Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1648 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Treoir 2003/91/CE a mhéid a bhaineann le maolú le haghaidh cineálacha orgánacha de speicis glasraí atá oiriúnach don táirgeadh orgánach
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/1648@2022-09-23/ga
Contents
- Preamble
- Airteagal 1 Leasuithe ar Threoir 2003/91/CE
- (1)
- 2.
- Airteagal 2 Trasuí
- Airteagal 3 Teacht i bhfeidhm
- Airteagal 4 Seolaithe
- ANNEX
- IARSCRÍBHINN III
- CUID B Forálacha sonracha maidir le tástálacha i leith sainiúlachta, aonfhoirmeachta agus cobhsaíochta le haghaidh cineálacha orgánacha de speicis glasraí atá oiriúnach don táirgeadh orgánach
- 1.1.1.1.2.
- 2.
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol glasraí, a mhargú, agus go háirithe Airteagal 7(2), pointí (a) agus (b), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Tá sé d’aidhm ag Treoir 2003/91/CE ón gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonann na cineálacha de speicis glasraí a chuireann na Ballstáit ina gcatalóga náisiúnta na prótacail a bhunaigh an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí (CPVO). Go háirithe, tá sé d’aidhm ag na prótacail sin a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha maidir leis na saintréithe atá le cumhdach mar íoscheanglas le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe de speicis glasraí chun sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht a shuí (DUS). I gcás na speiceas nach gcumhdaítear le prótacail CPVO, tá sé d’aidhm ag an Treoir sin a áirithiú go gcomhlíonfar treoirlínte an Aontais Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha nua Plandaí (UPOV).
(2) Is gá a áirithiú gur féidir le táirgeoirí cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach a úsáid, ar cineálacha iad atá ann mar thoradh ar ghníomhaíochtaí pórúcháin orgánaigh. Comhlíonann cuid acu na critéir DUS maidir leis na cineálacha uile eile den speiceas céanna, ach tá cineálacha eile atá beartaithe don táirgeadh orgánach tréithrithe ag ardleibhéal éagsúlachta géinití agus feinitíopúla idir aonaid atáirgthe aonair.
(3) Dá bhrí sin, níl na caighdeáin maidir le haonfhoirmeacht a shainítear sna prótacail DUS agus i dtreoirlínte CPVO agus UPOV atá ann cheana oiriúnach do chineálacha orgánacha le haghaidh an táirgthe orgánaigh, a bhfuil ardleibhéal éagsúlachta géinití agus feinitíopúla mar shaintréith acu.
(4) Dá bhrí sin, is gá an deis a thairiscint chun imeacht ó na prótacail scrúdaithe DUS atá ann cheana chun go mbeidh siad curtha in oiriúint níos fearr do chineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach. Dá bhrí sin, ba cheart a bheith in ann na prótacail atá ann cheana maidir le scrúdú cineálacha le haghaidh speicis áirithe a choigeartú chun riachtanais na talmhaíochta orgánaí a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, is iomchuí maolú ar fhorálacha áirithe d’Airteagal 1 de Threoir 2003/91/CE.
(5) Ba cheart do na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, faoin 31 Nollaig gach bliain, go dtí an 31 Nollaig 2030, maidir leis an líon iarratas agus maidir leis na torthaí ar na scrúduithe DUS, chun a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú rialta ar na ceanglais sin agus chun measúnú breise a dhéanamh ar an ngá atá ann iad a leasú, a bhaint nó a chur i bhfeidhm maidir le speicis eile.
(6) Dá bhrí sin ba cheart Treoir 2003/91/CE a leasú dá réir.
(7) Ba cheart a ndóthain ama a bheith ag na húdaráis inniúla agus ag na hoibreoirí gairmiúla lena mbaineann chun ullmhú go leordhóthanach sula dtosóidh na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a bheith infheidhme.
(8) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasuithe ar Threoir 2003/91/CE
Leasaítear Treoir 2003/91/CE mar a leanas:
(1) in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
(1)
2. A mhéid a bhaineann le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht: De mhaolú ar an gcéad fhomhír, a mhéid a bhaineann le haonfhoirmeacht, féadfaidh na cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach agus a bhaineann leis na speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn III, na coinníollacha a liostaítear i gCuid B den Iarscríbhinn sin a chomhlíonadh ina ionad sin. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, faoin 31 Nollaig gach bliain, go dtí an 31 Nollaig 2030, maidir leis an líon iarratas ar chlárú cineálacha agus maidir le torthaí na scrúduithe i leith sainiúlachta, aonfhoirmeachta agus cobhsaíochta (DUS) i ndáil leis na cineálacha orgánacha sin;
2.
