Cinneadh (AE) 2022/1678 ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2022 lena gceaptar beirt chomhaltaí, arna moladh ag Poblacht na Slóivéine, de Choiste na Réigiún
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/1678@2022-09-26/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún,
Ag féachaint don togra ó Rialtas na Slóivéine,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.
(2) An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157, lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.
(3) Tá suíocháin bheirt chomhaltaí ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Uroš BREŽAN agus Aleksander JEVŠEK a cheapadh.
(4) Mhol Rialtas na Slóivéine na hionadaithe seo a leanas, arb ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus sainordú toghchánach acu in údarás áitiúil, mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Tine RADINJA, župan Škofje Loke (Méara Škofja Loka), agus Tomaž ROŽEN, župan Raven na Koroškem (Méara Ravne na Koroškem),
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, arb ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus sainordú toghchánach acu, mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
Tine RADINJA, župan Škofje Loke (Méara Škofja Loka),
Tomaž ROŽEN, župan Raven na Koroškem (Méara Ravne na Koroškem).
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2022. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán Z. Nekula