Gelex

Cinneadh (CBES) 2022/2320 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 maidir le tacaíocht ón Aontas do chur chun feidhme tionscadail Scód a ligean leis an Nuálaíocht: Teicneolaíochtaí Cumasúcháin agus an tSlándáil Idirnáisiúnta

In forceVersion 2022-11-25
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/2320@2022-11-25/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1
  3. 3.
  4. Airteagal 2
  5. Airteagal 3
  6. Airteagal 4
  7. ANNEX
  8. DOICIMÉAD TIONSCADAIL Scód a ligean leis an nuálaíocht: Teicneolaíochtaí Cumasúcháin agus an tSlándáil Idirnáisiúnta Réamhrá
  9. TIONSCADAL
  10. 1.
  11. 1.2. a)
  12. 2.
  13. 2.2. a)
  14. 3.
  15. 3.2. a)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) I Straitéis Dhomhanda 2016 maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh, cuirtear i dtreis go mbeidh an tAontas ag cur lena rannchuidiú leis an tslándáil chomhchoiteann.

(2) I Straitéis 2018 an Aontais i gcoinne airm thine, mionairm agus armáin éadroma aindleathacha (SALW) agus a n-armlón, dar teideal Airm a Dhaingniú, Saoránaigh a Chosaint, luaitear go mbainfidh an tAontas úsáid as ionstraimí ábhartha chun tacú le taighde agus forbairt i réimse na teicneolaíochta iontaofa costéifeachtaí chun SALW agus a n-armlón a dhaingniú agus chun na rioscaí a bhaineann le hatreorú a mhaolú. Ina theannta sin, thug an Chomhairle dá haire, sna conclúidí uaithi maidir le glacadh na Straitéise sin, na hathruithe a bhí tagtha sa chomhthéacs slándála, lena n-áirítear bagairt na sceimhlitheoireachta laistigh den Aontas agus forbairtí i ndáil le dearadh SALW agus i ndáil le teicneolaíocht a mbíonn tionchar acu ar chumas na rialtas aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin.

(3) Luaitear i dTeachtaireacht 2018 ón gCoimisiún dar teideal Intleacht Shaorga don Eoraip gurb é an prionsabal treorach a bheidh ag gach tacaíocht don taighde a bhaineann leis an intleacht shaorga go ndéanfaí intleacht shaorga fhreagrach a fhorbairt. Luaitear inti freisin, ós rud é gur féidir an intleacht shaorga a thrádáil go héasca thar theorainneacha, gurb iad na réitigh dhomhanda amháin a bheidh inbhuanaithe sa réimse sin, agus go gcuirfidh an tAontas úsáid na hintleachta saorga chun cinn, mar aon le húsáid teicneolaíochtaí i gcoitinne, chun dúshláin dhomhanda a réiteach, chun tacú le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras agus chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

(4) Thug Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe dá aire, i dtuarascáil 2021 dar teideal Current developments in science and technology and their potential impact on international security and disarmament efforts [Forbairtí reatha san eolaíocht agus sa teicneolaíocht agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar an tslándáil idirnáisiúnta agus ar iarrachtaí dí-armála], gur mó an imní anois faoi fhorbairtí san eolaíocht agus sa teicneolaíocht atá ábhartha don tslándáil agus don dí-armáil a bheith ag dul róthapa do na creataí normatacha agus rialachais lena bhféachtar lena dtuiscint agus a mbainistiú.

(5) Is mian leis an Aontas rannchuidiú leis an tslándáil chomhchoiteann agus leis an bhféidearthacht leas a bhaint as deiseanna a bhaineann le teicneolaíochtaí nua, mar aon le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leo, go háirithe maidir leis an gcóras iltaobhach um dhí-armáil agus rialú arm.

