Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1010 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

In forceVersion 2022-06-27from 2022-06-29
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/1010@2022-06-27/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX
  3. (2)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle an 23 Márta 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 961/2010, agus go háirithe Airteagal 46(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 23 Márta 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 267/2012.

(2) Ar bhonn athbhreithniú ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle, ba cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine agus gach eintitis atá ar an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a choimeád ar bun, sa mhéid nach luaitear a n-ainmneacha in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh sin, agus ba cheart 17 n-iontráil a áirítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a thabhairt cothrom le dáta.

(3) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh i Lucsamburg, 27 Meitheamh 2022. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán A. Pannier-Runacher

ANNEX

IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 mar a leanas:

(1) faoin gceannteideal I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine., cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal A. Daoine: Ainm Faisnéis aitheantais Cúiseanna Dáta an liostaithe 8. Ebrahim MAHMUDZADEH Ceann ar an Management Board of Iran Telecommunications; iar-Stiúrthóir Bainistíochta ar Iran Electronic Industries (féach Cuid B, Uimh. 20). Ard-Stiúrthóir ar an Armed Forces Social Security Organization go mí Mheán Fómhair 2020. Leas-Aire Cosanta na hIaráine go mí na Nollag 2020. 23.6.2008 27. Kamran DANESHJOO (ar a dtugtar freisin DANESHJOU) Iar-Aire Eolaíochta, Taighde agus Teicneolaíochta. Mar bhainisteoir tionscadail ar an 111ú cuid den AMAD Plan, tá tacaíocht tugtha aige do ghníomhaíochtaí núicléacha leathadh-íogaire na hIaráine. 1.12.2011

(2) faoin gceannteideal I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine., cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal B. Eintitis: Ainm Faisnéis aitheantais Cúiseanna Dáta an liostaithe 20. Iran Electronics Industries (lena n-áirítear gach brainse) agus fochuideachta: P. O. Box 18575-365, Tehran, Iran Fochuideachta faoi lánúinéireacht ag MODAFL (agus, dá bhrí sin, deirfiúr-eagraíocht le AIO, AvIO agus DIO). Is é an ról atá aige comhpháirteanna leictreonacha a mhonarú do chórais arm na hIaráine. 23.6.2008 (ar a dtugtar freisin Sanaye Mokhaberat Iran; Iran Communication Industries; Iran Communications Industries Group; Iran Communications Industries Co.) PO Box 19295-4731, Pasdaran Avenue, Tehran, Iran; Seoladh eile: PO Box 19575-131, 34 Apadana Avenue, Tehran, Iran; Seoladh eile: Shahid Langary Street, Nobonyad Square Ave, Pasdaran, Tehran Táirgeann Iran Communications Industries, fochuideachta de chuid Iran Electronics Industries (liostaithe ag an Aontas), earraí éagsúla lena n-áirítear córais chumarsáide, eitleonaic, gléasanna optaice agus leictrea-optaice, micrileictreonaic, teicneolaíocht faisnéise, tástáil agus tomhas, slándáil teileachumarsáide, cogaíocht leictreonach, monarú agus athchóiriú feadán radair, agus lainseálaithe diúracáin. Fuair ICI ábhar íogair trí Hoda Trading, a fhochuideachta atá bunaithe i Hong Cong. 26.7.2010 52. Raad Iran (ar a dtugtar freisin Raad Automation Company; Middle East Raad Automation; RAAD Automation Co.; Raad Iran Automation Co.; RAADIRAN; Middle East RAAD Automation Co.; Automasion RAAD Khavar Mianeh; Automation Raad Khavar Mianeh Nabbet Co) Unit 1, No 35, Bouali Sina Sharghi, Chehel Sotoun Street, Fatemi Square, Tehran Cuideachta atá páirteach i soláthar inbhéartóirí do chlár saibhrithe toirmiscthe na hIaráine. Bunaíodh Raad Iran chun córais rialaithe a tháirgeadh agus a dhearadh agus déanann sé díol agus suiteáil ar inbhéartóirí agus ar Rialaitheoirí Loighce inchláraithe. 23.5.2011

(2)

(b) Iran Communications Industries (ICI)

