Gelex

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1036 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse thagartha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2022-06-29from 2022-07-01
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/1036@2022-06-29/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 lena mbunaítear bearta le haghaidh margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise ráig COVID-19, agus go háirithe Airteagal 5(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, tá laghdú géar tagtha ar an trácht iarnróid i ngeall ar an titim shuntasach ar éileamh agus ar bhearta díreacha atá déanta ag na Ballstáit chun leathadh na paindéime a choinneáil faoi smacht.

(2) Na gnóthais iarnróid atá ag dul i ngleic go leanúnach le fadhbanna leachtachta suntasacha agus le caillteanais ollmhóra agus atá i mbaol dócmhainneachta i gcásanna áirithe, níl neart acu ar na himthosca sin.

(3) Chun gníomhú in aghaidh éifeachtaí eacnamaíocha diúltacha phaindéim COVID-19 agus chun tacaíocht a thabhairt do ghnóthais iarnróid, le Rialachán (AE) 2020/1429, cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit a údarú do na bainisteoirí bonneagair na muirir i leith rochtain ar bhonneagar iarnróid a laghdú, a tharscaoileadh nó a iarchur. Deonaíodh an fhéidearthacht sin ar feadh tréimhse thagartha theoranta ar cuireadh síneadh léi go deireanach le Rialachán (AE) 2022/312 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle go dtí an 30 Meitheamh 2022.

(4) Teorainneacha a forchuireadh ar an tsoghluaisteacht le linn thréimhse na paindéime, bhí tionchar suntasach acu ar úsáid seirbhísí iarnróid paisinéara. Imríodh tionchar ar sheirbhísí iarnróid lastais freisin ar bhealach níos teoranta. Ar bhonn na sonraí a chuir bainisteoirí bonneagair iarnróid an Aontais ar fáil, rinne an phaindéim difear ní ba mhó do dheighleog na seirbhísí paisinéara ná aon deighleog eile. Ba í an deighleog dá ndearnadh an difear ba mhó deighleog na seirbhísí tráchtála paisinéara, deighleog nach bhfuil ag feidhmiú go fóill ar na leibhéil a bhí ann in 2019 agus inar tháinig laghdú suntasach ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil sna Ballstáit go léir.

(5) Bhí téarnamh ann a mhéid a bhaineann leis an líon traenacha lastais a bhí i gcúrsaíocht ar an líonra, sa chaoi nach raibh leibhéil 2021 ach 0.1 % ní b’ísle i gcomparáid le 2019. Bhí an líon traenacha paisinéirí faoi oibleagáid seirbhíse poiblí (PSO) a bhí i gcúrsaíocht ar an líonra in 2021 2 % ní b’airde ná an líon sin in 2019, agus in 2020 bhí sé 5.1 % ní b’ísle i gcomparáid le 2019. Mar sin féin, ós rud é nár shroich an líon paisinéirí in 2020 agus in 2021 araon dhá thrian de líon na bpaisinéirí a bhí ag taisteal in 2019, is dócha go raibh an tacaíocht leanúnach airgeadais ó na húdaráis inniúla faoi chonarthaí PSO ina cuidiú le tionchar laghdaithe na paindéime agus leis an téarnamh a tháinig ina dhiaidh sin. Go deimhin, in 2021, bhí an líon traenacha tráchtála paisinéara fós 18.2 % ní b’ísle i gcomparáid leis an líon sin in 2019. In 2020 bhí sé 22.9 % ní b’ísle i gcomparáid le 2019, rud a léiríonn, dá bhrí sin, nach raibh aon téarnamh suntasach ann.

(6) Tá treochtaí comhchosúla le sonrú, ach an trácht a shloinneadh i gciliméadair traenach. Bhí comharthaí téarnaimh le feiceáil sna figiúirí maidir le ciliméadair traenach arna ndéanamh ag traenacha lastais atá i gcúrsaíocht ar an líonra, agus é sin ar leibhéil nach raibh ach 0.5 % ní b’ísle in 2021 i gcomparáid le 2019. Bhí an líon seirbhísí PSO do phaisinéirí arna shloinneadh i gciliméadar traenach 1.1 % ní b’airde in 2021 i gcomparáid le 2019. Mar sin féin, in 2021 bhí an líon seirbhísí tráchtála paisinéara arna shloinneadh i gciliméadar traenach fós 18.7 % ní b’ísle ná na leibhéil a bhí ann in 2019, feabhas beag i gcomparáid le 2020.

(7) Dá bhrí sin, is léir go bhfuil laghdú leanúnach ag teacht ar leibhéal an tráchta iarnróid mar thoradh ar thionchar phaindéim COVID-19 ar an líon paisinéirí, ar líon é sin ina raibh 80 % den trácht ar fad arna shloinneadh i gciliméadar traenach in 2018.

(8) Léirítear sna sonraí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur tháinig méadú géar ar an líon cásanna laethúla taifeadta de COVID-19 san Eoraip ag tús 2022 go dtí leibhéil nár baineadh amach riamh le linn na paindéime. Thairis sin, tá an líon cásanna laethúla taifeadta fós an-ard.

(9) Is dócha go mbeidh tionchar diúltach leanúnach ag an bpaindéim ar an trácht iarnróid agus go leanfaidh drochstaid airgeadais na ngnóthas iarnróid ar aghaidh go dtí deireadh 2022.

(10) Dá bhrí sin, is gá síneadh a chur leis an tréimhse thagartha a bhunaítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2020/1429 go dtí an 31 Nollaig 2022.

(11) Dá ndéanfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle grinnscrúdú ar an Rialachán seo le haghaidh na tréimhse iomláine agóide dá bhforáiltear in Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) 2020/1429, ní thiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm ach tar éis dheireadh na tréimhse tagartha a bheartaítear faoi láthair in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2020/1429. Chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint ba cheart an Rialachán seo a ghlacadh faoin nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2020/1429, agus ba cheart dó a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2020/1429:

Airteagal 1

Airteagal 1 Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha sealadacha maidir le muirir a thobhach i leith úsáid bonneagair iarnróid mar a leagtar amach i gCaibidil IV de Threoir 2012/34/AE. Tá feidhm aige maidir le bonneagar iarnróid a úsáid le haghaidh na seirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta a chumhdaítear leis an Treoir sin, le linn na tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2022 (an tréimhse thagartha).

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2022. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

Versions

  1. 2022-06-29