Gelex

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1349 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2022 lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag an Rómáin de bhun Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le neamhchur i bhfeidhm phointe 7.4.2.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 maidir le 20 feithicil LEMA (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 5152) (Is é an téacs sa Rómáinis amháin atá barántúil)

In forceVersion 2022-07-26from 2022-08-02
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/1349@2022-07-26/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach, agus Airteagal 7(4) de go háirithe,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 6 Eanáir 2022, chuir an Rómáin iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar neamhchur i bhfeidhm phointe 7.4.2.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún (an iarraidh), lena ndéantar foráil maidir le feithiclí nua áirithe a fheistiú le Bonnlíne 3 an Chórais Eorpaigh um Rialú Traenacha (ETCS), maidir le 20 inneall féinghluaiste nua arna monarú ag LEMA 6000 kW. Cuireadh an iarraidh sin isteach ar bhonn Airteagal 7(1), pointe (c), de Threoir (AE) 2016/797.

(2) An 25 Feabhra 2022, arna iarraidh sin don Choimisiún, thug údaráis na Rómáine mínithe breise chun an iarraidh a chur i gcrích.

(3) Leis an bhfaisnéis a sholáthair údaráis na Rómáine, cuireadh ar a chumas don Choimisiún a anailís a dhéanamh ar an iarraidh.

(4) Is é is aidhm do phointe 7.4.2.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 idir-inoibritheacht an rothstoic sa líonra Eorpach a éascú trí ETCS a shuiteáil ar bord. Mar sin féin, tá moill ar roinnt réimsí den Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid ó thaobh an sceidil de maidir le ETCS a chur i bhfeidhm ina líonra.

(5) Tá flít an 20 inneall féinghluaiste dá dtagraítear san iarraidh beartaithe chun oibriú i líonra na Rómáine, ar líonra é nach bhfuil ach 10 % de feistithe le ETCS taobh riain faoi láthair, agus tá gá fós le PZB de chóras aicme B a bheith ag oibriú i líonra na Rómáine.

(6) Mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19, tá moill ar phróiseas monaraíochta na gcóras comharthaíochta agus ní mheasann an soláthróir comharthaíochta go mbeidh tionscadal fréamhshamhla bhonnlíne 3 ETCS réidh faoi dheireadh 2022. Níor mhór an 20 feithicil a iarfheistiú le linn 2023, go dtí deireadh na bliana sin.

(7) Bhí tionchar ag paindéim COVID-19 ar phróiseas forbartha agus deimhniúcháin an 20 feithicil nua dá dtagraítear san iarraidh. Dá ndéanfaí Bonnlíne 3 ETCS a shuiteáil sa 20 inneall féinghluaiste dá dtagraítear san iarraidh, chuirfí moill bhreise 12 mhí ar infhaighteacht agus ar sheachadadh na n-inneall sin. Bheadh tionchar suntasach eacnamaíoch ann mar thoradh ar easpa infhaighteachta ar na traenacha agus an gá a bheadh ann amach anseo an flít a iarfheistiú ó Bhunlíne 2 ETCS go Bunlíne 3 ETCS.

(8) Sainaithnítear naoi gcinn de na hinnill féinghluaiste dá dtagraítear san iarraidh le huimhreacha 91530480060-9, 91530480061-7, 91530480062-5, 91530480063-3, 91530480064-1, 91530480065-8, 91530480066-6, 91530480069-0 agus 91530480070-8. Ba cheart d’údaráis na Rómáine uimhreacha aitheantais an 11 inneall féinghluaiste eile a sholáthar ag céim níos déanaí, nuair a chlárófar iad.

(9) Tá gealltanas tugtha ag monaróir na bhfeithiclí do phlean innealtóireachta agus suiteála chun na feithiclí is ábhar don iarraidh a uasghrádú le trealamh infheithicle de chuid Bhonnlíne 3 nua ETCS. De réir na sceideal ama is déanaí a cuireadh ar fáil, meastar go gcuirfear i gcrích an t-uasghrádú go Bonnlíne 3 ETCS faoin 31 Nollaig 2023.

(10) Údarú na n-inneall féinghluaiste is ábhar don iarraidh, sula suiteálfar Bonnlíne 3 ETCS, ní bheidh sé bailí ach amháin le linn thréimhse bhailíochta an chinnidh seo maidir le neamhchur i bhfeidhm.

(11) Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(1), pointe (c), agus in Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 a mhéid a bhaineann leis an 20 feithicil is ábhar don iarraidh. Ba cheart, dá bhrí sin, glacadh leis an iarraidh a chuir an Rómáin isteach ar neamhchur i bhfeidhm phointe 7.4.2.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 maidir leis na feithiclí sin go dtí an 31 Nollaig 2023.

(12) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Threoir (AE) 2016/797,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Glactar leis an iarraidh a chuir an Rómáin faoi bhráid an Choimisiúin an 25 Márta 2021 ar neamhchur i bhfeidhm phointe 7.4.2.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 maidir le 20 inneall féinghluaiste LEMA 6000 kW nua go dtí an 31 Nollaig 2023. Cuirfidh údaráis na Rómáine an Coimisiún ar an eolas faoi uimhreacha aitheantais na n-inneall féinghluaiste nua, a luaithe a bheidh na hinnill féinghluaiste sin cláraithe i líonra na Rómáine.

Airteagal 2 I gcás ina gcuirfear forálacha an Chinnidh seo i bhfeidhm maidir le húdarú feithicle d’aon cheann den 20 inneall féinghluaiste dá dtagraítear in Airteagal 1, beidh an t-údarú feithicle sin bailí go dtí an 31 Nollaig 2023.

Airteagal 3 Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo. Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2022. Thar ceann an Choimisiúin Adina Vălean Comhalta den Choimisiún

Versions

  1. 2022-07-26