Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1292 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1976 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí gliocóil mona-eitiléine de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ríocht na hAraibe Sádaí
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/1292@2022-07-22/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad, agus go háirithe Airteagal 14(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Tá allmhairí gliocóil mona-eitiléine (MEG) de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ríocht na hAraibe Sádaí faoi réir dleacht frithdhumpála chinntitheach, arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1976 ón gCoimisiún.
(2) Tá cuideachta SAM Indorama Ventures Oxides LLC, cód breise TARIC C681, faoi réir na mbeart frithdhumpála le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár sampláladh arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1976.
(3) An 7 Márta 2022, chuir Indorama Ventures (Oxide & Glycols) LLC, cuideachta atá gaolmhar le Indorama Ventures Oxides LLC, in iúl don Choimisiún gur mhian leis MEG a onnmhairiú chuig an Aontas agus d’iarr sé ar an gCoimisiún a dheimhniú go bhféadfadh sé tairbhiú den ráta frithdhumpála atá i bhfeidhm maidir lena cuideachta ghaolmhar, Indorama Ventures Oxides LLC, ós rud é nár áiríodh é san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1976.
(4) Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an bhfaisnéis a sholáthair Indorama Ventures (Oxide & Glycols) LLC i bhfianaise an imscrúdaithe bunaidh agus bhí sé in ann a fhíorú go bhfuil Indorama Ventures (Oxide & Glycols) LLC gaolmhar le Indorama Ventures Oxides LLC agus nár onnmhairigh sé MEG chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh.
(5) Thairis sin, ó tharla nár sampláladh Indorama Ventures Oxides LLC, mheabhraigh an Coimisiún nár bunaíodh aon chorrlach aonair le haghaidh na cuideachta, faoi réir dhleacht mheánach an tsampla.
(6) I bhfianaise na mbreithnithe sna haithrisí thuas, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí leasú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1976 agus Indorama Ventures (Oxide & Glycols) LLC a chur leis, agus é faoin gcód breise TARIC céanna C681 agus a chuideachta ghaolmhar, Indorama Ventures Oxides LLC.
(7) Cód breise TARIC C681 a sannadh do Indorama Ventures Oxides LLC roimhe seo, ba cheart feidhm a bheith aige maidir le Indorama Ventures (Oxide & Glycols) LLC freisin ón 7 Márta 2022 i leith.
(8) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1976 mar a leanas: Stáit Aontaithe Mheiriceá Indorama Ventures Oxides LLC C681 cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin Stáit Aontaithe Mheiriceá Indorama Ventures Oxides LLC; Indorama Ventures (Oxide & Glycols) LLC C681
2. Cód breise TARIC C681 a sannadh do Indorama Ventures Oxides LLC roimhe seo, beidh feidhm aige maidir le Indorama Ventures (Oxide & Glycols) LLC freisin ón 7 Márta 2022 i leith.
3. Ón 7 Márta 2022 i leith, aon dleacht chinntitheach a íocadh ar allmhairí táirgí arna monarú ag Indorama Ventures (Oxide & Glycols) LLC de bhreis ar an dleacht frithdhumpála a leagtar síos in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1976 a mhéid a bhaineann le Indorama Ventures Oxides LLC, is dleacht í a dhéanfar a aisíoc nó a loghadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Iúil 2022. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen