Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1456 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2022 lena mbunaítear maolú ar Airteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha maidir le hallmhairiú ábhar pacáistíochta adhmaid i bhfoirm boscaí armlóin, ábhar atá de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, faoi rialú Roinn Cosanta na Stát Aontaithe, agus a monaraíodh roimh an 1 Meán Fómhair 2007
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/1456@2022-06-10/ga
Contents
- Preamble
- Airteagal 1 Údarú chun foráil do mhaolú agus coinníollacha le haghaidh na mboscaí armlóin
- Airteagal 2 An oibleagáid fógra a thabhairt
- 2.
- Airteagal 3 Seiceálacha a dhéanfaidh na húdaráis inniúla
- 1.
- Airteagal 4 Stóráil agus gluaiseacht na mboscaí
- Airteagal 5 Fógra a thabhairt faoi neamhchomhlíontacht
- Airteagal 6 Tuairisciú ar allmhairí
- Airteagal 7 Dáta éaga
- Airteagal 8 Teacht i bhfeidhm
- ANNEX
- (4)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 43(2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/179 ón gCoimisiún, údaraíodh do na Ballstáit foráil a dhéanamh do mhaolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2000/29/CE ón gComhairle i ndáil le coinníollacha speisialta a bhaineann le hábhar pacáistíochta adhmaid ó bhuaircínigh (Pinopsida) i bhfoirm boscaí armlóin de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, faoi rialú Roinn Cosanta na Stát Aontaithe, a thabhairt isteach san Aontas. Ós rud é go ndeachaigh bailíocht an Chinnidh sin in éag an 31 Nollaig 2020, ba cheart rialacha nua a ghlacadh chun go bhféadfaí boscaí armlóin den sórt sin a thabhairt isteach faoi choinníollacha áirithe freisin amach anseo.
(2) Foráiltear le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 do cheanglais shonracha maidir le hábhar pacáistíochta adhmaid a thabhairt isteach san Aontas, ar cheart dó an Caighdeán Idirnáisiúnta maidir le Bearta Fíteashláintíochta Uimh. 15 (ISPM 15) a chomhlíonadh: Ábhar Pacáistíochta Adhmaid sa Trádáil Idirnáisiúnta a Rialáil, lena ráthaítear go ndearnadh cóireáil fíteashláintíochta formheasta ar an ábhar pacáistíochta adhmaid.
(3) Bhí ábhar pacáistíochta adhmaid áirithe ó bhuaircínigh (Pinopsida) i bhfoirm boscaí a úsáideadh in iompar armlóin agus a monaraíodh i Stáit Aontaithe Mheiriceá roimh an 1 Meán Fómhair 2007 faoi réir cóireálacha nach bhfuil i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le CIBF 15 agus, dá bhrí sin, ní chomhlíonann na cóireálacha sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2016/2031.
(4) An 7 Meán Fómhair 2018, d’iarr Stáit Aontaithe Mheiriceá go gcuirfí síneadh leis an maolú faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/179 maidir le hábhar pacáistíochta adhmaid déanta as bogadhmad agus raon feidhme an mhaolaithe a leathnú chuig ábhar pacáistíochta adhmaid a dhéantar as crua-adhmad. Chuir Stáit Aontaithe Mheiriceá sainchomhad leis an iarraidh thuasluaite arb ionann é agus obair leantach ar anailís chonaire a rinne Roinn Cosanta na Stát Aontaithe roimhe seo a mhéid a bhaineann le boscaí armlóin bogadhmaid, obair a chomhlánaítear le hanailís chonaire maidir le boscaí armlóin chrua-adhmaid.
(5) Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ar bhonn na faisnéise a sholáthair Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tar éis plé leis an ngrúpa saineolaithe ábhartha maidir le maolú chun ábhar pacáistíochta adhmaid i bhfoirm boscaí armlóin ó Stáit Aontaithe Mheiriceá a thabhairt isteach san Aontas, nach mbaineann aon riosca leis na boscaí dá dtagraítear in aithris 3 agus a úsáidtear in iompar armlóin, déanta as bogadhmad mar aon le crua-adhmad, go scaipfear lotnaidí plandaí leo, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Baineann na coinníollacha sin le dáta táirgthe na mboscaí armlóin sin, le neamhláithreacht coirte nó le láithreacht theoranta coirte, le cóireáil agus deisiú na mboscaí sin, chomh maith lena stóráil agus lena n-iompar.
