Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2448 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2022 maidir le treoir oibríochtúil a bhunú i dtaca leis an bhfianaise lena léireofar gur comhlíonadh na critéir inbhuanaitheachta um bithmhais foraoise a leagtar síos in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/2448@2022-12-13/ga
Contents
- Preamble
- Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
- Airteagal 2 Sainmhínithe
- Airteagal 3 Measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar um dhéanamh Fómhair ar an leibhéal náisiúnta nó fonáisiúnta
- 1.
- (iv)
- (v)
- Airteagal 4 Measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar um dhéanamh Fómhair ar leibhéal limistéar foinsithe na foraoise
- (b)
- Airteagal 5 Measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar LULUCF ar an leibhéal náisiúnta
- (i) a)
- Airteagal 6 Measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar LULUCF ar leibhéal limistéar foinsithe na foraoise
- a)
- b)
- c)
- d)
- e)
- Airteagal 7 Iniúchóireacht agus fíorú
- 1.
- Airteagal 8 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn, agus go háirithe Airteagal 29(8) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Le Treoir (AE) 2018/2001, leagtar síos critéir inbhuanaitheachta nua um bithmhais foraoise a úsáidtear chun fuinneamh a tháirgeadh, ionas go bhféadfar an fuinneamh sin a chuntas i leith spriocanna Eorpacha agus rannchuidithe náisiúnta, go bhféadfar an fuinneamh sin a chur sa chuntas mar chuid d’oibleagáidí fuinnimh in-athnuaite a eascraíonn as Airteagail 23 agus 25, agus ionas go mbeidh sé incháilithe do thacaíocht phoiblí. Thairis sin, le Treoir (AE) 2018/2001, cuirtear de cheanglas ar na Ballstáit, nach mór dóibh agus a scéimeanna tacaíochta le haghaidh foinsí inathnuaite fuinnimh á bhforbairt acu, breithniú a dhéanamh maidir leis an soláthar inbhuanaithe bithmhaise atá ar fáil agus aird chuí a thabhairt ar phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus ar ord na réiteach dramhaíola a bhunaítear le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun saobhadh neamhriachtanach ar mhargaí na n-amhábhar a sheachaint.
(2) Sa chomhthéacs sin, measfar gur bithmhais inbhuanaithe is ea bithmhais foraoise a úsáidtear le haghaidh táirgeadh fuinnimh inbhuanaithe má chomhlíonann an bhithmhais sin na critéir inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagal 29(6) agus (7) de Threoir (AE) 2018/2001, a dhéileálann faoi seach le déanamh Fómhair foraoise agus le hastaíochtaí ó thalamhúsáid, ó athrú sa talamhúsáid agus ó fhoraoiseacht (LULUCF).
(3) Chun comhchuibheas a áirithiú idir cuspóirí Threoir (AE) 2018/2001 agus reachtaíocht chomhshaoil an Aontais agus chun a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit agus na hoibreoirí eacnamaíocha na critéir inbhuanaitheachta nua le haghaidh bithmhais foraoise a chur chun feidhme ar mhodh stóinseach comhchuibhithe, cuirtear de cheangal ar an gCoimisiún, le Treoir (AE) 2018/2001, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear treoir oibríochtúil maidir leis an bhfianaise lena léireofar gur comhlíonadh na critéir sin.
