Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2123 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh fógraí a thugann údaráis inniúla do ESMA i ndáil leis na ceanglais mhargaíochta náisiúnta is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2022-07-13from 2022-11-28
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/2123@2022-07-13/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1 Pointe teagmhála
  3. Airteagal 2 Tráthchlár
  4. Airteagal 3 Teimpléid agus cur isteach
  5. Airteagal 4 Teacht i bhfeidhm
  6. ANNEX
  7. IARSCRÍBHINN I Teimpléad le haghaidh na bhfógraí dá dtagraítear in Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2020/1503
  8. ROINN A Faisnéis ghinearálta
  9. ROINN B Faisnéis a bhaineann leis na dlíthe náisiúnta, na rialacháin náisiúnta agus na forálacha riaracháin náisiúnta is infheidhme maidir le cumarsáid mhargaíochta ar tugadh fógra ina leith
  10. IARSCRÍBHINN II Teimpléad le haghaidh na bhfógraí dá dtagraítear in Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2020/1503
  11. ROINN A Faisnéis ghinearálta
  12. ROINN B Faisnéis maidir leis na hathruithe ar na dlíthe náisiúnta, ar na rialacháin náisiúnta nó ar na forálacha riaracháin náisiúnta is infheidhme maidir le cumarsáid mhargaíochta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937, agus go háirithe Airteagal 28(5), an tríú fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Le héagsúlachtaí rialála idir na Ballstáit maidir le ceanglais náisiúnta maidir le cumarsáid mhargaíochta, d’fhéadfadh sé go gcuirfí bacainní ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a fheidhmíonn ar fud an Aontais. Le foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh na bhfógraí a thugann údaráis inniúla náisiúnta do ESMA, áirithítear go bhfuil foilseacháin atá le déanamh ag ESMA de bhun Airteagal 28(6) de Rialachán (AE) 2020/1503 soiléir agus go laghdaítear leo an éiginnteacht dhlíthiúil. Chun gur fusa na fógraí sin a phróiseáil agus chun ESMA a éascú maidir leis na ceanglais foilseacháin a leagtar síos in Airteagal 28(6) de Rialachán (AE) 2020/1503 a chomhlíonadh, ba cheart ceangal a chur ar údaráis inniúla fógra a thabhairt do ESMA, trí sheoladh tiomnaithe, laistigh de thráthchláir shonracha agus trí fhoirmeacha caighdeánacha comhchuibhithe agus teimpléid chaighdeánacha chomhchuibhithe a úsáid.

(2) Chun a éascú do ESMA fógraí a phróiseáil, ba cheart do na húdaráis inniúla ceann amháin den dá theimpléad dhifriúla a úsáid, ag brath ar cé acu a thugann siad fógra de bhun Airteagal 28(2) nó (3) de Rialachán (AE) 2020/1503 nó nach dtugann.

(3) Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir ESMA faoi bhráid an Choimisiúin.

(4) Rinne ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,

(5) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé tuairim uaidh an 1 Meitheamh 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Pointe teagmhála

Cuirfidh ESMA in iúl do na húdaráis inniúla na sonraí teagmhála, lena n-áirítear an seoladh leictreonach, a úsáidfear le haghaidh na bhfógraí faoi Airteagal 28(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2020/1503.

Airteagal 2 Tráthchlár

1. Déanfaidh na húdaráis inniúla an fógra dá dtagraítear in Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2020/1503 laistigh de 2 mhí tar éis an 28 Samhain 2022.

2. Tabharfaidh na húdaráis inniúla an fógra dá dtagraítear in Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2020/1503 roimh dháta an iarratais sa Bhallstát ábhartha maidir leis an athrú atá á fhógairt.

Airteagal 3 Teimpléid agus cur isteach

1. Agus fógra á thabhairt ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2020/1503, úsáidfidh siad an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2. Agus fógra á thabhairt ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2020/1503, úsáidfidh siad an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

3. Déanfaidh na húdaráis inniúla na teimpléid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur isteach tríd an seoladh leictreonach arna sholáthar ag ESMA de bhun Airteagal 1 a úsáid.