(6) Níor cheart feidhm a bheith ag an maolú seo ach amháin maidir le hábhar pacáistíochta adhmaid i bhfoirm boscaí armlóin de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar ábhar é a monaraíodh roimh an 1 Meán Fómhair 2007, toisc go ndearnadh cóireáil ar bhoscaí a monaraíodh tar éis an dáta sin i gcomhréir le CIBF 15.
(7) Dá bhrí sin, ba cheart go gceadófaí an t-ábhar pacáistíochta adhmaid sin i bhfoirm boscaí armlóin de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, as bogadhmad agus as crua-adhmad araon, a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, agus a stóráil agus a aistriú laistigh de chríoch an Aontais, a fhad agus a chomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
(8) D‘fhonn rialuithe éifeachtacha agus forléargas ar na rioscaí fíteashláintíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a áirithiú, ba cheart d’aon oibreoir atá ag aistriú nó ag stóráil ábhar pacáistíochta adhmaid i bhfoirm boscaí armlóin de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, tar éis na seiceálacha ábhartha faoi seach, fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi seach maidir le gluaiseacht nó stóráil na mboscaí lena mbaineann.
(9) D‘fhonn a áirithiú go bhfaightear freagairt thapa ar aon riosca fíteashláintíochta a d’fhéadfadh a bheith ann ó ábhar pacáistíochta adhmaid i bhfoirm boscaí armlóin de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, ba cheart do na Ballstáit na Ballstáit eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach nuair a fhaigheann siad amach faoi choinsíneacht nach gcomhlíonann na ceanglais maidir leis na coinníollacha i leith a tabhairt isteach san Aontas arna leagan amach sa Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart dóibh, gach bliain, faisnéis maidir leis na hallmhairí arna ndéanamh a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, chun measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
(10) Ba cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha maidir leis an maolú a thugtar isteach leis an Rialachán seo go dtí an 31 Iúil 2025 chun gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme a bheart, agus chun scrúdú an dtugann siad aghaidh go héifeachtach ar an riosca fíteashláintíochta a bhaineann le hallmhairiú an ábhair pacáistíochta adhmaid sin.
(11) Ós rud é go ndeachaigh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/179 in éag cheana an 31 Nollaig 2020, ba cheart an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a theacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun a áirithiú go dtabharfar an t-ábhar pacáistíochta adhmaid sin isteach san Aontas chomh tapa agus is féidir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Údarú chun foráil do mhaolú agus coinníollacha le haghaidh na mboscaí armlóin
Ábhar pacáistíochta adhmaid i bhfoirm boscaí, ar boscaí iad atá in úsáid iarbhír in iompar armlóin, boscaí a monaraíodh roimh an 1 Meán Fómhair 2007, agus atá de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, faoi rialú Roinn Cosanta na Stát Aontaithe (na boscaí), tá sé díolmhaithe ó cheanglais Airteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, i gcás:
(a) go gcomhlíonann na boscaí na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; agus
(b) go gcomhlíonfar na ceanglais i gcomhréir le hAirteagal 2, le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4.
Airteagal 2 An oibleagáid fógra a thabhairt
1. Cúig lá oibre ar a laghad roimh thabhairt isteach beartaithe coinsíneacht dá dtagraítear in Airteagal 1, tabharfaidh an t-allmhaireoir fógra d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an pointe iontrála go bhfuil rún aige an choinsíneacht a thabhairt isteach. Laistigh den tréimhse chéanna, cuirfidh an t-allmhaireoir an fógra céanna ar fáil freisin d’údaráis inniúla Bhallstát na chéad áite stórála, i gcás nach ionann an áit sin agus an pointe iontrála.
2. Áireofar na heilimintí seo a leanas san fhógra dá dtagraítear i mír 1:
2.
