Gelex

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1844 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le píobánra miotalach tionsclaíoch, múchtóirí dóiteáin inaistrithe, tástáil neamhscriosach, feistis phíobáin, comhlaí tionsclaíocha, coirí feadán uisce, umair agus soithí plaistigh ghloinethreisithe, ailt bhorrtha agus comhlaí borrtha le haghaidh córais cuisniúcháin agus teaschaidéal (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2022-09-28from 2022-10-03
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/1844@2022-09-28/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1
  3. ANNEX
  4. IARSCRÍBHINN I
  5. IARSCRÍBHINN II

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir l™e caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoir 94/9/CE, Treoir 94/25/CE, Treoir 95/16/CE, Treoir 97/23/CE, Treoir 98/34/CE, Treoir 2004/22/CE, Treoir 2007/23/CE, Treoir 2009/23/CE agus Treoir 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, brú-threalamh nó cóimeálacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) den Treoir sin atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, caighdeáin ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil an trealamh agus na cóimeálacha sin i gcomhréir leis na ceanglais fíor-riachtanacha sábháilteachta a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó leis na codanna díobh dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(2) Le litir M/071 an 1 Lúnasa 1994, chuir an Coimisiún iarraidh faoi bhráid an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú (CEN) á iarraidh air na caighdeáin a bhaineann le táirgí agus na caighdeáin de chineál cothrománach a dhréachtú, i ndáil le brú-threalamh, chun tacú le Treoir 97/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Cuireadh Treoir 2014/68/AE in ionad na Treorach sin gan na ceanglais sábháilteachta riachtanacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 97/23/CE a athrú.

(3) Ar bhonn iarraidh M/071 agus chun an úrscothacht a léiriú, rinne CEN athbhreithniú agus leasú ar roinnt de na caighdeáin chomhchuibhithe atá ann cheana. Go sonrach, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 3-8:2006/AC:2007, EN ISO 9712:2012 agus EN 10253-2:2007, caighdeáin ar foilsíodh a dtagairtí i dTeachtaireacht 2016/C 293/01 ón gCoimisiún rud a tháinig dá thoradh gur glacadh caighdeáin chomhchuibhithe EN 3-8:2021, EN ISO 9712:2022 agus EN 10253-2:2021, faoi seach, maidir le múchtóirí dóiteáin inaistrithe, tástáil neamhscriosach agus feistis phíobáin.

(4) Rinne CEN athbhreithniú freisin ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas maidir le coirí feadán uisce ar foilsíodh a dtagairtí le Teachtaireacht 2016/C 293/01: EN 12952-2:2011, EN 12952-5:2011, EN 12952-6:2011 agus EN 12952-10:2002. Dá thoradh sin glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, faoi seach: EN 12952-2:2021, EN 12952-5:2021, EN 12952-6:2021 agus EN 12952-10:2021.

(5) Thairis sin, rinne CEN athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas ar foilsíodh a dtagairtí le Teachtaireacht 2016/C 293/01: EN 13121-1:2003, EN 14917:2009 + A1:2012 agus EN 12284:2003. Is dá thoradh sin glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, faoi seach: EN 13121-1:2021 maidir le humair agus soithí plaistigh ghloinethreisithe, EN 14917:2021 maidir le hailt bhorrtha agus EN ISO 21922:2021 maidir le comhlaí le haghaidh córais chuisniúcháin agus teaschaidéal.

(6) Ar bhonn iarraidh M/071, rinne CEN leasú freisin ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas maidir le píobánra miotalach tionsclaíoch, ar foilsíodh a dtagairtí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 ón gCoimisiún: EN 13480-2:2017, EN 13480-5:2017 agus EN 13480-3:2017. Is dá thoradh sin glacadh na leasuithe seo a leanas ar chaighdeáin chomhchuibhithe: EN 13480-2:2017/A8:2021, EN 13480-5:2017/A2:2021 agus EN 13480-3:2017/A4:2021. Thairis sin, rinne CEN leasú ar an gcaighdeán comhchuibhithe EN 12516-2:2014 ar foilsíodh a thagairt i dTeachtaireacht 2016/C 293/01. Is dá thoradh sin glacadh caighdeán comhchuibhithe EN 12516-2:2014 + A1:2021.