(4) Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca go n-úsáidfí bithmhais foraoise nach mbeadh ag comhlíonadh na gcritéar um dhéanamh Fómhair ar bhonn inbhuanaithe, ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha measúnú rioscabhunaithe a dhéanamh, agus é sin ina fhorbairt ar an reachtaíocht atá ann cheana maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoise, lena n-áirítear córais faireacháin agus forfheidhmiúcháin, atá i bhfeidhm i dtír thionscnaimh na bithmhaise foraoise. Chuige sin, ba cheart an bhithmhais foraoise a ndéanfar fómhar uirthi a bheith faoi réir dlíthe agus rialacháin náisiúnta agus fonáisiúnta a chomhlíonann na critéir um dhéanamh Fómhair a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 29(6) de Threoir (AE) 2018/2001. Ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha a fhíorú freisin go bhfuil córais faireacháin agus forfheidhmiúcháin ann, agus a fhíorú nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil easpa shuntasach ann i bhforfheidhmiú na ndlíthe ábhartha náisiúnta nó fonáisiúnta. Chuige sin, ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha úsáid a bhaint as measúnuithe dlíthiúla agus as tuarascálacha arna n-ullmhú ag an gCoimisiún Eorpach nó ag eagraíochtaí rialtasacha idirnáisiúnta nó eagraíochtaí rialtasacha náisiúnta, agus áirítear air sin faisnéis arna cur ar fáil ag eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí eolaíocha saineolaithe foraoise. Ina theannta sin, ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú rioscabhunaithe aon nósanna imeachta ábhartha um shárú atá seolta ag an gCoimisiún a léirítear i mbunachar sonraí um sháruithe an Choimisiúin a bhfuil fáil air ag an bpobal, agus ba cheart aon rialuithe ábhartha maidir le sáruithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a mheas mar fhianaise ar easpa forfheidhmithe.
(5) I gcás nach bhfuil aon fhianaise ann ar an leibhéal náisiúnta, i gcás ceann amháin nó níos mó de na critéir um dhéanamh Fómhair a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 29(6) de Threoir (AE) 2018/2001, go bhfuiltear ag comhlíonadh na gcritéar sin, ba cheart a mheas go bhfuil riosca ard ag baint leis an mbithmhais foraoise. I gcásanna den sórt sin, ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha fianaise níos mionsonraithe a sholáthar go bhfuil na critéir um dhéanamh Fómhair a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 29(6) de Threoir (AE) 2018/2001 á gcomhlíonadh trí chórais bhainistíochta ar leibhéal an limistéir foinsithe. Chuige sin, is gá an fhianaise inbhuanaitheachta ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a sholáthar trí chórais bhainistíochta ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise a shuí ar bhealach níos mionsonraithe, i gcomparáid leis an bhfianaise a éilítear sa mheasúnú comhlíontachta náisiúnta agus fonáisiúnta. Áiritheofar leis sin go gcomhlíonfar na critéir um dhéanamh Fómhair go héifeachtach, go háirithe na critéir um athghiniúint foraoise, um chaomhnú limistéar faoi chosaint, um íoslaghdú an tionchair a imríonn déanamh an fhómhair ar cháilíocht na hithreach agus ar mbithéagsúlacht, agus na critéir um chaomhnú nó neartú acmhainn táirgthe fhadtéarmach na foraoise.
(6) Chun a áirithiú go dtugtar cuntas ceart ar na hastaíochtaí agus na has-aistrithe bithghineacha a bhaineann le déanamh Fómhair bithmhaise foraoise, is gá an bhithmhais foraoise a bheith i gcomhréir le critéir LULUCF ar an leibhéal náisiúnta. Go háirithe, ba cheart an tír nó an eagraíocht réigiúnach um lánpháirtíocht eacnamaíoch as a dtagann an bhithmhais a bheith ina páirtí i gComhaontú Pháras. Ina theannta sin, ba cheart rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta (NDC) a bheith curtha isteach ag an tír ábhartha nó ag an eagraíocht réigiúnach um lánpháirtíocht eacnamaíoch, i gcomhthéacs Chomhaontú Pháras, ar NDC é lena gcumhdaítear astaíochtaí agus as-aistrithe ó thalamhúsáid, ó thalmhaíocht agus ó fhoraoiseacht, a áirithíonn, i dtaca le hathruithe ar an stoc carbóin a bhaineann le déanamh Fómhair bithmhaise, go gcuirfear na hathruithe sin san áireamh in aghaidh ghealltanas na tíre nó na heagraíochta réigiúnaí um chomhtháthú eacnamaíochta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nó a theorannú, mar a shonraítear sa NDC. Mar mhalairt air sin, ba cheart reachtaíocht náisiúnta nó fonáisiúnta a bheith aici is infheidhme maidir leis an limistéar ina ndéantar an fómhar, chun na stoic charbóin agus na linnte carbóin i bhforaoisí a chaomhnú agus a fheabhsú. Ina theannta sin, ba cheart fianaise a sholáthar nach mó na hastaíochtaí tuairiscithe ó earnáil LULUCF ná as-aistrithe agus go gcaomhnaítear nó go neartaítear linnte carbóin na foraoise i dtréimhse thagartha ábhartha.
