin) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2022-01-24from 2022-01-25
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/100@2022-01-24/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis faoin mbia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir ón gCoimisiún 87/250/CCE, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún agus go háirithe Airteagal 45(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) I gcomhréir le hAirteagal 45(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, thug údaráis na hÍsiltíre fógra don Choimisiún an 28 Iúil 2020 maidir le dréacht-Fhoraithne ina bhfuil rialacha maidir le bianna atá bunaithe ar phróitéin (ó bhainne bó nó ó bhainne gabhair), ar cuireadh ar a laghad vitimín, mianra, nó substaint eile amháin nó níos mó leis, agus atá ceaptha lena n-úsáid mar dheoch do leanaí óga idir bliain amháin agus 3 bliana d’aois (Foraithne maidir le deochanna do lapadáin agus bainne do lapadáin i gcomhthéacs an Ghnímh um Thráchtearraí) (an dréachtbheart ar tugadh fógra faoi).

(2) Le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 bunaítear na prionsabail, na ceanglais agus na freagrachtaí ginearálta lena rialaítear faisnéis faoin mbia, agus lipéadú bia go háirithe. I ndáil leis an méid sin, liostaítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 na sonraí atá le soláthar ar bhianna, i gcomhréir le hAirteagail 10 go 35 agus faoi réir na n-eisceachtaí atá iontu.

(3) Foráiltear le hAirteagal 39(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 go bhféadfaidh na Ballstáit, i dteannta na sonraí sainordaitheacha dá dtagraítear in Airteagail 9(1) agus 10, bearta a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 45, lena gceanglaítear sonraí sainordaitheacha breise le haghaidh cineálacha nó catagóirí sonracha bia, a bhfuil bonn cirt leo chun an tsláinte phoiblí a chosaint, nó tomhaltóirí a chosaint, nó chun cosc a chur le calaois nó cearta maoine tionsclaíche agus tráchtála, tásca tionscnaimh, ainmniúcháin chláraithe tionscnaimh a chosaint, nó an iomaíocht éagórach a chosc.

(4) Leagtar amach sa dréacht ar tugadh fógra faoi, i measc nithe eile, sonraí éigeantacha breise le haghaidh catagóirí sonracha bia i bhfoirm dearbhuithe nach mór a sholáthar do thomhaltóirí nuair a chuirtear deochanna do lapadáin agus bainne do lapadáin ar an margadh san Ísiltír. Dá bhrí sin, is gá don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar a chomhoiriúnacht le ceanglais thuasluaite an Rialacháin sin agus le forálacha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(5) Sa dréacht ar tugadh fógra faoi, leagtar síos ceanglais shonracha chomhdhéanaimh, daingniúcháin, lipéadúcháin agus mhargaíochta le haghaidh bianna atá bunaithe ar phróitéin ó bhainne bó nó ó bhainne gabhair, atá ceaptha lena n-úsáid mar dheoch do leanaí óga idir bliain amháin agus 3 bliana d’aois. Go háirithe, i roinn 2 den dréacht ar tugadh fógra faoi, leagtar síos ceanglais maidir le comhdhéanamh na ndeochanna do lapadáin agus an bhainne do lapadáin agus maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí eile a chur leis na deochanna agus leis an mbainne sin. I Roinn 3 den bheart ar tugadh fógra faoi, leagtar síos ceanglais áirithe maidir le hainmniúcháin, dearbhuithe agus faisnéis a chur i láthair na dtomhaltóirí.

(6) Le hAirteagal 7 den dréacht ar tugadh fógra faoi, ceanglaítear na dearbhuithe seo a leanas a úsáid chun deochanna do lapadáin agus bainne do lapadáin a mhargú: a. an chatagóir aoise, idir bliain amháin agus 3 bliana d’aois, dá bhfuil sé beartaithe; b. dearbhú nach gcuirtear an táirge in ionad aiste chothrom bhia; c. dearbhú á rá nach gcuirtear an táirge in ionad forlíontaí vitimín D; agus d. dearbhú nach gcuirtear an táirge in ionad bainne cíche.

