Cinneadh (AE) 2022/2256 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2022 maidir le tionscnamh an scrúdaithe mhionsonraithe ar spriocanna áirithe feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh an tríú tréimhse thagartha a chuir an Eilvéis isteach ar leibhéal an bhloic feidhme aerspáis de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8076) (Is ag na téacsanna sa Ghearmáinis, sa Fhraincis agus san Iodáilis a bheidh an t-údarás agus acu siúd amháin) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/2256@2022-11-15/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), an dara mír de,
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013, agus go háirithe Airteagal 15(1) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) De bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá na Ballstáit le spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis (FABanna), i leith gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta. Tá na spriocanna feidhmíochta sin le bheith comhsheasmhach leis na spriocanna uile-Aontais a ghlac an Coimisiún le haghaidh na tréimhse tagartha lena mbaineann.
(2) Leagadh spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse thagartha (TT3) síos i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún. Ós rud é gur tarraingíodh suas na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais agus na dréachtphleananna TT3 sin a chuir na Ballstáit agus an Eilvéis isteach i mí Dheireadh Fómhair 2019 roimh thús phaindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020, níor cuireadh san áireamh iontu an laghdú nach beag a tháinig ar aerthráchtmar gheall ar na bearta a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun an phaindéim a cheansú.
(3) Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla le haghaidh TT3, de mhaolú ar fhorálacha Rialachán (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún. Ghlac an Coimisiún, an 2 Meitheamh 2021, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 lena leagtar amach spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais le haghaidh TT3. Ar an mbonn sin, chuir na Ballstáit agus an Eilvéis dréachtphleananna feidhmíochta ina raibh spriocanna athbhreithnithe le haghaidh TT3 faoi bhráid an Choimisiúin i mí Dheireadh Fómhair 2021.
(4) Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/780 ón gCoimisiún, rinneadh anailís ar spriocanna áirithe feidhmíochta atá sa dréachtphlean le haghaidh TT3 a chuir an Eilvéis isteach, spriocanna a bunaíodh i gcomhar ar leibhéal Bhloc Feidhme Aerspáis na hEorpa Láir (FABEC) leis an mBeilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, Lucsamburg agus an Ísiltír (Ballstáit is comhaltaí de FABEC). Fuair an Coimisiún amach nach raibh spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta le haghaidh limistéar muirearaithe faoi bhealach na Beilge/Lucsamburg comhsheasmhach leis na spriocanna uile-Aontais agus d’eisigh sé moltaí maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna sin.
(5) Mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, d’fhorchuir an tAontas bearta sriantacha lena dtoirmeasctar ar aeriompróirí na Rúise, ar aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis agus ar aon aerárthach nach bhfuil cláraithe sa Rúis ach atá faoi úinéireacht nó atá cairtfhostaithe, nó atá faoi rialú ar shlí eile ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach, ag eintiteas nó ag comhlacht Rúiseach tuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh óna chríoch nó eitilt thar a chríoch. Mar gheall ar na bearta sriantacha sin agus ar na frithbhearta a rinne an Rúis, tháinig athruithe ar an aerthrácht in aerspás na hEorpa. Rinneadh difear an-mhór do Bhallstáit áirithe leis an athrú ar an líon traseitiltí san aerspás faoina gcúram. Ar leibhéal uile-Aontais, áfach, tá an tionchar iarbhír ar an líon eitiltí teoranta i gcodarsnacht leis an laghdú géar a tháinig ar an aerthrácht ar fud na hEorpa mar gheall ar phaindéim COVID-19.
(6) Chuir an Eilvéis, mar aon leis na Ballstáit is comhaltaí de FABEC dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe FABEC le haghaidh TT3 isteach an 13 Iúil 2022 (dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe FABEC) chun go ndéanfadh an Coimisiún measúnú air.
(7) An comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, chuir sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina bhfuil comhairle maidir le measúnú a dhéanamh ar dhréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe FABEC.
(8) I gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht spriocanna feidhmíochta FAB atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe FABEC ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. I ndáil le gach príomhréimse feidhmíochta agus na spriocanna feidhmíochta gaolmhara, chomhlánaigh an Coimisiún an measúnú trí athbhreithniú a dhéanamh ar na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.
(9) Le réamhaisnéis tráchta bonnlíne Eurocontrol STATFOR a foilsíodh i mí an Mheithimh 2022, cuirtear san áireamh na himthosca athraithe dá dtagraítear in aithris (5). I bhfianaise na réamhaisnéise sin, tugann an Coimisiún dá aire nach meastar go mbeidh athruithe móra ar na sreafaí aerthráchta san Eilvéis ná sna Ballstáit is comhaltaí de FABEC in TT3 mar thoradh ar chogadh na Rúise san Úcráin. Dá bhrí sin, níl tionchar díreach ag na himthosca sin ar na spriocanna feidhmíochta sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe FABEC ná ar mheasúnú na spriocanna sin i leith a gcomhsheasmhachta leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais.
(10) Ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear in aithris(8), fuair an Coimisiún amach go bhfuil na spriocanna feidhmíochta is infheidhme go díreach maidir leis na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a oibríonn in aerspás na hEilvéise, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais. Dá bhrí sin, ní leagtar amach aon toradh gaolmhar sa Chinneadh seo.
(11) Chinn an Coimisiún áfach, i gCinneadh (AE) 2022/2255, i leith an phlean feidhmíochta athbhreithnithe FABEC, gur ábhar amhrais fós iad na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta atá beartaithe le haghaidh limistéar muirearaithe faoi bhealach na Beilge-Lucsamburg a mhéid a bhaineann lena gcomhsheasmhacht leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún an scrúdú mionsonraithe a leagtar síos in Airteagal 15(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 a thionscnamh i dtaobh na spriocanna feidhmíochta sin.
(12) Ba cheart fógra a thabhairt don Eilvéis, dá bhrí sin, go dtionscnóidh an Coimisiún an scrúdú mionsonraithe a leagtar amach in Airteagal 15(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 i leith na spriocanna feidhmíochta dá dtagraítear in aithris (11), spriocanna a shonraítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe FABEC a ghlac na Ballstáit is comhaltaí de FABEC agus an Eilvéis,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Tionscnaítear leis seo an nós imeachta um scrúdú mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 15(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 a mhéid a bhaineann leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2022/2255.
Airteagal 2 Is chuig Cónaidhm na hEilvéise a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Samhain 2022. Thar ceann an Choimisiúin Adina-Ioana Vălean Comhalta den Choimisiún