(7) I gcás nach féidir a léiriú go bhfuil na critéir LULUCF a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 29(7) de Threoir (AE) 2018/2001 á gcomhlíonadh, is gá go gcuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha fianaise bhreise ar fáil go bhfuil córais bhainistíochta ann ar leibhéal an limistéir foinsithe, chun a áirithiú go gcaomhnófar nó go neartófar leibhéil na stoc carbóin agus na linnte carbóin, araon, san fhoraois, san fhadtéarma. Ba cheart na nithe seo, ar a laghad, a chuimsiú sna córais sin – faisnéis ó phleanáil réamhbhreathnaitheach agus faisnéis ó fhaireachán tréimhsiúil ar fhorbairt na stoc carbóin agus na linnte carbóin san fhoraois ar leibhéal an limistéar foinsithe foraoise.
(8) Chun fíorú stóinseach a áirithiú maidir leis na critéir inbhuanaitheachta nua um bithmhais foraoise, ba cheart an fhaisnéis a sholáthraíonn oibreoirí eacnamaíocha a bheith trédhearcach, cruinn, iontaofa agus ba cheart í a chosaint ar chalaois, agus ba cheart rialacha deimhniúcháin iontaofa a bheith ann ar féidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha brath orthu. Ba cheart a chur san áireamh sna rialacha sin an ról atá ag scéimeanna deonacha náisiúnta nó idirnáisiúnta deimhniúcháin, atá aitheanta ag an gCoimisiún, de bhun mhír 4 d’Airteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001.
(9) Chun an t-ualach riaracháin a íoslaghdú, ba cheart do na Ballstáit obair na n-oibreoirí eacnamaíocha a éascú trí shonraí a chur ar fáil, lena n-áirítear sonraí spásúla agus fardail, chun críoch pleanála agus faireacháin.
(10) Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Inbhuanaitheacht Bithbhreoslaí, Bithleachtanna agus Breoslaí Bithmhaise,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
Leis an Rialachán seo, leagtar síos treoir oibríochtúil atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú go gcuirtear chun feidhme ar mhodh stóinseach comhchuibhithe na critéir inbhuanaitheachta rioscabhunaithe le haghaidh táirgeadh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise ó bhithmhais foraoise a leagtar amach in Airteagal 29(6) agus (7) de Threoir (AE) 2018/2001.
Airteagal 2 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn critéir um dhéanamh Fómhair ar an leibhéal náisiúnta nó fonáisiúnta na critéir a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 29(6) de Threoir (AE) 2018/2001;
ciallaíonn critéir um dhéanamh Fómhair ar leibhéal an limistéir foinsithe na critéir a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 29 (6) de Threoir (AE) 2018/2001;
ciallaíonn an tír fómhair an tír nó an limistéar ina ndearnadh an fómhar ar an amhábhar bithmhaise foraoise;
ciallaíonn foraois a cuireadh foraois arb é atá inti den chuid is mó crainn a bunaíodh trí chur agus/nó trí shíolú d’aon turas ar choinníoll go bhfuil coinne leis gurb é a bheidh sna crainn a cuireadh nó a síolaíodh níos mó ná caoga faoin gcéad den stoc fáis tráth a n-aibíochta; áirítear leis sin roschoill ó chrainn a cuireadh nó a síolaíodh ar dtús;
ciallaíonn foraois phlandála foraois a cuireadh agus a ndéantar dianbhainistíocht uirthi agus a chomhlíonann, tráth a gcurtha agus tráth aibíocht na gclampaí, na critéir seo a leanas uile: speiceas amháin nó dhá speiceas, cothrom i dtaca le haicme aoise, agus spásáil rialta eatarthu. Áirítear leis plandálacha gearruainíochta le haghaidh adhmaid, snáithín agus fuinnimh, agus eisiatar leis foraoisí a chuirtear le haghaidh cosanta nó athbhunú éiceachórais, mar aon le foraoisí a bhunaítear trí chur nó trí shíolú atá nó a bheidh, tráth aibíocht na gclampaí, cosúil le foraoisí a athghintear go nádúrtha;
