Cinneadh (CBES) 2022/2377 ón gComhairle an 5 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/2377@2022-12-05/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 20 Nollaig 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/788/CBES.
(2) An 12 Nollaig 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/2231 mar fhreagra ar na bacainní a cuireadh ar an bpróiseas toghchánaíochta i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC) agus ar na sáruithe ar chearta an duine a bhí bainteach leo. Le Cinneadh (CBES) 2016/2231, leasaíodh Cinneadh 2010/788/CBES agus tugadh isteach bearta sriantacha breise in Airteagal 3(2) de Chinneadh 2010/788/CBES.
(3) I bhfianaise thromchúis na staide in PDC, measann an Chomhairle gur cheart na critéir ainmniúcháin i gCinneadh 2010/788/CBES a leasú chun go bhféadfar bearta sriantacha spriocdhírithe a chur i bhfeidhm ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a chothaíonn an choinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht nó an neamhshláine in PDC, a thacaíonn léi nó a bhaineann tairbhe aisti.
(4) Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/788/CBES a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES mar seo a leanas:
Airteagal 1
(1) in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (2): ;
(1)
2. Déanfar bearta sriantacha dá bhforáiltear in Airteagail 4(1) agus 5(1) agus (2) a fhorchur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, ar eintitis nó ar chomhlachtaí:
2.
(a) bac a chur ar réiteach comhthoiliúil síochánta ar thoghcháin in PDC, lena n-áirítear trí ghníomhartha foréigin, cos ar bolg nó foréigean a ghríosú, nó tríd an mbonn a bhaint den smacht reachta;
(b) bainteach le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in PDC;
(c) freagrach as an gcoinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht nó an neamhshláine a chothú in PDC;
(d) tacaíocht a sholáthar do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c);
(e) foréigean a ghríosú i ndáil leis na gníomhaíochtaí a luaitear i bpointí (b), (c) agus (d);
(f) saothrú a dhéanamh ar an gcoinbhleacht armtha, as an éagobhsaíocht nó as an neamhshlándáil in PDC, lena n-áirítear trí acmhainní nádúrtha agus fiadhúlra a thrádáil nó a shaothrú go haindleathach;
(g) a bhaineann leis na le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d), (e) nó (f); mar a liostaítear in Iarscríbhinn II.
(2) in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2).
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2022. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán M. Kupka