Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/117 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2022 lena leasaítear den 328ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da’esh) agus Al-Qaida
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/117@2022-01-27/ga
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da’esh) agus Al-Qaida, agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin.
(2) An 24 Eanáir 2022, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iontráil amháin a bhaint de liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.
(3) Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Eanáir 2022. Thar ceann an Choimisiúin Ar son an Uachtaráin An tArd-Stiúrthóir An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
ANNEX
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, scriostar an iontráil seo a leanas faoin gceannteideal Daoine nádúrtha: Khalil Ben Ahmed Ben Mohamed Jarraya (script bhunaidh: ) (ailias dea-cháilíochta: (a) Khalil Yarraya; (b) Ben Narvan Abdel Aziz (Dáta breithe: 15.8.1970; áit bhreithe: Sereka, an iar-Iúgslaiv); (c) Abdel Aziz Ben Narvan (Dáta breithe: 15.8.1970; áit bhreithe: Sereka, an iar-Iúgslaiv); ailias ísealcháilíochta: (a) Amro; (b) Omar; (c) Amrou; (d) Amr). Dáta breithe: 8.2.1969. Áit bhreithe: Sfax, an Túinéis. Náisiúntacht: Túinéiseach. Pas uimh. K989895 (pas Túinéiseach, eisithe an 26.7.1995 in Genova, an Iodáil, a chuaigh as feidhm an 25.7.2000). Seoladh: Nuoro, an Iodáil. Faisnéis eile: (a) Díbríodh ón Iodáil go dtí an Túinéis é an 24.2.2015. An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 25.6.2003.