(6) Ba cheart don Aontas tacú le cur chun feidhme tionscadail Scód a ligean leis an Nuálaíocht: Teicneolaíochtaí Cumasúcháin agus an tSlándáil Idirnáisiúnta.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1. D’fhonn an Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, agus Straitéis an Aontais i gcoinne airm thine, mionairm agus armáin éadroma aindleathacha agus a n-armlón dar teideal Airm a Dhaingniú, Saoránaigh a Chosaint, agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal An Intleacht Shaorga don Eoraip á cur san áireamh, tacóidh an tAontas le cur chun feidhme tionscadail Scód a ligean leis an Nuálaíocht: Teicneolaíochtaí Cumasúcháin agus an tSlándáil Idirnáisiúnta.

2. Beidh sé mar chuspóir sonrach ag na gníomhaíochtaí tionscadail a gheobhaidh tacaíocht ón Aontas tacú leis an obair a dhéanann Institiúid na Náisiún Aontaithe um Thaighde ar an Dí-armáil (UNIDIR) laistigh dá Chlár Slándála agus Teicneolaíochta (SECTEC) d’fhonn feabhas a chur ar an eolas agus ar an tuiscint ar theicneolaíochtaí nua agus ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus atá ábhartha don tslándáil idirnáisiúnta.

3. Na gníomhaíochtaí tionscadail, déanfaidh siad an méid seo a leanas go háirithe:

3.

(a) faireachán a dhéanamh ar thuiscint ar theicneolaíochtaí nua agus ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, chomh maith le cur i bhfeidhm nua teicneolaíochtaí atá níos seanbhunaithe, agus teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus tuiscint orthu a fheabhsú, chomh maith le cur i bhfeidhm nua teicneolaíochtaí atá níos seanbhunaithe, le go mbeifear in ann eolas inúsáidte a sholáthar do lucht ceaptha beartas agus lucht déanta cinntí maidir leis na réimsí teicneolaíochta atá á scrúdú, bunaithe ar fhianaise atá fónta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heolaíochta de;

(b) féachaint le tuiscint a fheabhsú maidir leis an gcaoi a bhféadfaí teicneolaíochtaí cumasúcháin nua a úsáid, agus maidir leis an éifeacht a d’fhéadfaí a bhaint amach leo, i gcomhthéacsanna slándála. Leis an obair a dhéanfar faoin gcolún seo, díreofar freisin ar an gcóineasú arb ann dó níos mó agus níos mó idir na teicneolaíochtaí éagsúla agus a bhfeidhmeanna trasréimseacha agus leis an méid sin, go háirithe, an chaoi a múnlóidh dul chun cinn na dteicneolaíochtaí cumasúcháin cineál na gcoinbhleachtaí agus an bhláir catha amach anseo;

(c) féachaint an bhfuil dúshláin nua rialachais ag baint le nuatheicneolaíochtaí cumasúcháin agus, má tá, cén chaoi ar féidir an gnáthbhosca uirlisí don rialú arm a nuachóiriú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Ina theannta sin, fiosróidh an tionscadal comhlántacht na ngnáthbheart um rialú arm le bearta rialachais níos leithne na teicneolaíochta, bearta lena bhféadfaí rannchuidiú leis na spriocanna céanna a bhaint amach, mar atá an tslándáil, an chobhsaíocht, an tsábháilteacht, laghdú riosca agus neamhleathadh.

4. Leagtar amach tuairisc mhionsonraithe ar an tionscadal san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

1. Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.

2. Is é UNIDIR a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.

3. Déanfaidh UNIDIR a chúram faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le UNIDIR.

Airteagal 3

1. Is é EUR 1234011 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an tionscadail arna mhaoiniú ag an Aontas dá dtagraítear in Airteagal 1.

2. An caiteachas a mhaoineofar leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1, déanfar é a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad an Aontais.

3. Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar dhea-bhainistiú an chaiteachais a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1. Chun na críche sin, tabharfaidh sé comhaontú ranníocaíochta i gcrích le UNIDIR. Sonrófar sa chomhaontú ranníocaíochta sin go bhfuil ar UINIDIR infheictheacht ranníocaíocht an Aontais a áirithiú, infheictheacht a bheidh i gcomhréir lena méid.

4. An comhaontú rannaíocaíochta dá dtagraítear i mír 3, féachfaidh an Coimisiún lena thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a tugadh an comhaontú sin i gcrích.

