Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/213 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 maidir le clárú táisc gheografaigh faoi chosaint a chealú Salaisons fumées, marque nationale Grand-Duché de Luxembourg (TGFC)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/213@2022-02-08/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, agus go háirithe Airteagal 54(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Le hAirteagal 7(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún, foráiltear go bhfuil feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le clárú dá dtagraítear in Airteagal 54(1) den Rialachán sin a chealú.
(2) De bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, i gcomhar le hAirteagal 7(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún, foilsíodh an t-iarratas a sheol Lucsamburg chun an tásc geografach faoi chosaint (TGFC) Salaisons fumées, marque nationale Grand-Duché de Luxembourg a chealú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(3) Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart, dá bhrí sin, an t-ainm Salaisons fumées, marque nationale Grand-Duché de Luxembourg (TGFC) a chealú ón gclár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint.
(4) De bhun Airteagal 54(1), an fhomhír dheiridh, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, glactar an cealú sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2) den Rialachán sin.
(5) Tá an beart dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Cealaítear leis seo clárú an ainm Salaisons fumées, marque nationale Grand-Duché de Luxembourg (TGFC).
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Feabhra 2022. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen