Gelex

Rialachán (AE) 2022/141 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid carbónáití sóidiam (E 500) agus carbónáití potaisiam (E 501) i gceifileapóid neamhphróiseáilte (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2022-01-21from 2022-02-22
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/141@2022-01-21/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX
  3. (ii)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia, agus go háirithe Airteagal 10(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 liosta an Aontais de na breiseáin bhia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide.

(2) Féadfar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar thionscnamh an Choimisiúin nó ar iarratas ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar.

(3) De bhun Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, údaraítear carbónáití sóidiam (E 500) agus carbónáití potaisiam (E 501) le húsáid mar bhreiseáin bhia i réimse leathan bianna ar leibhéil quantum satis. Údaraítear iad le húsáid i gcatagóir bhia 9.2,. Éisc nó táirgí iascaigh próiseáilte lena n-áirítear moilisc agus crústaigh, i measc catagóirí eile.

(4) An 9 Meán Fómhair 2020, fuair an Coimisiún iarratas le húdarú a fháil chun carbónáití sóidiam (E 500) agus carbónáití potaisiam (E 501) a úsáid i gceifileapóid neamhphróiseáilte.

(5) Is éifeacht chomhchosúil atá ag carbónáití agus ag aigéad fosfarach — fosfáit — défhosfáití, trífhosfáití agus polafosfáití (E 338-452), atá údaraithe faoi láthair le húsáid i moilisc agus crústaigh reoite agus dhomhainreoite, a mhéid a bhaineann le cuma na gceifileapód. Is éard atá i gceist le próiseas monaraíochta na gceifileapód cóireáil tumtha i ndabhcha ina bhfuil tuaslagadh de shalann, ciotráití agus carbónáití ag uastiúchan 3 % chun aigéadacht na daibhche a rialú ar feadh 2-3 lá. Is é an toradh ar an tumadh sa dabhcha athrú ar shlaodacht agus ar uigeacht an táirge agus coinnítear an dath. Tar éis an ghalaithe, is fearr na tréithe orgánaileipteacha a bhíonn ag ceifileapóid a chóireáiltear le carbónáití agus le ciotráití, amhail feoil atá níos boige, blas atá níos fearr agus dath atá níos éadroime ná ceifileapóid a chóireáiltear le ciotráití amháin. Sin toradh ar an measúnú céadfach a rinne an t-iarratasóir ar úsáid carbónáití sóidiam (E 500) agus carbónáití potaisiam (E 501) mar rialtáin aigéadachta mar mhalairt ar fhosfáití, féachaint an gcuireann an úsáid sin feabhas ar thréithe orgánaileipteacha na gceifileapód agus ar thuairim na dtomhaltóirí ina leith.

(6) De bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ní mór don Choimisiún tuairim a iarraidh ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (an tÚdarás) chun liosta an Aontais de bhreiseáin bhia a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a nuashonrú, seachas i gcás nach dócha go mbeidh tionchar ag an nuashonrú i gceist ar shláinte an duine.

(7) Rinne an Coiste Eolaíoch um Bia meastóireacht ar shábháilteacht na carbónáite sóidiam (E 500) agus na carbónáite potaisiam (E 501) in 1990, meastóireacht lenar bunaíodh gurb é gan sonrú an iontógáil laethúil inghlactha atá luaite leis. Is éard is ciall le gan sonrú, bunaithe ar na sonraí tocsaineolaíocha, bithcheimiceacha agus cliniciúla atá ar fáil, nach bagairt don tsláinte iontógáil laethúil iomlán na substainte, a eascraíonn as í a bheith le fáil go nádúrtha agus as a húsáid nó a húsáidí reatha i mbia ag na leibhéil is gá chun an éifeacht theicneolaíoch inmhianaithe a bhaint amach. I bhfianaise an mhéid sin agus i bhfianaise easpa tosaíochtaí sonracha chun athmheastóireacht a dhéanamh ar charbónáití sóidiam (E 500) agus ar charbonáití potaisiam (E 501) faoin gclár chun athmheastóireacht a dhéanamh ar bhreiseán bia a leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 257/2010 ón gCoimisiún, measann an Coimisiún i leith an údaraithe maidir le carbónáití sóidiam (E 500) agus carbónáití potaisiam (E 501) a úsáid mar rialtáin aigéadachta ar cheifileapóid neamhphróiseáilte, gur nuashonrú é ar an liosta sin nach dócha go mbeidh tionchar aige ar shláinte an duine agus nach gá, dá bhrí sin, tuairim a iarraidh ón Údarás.

(8) Dá bhrí sin, is iomchuí úsáid carbónáití sóidiam (E 500) agus carbónáití potaisiam (E 501) mar rialtáin aigéadachta i gcatagóir bhia 09.1.2 Moilisc agus crústaigh neamhphróiseáilte a údarú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ag quantum satis le haghaidh ceilifeapód. Mar gheall ar an srian ar úsáid fosfáití ar mhoilisc agus ar chrústaigh reoite agus dhomhainreoite, ba cheart úsáid carbónáití sóidiam (E 500) agus carbónáití potaisiam (E 501) mar mhalairt ar fhosfáití i gceilifeapóid neamhphróiseáilte a theorannú do cheifileapóid reoite agus dhomhainreoite nach gcóireáiltear le haigéad fosfarach — fosfáití — défhosfáití, trífhosfáití agus polafosfáití (E 338-452).

(9) Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a leasú dá réir sin.

(10) Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Eanáir 2022. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

ANNEX

IARSCRÍBHINN

Leasaítear Roinn E d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 mar a leanas:

(i) cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i gcatagóir bhia 09.1.2 Moilisc agus crústaigh neamhphróiseáilte tar éis iontráil E 385, Eitiléindé-aimínteatraicéatáit déshóidiam cailciam (Déshóidiam cailciam EDTA): E 500 Carbónáití sóidiam quantum satis (95) ceifileapóid reoite agus dhomhainreoite amháin E 501 Carbónáití potaisiam quantum satis (95) ceifileapóid reoite agus dhomhainreoite amháin

(ii) cuirtear isteach an fonóta seo a leanas (95) tar éis fhonóta (90):

(ii)

(95): ní cheadaítear a úsáid in éineacht le hAigéad fosfarach — fosfáití — défhosfáití, trífhosfáití, polafosfáití (E 338-452)

Versions

  1. 2022-01-21