Gelex

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2187 ón gComhairle an 8 Samhain 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

In forceVersion 2022-11-08from 2022-11-10
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/2187@2022-11-08/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX
  3. 6. Faisnéis bhreise
  4. 7. Faisnéis bhreise
  5. 8. Faisnéis bhreise

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí, agus go háirithe Airteagal 3(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid a leanas:

(1) An 28 Meán Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/1775.

(2) An 5 Deireadh Fómhair 2022, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 2374 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, faisnéis maidir le triúr daoine aonair atá faoi réir bearta sriantacha a nuashonrú.

(3) Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán Z. Stanjura

ANNEX

IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775, faoin teideal A. Liosta na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 6, 7 agus 8:

6. MAHRI SIDI AMAR BEN DAHA (ailias: a) Yoro Ould Daha b) Yoro Ould Daya c) Sidi Amar Ould Daha d) Yoro) Ainmniú: Leas-cheann foirne chomhordú réigiúnach an Mécanisme opérationnel de coordination (MOC) in Gao Dáta breithe: 1 Ean. 1978 Áit bhreithe: Djebock, Mailí Náisiúntacht: Mailí Uimhir aitheantais náisiúnta: 11262/1547 Seoladh: Golf Rue 708 Door 345, Gao, Mailí Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Nollaig 2019, an 14 Eanáir 2020, an 5 Deireadh Fómhair 2022) Faisnéis eile: Is ceannaire phobal Arabaigh Lehmar de chuid Gao é Mahri Sidi Amar Ben Daha agus tá sé ina cheann foirne míleata ar an eite sin de Mouvement Arab de l'Azawad (MAA), atá ar son an rialtais, bainteach leis an gcomhghuaillíocht Plateforme des mouvements du 14 juin 2014 d’Alger (Plateforme). Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní). Marbh ó bhí mí Feabhra 2020 ann de réir tuairiscí. Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals

6. Faisnéis bhreise

Tá Mahri Sidi Amar Ben Daha á liostú de bhun mhír 8 (b) de rún 2374 (2017) mar gheall ar ghníomhaíochtaí a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, nó ar bagairt iad ar a chur chun feidhme. Ba oifigeach sinsearach de na póilíní Ioslamacha é Ben Daha, a bhí ag feidhmiú in Gao nuair a bhí an baile faoi rialú an Mouvement pour l'unicité et le jihad en Afrique de l'Ouest (MUJAO) (QDe.134) ó Mheitheamh 2012 go dtí Eanáir 2013. Faoi láthair, tá Ben Daha ina leas-cheann foirne ar chomhordú réigiúnach an Mécanisme opérationnel de coordination (MOC) in Gao. An 12 Samhain 2018, dhearbhaigh an Plateforme in Bamako nach nglacfadh siad páirt sna comhairliúcháin réigiúnacha a bheadh ar siúl ón 13 go dtí an 17 Samhain, i gcomhréir leis an treochlár a chomhaontaigh na páirtithe uile sa Chomhaontú Síochána agus Athmhuintearais i Márta 2018. An lá dar gcionn, thionóil ceann foirne míleata chomhpháirt Ganda Koy de Coordination des mouvements et fronts patriotiques de résistance (CMFPR)-Plateforme, cruinniú in Gao, agus ionadaithe an MAA-Plateforme ag freastal air, chun cosc a chur ar na comhairliúcháin a bheith ar siúl. Rinneadh an t-imshuí a chomhordú le ceannaireacht an Plateforme in Bamako, le MAA-Plateforme, agus leis an gComhalta Parlaiminte, Mohamed Ould Mataly. Ón 14 go dtí an 18 Samhain 2018, chuir na scórtha trodairí MAA-Plateforme i dteannta trodairí de chuid ghrúpaí CMFPR bac ar thionóladh comhairliúchán réigiúnach. Ag gníomhú faoi threoir agus rannpháirtíocht Ben Daha, cuireadh sé fheithicil truiclín as Mouvement Arabe de l'Azawad (MAA-Plateforme) os comhair ghobharnóireacht Gao agus a comharsanachta. Chonacthas ar an láthair freisin dhá fheithicil MOC de chuid MAA-Plateforme. An 17 Samhain 2018, tharla teagmhas idir gnéithe armtha a bhí ag cur bac le bealach isteach chuig an ngobharnóireacht agus patról FAMa a bhí faoin gceantar, ach cuireadh deireadh leis sular dtiocfadh leis méadú agus éirí ina shárú ar an sos comhraic. An 18 Samhain 2018, thóg dhá fheithicil déag san iomlán agus eilimintí armtha an t-imshuí ar an ngobharnóireacht tar éis an bhabhta caibidlíochta is déanaí le gobharnóir Gao. An 30 Samhain 2018, reáchtáil Ben Daha cruinniú idir-Arabach in Tinfanda chun athstruchtúrú slándála agus riaracháin a phlé. I láthair ag an gcruinniú freisin bhí Ahmoudou Ag Asriw (MLi.001), duine atá faoi smachtbhannaí, agus a bhfuil tacaíocht agus cosaint Ben Daha aige. Dá bhrí sin, trí chosc a chur go héifeachtach le pléití maidir le príomhfhorálacha an Chomhaontaithe Síochána agus Athmhuintearais a bhaineann leis an athchóiriú ar struchtúr críche thuaisceart Mhailí, chuir Ben Daha bac ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Síochána agus Athmhuintearais. Ina theannta sin, tá tacaíocht tugtha ag Ben Daha do dhuine a sainaithníodh mar bhagairt do chur chun feidhme an Chomhaontaithe trína rannpháirtíocht i sáruithe ar an sos chomhraic agus i ngníomhaíocht choiriúil eagraithe.