ciallaíonn stumpaí agus fréamhacha codanna de thoirt iomlán an chrainn, ach gan toirt na bithmhaise adhmaid os cionn an stumpa a áireamh, nuair a dhearctar ar airdeacht an stumpa mar an airdeacht ag a ngearrfaí an crann de réir gnáthchleachtais um leagan crann sa tír ábhartha nó sa réigiún ábhartha;
ciallaíonn adhmad marbh an bhithmhais adhmaid neamhbheo uile nach cuid den bhruscar í, cibé acu atá sí ina seasamh, ina luí ar an talamh, nó san ithir, agus áirítear uirthi sin adhmad atá ina luí ar an dromchla, conamar garbh, fréamhacha marbha, agus stumpaí atá 10 cm nó níos mó ar trastomhas nó stumpaí de thrastomhas aon toise eile a úsáidtear sa tír lena mbaineann;
ciallaíonn acmhainn táirgthe fhadtéarmach sláinte agus cumas foraoise earraí a chur ar fáil ar bhonn leanúnach agus ar bhonn inbhuanaithe, earraí amhail adhmad de ghráid éagsúla cháilíochta, agus táirgí foraoise neamh-adhmaid agus éicisheirbhísí, ar a n-áirítear íonú aeir agus uisce, caomhnú gnáthóg fiadhúlra, caipiteal áineasa nó chultúrtha, agus sin a dhéanamh ar feadh tréimhse fhada, agus i gcás inarb ábhartha, roinnt uainíochtaí comhleanúnacha foraoiseachta a nascadh;
ciallaíonn córas bainistíochta faisnéis a bhailítear maidir leis an limistéar foraoise ar leibhéal an limistéir foinsithe, ar a n-áirítear faisnéis i bhfoirm téacs, léarscáileanna, táblaí agus graf, agus straitéisí nó gníomhaíochtaí bainistíochta a phleanáiltear agus a chuirtear chun feidhme chun spriocanna bainistithe nó forbartha na hacmhainne foraoise a ghnóthú;
ciallaíonn suaitheadh nádúrtha suaitheadh nádúrtha mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
ciallaíonn glan-incrimint bhliantúil an fás bliantúil ar mhéid an stoic de chrainn bheo atá ar fáil lúide meánbhásmhaireacht nádúrtha an stoic sin;
ciallaíonn critéir LULUCF ar an leibhéal náisiúnta na critéir a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 29(7) de Threoir (AE) 2018/2001;
ciallaíonn critéir LULUCF ar leibhéal an limistéir foinsithe na critéir a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 29(7) de Threoir (AE) 2018/2001;
ciallaíonn stoc carbóin stoc carbóin mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
ciallaíonn linn charbóin linn mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
tá le an chéad phointe bailiúcháin an bhrí a shanntar dó le hAirteagal 2 (12) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996;
ciallaíonn iniúchóireacht chéadpháirtí féindearbhú a dhéanann oibreoir eacnamaíoch atá ag soláthar don chéadphointe bailiúcháin;
ciallaíonn iniúchóireacht dara páirtí iniúchóireacht ar sholáthróir arb iniúchóireacht í a dhéanann an t-oibreoir eacnamaíoch atá ag bainistiú an chéadphointe bailiúcháin;
ciallaíonn iniúchóireacht tríú páirtí iniúchóireacht ar oibreoir eacnamaíoch arb iniúchóireacht í a dhéanann tríú páirtí atá neamhspleách ar an eagraíocht ar a ndéantar an iniúchóireacht;
tá le oibreoir eacnamaíoch an bhrí a shanntar dó le hAirteagal 2(11) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996.