Airteagal 4

1. Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle faoi chur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha gach ráithe ó UNIDIR. Beidh na tuarascálacha sin ina mbonn leis an meastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle.

2. Soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi ghnéithe airgeadais chur chun feidhme an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 5 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Rachaidh sé in éag 24 mhí tar éis don chomhaontú rannaíocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a bheith tugtha i gcrích. Rachaidh an Cinneadh seo in éag, áfach, 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm murar tugadh aon chomhaontú den sórt sin i gcrích laistigh den tréimhse sin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2022. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán J. Síkela

ANNEX

IARSCRÍBHINN

DOICIMÉAD TIONSCADAIL Scód a ligean leis an nuálaíocht: Teicneolaíochtaí Cumasúcháin agus an tSlándáil Idirnáisiúnta Réamhrá

Is é an dul chun cinn san eolaíocht agus sa teicneolaíocht an príomhchumasóir don fhorbairt eacnamaíoch agus sóisialta, agus don rathúnas. Mar sin féin, mar a thuairiscigh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe sa tuarascáil ó 2021 dar teideal Current developments in science and technology and their potential impact on international security and disarmament efforts [Forbairtí reatha san eolaíocht agus sa teicneolaíocht agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar an tslándáil idirnáisiúnta agus ar iarrachtaí dí-armála], tá imní níos mó ann anois faoi fhorbairtí san eolaíocht agus sa teicneolaíocht atá ábhartha don tslándáil agus don dí-armáil a bheith ag dul róthapa do na creataí normatacha agus rialachais lena bhféachtar lena rioscaí a thuiscint agus a bhainistiú [aistriúchán neamhoifigiúil]. Is institiúid neamhspleách laistigh de na Náisiúin Aontaithe í Institiúid na Náisiún Aontaithe um Thaighde ar an Dí-armáil (UNIDIR), institiúid a dhéanann taighde neamhspleách ar dhí-armáil agus ar fhadhbanna gaolmhara, go háirithe saincheisteanna slándála idirnáisiúnta. Go stairiúil, bhí ról ceannasach ag UNIDIR agus í ag tacú leis na hiarrachtaí chun tuiscint a fháil ar na himpleachtaí slándála a bhaineann le dul chun cinn tapa claochlaitheach sa teicneolaíocht agus chun freagairt ar na himpleachtaí sin. Sa lá atá inniu ann, tá an obair sin á stiúradh ag clár tiomnaithe slándála agus teicneolaíochta (SECTEC), clár ar ceann de na príomhsholáthróirí eolais é don phobal taidhleoireachta idirnáisiúnta, don earnáil phríobháideach agus don tsochaí shibhialta, agus clár a thógann droichid eatarthu (níos mó ná 13000 foilseacháin íosluchtaithe agus níos mó ná 6500 rannpháirtí ina chuid imeachtaí sna dá bhliain deiridh amháin). Bhí tionchar tábhachtach ag obair SECTEC ar an mbeartas, mar shampla: luadh go sonrach faoi dhó í in dhá cheann de thuarascálacha comhdhearcaidh maidir leis an gcibearshlándáil idirnáisiúnta, arna nglacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe. An tionscadal 2 bhliain atá beartaithe dar teideal Scód a ligean leis an nuálaíocht: Teicneolaíochtaí Cumasúcháin agus an tSlándáil Idirnáisiúnta, beidh sé dírithe ar eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin roghnaithe agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar an tslándáil idirnáisiúnta. An obair a dhéanfar faoin tionscadal seo, déanfar í a eagrú i dtrí cinn de shrutha oibre mar a thuairiscítear go mion sa roinn seo thíos. Déanfar an tionscadal a chomhtháthú go hiomlán i gclár oibre foriomlán SECTEC, agus úsáid á baint aige as sócmhainní eolais agus líonraí atá bunaithe cheana féin mar chuid den chlár níos leithne sin, agus rannchuideoidh sé lena chuspóirí foriomlána a bhaint amach, cuspóirí atá ailínithe go dlúth le bunshainordú na hInstitiúide:

