Cinneadh (AE) 2022/1974 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/1974@2022-10-13/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 21 Bealtaine 2003, ghlac an Coimisiún teachtaireacht chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa dar teideal Forest Law Enforcement, Governance and Trade (FLEGT): proposal for an EU action plan [Forfheidhmiú an Dlí i dtaca le foraoisí, Rialachas agus Trádáil (FLEGT): Togra le haghaidh Plean Gníomhaíochta AE]. Iarraidh sa Phlean Gníomhaíochta a leagtar amach sa teachtaireacht sin (Plean Gníomhaíochta FLEGT) ar bhearta chun aghaidh a thabhairt ar logánú neamhdhleathach trí chomhaontuithe comhpháirtíochta saorálaí a fhorbairt le tíortha táirgthe adhmaid. Ghlac an Chomhairle a conclúidí maidir le Plean Gníomhaíochta FLEGT an 13 Deireadh Fómhair 2003 agus ghlac Parlaimint na hEorpa a rún ar an ábhar an 11 Iúil 2005.
(2) An 5 Nollaig 2005, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le tíortha táirgthe adhmaid maidir le comhaontaithe comhpháirtíochta chun Plean Gníomhaíochta FLEGT a chur chun feidhme.
(3) An 20 Nollaig 2005, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 lenar bunaíodh scéim ceadúnúcháin FLEGT i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach ó thíortha lenar chuir an tAontas comhaontuithe comhpháirtíochta saorálaí i gcrích.
(4) Cuireadh i gcrích go rathúil an chaibidlíocht le Comharphobalacht na Guáine i ngeall ar chur i gcrích Chomhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Comhphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach (an Comhaontú) le hinisealú an Chomhaontaithe an 23 Samhain 2018.
(5) Ba cheart an Comhaontú a shíniú, faoi réir a chur i gcrích ar dháta níos déanaí,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Údaraítear leis seo síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach a údarú, faoi réir chur i gcrích an chomhaontaithe sin.
Airteagal 2 Údaraítear leis seo d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú a bhfuil sé de chumhacht aige nó acu an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.
Airteagal 3 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán P. Blažek