7. MOHAMED BEN AHMED MAHRI (ailias: a) Mohammed Rougi b) Mohamed Ould Ahmed Deya c) Mohamed Ould Mahri Ahmed Daya d) Mohamed Rougie e) Mohamed Rouggy f) Mohamed Rouji) Dáta breithe: 1 Ean. 1979 Áit bhreithe: Tabankort, Mailí Náisiúntacht: Mailí Uimh. pas: a) AA00272627 b) AA0263957 c) AA0344148, arna eisiúint an 21 Márta 2019 (dáta éaga: an 20 Márta 2024) Seoladh: Bamako, Mailí Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Nollaig 2019, an 14 Eanáir 2020, an 5 Deireadh Fómhair 2022) Faisnéis eile: Is fear gnó ó phobal Lehmar na nArabach i réigiún Gao é Mohamed Ben Ahmed Mahri, a chomhoibrigh roimhe seo leis an Mouvement pour l'unicité et le Jihad en Afrique de l'Ouest (MUJAO) (QDe.134). Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní). Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals

7. Faisnéis bhreise

Tá Mohamed Ben Ahmed Mahri á liostú de bhun mhír 8 (c) de rún 2374 (2017) de dheasca gníomhú ar son nó thar ceann na ndaoine aonair agus na n-eintiteas a shainaithnítear i mír 8 (a) agus (b) de rún 2374 (2017), nó de dheasca gníomhú faoi stiúir na ndaoine aonair agus na n-eintiteas sin nó de bharr tacaíocht a thabhairt dóibh nó iad a mhaoiniú, lena n-áirítear trí na fáltais ón gcoireacht eagraithe, lena n-áirítear táirgeadh agus gáinneáil ar dhrugaí támhshuanacha agus a réamhtheachtaithe arna dtionscnamh dóibh i Mailí nó á n-aistriú tríd, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, smuigleáil agus gáinneáil ar airm agus gáinneáil ar mhaoin chultúrtha. Idir Nollaig 2017 agus Aibreán 2018, d’ordaigh Mohamed Ben Ahmed Mahri oibríocht gháinneála de os cionn 10 dtonna channabas Mharacó, a aistríodh i dtrucailí fuaraithe trí Mauretania, Mailí, Burkina Faso agus an Nígir. Le linn oíche an 13 go dtí an 14 Meitheamh 2018, coigistíodh an ceathrú cuid den lastas in Niamey, agus cuireadh líomhain i leith grúpa comhraic gur ghoid sé na trí cheathrú a bhí fágtha le linn oíche an 12 agus an 13 Aibreán 2018. Mí na Nollag 2017, bhí Mohamed Ben Ahmed Mahri in Niamey le náisiúnach de chuid Mhailí chun an oibríocht a ullmhú. Gabhadh an náisiúnach sin de chuid Mhailí in Niamey tar éis dó eitilt isteach as Maracó le beirt náisiúnach Mharacacha agus beirt náisiúnach Ailgéireacha ar an 15 agus an 16 Aibreán 2018 chun iarracht a dhéanamh teacht ar channabas goidte. Gabhadh triúr dá chomhpháirtithe freisin, náisiúnach de chuid Maracó, ar gearradh pianbhreith príosúnachta cúig mhí air i Maracó in 2014 as gáinneáil ar dhrugaí. Tá Mohamed Ben Ahmed Mahri i gceannas ar gháinneáil ar roisín cannabais a iompraítear go Nígir díreach trí thuaisceart Mhailí, trí chonbhuanna a úsáid atá á stiúradh ag comhaltaí den Groupe d'autodéfense des Touaregs Imghad et leurs alliés (GATIA), agus ina measc, Ahmoudou Ag Asriw (MLi.001), a bhfuil smachtbhannaí curtha air. Íocann Mohamed Ben Ahmed Mahri cúiteamh le Asriw as ucht na gconbhuanna sin a úsáid. Is iad na conbhuanna sin is cúis le caismirtí go minic le hiomaitheoirí a bhfuil baint acu le Coordination des Mouvements de l'Azawad (CMA). Baineann Mohamed Ben Ahmed Mahri úsáid as a chuid ghnóthachain airgeadais ón ngáinneáil ar dhrugaí chun tacú le grúpaí armtha sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear Al Mourabitoun (QDe.141), eintiteas a bhfuil smachtbhannaí air, agus déanann sé iarracht breab a thabhairt d’oifigigh as trodaithe gafa a scaoileadh saor agus as lánpháirtiú na dtrodaithe in Mouvement Arabe pour l'Azawad (MAA) Plateforme a éascú. Dá bhrí sin, trí na fáltais ón gcoireacht eagraithe, tacaíonn Mohamed Ben Ahmed Mahri le duine sainaitheanta faoi mhír 8(b) de Rún 2374 (2007) mar bhagairt ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Síocháin agus Athmhuintearas i Mailí, agus le grúpa sceimhlitheoireachta dá dtagraítear i Rún 1267.

