Gelex

Cinneadh (AE) 2022/1963 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2022 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na Seice, de Choiste na Réigiún

In forceVersion 2022-10-13
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/1963@2022-10-13/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún,

Ag féachaint don togra ó Rialtas na Seice,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2) An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157, lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(3) Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Josef BERNARD éirí as oifig.

(4) Mhol Rialtas na Seice Rudolf ŠPOTÁK, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás réigiúnach, Zastupitel Plzeňského kraje (Comhalta de Thionól Réigiúnach Réigiún Plzeň), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leis seo, ceaptar Rudolf ŠPOTÁK, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus a bhfuil sainordú toghchánach aige, Zastupitel Plzeňského kraje (Comhalta de Thionól Réigiúnach Réigiún Plzeň), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán P. Blažek

Versions

  1. 2022-10-13