Beartais agus cinnteoireacht a mhúnlú. Leis an nuálaíocht theicneolaíoch, cuirtear sraitheanna breise éiginnteachta leis an timpeallacht slándála domhanda agus tugtar dúshlán na dtuiscintí traidisiúnta ar choinbhleachtaí, ar choincheapa i ndáil le rialaithe arm agus ar fhreagairtí. Má táthar chun freagairtí éifeachtacha beartais a fhorbairt i leith na dteicneolaíochtaí nua, caithfear uirlisí agus próisis an innealra iltaobhaigh dí-armála, mar aon leis na sásraí réigiúnacha agus náisiúnta, a chur in oiriúint. Le hobair SECTEC, féachfar le cuidiú le dearadh na bhfreagairtí beartais sin agus bonn eolais a chur fúthu trí eolas a tháirgeadh, comhairle a chur ar fáil agus smaointe a ghiniúint.

An bhearna eolais i ndáil le gnéithe theicneolaíocha na slándála idirnáisiúnta a dhúnadh. An-chuid de na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le teicneolaíochtaí nua, is fréamhaithe ina saintréithe teicniúla atá siad, rud a fhágann gur deacair beartais nó gníomhartha rialála a chur chun feidhme ina leith gan tuiscint leordhóthanach a bheith ag duine ar an teicneolaíocht sin, lena n-áirítear na rioscaí agus na deiseanna a ghabhann léi. Is measa fós an fhadhb sin mar gheall ar chineál dé-úsáide (nó uile-úsáide) an-chuid de na nuálaíochtaí sin, rud a fhágann gur tá tuiscint leathan i ndáil leis na héifeachtaí agus na spleáchais tras-réimsí a d’fhéadfadh a bheith ag aon bheartas nó aon ghníomh rialála.

Pobail droichid. Sa lá atá inniu ann, agus méadú ag teacht ar an éagobhsaíocht agus ar an mímhuinín dhomhanda, na gníomhaithe ag dul í líonmhara, dáileadh níos leithne ar eolas agus saineolas, agus roghanna na rialála traidisiúnta ag cúngú, is den géar-riachtanas go dtiocfadh pobail éagsúla le chéile agus a dtuiscintí a roinnt lena chéile chun bonn eolais a chur faoina gcláir oibre féin ar leith. Baineann sé sin le pobail atá ag feidhmiú in earnálacha éagsúla (e.g. rialtais, tionscal, an tsochaí shibhialta), chomh maith le pobail laistigh den innealra iltaobhach a fheidhmíonn go traidisiúnta i réimsí ar leith (e.g. an tslándáil idirnáisiúnta, an fhorbairt, an comhar digiteach, an choireacht). Úsáidfidh SECTEC seasamh uathúil UNIDIR chun na scoilteanna traidisiúnta a thrasnú agus iarracht a dhéanamh aige dioscúrsaí ar idirspleáiche iad ná riamh cheana a nascadh le chéile, droichid a thógáil idir pobail agus an t-eolas a chomhdhlúthú.

