Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1357 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an muirín mór (Pecten maximus) i Muir nIocht
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/1357@2022-05-25/ga
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 15(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Déantar foráil le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 maidir le forálacha sonracha a bhaineann le bearta teicniúla arna mbunú ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh Uiscí an Iarthuaiscirt.
(2) An Bheilg, Éire, an Fhrainc, an Ísiltír agus an Spáinn (na Ballstáit lena mbaineann), tá leas díreach bainistíochta iascaigh acu i Muir nIocht. I gcomhréir le hAirteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2019/1241, chuir na Ballstáit lena mbaineann an moladh comhpháirteach maidir le gníomh tarmligthe faoi bhráid an Choimisiúin an 30 Aibreán 2021. Chuir na Ballstáit lena mbaineann an moladh comhpháirteach chuig Comhairle Chomhairleach Uiscí an Iarthuaiscirt (NWWAC) le haghaidh comhairliúcháin.
(3) Sa mholadh comhpháirteach a chuir na Ballstáit lena mbaineann isteach a mhéid a bhaineann leis an muirín mór (Pecten maximus) i Muir nIocht, moladh go dtabharfaí limistéar téarnaimh stoc isteach in uiscí an Aontais i roinn 7d ICES laisteas de dhomhanleithead 49°42′ T agus suas go dtí teorainn uiscí teorann na Fraince, agus go dtabharfaí tréimhse choiscthe isteach in uiscí an Aontais i ranna 7d agus 7e ICES.
(4) I samhradh 2021, bhí plé ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe d’fhonn teacht ar chomhaontú ad hoc maidir le tréimhsí coiscthe a mhéid a bhaineann leis an muirín mór le haghaidh 2021. Bhí na tréimhsí coiscthe sin bunaithe ar na bearta a moladh sa mholadh comhpháirteach a chuir na Ballstáit lena mbaineann isteach an 30 Aibreán 2021. Mar thoradh air sin, comhaontaíodh cur chuige comhshásúil lenar urramaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, ó mhí Lúnasa go mí Dheireadh Fómhair 2021, tréimhsí coiscthe sonracha maidir le hiascaireacht a dhéanamh ar mhuiríní móra i Muir nIocht.
(5) Ós rud é go moltar sa mholadh comhpháirteach athruithe ar Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, is é is aidhm don Rialachán tarmligthe seo na forálacha arna n-iarraidh ag na Ballstáit lena mbaineann a ionchorprú in aon ghníomh amháin.
(6) Rinneadh meastóireacht ar na bearta a áirítear sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/1241. Chuir na Ballstáit lena mbaineann fianaise ar fáil chun a léiriú go gcomhlíonann na tograí Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2019/1241.
(7) Chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe um Iascach agus Dobharshaothrú trí nós imeachta i scríbhinn.
(8) Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) anailís agus measúnú dearfach ar an bhfianaise a chuir na Ballstáit lena mbaineann isteach. Baineadh de thátal as gur céim mhór chun cinn é an cosc ar gach cabhlach iascaireacht a dhéanamh ar mhuiríní móra le linn tréimhse shonraithe agus leanann sé conclúidí STECF. Thairis sin, chinn STECF gur dócha go rachadh tréimhse fhadaithe (an 15 Bealtaine go dtí an 15 Deireadh Fómhair) le haghaidh an choisc in oirthear Mhuir nIocht laisteas de dhomhanleithead 49°42′ T chun tairbhe do bhithmhais stoic. Ina theannta sin, dúirt STECF, cé go bhfuil an cosc sa chuid eile de limistéar ranna 7d agus 7e ICES (an 15 Bealtaine go dtí an 30 Meán Fómhair) beagán níos giorra ná an cosc in Baie de Seine, gur dócha fós go mbeidh an beart sin tairbhiúil toisc go bhfuil feidhm aige maidir le gach cabhlach. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta atá beartaithe a áireamh sa Rialachán seo.
(9) Leis na bearta sa Rialachán seo is infheidhme maidir le huiscí an Aontais, saothraítear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 494(1) agus (2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (an Comhaontú), agus tabharfar aird ar na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 494(3) den Chomhaontú sin. Tá siad gan dochar d’aon bheart is infheidhme in uiscí na Ríochta Aontaithe.
(10) Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta ag soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2022. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen
ANNEX
IARSCRÍBHINN 11.11.1.11.2.
In Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, i gCuid C, cuirtear an pointe seo a leanas leis: Bearta caomhnaithe le haghaidh stoc an mhuirín mhóir (Pecten maximus) i ranna 7d agus 7e ICES. Limistéar téarnaimh stoc le haghaidh stoc na muiríní móra in uiscí an Aontais i roinn 7d ICES in oirthear Mhuir nIocht laisteas de dhomhanleithead 49°42′ T agus suas go dtí teorainn uiscí teorann na Fraince: Tréimhse choiscthe in iascach an mhuirín mhóir in uiscí an Aontais i ranna 7d agus 7e ICES:
IARSCRÍBHINN 11.11.1.
(a) Gach bliain, ón 15 Bealtaine go dtí an 15 Deireadh Fómhair, beidh toirmeasc ar aon iascaireacht a dhéanamh ar mhuiríní móra le dreidirí.
IARSCRÍBHINN 11.11.1.11.2.
(a) Gach bliain, ón 15 Bealtaine go dtí an 30 Meán Fómhair, beidh toirmeasc ar aon iascaireacht a dhéanamh ar mhuiríní móra le dreidirí in uiscí an Aontais i roinn 7d ICES (a chomhfhreagraíonn d’oirthear Mhuir nIocht), limistéar nach gclúdaítear leis an limistéar téarnaimh stoc dá dtagraítear i bpointe 11.1.
(b) Gach bliain, ón 15 Bealtaine go dtí an 30 Meán Fómhair, beidh toirmeasc ar aon iascaireacht a dhéanamh ar mhuiríní móra le dreidirí laistigh de theorainneacha limistéar Finistère Thuaidh in uiscí an Aontais i roinn 7e ICES (a chomhfhreagraíonn d’iarthar Mhuir nIocht) agus laistigh de pheiriméadar aon mhuirmhíle amháin go dtí an teorainn ó thuaidh, laistigh den limistéar a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas a cheangal go seicheamhach de rumlínte, a dhéanfar a thomhas de réir chóras comhordanáidí WGS84:
48°54′23″ T, 5°00′00″ I
49°22′34.576″ T, 4°02′45.078″ I
49°22′54.465″ T, 3°49′14.415″ I
49°22′20″ T, 3°44′18.999″ I
49°23′51″ T, 3°36′54″ I
49°06′32.121″ T, 3°13′01.174″ I
49°06′03.993″ T, 3°23′27.255″ I
49°04′52.068″ T, 3°37′04.22″ I
48°59′49.782″ T, 3°57′07.907″ I
49°01′13.191″ T, 3°57′47.006″ I
48°43′55.255″ T, 4°20′24.785″ I
48°42′16.586″ T, 4°31′04.325″ I
48°39′34″ T, 4°36′25.999″ I
48°39′26.901″ T, 4°44′39.883″ I
48°36′17″ T, 4°49′32″ I
48°52′36″ T, 4°52′45″ I
48°49′07″ T, 4°59′26″ I.