Gelex

Cinneadh (CBES) 2022/1943 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1720 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

In forceVersion 2022-10-13from 2022-10-15
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/1943@2022-10-13/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1
  3. (1)
  4. ANNEX

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 14 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1720 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua.

(2) Beidh feidhm ag Cinneadh (CBES) 2019/1720 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2022. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a fhadú go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2023 agus an ráiteas ar chúiseanna maidir le beirt daoine nádúrtha a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis a thabhairt cothrom le dáta.

(3) Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/1720 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1720 mar a leanas:

Airteagal 1

(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

(1)

Airteagal 9 Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2023 agus coimeádfar faoi athbhreithniú é go leanúnach. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.;

(2) leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán P. Blažek

ANNEX

IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1720, faoin teideal A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagail 1(1) agus 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 3 agus 19: Ainm Faisnéis aitheantais Cúiseanna Dáta an liostaithe 3. Francisco Javier DÍAZ MADRIZ Dáta breithe: an 3 Lúnasa 1961 Inscne: fireann Ard-Stiúrthóir Nicaraguan National Police (NNP) ón 23 Lúnasa 2018 agus iar-Leas-Ard-Stiúrthóir NNP. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach i Nicearagua a chur faoi chois, lena n-áirítear bheith i gceannas ar fhórsaí póilíneachta a bhfuil baint acu le foréigean i gcoinne sibhialtach, lena n-áirítear úsáid iomarcach an fhornirt, gabháil agus coinneáil threallach agus céastóireacht. In 2021, rinne sé na himscrúduithe chun cásanna a bhunú i gcoinne cheannairí an fhreasúra a gabhadh roimh na toghcháin. 4.5.2020 19. Lumberto Ignacio CAMPBELL HOOKER Comhalta den Supreme Electoral Council, Uachtarán gníomhach ar an Supreme Electoral Council in 2018 Dáta breithe: 3.12.1949 Áit bhreithe: Raas, Nicaragua Inscne: fireann Náisiúntacht: Nicearaguach Pasuimhir: A00001109 (Nicaragua) Uimhir aitheantais: 6010302490003J Tá Lumberto Ignacio Campbell Hooker ina chomhalta den Supreme Electoral Council (SEC) ó 2014, ar comhlacht é atá freagrach as ullmhúchán, reáchtáil agus deimhniú olltoghcháin an 7 Samhain 2021 a bhain an bonn ó institiúidí daonlathacha agus ó phróisis dhaonlathacha de bharr easpa trédhearcachta chomh maith le fíor-fhreasúra agus díospóireacht dhaonlathach a bheith in easnamh. Thóg SEC an deis ón bhfreasúra seasamh i saorthoghcháin agus d’áirithigh sé eagrú na vótála i ndálaí neamhdhaonlathacha. Rinne an Comhthionól Ginearálta a shainordú mar chomhalta de SEC a athnuachan i mí na Bealtaine 2021. Labhair sé leis na meáin le linn na dtoghchán an 7 Samhain 2021, agus thug sé údar agus ardmholadh dá n-eagraíocht. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an bhfreasúra daonlathach a chur faoi chois agus as an mbonn a bhaint ón daonlathas agus ón smacht reachta i Nicearagua. 10.1.2022.

Versions

  1. 2022-10-13