TIONSCADAL

Freagairt ar dhúshláin, agus tairbhiú de na deiseanna a eascraíonn as an dul chun cinn teicneolaíoch i gcomhthéacs na síochána agus na slándála, ní beag an chastacht a bhaineann leis mar thasc. Lena dhéanamh, i dtéarmaí ginearálta, ní mór a thuiscint cad í an teicneolaíocht féin, conas agus cad chuige a d’fhéadfaí í a úsáid agus cad iad na huirlisí rialachais atá ar fáil lena forbairt agus a húsáid a stiúradh nó a rialú. Leis an tionscadal atá á bheartú Scód a ligean leis an nuálaíocht: Teicneolaíochtaí Cumasúcháin agus an tSlándáil Idirnáisiúnta féachfar ar fhorbairt, cur i bhfeidhm agus rialachas eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin roghnaithe agus ar a n-ábharthacht don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta trí mheán na dtrí shruth oibre a ndéantar cur síos orthu thíos. Chun críche an tionscadail seo, déantar teicneolaíochtaí cumasúcháin a shainiú mar na teicneolaíochtaí sin lena gcumasaítear nó lena dtiomáintear an nuálaíocht, forbairt na gcumas agus méadú an tionchair i réimsí eile an chur i bhfeidhm laistigh de raon feidhme obair SECTEC mar chuid de UNIDIR, is é sin le rá: Cibearshlándáil, IS & Uathriail agus Comhtháthú Córas. Tá sé sin comhsheasmhach le beartas an Aontais maidir leis na príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin, ina n-aithnítear ról bunúsach na dteicneolaíochtaí trasearnálacha sin mar thiomántóirí na nuálaíochta fud fad na n-earnálacha agus na bhfeidhmeanna. Díreoidh an tionscadal seo ar na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le ceithre cinn de theicneolaíochtaí cumasúcháin a meastar a bheith an-ábhartha i dtéarmaí slándála: ábhair shárfhorbartha (e.g. leathsheoltóirí, micriteicneolaíochtaí agus nana-teicneolaíochtaí), páirteanna agus comhpháirteanna (e.g. micrishliseanna, braiteoirí), bonneagar (e.g. bonneagar nascachta den chéad ghlún eile — 5G agus 6G, idirlíon na rudaí nithiúla, néal, idirlíon ceannasach) agus próiseáil agus ríomhaireacht (e.g. néalríomhaireacht, imeall-ríomhaireacht agus ríomhaireacht chandamach).

1. Sruth Oibre 1: Monatóireacht a dhéanamh ar threochtaí agus feasacht a mhéadú i ndáil le forbairtí Eolaíochta agus Teicneolaíochta

1.

1.1. Cuspóir Is é cuspóir an tsrutha oibre seo go ndéanfaí teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a shainiú agus a thuiscint, chomh maith le feidhmeanna nua atá á dtabhairt do theicneolaíochtaí seanbhunaithe. An obair a dhéanfar faoin sruth oibre seo, beidh sí dírithe go príomha ar eolas inúsáidte a sholáthar do lucht ceaptha beartas agus lucht déanta cinntí maidir leis na réimsí teicneolaíochta atá á scrúdú, bunaithe ar fhianaise atá fónta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heolaíochta de.

1.2. An toradh a bhfuiltear ag súil leis:

1.2. a)

Gur níos ullmhaithe a bheidh lucht déanta beartas agus lucht déanta cinntí i ndáil le dúshláin agus deiseanna a eascraíonn as na teicneolaíochtaí nua agus na teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

b)

Gur fearr an tuiscint a bheidh ann i ndáil leis na naisc agus an cóineasú idir teicneolaíochtaí éagsúla.

c)

Gur fearr an fheasacht faoi na rioscaí agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag teicneolaíochtaí nua agus go gcuirfí cumais luathrabhaidh ar fáil do stáit ar teoranta a gcumas scanadh ionchais a dhéanamh.

1.3. Cur síos ar an sruth oibre Beidh dhá phríomhghníomhaíocht i gceist leis an sruth oibre seo. Ar an gcéad dul síos, déanfar feidhm leanúnach scanacháin teicneolaíochta a bhunú chun a áirithiú go mbeifear in ann an dul chun cinn eolaíochta agus teicneolaíochta is ábhartha a bhrath, a scagadh agus a anailísiú ag luathchéim dá bhforbairt nó dá gcur i bhfeidhm. Mar thoradh ar an ngníomhaíocht sin, déanfar 2 choimre bhliantúla a chur ar fáil de na treochtaí is ábhartha sa nuálaíocht theicneolaíoch i ndáil leis an tsíocháin agus an tslándáil. Beidh torthaí na gníomhaíochta sin comhlántach seachas dúbailteach le hais na hoibre a dhéantar i bpróisis oifigiúla déthaobhacha ar nós CCW agus a Mheitheal Saineolaithe Rialtais maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn i réimse chórais na n-arm uathrialaitheach marfach agus an Mheitheal Oscailte um shlándáil agus úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, agus úsáidfear iad chun rannchuidiú leis an tacar níos leithne gníomhaíochtaí iltaobhacha ábhartha ar nós thuarascáil bhliantúil Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe maidir le ról na heolaíochta agus na teicneolaíochta i gcomhtheács na síochána agus na slándála idirnáisiúnta , agus an Comhchlár Oibre, lena n-áirítear an clár nua síochána, agus Cruinniú Mullaigh na bliana 2023 don Todhchaí. Don dara gníomhaíocht faoin sruth oibre seo, déanfar 8 gcinn de bhricfeastaí teicneolaíochta a eagrú chun deis a thabhairt, ar bhonn ráithiúil, don phobal taidhleoireachta sa Ghinéiv agus i Nua-Eabhrac teicneolaíochtaí cumasúcháin sonracha a bhaineann leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta a phlé agus foghlaim fúthu, i suíomh neamhfhoirmiúil, trí theagmháil dhíreach a dhéanamh le saineolaithe. Déanfar gach imeacht a reáchtáil faoi dhó: den chéad uair ar an láthair sa Ghinéiv agus den dara huair ar líne do phobal Nua-Eabhrac.