(a) comhlíonfaidh na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I na coinníollacha a leagtar síos sna Prótacail maidir le tástálacha sainiúlachta, aonfhoirmeachta agus cobhsaíochta de chuid Chomhairle Riaracháin na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí (CPVO) a liostaítear san Iarscríbhinn sin;
(b) comhlíonfaidh na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn II na treoirlínte tástála maidir le tástálacha a dhéanamh i leith sainiúlachta, aonfhoirmeachta agus cobhsaíochta de chuid an Aontais Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha Nua Plandaí (UPOV) a liostaítear san Iarscríbhinn sin.
(2) déantar an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a chur léi mar Iarscríbhinn III.
Airteagal 2 Trasuí
1. Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2023 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach. Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2023 ar aghaidh. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3 Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4 Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022. Thar ceann an Choimisiúin Stella Kyriakides Comhalta den Choimisiún
ANNEX
IARSCRÍBHINN
Cairéad
Cálráib
IARSCRÍBHINN III
CUID B Forálacha sonracha maidir le tástálacha i leith sainiúlachta, aonfhoirmeachta agus cobhsaíochta le haghaidh cineálacha orgánacha de speicis glasraí atá oiriúnach don táirgeadh orgánach
1.1.1.1.2. Riail ghinearálta Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le cineálacha orgánacha de speicis glasraí atá oiriúnach don táirgeadh orgánach A mhéid a bhaineann le sainiúlacht agus cobhsaíocht, déanfar saintréithe uile na bprótacal agus na dtreoirlínte dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a urramú agus a thuairisciú. A mhéid a bhaineann le haonfhoirmeacht, déanfar saintréithe uile na bprótacal agus na dtreoirlínte dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a urramú agus thuairisciú agus beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir leis na saintréithe a liostaítear faoi phointe 2:
1.1.1.1.2.
(a) féadfar na saintréithe sin a mheasúnú ar bhealach nach bhfuil chomh dian sin;
(b) maidir leis na saintréithe sin, i gcás ina ndéanfar foráil maidir le maolú ar an bprótacal teicniúil faoi seach dá bhforáiltear i bpointe 2 den Airteagal seo, beidh an leibhéal aonfhoirmeachta laistigh den chineál comhchosúil le leibhéal aonfhoirmeachta chineálacha inchomparáide an eolais choitinn san Aontas.
2. Maolú ar phrótacail theicniúla
2.
2.1. Cairéad I gcás na gcineálacha a bhaineann leis an speiceas cairéad (Daucus carota L.) féadfaidh na saintréithe DUS seo a leanas de phrótacal CPVO CPVO-TP/049/3 den chineál tástáilte imeacht ó na ceanglais DUS seo a leanas maidir le haonfhoirmeacht: CPVO Uimh. 4 Duille: deighilt CPVO Uimh. 5 Duille: déine an datha ghlais CPVO Uimh. 19 Fréamh: trastomhas an chroí i gcoibhneas leis an trastomhas iomlán CPVO Uimh. 20 Fréamh: dath an chroí CPVO Uimh. 21 Gan cineálacha a bhfuil croí bán acu a áireamh; Fréamh: déine dhath an chroí CPVO Uimh. 28 Fréamh: am dathaithe an bhairr CPVO Uimh. 29 Fréamh: airde an bhunumbail tráth a bhláthaithe
2.2. Cálráib I gcás na gcineálacha a bhaineann leis an speiceas cálráib (Brassica oleracea L.) féadfaidh na saintréithe DUS seo a leanas de phrótacal CPVO CPVO-TP/065/1 Rev. den chineál tástáilte imeacht ó na ceanglais DUS seo a leanas maidir le haonfhoirmeacht an phrótacail theicniúil de chuid CPVO faoi seach: CPVO Uimh. 2 Síológ: déine dhathú glas na gcotailéadón CPVO Uimh. 6 Peitín: gotha CPVO Uimh. 8 Lann duilleoige: fad CPVO Uimh. 9 Lann duilleoige: leithead CPVO Uimh. 10 Lann duilleoige: cruth buaice CPVO Uimh. 11 Lann duilleoige: deighilt go meáneasna (ar chuid íochtarach den duilleog) CPVO Uimh. 12 Lann duilleoige: an líon gearrthacha imill (ar an gcuid uachtarach den duilleog) CPVO Uimh. 13 Lann duilleoige: doimhneacht an ghearrtha imill (ar an gcuid uachtarach den duilleog) CPVO Uimh. 14 Lann duilleoige: cruth i dtrasghearradh CPVO Uimh. 19 Cálráibí: an líon duilleog inmheánach.