(7) Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint, i dtaca leis na caighdeáin sin i ndáil le brú-threalamh arna leasú nó arna n-athbhreithniú ag CEN, an gcomhlíonann na caighdeáin sin iarraidh M/071.

(8) Na caighdeáin maidir leis an mbrú-threalamh arna leasú nó arna n-athbhreithniú ag CEN, comhlíonann siad na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/68/AE. Is iomchuí, dá bhrí sin, tagairtí na gcaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(9) In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 liostaítear tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/68/AE. Ba cheart tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe EN 13480-2:2017, EN 13480-5:2017 agus EN 13480-3:2017 mar aon leis na leasuithe orthu a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(10) In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 liostaítear tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/68/AE arna tarraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, ar foilsíodh a dtagairtí le Teachtaireacht 2016/C 293/01, rinneadh iad a ionadú, a athbhreithniú nó a leasú: EN 10253-2:2007, EN 12284:2003, EN 12516-2:2014, EN 12952-10:2002, EN 12952-2:2011, EN 12952-5:2011, EN 12952-6:2011, EN 13121-1:2003, EN 14917:2009+A1:2012, EN 3-8:2006/AC:2007 agus EN ISO 9712:2012. Ba cheart, dá bhrí sin, tagairtí na gcaighdeán sin a chuimsiú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616.

(11) Is gá freisin tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe EN 13480-2:2017, EN 13480-5:2017 agus EN 13480-3:2017, mar aon le haon leasuithe orthu a foilsíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616, a tharraingt siar, ós rud é go ndearnadh iad a ionadú. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh as Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(12) Chun a ndóthain ama a thabhairt do na monaróirí ullmhú do chur i bhfeidhm na gcaighdeán athbhreithnithe nó na gcaighdeán leasaithe, is gá tarraingt siar thagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe a chur siar.

(13) Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 a leasú dá réir.

(14) Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe áirithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, fágtar le comhlíonadh an chaighdeáin sin go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Ba cheart an Cinneadh seo, dá bhrí sin, a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 mar a leanas:

Airteagal 1

(1) Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh sin;

(2) Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm ag pointe (1) d’Iarscríbhinn I ón 3 Aibreán 2024.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2022. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

ANNEX

IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 mar a leanas:

(1) scriostar iontrálacha 11, 12 agus 29;

(2) cuirtear na hiontrálacha 11a, 12a agus 29a seo a leanas isteach san áit iomchuí go seicheamhach de réir uimhir na hiontrála: Uimh. Tagairt don chaighdeán 11a. EN 13480-2:2017 Píobánra miotalach tionsclaíoch — Cuid 2: Ábhair EN 13480-2:2017/A3:2018 EN 13480-2:2017/A1:2018 EN 13480-2:2017/A2:2018 EN 13480-2:2017/A7:2020 EN 13480-2:2017/A8:2021 12a. EN 13480-5:2017 Píopaí miotalacha tionsclaíocha — Cuid 5: Cigireacht agus tástáil EN 13480-5:2017/A1:2019 EN 13480-5:2017/A2:2021 29a. EN 13480-3:2017 Píopaí miotalacha tionsclaíocha — Cuid 3: Dearadh agus ríomh EN 13480-3:2017/A3:2020 EN 13480-3:2017/A1:2021 EN 13480-3:2017/A2:2020 EN 13480-3:2017/A4:2021