Airteagal 3 Measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar um dhéanamh Fómhair ar an leibhéal náisiúnta nó fonáisiúnta
1. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha faisnéis iniúchta a sholáthar lena suitear comhlíonadh na gcritéar um dhéanamh Fómhair ar an leibhéal náisiúnta nó fonáisiúnta. Chuige sin, déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha measúnú rioscabhunaithe a sholáthróidh fianaise chruinn, cothrom le dáta agus infhíoraithe ar gach ceann díobh seo a leanas:
1.
(a) an tír Fómhair, agus, i gcás inarb infheidhme, an réigiún fonáisiúnta ina ndearnadh an fómhar bithmhaise foraoise; agus
(b) fianaise go n-áirithítear, leis an dlí náisiúnta nó fonáisiúnta is infheidhme maidir leis an limistéar Fómhair:
(b)
(i) dlíthiúlacht na n-oibríochtaí Fómhair, a chruthófar trí fhianaise a sholáthar go gcomhlíonann an déanamh Fómhair an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an tír Fómhair, mar a leagtar amach i bpointe (h) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(ii) athghiniúint foraoise, a fhéadfar a chruthú trí fhianaise a sholáthar go gcuirtear de cheangal, leis na dlíthe is infheidhme, athghiniúint nádúrtha nó shaorga a dhéanamh, nó cumasc díobh sin, agus é d’aidhm leis sin foraois nua a bhunú sa limistéar céanna agus laistigh de thréimhse iomchuí de réir na reachtaíochta náisiúnta ábhartha;
(iii) cosaint éifeachtach do limistéir arna n-ainmniú faoin dlí idirnáisiúnta nó náisiúnta, nó ag an údarás inniúil ábhartha, chun críocha chosaint an nádúir, ar a n-áirítear limistéir atá i mbogaigh agus tailte portaigh;
(iv) go ndéantar an fómhar foraoise ar shlí a íoslaghdaíonn tionchair dhiúltacha ar cháilíocht na hithreach agus ar an mbithéagsúlacht, rud a fhéadfar a chruthú trí fhianaise a sholáthar maidir leis an dlí is infheidhme, nó maidir leis na rialacha ábhartha i ndáil le bainistiú foraoisí:
(iv)
(1) go gceanglaítear ann nó iontu nach ndéanfar na foraoisí príomhúla agus na limistéir a chosnaítear faoi 1(b)(iii) a dhíghrádú nó nach gcuirfear foraoisí plandála ina n-ionad, méid lena bhféadfaí a áireamh, ach níor cheart a bheith teoranta dó sin, coimirciú a dhéanamh go ndéantar foráil leis an limistéar foraoise athghinte maidir le méid plandaí agus speiceas crann atá iomchuí agus leordhóthanach go háitiúil;
(2) go ndéantar foráil ann nó iontu maidir le cosaint ithreacha agus speiceas, lena n-áirítear iad siúd a chosnaítear faoin dlí idirnáisiúnta nó náisiúnta. Chun obair na n-oibreoirí eacnamaíocha a éascú, féachfaidh na Ballstáit le sonraí a sholáthar maidir le gnéithe comhshaoil atá sonrach don láthair; agus
(3) go n-íoslaghdaíonn siad, i gcás inarb ábhartha, aistriú amach stumpaí, fréamhacha, adhmaid mhairbh;
(v) go ndéantar acmhainn táirgthe fhadtéarmach na foraoise a choinneáil nó a mhéadú, rud is féidir a chruthú trí fhianaise go n-áirithítear, leis an dlí náisiúnta nó idirnáisiúnta is infheidhme, bunaithe ar mheánsonraí bliantúla, nach rachaidh an méid adhmaid a leagtar thar an incrimint bhliantúil le linn tréimhse iomchuí de réir na reachtaíochta náisiúnta ábhartha, ach amháin i gcásanna ina mbeidh údar cuí leis sin ar bhonn sealadach de dheasca lotnaidí foraoise, stoirmeacha nó suaitheadh nádúrtha eile a ndearnadh doiciméadú orthu. Féadfar é sin a chruthú trí na nithe seo a leanas a úsáid:
(v)