(7) Míníonn údaráis na hÍsiltíre go bhfuil bonn cirt leis na sonraí sainordaitheacha sin atá sa dréacht ar tugadh fógra faoi chun an tsláinte phoiblí agus na tomhaltóirí a chosaint.

(8) Níor chuir údaráis na hÍsiltíre aon fhianaise isteach chun bonn cirt a chur faoin mbeart chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Os a choinne sin, sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an dréacht ar tugadh fógra faoi, míníonn údaráis na hÍsiltíre nach gá deochanna do lapadáin agus bainne do lapadáin chun riachtanais chothaitheacha leanaí óga a shásamh.

(9) Foráiltear le hAirteagal 7(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 nach mbeidh faisnéis faoin mbia míthreorach, go háirithe maidir le saintréithe an bhia agus, go háirithe, maidir leis an gcineál, leis an gcéannacht, leis na hairíonna, leis an gcomhdhéanamh, leis an gcainníocht, leis an tseilfré, leis an tír thionscnaimh nó leis an mbunáitíocht, leis an modh monaraíochta nó táirgthe.

(10) Deochanna bainnebhunaithe atá ceaptha lena n-ól ag leanaí óga, thagaidís faoi raon feidhme Threoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearraí bia atá ceaptha le haghaidh úsáidí cothúcháin áirithe ach rinneadh na deochanna sin a aisghairm le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ón 19 Iúil 2016.

(11) I bhfianaise na haisghairme sin, is le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 a cheanglaítear ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh i dtuarascáil an bhfuil gá le forálacha sonracha maidir le deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla atá ceaptha le haghaidh leanaí óga idir bliain amháin agus 3 bliana d’aois. Ghlac an Coimisiún Tuarascáil maidir leis na táirgí sin an 31 Márta 2016 (Tuarascáil 2016).

(12) Baineadh de thátal as Tuarascáil 2016 nach bhfuil aon ghá le forálacha sonracha le haghaidh na catagóire bianna sin mar gur féidir comhdhéanamh deochanna bainnebhunaithe do leanaí óga agus cumarsáid maidir le saintréithe na dtáirgí sin a rialú go leordhóthanach le cur i bhfeidhm ceart agus iomlán chreat ginearálta dhlí bia an Aontais.

(13) Bhí na conclúidí sin bunaithe ar chomhairle eolaíoch ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (an tÚdarás). Sa Tuairim ón Údarás in 2013, thug sé dá aire nach bhfuil aon ról uathúil ag na táirgí sin agus nach féidir a mheas go bhfuil gá leo chun riachtanais chothaitheacha leanaí óga a shásamh má chuirtear i gcomparáid iad le bianna eile a d’fhéadfaí a áireamh mar chuid dá ngnáth-aiste bia.

(14) Dá thoradh sin, níor chuir an Coimisiún togra reachtach le Tuarascáil 2016 chun na rialacha maidir le deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla atá ceaptha le haghaidh leanaí óga a leagan síos. Dá bhrí sin, ón 20 Iúil 2016, meastar gur gnáthbhianna iad deochanna bainnebhunaithe atá ceaptha le haghaidh leanaí óga, bianna atá treisithe le cothaithigh áirithe agus atá dírithe ar fhoghrúpa sonrach den daonra agus is le rialacha cothrománacha dhlí bia an Aontais amháin a chumhdaítear iad.

(15) Ar bhonn na mbarúlacha thuas, imíonn an dréachtbheart ar tugadh fógra faoi ó na rialacha is infheidhme maidir le gnáthbhianna, agus ina ionad sin tugtar isteach creat dlíthiúil nua le haghaidh deochanna do lapadáin agus bainne do lapadáin san Ísiltír. Sa chiall sin, cruthaítear catagóir nua táirgí de facto leis atá ceaptha le haghaidh lapadán, ar táirgí iad atá faoi réir ceanglais shonracha chomhdhéanaimh, daingniúcháin, lipéadúcháin agus mhargaíochta. Níl sé sin i gcomhréir le creat dlíthiúil reatha an Aontais Eorpaigh.