(3) cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas: Uimh. Tagairt don chaighdeán 51. EN 3-8:2021 Múchtóirí dóiteáin inaistrithe — Cuid 8: Ceanglais maidir le tógáil, seasmhacht brú agus tástálacha meicniúla le haghaidh múchtóirí a bhfuil uasbhrú incheadaithe 30 bar nó níos lú acu agus a chomhlíonann ceanglais EN 3-7 52. EN ISO 9712:2022 Tástáil neamhscriosach — Cáilíocht agus deimhniú pearsanra TNS (ISO 9712:2021) 53. EN 10253-2:2021 Buntáthú feisteas píobáin — Cuid 2: Cruacha neamh-chóimhiotail agus cruacha cóimhiotail feiríteacha lena mbaineann ceanglais chigireachta shonracha 54. EN 12516-2:2014+A1:2021 Comhlaí tionsclaíocha — Neart dearaidh na blaoisce — Cuid 2: Modh ríofa le haghaidh blaoscanna comhlaí cruach 55. EN 12952-2:2021 Coirí feadán uisce agus suiteálacha tánaisteacha — Cuid 2: Ábhair le haghaidh brúpháirteanna coirí agus gabhálais 56. EN 12952-5:2021 Coirí feadán uisce agus suiteálacha tánaisteacha — Cuid 5: Ceardaíocht agus cruthú brúpháirteanna na coire 57. EN 12952-6:2021 Coirí feadán uisce agus suiteálacha tánaisteacha — Cuid 6: Cigireacht le linn cruthaithe, doiciméadaithe agus marcála bhrúpháirteanna an choire 58. EN 12952-10:2021 Coirí feadán uisce agus suiteálacha tánaisteacha — Cuid 10: Ceanglais maidir le gairis sábháilteachta i gcoinne brú iomarcach 59. EN 13121-1:2021 Umair agus soithí plaistigh ghloinethreisithe le haghaidh úsáide os cionn na talún — Cuid 1: Amhábhair — Coinníollacha sonraíochta agus critéir inghlacthachta 60. EN 14917:2021 Ailt bhorrtha bolg miotalaí le haghaidh feidhmeanna brú 61. EN ISO 21922:2021 Córais chuisniúcháin agus teaschaidéil — Comhlaí — Ceanglais, tástáil agus marcáil (ISO 21922:2021)

IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas: 47. EN 10253-2:2007 Buntáthú feisteas píobáin — Cuid 2: Cruacha neamh-chóimhiotail agus cruacha cóimhiotail feiríteacha lena mbaineann ceanglais chigireachta shonracha 3.4.2024 48. EN 12284:2003 Córais chuisniúcháin agus teaschaidéil — Comhlaí — Ceanglais, tástáil agus marcáil 3.4.2024 49. EN 12516-2:2014 Comhlaí tionsclaíocha — Neart dearaidh na blaoisce — Cuid 2: Modh ríofa le haghaidh blaoscanna comhlaí cruach 3.4.2024 50. EN 12952-10:2002 Coirí feadán uisce agus suiteálacha tánaisteacha — Cuid 10: Ceanglais maidir le cosaintí ar bhrú iomarcach 3.4.2024 51. EN 12952-2:2011 Coirí feadán uisce agus suiteálacha tánaisteacha — Cuid 2: Ábhair le haghaidh brúpháirteanna coirí agus gabhálais 3.4.2024 52. EN 12952-5:2011 Coirí feadán uisce agus suiteálacha tánaisteacha — Cuid 5: Ceardaíocht agus cruthú brúpháirteanna na coire 3.4.2024 53. EN 12952-6:2011 Coirí feadán uisce agus suiteálacha tánaisteacha — Cuid 6: Cigireacht le linn cruthaithe, doiciméadaithe agus marcála bhrúpháirteanna an choire 3.4.2024 54. EN 13121-1:2003 Umair agus soithí plaistigh ghloinethreisithe le haghaidh úsáide os cionn na talún — Cuid 1: Amhábhair — Coinníollacha sonraíochta agus coinníollacha inghlacthachta 3.4.2024 55. EN 14917:2009+A1:2012 Ailt bhorrtha bolg miotalaí le haghaidh feidhmeanna brú 3.4.2024 56. EN 3-8:2006 Múchtóirí dóiteáin inaistrithe — Cuid 8: Ceanglais bhreise de bhreis ar EN 3-7 le haghaidh cruthú, seasmhacht brú agus tástálacha meicniúla le haghaidh mhúchtóirí a bhfuil uasbhrú incheadaithe 30 bar nó níos lú acu EN 3-8:2006/AC:2007 3.4.2024 57. EN ISO 9712:2012 Tástáil neamhscriosach — Cáilíocht agus deimhniú pearsanra TNS (ISO 9712:2012) 3.4.2024

Versions

  1. 2022-09-28