(1) tuarascálacha náisiúnta fardail maidir le foraoisí,
(2) an fhianaise dá dtagraítear in Airteagal 5 (ii) a sholáthar nó
(3) tuarascálacha fardail comhchosúla ar an leibhéal fonáisiúnta;
(c) go bhfuil córais ar bun chun a áirithiú go ndéantar faireachán ar na dlíthe náisiúnta agus fonáisiúnta dá dtagraítear i mír (b), go gcuirtear chun feidhme iad agus go bhforfheidhmítear iad, agus áirítear air sin faisnéis faoin méid seo a leanas: na húdaráis ag a bhfuil inniúlacht maidir le faireachán, cur chun feidhme agus forfheidhmiú, na pionóis i gcás neamhchomhlíontachta, na córais chun achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí, agus rochtain phoiblí ar fhaisnéis;
(d) nach bhfuil aon easpa suntasach ann ó thaobh forfheidhmiú na ndlíthe agus na rialachán náisiúnta agus/nó fonáisiúnta, dá dtagraítear i bpointe (b).
2. Maidir leis an bhfianaise a gcuirtear ceangal ina leith le pointe (d) de mhír 1, cuirfidh oibreoirí eacnamaíocha san áireamh aon mheasúnú dlí agus aon tuarascálacha dlíthiúla, arna n-ullmhú ag eagraíochtaí rialtasacha náisiúnta nó ag eagraíochtaí idir-rialtasacha, ina sonraítear easpa forfheidhmiúcháin na ndlíthe náisiúnta nó fonáisiúnta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1. Cuirfear san áireamh freisin aon nós imeachta um shárú ábhartha a bheidh ar siúl, ar nós imeachta é a thionscain an Coimisiún Eorpach i gcoinne Ballstáit, ar bhonn reachtaíocht ábhartha an Aontais. Más ann do rialú ón gCúirt Bhreithiúnais i gcoinne Ballstáit, i dtaca le sárú ar reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais, ar Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, mar shampla, measfar an rialú sin a bheith ina fhianaise ar easpa forfheidhmiúcháin den chineál sin.
3. Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a íoslaghdú, féadfaidh na Ballstáit bunachair sonraí phoiblí a bhunú ina mbeidh faisnéis cothrom le dáta faoi na gnéithe dá dtagraítear san Airteagal seo agus éascóidh siad an rochtain ar fhaisnéis, lena n-áirítear sonraí spásúla poiblí agus fardail phoiblí, le haghaidh oibreoirí. Féadfaidh na Ballstáit oiliúint ábhartha a sholáthar chuige sin.
4. Féadfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha a chinneadh go léireoidh siad ar mhodh díreach go bhfuil na critéir um dhéanamh Fómhair á gcomhlíonadh ar leibhéal an limistéir foinsithe i gcomhréir le hAirteagal 4.
Airteagal 4 Measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar um dhéanamh Fómhair ar leibhéal limistéar foinsithe na foraoise
I gcás nach mbeidh fianaise ar fáil, i gcás ceann amháin nó níos mó de na critéir um dhéanamh Fómhair ar an leibhéal náisiúnta nó fonáisiúnta, go bhfuiltear ag comhlíonadh na gcritéar sin, cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na hoibreoirí eacnamaíocha faisnéis iniúchta a sholáthar gur comhlíonadh na critéir sin trí chórais bhainistíochta atá i bhfeidhm agus á gcur chun feidhme ar leibhéal an limistéir foinsithe. Chuige sin, soláthróidh na hoibreoirí eacnamaíocha fianaise chruinn, cothrom le dáta agus infhíoraithe ar gach ceann díobh seo a leanas:
(a) Teorainneacha spásúla an limistéir foinsithe nach mór an comhlíonadh a léiriú ina leith, agus a bhfuil feidhm ag na córais bhainistíochta dá dtagraítear i bpointe (b) ina leith, lena n-áirítear fianaise trí bhíthin comhordanáidí geografacha nó stang.