2. Sruth Oibre 2: Tionchar na hEolaíochta agus na Teicneolaíochta ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta a thuiscint

2.

2.1. Cuspóir Is é is cuspóir don dara sruth oibre go bhfaighfí tuiscint ar an gcaoi a bhféadfaí nuatheicneolaíochtaí cumasúcháin a úsáid, agus ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith acu i gcomhthéacsanna slándála. Leis an obair a dhéanfar faoin gcolún seo, beifear ag díriú freisin ar chóineasú méadaitheach na dteicneolaíochtaí éagsúla agus a bhfeidhmeanna i réimsí éagsúla. Leis an sruth oibre seo, leagfar béim go háirithe ar an gcaoi a múnlóidh an dul chun cinn i dteicneolaíochtaí cumasúcháin todhchaí na coinbhleachta agus an bhláir catha.

2.2. Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo:

2.2. a)

Gur fearr an tuiscint a bheidh ag an bpobal déanta beartas ar thionchar na nuatheicneolaíochtaí cumasúcháin agus na dteicneolaíochtaí cumasúcháin atá ag teacht chun cinn ar an tsíocháin agus ar an tslándáil.

b)

Gur fearr a bheifear in ann naisc agus idirnaisc a bhunú idir réimsí cur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí éagsúla, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann plé beartais níos eolasaí a dhéanamh sna réimsí agus sna próisis éagsúla.

c)

Gur fearr a bheifear in ann bealaí a shainaithint don ghníomhú beartais lena bhféachfar le rioscaí na nuatheicneolaíochtaí a laghdú gan bac a chur ar an dul chun cinn agus ar an nuálaíocht.

2.3. Cur síos ar an sruth oibre Faoin obair seo déanfar 4 cinn de thionscadail taighde a réachtáil, ceann do gach fochatagóir de na teicneolaíochtaí cumasúcháin atá á gcíoradh. Beidh sé mar aidhm ag gach ceann díobh sin idir réamheolas faoin teicneolaíocht féin a chur ar fáil agus anailís ar na tionchair dhearfacha agus dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith aici sin ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta. Le modheolaíocht taighde na measúnuithe tionchair sin, breithneofar ní hamháin na cumais mhíleata ach freisin, i gcás inarb ábhartha agus inarb infheidhme, tosca polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta, teicneolaíochta, dlíthiúla agus comhshaoil (anailís PESTLE). Mar thoradh ar na tionscadail taighde sin, eiseofar tuarascálacha scríofa, chomh maith le hachoimrí feidhmiúcháin a chuirfear ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid na Náisiún Aontaithe, chun tacú leis an scaipeadh agus leis an inrochtaineacht (déanfar tuarascálacha iomlána a aistriú ar bhonn an ama agus na n-acmhainní a bheidh ar fáil). Ina theannta sin, mar aitheantas ar an éiceachóras casta polaitiúil, míleata, dlíthiúil agus teicniúil ina ndéantar na teicneolaíochtaí sin a fhorbairt agus a fheidhmiú, eagrófar 4 idirphlé il-gheallsealbhóirí faoin sruth oibren, chun na gníomhaíochtaí taighde a chomhlánú agus chun malartú tuairimí agus aistriú eolais a chothú i measc na bpobal éagsúil geallsealbhóirí. Beidh formáid hibrideach ag na seisiúin seo agus déanfar iad a reáchtáil ag am ina mbeidh siad ar fáil do dhaoine ó gach cearn den domhan.