Airteagal 4 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2022. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

ANNEX

IARSCRÍBHINN I Teimpléad le haghaidh na bhfógraí dá dtagraítear in Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2020/1503

ROINN A Faisnéis ghinearálta

Dáta an fhógra: Ó: Ballstát: Údarás inniúil: Seoladh dlíthiúil: Sonraí an duine atá i bhfeighil an fhógra:

Ainm:

Uimhir theileafóin:

R-phost:

ROINN B Faisnéis a bhaineann leis na dlíthe náisiúnta, na rialacháin náisiúnta agus na forálacha riaracháin náisiúnta is infheidhme maidir le cumarsáid mhargaíochta ar tugadh fógra ina leith

Réimse Foréimse Tuairisc 1 I gcás ina mbaineann roinnt beart náisiúnta le fógra, líonfar isteach foréimsí 1 go 7 arís agus comhlánófar iad le haghaidh gach birt náisiúnta a dtugtar fógra ina leith. 1 Cineál birt náisiúnta Mínigh cibé acu an dlí, rialachán nó foráil riaracháin é an beart náisiúnta a dtugtar fógra ina leith. 2 An teideal oifigiúil i dteanga bhunaidh an dlí náisiúnta, an rialacháin náisiúnta nó na forála riaracháin náisiúnta is infheidhme maidir le cumarsáid mhargaíochta de chuid soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a dtugtar fógra ina leith 3 Aistriúchán ar theideal oifigiúil an dlí, an rialacháin nó na forála riaracháin dá bhforáiltear faoi phointe 2 i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta 4 Dáta theacht i bhfeidhm an dlí, an rialacháin nó na forála riaracháin a dtugtar fógra ina leith sa chóras náisiúnta dlí 5 Hipearnasc chuig an roinn ábhartha de shuíomh gréasáin oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil téacs iomlán an dlí náisiúnta, an rialacháin nó na forála riaracháin 6 Achoimre ar an dlí náisiúnta, an rialachán nó an fhoráil riaracháin a dtugtar fógra ina leith (i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta) 7 Faisnéis bhreise (roghnach)

IARSCRÍBHINN II Teimpléad le haghaidh na bhfógraí dá dtagraítear in Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2020/1503

ROINN A Faisnéis ghinearálta

Dáta an fhógra: Ó: Ballstát: Údarás inniúil: Seoladh dlíthiúil: Sonraí an duine atá i bhfeighil an fhógra: Ainm: Teil: R-phost:

ROINN B Faisnéis maidir leis na hathruithe ar na dlíthe náisiúnta, ar na rialacháin náisiúnta nó ar na forálacha riaracháin náisiúnta is infheidhme maidir le cumarsáid mhargaíochta

Réimse Foréimse Tuairisc 1 I gcás ina mbaineann fógra le roinnt athruithe ar dhlí náisiúnta amháin, rialachán náisiúnta amháin nó foráil riaracháin náisiúnta amháin, déanfar foréimsí 1 go 8 a chomhlánú aon uair amháin agus áireofar iontu na hathruithe uile a dhéantar ar an mbeart náisiúnta sin. I gcás ina mbaineann an fógra le hathruithe ar roinnt beart náisiúnta, líonfar isteach foréimsí 1 go 8 arís agus comhlánófar iad le haghaidh gach birt náisiúnta arna modhnú. 1 Cineál birt náisiúnta Mínigh an dlí, rialachán nó foráil rialacháin an beart náisiúnta ar tugadh fógra ina leith lena n-athraítear an dlí náisiúnta, an rialachán náisiúnta nó an fhoráil riaracháin náisiúnta. 2 An teideal oifigiúil i dteanga bhunaidh an dlí náisiúnta, an rialacháin náisiúnta nó na forála riaracháin náisiúnta is infheidhme maidir le cumarsáid mhargaíochta de chuid soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a dtugtar fógra ina leith 3 Aistriúchán ar theideal oifigiúil an dlí, an rialacháin nó na forála riaracháin dá bhforáiltear faoi phointe 2 i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta 4 Dáta a glacadh an dlí, rialachán nó foráil riaracháin nó an gníomh eile a dtugtar fógra ina leith lena n-athraítear an fhaisnéis a tugadh ar dtús de bhun Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2020/1503 5 Dáta theacht i bhfeidhm an dlí, an rialacháin, na forála riaracháin nó an ghnímh eile a dtugtar fógra ina leith lena n-athraítear an fhaisnéis a tugadh ar dtús faoi Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2020/1503 6 Hipearnasc chuig an roinn ábhartha de shuíomh gréasáin oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil téacs iomlán an dlí náisiúnta, an rialacháin náisiúnta nó na forála riaracháin náisiúnta nó an ghnímh eile 7 Achoimre ar an dlí náisiúnta, an rialachán náisiúnta nó an fhoráil riaracháin náisiúnta a dtugtar fógra ina leith de bhun Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2020/1503 mar a tugadh cothrom le dáta tar éis na n-athruithe a dtugtar fógra fúthu san fhoirm seo (i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta) 8 Faisnéis bhreise (roghnach)

Versions

  1. 2022-07-13