(a) dáta an tabhairt isteach atá beartaithe;
(b) fardal na coinsíneachta ina sainaithneofar na boscaí atá ina gcuid di;
(c) ainm agus seoladh an allmhaireora;
(d) seoladh phointe iontrála an tabhairt isteach bheartaithe;
(e) seoladh na chéad áite stórála, i gcás nach ionann sin agus an pointe iontrála.
Airteagal 3 Seiceálacha a dhéanfaidh na húdaráis inniúla
1. Seiceálfaidh údaráis inniúla Bhallstát an phointe iontrála láithreacht agus iomláine an doiciméid a bhfuil tuairisc air i bpointe 7 den Iarscríbhinn. Seiceálfaidh siad freisin go gcomhlíonann sampla ionadaíoch de gach coinsíneacht na pointí seo a leanas den Iarscríbhinn:
1.
(a) pointe (1) agus pointe (2) a bhaineann le taispeáint na marcanna faoi seach;
(b) pointe (3) a bhaineann le boscaí deisithe;
(c) pointe (4) a bhaineann le coirt gan bheith ann;
(d) pointe (5) a bhaineann le leibhéal an chion taise;
2. De mhaolú ar mhír 1, i gcás nach ionann an chéad áit stórála agus an pointe iontrála, déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát na chéad áite stórála an tseiceáil a thuairiscítear sa mhír sin.
Airteagal 4 Stóráil agus gluaiseacht na mboscaí
1. Sula ndéanfar na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 3 agus ina dhiaidh sin, stórálfar na boscaí i bhfoirgnimh dhúnta.
2. Ní fhéadfar aon aistriú de na boscaí a dhéanamh ach amháin i gcoimeádáin dhúnta, nó faoi chlúdach iomlán cosanta.
Airteagal 5 Fógra a thabhairt faoi neamhchomhlíontacht
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi gach coinsíneacht nach gcomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach san Iarscríbhinn. Tabharfar an fógra sin tráth nach déanaí ná 3 lá oibre tar éis an dáta a fhaigheann an t-údarás inniúil amach faoin gcoinsíneacht sin.
Airteagal 6 Tuairisciú ar allmhairí
Faoin 31 Eanáir gach bliain, tabharfaidh Ballstát na chéad áite stórála faisnéis don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le líon na gcoinsíneachtaí a tugadh isteach ina gcríocha agus tuarascáil ar na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 3 a rinneadh idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin.
Airteagal 7 Dáta éaga
Rachaidh an Rialachán seo in éag an 31 Iúil 2025.
Airteagal 8 Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Meitheamh 2022. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen
ANNEX
IARSCRÍBHINN Coinniollacha maidle le tabhairt isteach boscaí armlóin da dtagraítear in Airteagal 1
Comhlíonfaidh na boscaí dá dtagraítear Airteagal 1 na coinníollacha seo a leanas:
(1) beidh marc ar taispeáint orthu lena ndeimhnítear gur monaraíodh iad faoin 31 Lúnasa 2007;
(2) beidh marc ar taispeáint orthu lena léirítear gur cóireáladh iad le leasú adhmaid arna fhormheas ag an nGníomhaireacht um Chosaint an Chomhshaoil de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá;
(3) i gcás inar deisíodh na boscaí ó monaraíodh iad, comhlíonann an t-adhmad a úsáideadh chun na críche sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2016/2031;
(4) is as adhmad atá na boscaí déanta. Ní mór don choirt a bheith rúiscthe go hiomlán den adhmad nó ní mór gan ach píosaí beaga coirte a bheith aige atá ar scaradh óna chéile ó amharc agus ar leith óna chéile go soiléir. Ní mór do na píosaí coirte sin ceachtar de na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
(4)
(a) Is lú ná 3 cm ar leithead iad (gan beann ar an bhfad);
(b) Nuair is mó ná 3 cm ar leithead iad, is lú ná 50 cm2 achar dromchla iomlán gach píosa coirte aonair;
(5) ní lú ná 20 % a leibhéil cion taise;
(6) stóráladh iad i bhfoirgnimh iata agus iompraíodh iad i gcoimeádáin iata, nó faoi chumhdach cosanta iomlán;
(7) ag gabháil leo tá doiciméad arna eisiúint ag Roinn Cosanta na Stát Aontaithe lena ndeimhnítear go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (4), pointe (5) agus pointe (6).