3. Sruth Oibre 3: Rialú na n-arm a nuachóiriú agus freagairtí rialachais a cheapadh don 21ú céad

3.

3.1. Cuspóir Is é cuspóir an tsrutha oibre seo féachaint an bhfuil nuadhúshláin rialachais á dtabhairt ag na nuatheicneolaíochtaí cumasúcháin agus, má tá, féachaint cén chaoi a bhféadfaí bosca uirlisí traidisiúnta an rialaithe arm a nuachóiriú chun aghaidh a thabhairt orthu. Ina theannta sin, leis an sruth oibre seo, féachfar freisin a chomhlántaí atá na bearta traidisiúnta rialaithe arm le bearta níos ginearálta rialachais don teicneolaíocht, rud a d’fhéadfadh rannchuidiú leis na spriocanna céanna a bhaint amach, mar atá an tslándáil, an chobhsaíocht, an tsábháilteacht, laghdú na rioscaí, agus an neamhleathadh.

3.2. Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo

3.2. a)

Gur fearr a bheidh an tuiscint ar na láidreachtaí agus na teorainneacha a d’fhéadfadh a bheith ag an mbosca uirlisí rialaithe arm atá ann faoi láthair ó thaobh déileáil le nuatheicneolaíochtaí agus le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

b)

Gur fearr a bheidh an tuiscint ar an tacar ginearálta uirlisí rialachais teicneolaíochta (e.g. caighdeáin an tionscail, sásraí féinrialála) agus ar an gcaoi ar féidir leis an gcomhphobal slándála idirnáisiúnta na huirlisí sin a úsáid ar mhaithe le domhan níos síochánta, níos cobhsaí agus níos sláine a bhaint amach.

c)

Go mbeidh cros-toirchiú eolais ann sna hearnálacha éagsúla ag eascairt as an gcumarsáid neamhfhoirmiúil, cumarsáid a dhéanfar, cumarsáid a bheidh oscailte do Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe, do lucht tionscail agus don tsochaí shibhialta i gcoitinne.

3.3. Cur síos ar an sruth oibre Cuirfidh an sruth oibre seo le torthaí Shruth Oibre 2 chun an anailís ar na teicneolaíochtaí cumasúcháin roghnaithe a leathnú a thuilleadh trí 4 cinn bhreise de thionscadail taighde trína mbeifear ag díriú ar na dúshláin shonracha rialachais agus ar na freagairtí beartais a d’fhéadfaí a thabhairt orthu. Fearacht Sruth Oibre 2, déanfar gach tionscadal taighde a chomhlánú le hidirphlé tiomnaithe il-gheallsealbhóirí arna reáchtáil i bhformáid hibrideach chun ceachtanna a bhaint amach ó earnálacha difriúla lena bhféadfaí feabhas a chur ar fhreagairtí beartais i réimse na slándála idirnáisiúnta. Ina theannta sin, mar chuid den sruth oibre, déanfar grafaic faisnéise idirghníomhach a choincheapú agus a chéad-dhearadh, lena mbeifear in ann uirlisí agus ionstraimí ábhartha rialaithe arm agus rialachais ghinearálta teicneolaíochta a shainiú agus a mhapáil ar an leibhéal réigiúnach agus idirnáisiúnta i gcás teicneolaíochtaí cumasúcháin roghnaithe. Fónfaidh an ghníomhaíocht seo chun an mhodheolaíocht a thástáil le huirlisí infheidhme agus ábhartha a shainiú agus tosaíocht a thabhairt dóibh, agus freisin chun roghanna éagsúla a thástáil do léirshamhlú na sonraí. Déanfar an ghrafaic faisnéise a uaslódáil ar leathanach gréasáin ar leith ar leathanach gréasáin UNIDIR.

Versions

  1. 2022-11-25