(b) Na córais bhainistíochta is infheidhme maidir leis an limistéar foinsithe lena n-áirithítear an méid seo a leanas:
(b)
(i) dlíthiúlacht na n-oibríochtaí Fómhair, a chruthófar trí fhianaise a sholáthar go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí Fómhair an córas díchill chuí a shainítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010;
(ii) go ndéantar athghiniúint foraoise ar shlí a choinneoidh, ar a laghad, cáilíocht agus cainníocht na limistéar foraoise ina ndearnadh an fómhar, rud a fhéadfar a chruthú trí fhianaise a sholáthar gur bunaíodh foraois nua sa limistéar céanna laistigh d’uastréimhse 10 mbliana tar éis dhéanamh an fhómhair. Féadfar sin a chruthú trí bhíthin pleananna bainistíochta foraoise, prótacail oibríochtúla, measúnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol, agus torthaí na n-iniúchtaí agus na gcigireachtaí ábhartha um chomhlíonadh;
(iii) nach de thionscnamh limistéar atá ainmnithe leis an dlí idirnáisiúnta nó náisiúnta nó leis an údarás inniúil ábhartha le haghaidh chosaint an dúlra an bhithmhais foraoise, lena n-áirítear bithmhais foraoise ó bhogaigh agus tailte portaigh, ach amháin má tá fianaise ann nach gcuireann déanamh Fómhair an amhábhair isteach ar chuspóirí cosanta na limistéar ainmnithe. Féadfar sin a chruthú trí bhíthin bunachair sonraí idirnáisiúnta agus náisiúnta, pleananna bainistíochta foraoise, prótacail oibríochtúla, prótacail um dhéanamh Fómhair, íomháú satailíte, measúnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol, agus ceadanna lománaíochta oifigiúla lena gcuimsítear coinníollacha nó srianta lena n-áiritheofar nach mbeidh aon choinbhleacht ann leis na cuspóirí cosanta dúlra ábhartha, agus torthaí na n-iniúchtaí agus na gcigireachtaí ábhartha um chomhlíonadh;
(iv) go ndéantar an fómhar foraoise ar shlí a bhfuil sé d’aidhm leis, ar a laghad, tionchair dhiúltacha ar cháilíocht na hithreach agus ar an mbithéagsúlacht a chosc. Féadfar é sin a chruthú trí fhianaise a sholáthar gur sainaithníodh na rioscaí ábhartha a bhaineann le déanamh Fómhair bithmhaise foraoise le haghaidh táirgeadh fuinnimh roimh ré; agus gur cuireadh gníomhaíochtaí maolaithe iomchuí chun feidhme, amhail an méid seo a leanas: Féadfar na bearta maolúcháin sin a chruthú trí úsáid a bhaint as bunachair sonraí idirnáisiúnta agus náisiúnta, léarscáileanna oifigiúla agus íomháú satailíte, pleananna bainistíochta foraoise, prótacail oibríochtúla, agus prótacail um dhéanamh Fómhair, agus torthaí na n-iniúchtaí agus na gcigireachtaí ábhartha um chomhlíonadh;
(iv)
(1) níl na foraoisí príomhúla agus na limistéir a chosnaítear faoi (b)(iii) díghrádaithe ná níor cuireadh foraoisí plandála ina n-ionad;
(2) tá déanamh Fómhair stumpaí agus fréamhacha íoslaghdaithe;
(3) ní dhearnadh aon déanamh Fómhair ar ithreacha leochaileacha;
(4) an fómhar a dhéanamh le córais lománaíochta lena n-íoslaghdaítear an tionchar ar cháilíocht na hithreach, agus áirítear air sin balcadh ithreach;
(5) an fómhar a dhéanamh ar shlí a íoslaghdóidh an tionchar ar na gnéithe bithéagsúlachta agus ar ghnáthóga, agus áirítear air sin plandaí agus ainmhithe a bhfuil cosaint acu faoi reachtaíocht idirnáisiúnta nó náisiúnta;
(6) go bhfuil cainníochtaí adhmaid mhairbh agus ilchineál adhmaid mhairbh, atá oiriúnach don ionad áirithe sin, fágtha san fhoraois; agus
(7) go bhfuil glanleaganacha crann móra íoslaghdaithe, ach amháin i gcásanna ina mbeidh údar cuí leis sin ar bhonn sealadach de dheasca lotnaidí foraoise, stoirmeacha nó suaitheadh nádúrtha eile a ndearnadh doiciméadú orthu.