8. MOHAMED OULD MATALY Ainmniú: Comhalta Parlaiminte Dáta breithe: 1958 Náisiúntacht: Mailí Uimh. pas: a) D9011156, b) AA0260156, arna eisiúint an 3 Lúnasa 2018 (dáta éaga: an 2 Lúnasa 2023) Seoladh: a) Golf Rue 708 Door 345, Gao, Mailí b) Almoustarat, Gap, Mailí Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Nollaig 2019, an 14 Eanáir 2020, an 5 Deireadh Fómhair 2022) Faisnéis eile: Tá Mohamed Ould Mataly, iar-Mhéara Bourem, ina chomhalta den Pharlaimint faoi láthair don toghlach Bourem agus tá sé ina chomhalta den Rassamblement pour le Mali (RPM, páirtí polaitiúil an Uachtaráin Ibrahim Boubacar Keita). Is duine de phobal Arabach Lehmar é agus is comhalta é a bhfuil tionchar mór aige ar an eite den Mouvement Arabede l'Azawad (MAA) atá ar son an rialtais, atá nasctha le comhghuaillíocht Plateforme des mouvements du 14 juin 2014 d'Alger (Plateforme). Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní). Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals click here

8. Faisnéis bhreise

Tá Mohamed Ould Mataly liostaithe de bhun mhír 8 (b) de Rún 2374 (2017) mar gheall ar ghníomhaíochtaí a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, nó ar bagairt iad ar a chur chun feidhme. An 12 Samhain 2018, dhearbhaigh an Plateforme in Bamako nach nglacfadh siad páirt sna comhairliúcháin réigiúnacha a bheadh ar siúl ón 13 go dtí an 17 November, i gcomhréir leis an treochlár a chomhaontaigh na páirtithe uile sa Chomhaontú Síochána agus Athmhuintearais i Márta 2018. An lá dar gcionn, thionóil ceann foirne míleata chomhpháirt Ganda Koy de Coordination des mouvements et fronts patriotiques de résistance (CMFPR)-Plateforme, cruinniú in Gao, agus ionadaithe an MAA-Plateforme ag freastal air, chun cosc a chur ar na comhairliúcháin a bheith ar siúl. Rinneadh an t-imshuí a chomhordú le ceannaireacht an Plateforme in Bamako, le MAA-Plateforme, agus leis an gComhalta Parlaiminte, Mohamed Ould Mataly. Ghlac a dhlúthchomhpháirtí Mahri Sidi Amar Ben Daha, ailias Yoro Ould Daha, a bhfuil cónaí air ina theach in Gao, páirt san imshuí ar an áit ina raibh an comhairliúchán in oifig an Ghobharnóra le linn na tréimhse sin. Ina theannta sin, ar an 12 Iúil 2016 bhí Ould Mataly ar dhuine de ghríosóirí léirsithe a bhí naimhdeach le cur chun feidhme an Chomhaontaithe. Dá bhrí sin, trí chosc a chur go héifeachtach le pléití maidir le príomhfhorálacha an Chomhaontaithe Síochána agus Athmhuintearais a bhaineann leis an athchóiriú ar struchtúr críche thuaisceart Mhailí, tá bac curtha ag Ould Mataly ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Síocháin agus Athmhuintearas. Ar deireadh, d’agair Ould Mataly go scaoilfí daoine dá phobal a gabhadh in oibríochtaí frithsceimhlitheoireachta. Trína rannpháirtíocht sa choireacht eagraithe agus trí chomhlachas le grúpaí armtha sceimhlitheoireachta, cuireann Mohamed Ould Mataly cur chun feidhme an Chomhaontaithe i mbaol.

Versions

  1. 2022-11-08