(16) Go háirithe, tagann deochanna do lapadáin agus bainne do lapadáin faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bianna agus ní mór dóibh rialacha an Rialacháin sin a chomhlíonadh maidir leis na coinníollacha chun vitimíní agus mianraí a chur isteach agus maidir le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht. Ní mór do dheochanna bainnebhunaithe atá ceaptha le haghaidh leanaí óga faisnéis faoin mbia a chur ar fáil, lena n-áirítear an dearbhú cothúcháin, i gcomhréir le rialacha Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 agus ní féidir ach maímh shonracha maidir le cothú agus sláinte a chur orthu a údaraítear ar leibhéal an Aontais de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maímh chothúcháin agus shláinte a dhéantar i leith bianna.

(17) Níl feidhm ag forálacha Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ná ag forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 ón gCoimisiún maidir le deochanna do lapadáin ná bainne do lapadáin.

(18) Leis na ceanglais shainordaitheacha lipéadúcháin maidir le deochanna do lapadáin agus bainne do lapadáin, mar a mholtar in Airteagal 7 den dréacht ar tugadh fógra ina leith, i dteannta na gceanglas sainordaitheach lipéadúcháin a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, neartaítear an tuiscint atá ag tomhaltóirí gur catagóir ar leith táirgí iad deochanna do lapadáin agus bainne do lapadáin agus gur catagóir ar leith táirgí iad, rud atá comhchosúil le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, ar bianna iad atá an-oiriúnach do lapadáin atá idir bliain amháin agus trí bliana d’aois i gcomparáid le bianna eile a d’fhéadfaí a áireamh mar chuid dá ngnáth-aiste bia.

(19) I gcomhréir le forálacha Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe an 5 Deireadh Fómhair 2020.

(20) I bhfianaise an méid thuas, measann an Coimisiún go bhfuil Airteagal 7 den dréacht ar tugadh fógra ina leith míthreorach maidir le cineál na ndeochanna do lapadáin agus cineál an bhainne do lapadáin agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ag teacht salach ar Airteagal 7(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 agus nach féidir bonn cirt a bheith leis chun na tomhaltóirí a chosaint. Ní féidir bonn cirt a bheith le hAirteagal 7 chun an tsláinte phoiblí a chosaint ach an oiread, toisc nár chuir údaráis na hÍsiltíre aon bhonn cirt isteach ina leith sin.

(21) I bhfianaise na mbarúlacha sin, de bhun Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, thug an Coimisiún tuairim dhiúltach uaidh an 27 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an dréacht ar tugadh fógra faoi. Thug an Coimisiún fógra d’údaráis na hÍsiltíre maidir leis an tuairim dhiúltach an 28 Deireadh Fómhair 2020.

(22) Dá réir sin, ba cheart a iarraidh ar údaráis na hÍsiltíre gan an dréachtordú ar tugadh fógra faoi a ghlacadh.

(23) Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Ar bhonn bharúlacha an Choimisiúin ina thuairim dhiúltach agus an Chinnidh seo, ní ghlacfaidh Ríocht na hÍsiltíre Airteagal 7 den dréacht-Fhoraithne maidir le deochanna do lapadáin agus bainne do lapadáin i gcomhthéacs an Ghnímh um Thráchtearraí, rud a chuir sí in iúl don Choimisiún de bhun Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, agus a bhí faoi réir tuairim dhiúltach ón gCoimisiún a cuireadh in iúl d’údaráis na hÍsiltíre an 28 Iúil 2020.

Airteagal 2 Dírítear an Cinneadh seo chuig Ríocht na hÍsiltíre.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Eanáir 2022. Thar ceann an Choimisiúin Stella Kyriakides Comhalta den Choimisiún

Versions

  1. 2022-01-24