(3) faoin gceannteideal II. Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC), cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal A. Daoine: Ainm Faisnéis aitheantais Cúiseanna Dáta an liostaithe 1. An Briogáidire-Ghinearál Javad DARVISH-VAND ó IRGC IarLeas-Aire Cosanta agus Ardchigire MODAFL. 23.6.2008 2. An Seachaimiréal Ali FADAVI Leas-Cheannasaí-Ghinearál Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC). Iar-Cheannasaí IRGC Navy. 26.7.2010 3. Parviz FATAH Rugadh in 1961 Iar-chomhalta de IRGC. IarAire Turasóireachta. Ó mhí Iúil 2019 i leith, ina cheann den Mostazafan Foundation, iar-chomhalta de The Board of Trustees of the Imam Khomeini Foundation. 26.7.2010 4. An Briogáidire-Ghinearál Seyyed Mahdi FARAHI ó IRGC Leas-Aire Cosanta agus Tacaíochta Fórsaí Armtha ó 2021 i leith. Roimhe seo, Leas-Aire Cosanta agus Gnóthaí Tionsclaíocha na hAireachta Cosanta, ceann ar an Defence Industries and Aerospace Organizations den Aireacht Cosanta, mar aon le ceannasaí an Armed Forces Personnel Training Camp. Iarcheann ar Aerospace Industries Organisation (AIO) na hIaráine agus iarstiúrthóir bainistíochta ar an Defence Industries Organisation (DIO) atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe. Comhalta de IRGC. 23.6.2008 6. Mohammad Ali JAFARI IarCheannasaí IRGC. Ina Cheann faoi láthair ar Hazrat Baqiatollah al-Azam Cultural and Social Headquarters. 23.6.2008 7. An Briogáidire-Ghinearál Mostafa Mohammad NAJJAR ó IRGC Iar-Aire Gnóthaí Baile agus Iar-Aire MODAFL, a bhfuil freagracht air as gach clár míleata, lena n-áirítear cláir diúracán balaistíoch. Ó mhí Mheán Fómhair 2013 i leith, Comhairleoir Sinsearach do Cheann ar an General Staff of the Armed Forces on Knowledge and Technology Industry. Comhalta de IRGC. 23.6.2008 10. Rostam QASEMI (ar a dtugtar freisin Rostam Qassemi; Rostam GHASEMI) Rugadh in 1961 Ón 25 Lúnasa 2021 i leith, Minister for Road and Urban Development. IarCheannasaí Khatam al-Anbiya. 26.7.2010 12. An Briogáidire-Ghinearál Ali SHAMSHIRI ó IRGC Comhalta de IRGC. Comhairleoir do stiúrthóir an Defence Science and Education Research Institute. Bhí róil shinsearacha aige in MODAFL. 23.6.2008 13. An Briogáidire-Ghinearál Ahmad VAHIDI ó IRGC Ón 25 Lúnasa 2021 i leith, an tAire Gnóthaí Baile. IarUachtarán Supreme National Defence University agus iarAire MODAFL. 23.6.2008 17. Ali Ashraf NOURI Ceann ar an Basij Islamic Revolution Art Educational and Research Complex. IarLeas-Cheannasaí ó IRGC, Ceann IRGC Political Bureau. 23.1.2012 18. Hojatoleslam Ali SAIDI (ar a dtugtar freisin Hojjat- al-Eslam Ali Saidi nó Saeedi) Ó mhí an Mhárta 2017, ceann ar an ideological and political bureau of the Supreme Leader ina ról mar Ardcheannasaí. Roimhe seo, ionadaí an Supreme Leader chuig IRGC. 23.1.2012

(4) faoin gceannteideal II. Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC), cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal B. Eintitis: Ainm Faisnéis aitheantais Cúiseanna Dáta an liostaithe 9. Mehr Bank (ar a dtugtar freisin Mehr Finance and Credit Institute; Mehr Interest-Free Bank) No. 182, Shahid Tohidi St, 4th Golsetan, Pasdaran Ave, Tehran 1666943, Iran Rialaíonn Bonyad Taavon Sepah agus IRGC Mehr Bank. Cuireann Mehr Bank seirbhísí airgeadais ar fáil do IRGC. De réir agallamh foinse-oscailte leis an gceann a bhí ar Bonyad Taavon Sepah ag an am, Parviz Fatah, chruthaigh Bonyad Taavon Sepah Mehr Bank chun freastal ar an Basij (craobh pharaimíleata IRGC). 23.5.2011 12. Etemad Amin Invest Co Mobin (ar a dtugtar freisin: Etemad Amin Investment Company Mobin; Etemad-e Mobin; Etemad Amin Invest Company Mobin; Etemad Mobin Co.; Etemad Mobin Trust Co.; Etemade Mobin Company; Mobin Trust Consortium; Etemad-e Mobin Consortium) Pasadaran Av. Tehran, Iran Cuideachta atá faoi úinéireacht nó faoi rialú IRGC a rannchuidíonn le leasanna straitéiseacha an réimis a mhaoiniú. 26.7.2010

Versions

  1. 2022-06-27