(v) go gcaomhnaítear nó go bhfeabhsaítear, le déanamh an fhómhair, cumas táirgthe fadtéarmach na foraoise. Féadfar sin a chruthú trí fhianaise a chur ar fáil nach dtéann an méid adhmaid a leagtar go bliantúil thar an meán-ghlan-incrimint bhliantúil a bhí sa limistéar foinsithe ábhartha sna 10 mbliana roimh an obair Fómhair, ach amháin má tá údar cuí le méideanna eile a leagan ionas go dtiocfaidh méadú ar acmhainn táirgthe na foraoise sa todhchaí; nó de dheasca lotnaidí foraoise, stoirmeacha nó suaitheadh nádúrtha eile a ndearnadh doiciméadú orthu. Féadfar sin a chruthú trí bhíthin sonraí príobháideacha nó poiblí faoi fhardail foraoise.
Airteagal 5 Measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar LULUCF ar an leibhéal náisiúnta
Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na hoibreoirí eacnamaíocha faisnéis iniúchta a sholáthar lena ndeimhnítear comhlíonadh na gcritéar maidir le talamhúsáid, maidir le hathrú ar thalamhúsáid agus maidir le foraoiseacht (LULUCF) ar an leibhéal náisiúnta. Chuige sin, cuirfidh oibreoirí eacnamaíocha fianaise chruinn, cothrom le dáta agus infhíoraithe ar fáil, i dtaca leis an tír nó leis an eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch as ar baineadh an bhithmhais foraoise, go bhfuil an tír nó an eagraíocht sin ina Páirtí i gComhaontú Pháras agus go gcomhlíonann sí an dá thacar coinníollacha seo a leanas: Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a íoslaghdú, féadfaidh na Ballstáit faisnéis atá cothrom le dáta faoi na gnéithe dá dtagraítear san Airteagal seo a chur ar fáil do na hoibreoirí.
(i) tá rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta (NDC) curtha isteach aici, faoi Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide, 2015, tar éis an 21ú Comhdháil de Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, ar NDC é a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:
(i) a)
áiríonn sé na hearnálacha talmhaíochta, foraoiseachta agus talamhúsáide, agus iad sin arna gcomhcheangal faoi aon earnáil amháin talmhaíochta, foraoiseachta agus talamhúsáide (AFOLU), é sin nó faoi earnálacha talmhaíochta agus LULUCF ar leithligh;
b)
mínítear sa NDC an tslí inar cuireadh na hearnálacha talmhaíochta, foraoiseachta agus talamhúsáide san áireamh sa NDC;
c)
déantar áireamh sa NDC ar na hastaíochtaí agus na has-aistrithe ó na hearnálacha talmhaíochta, foraoiseachta agus talamhúsáide agus déantar comparáid ann idir an t-áireamh sin agus sprioc fhoriomlán na tíre maidir le laghdú astaíochtaí, ar a n-airítear na hastaíochtaí a bhaineann le déanamh Fómhair bithmhaise foraoise; nó
(ii) tá dlíthe náisiúnta nó fonáisiúnta ann, is infheidhme maidir leis an limistéar ina ndéantar an fómhar, chun na stoic charbóin agus na linnte carbóin i bhforaoisí a chaomhnú agus a fheabhsú. Ina theannta sin, cuirfear fianaise ar fáil nach mó na hastaíochtaí tuairiscithe ó earnáil LULUCF ná na has-aistrithe, rud a fhéadfar a chruthú trí fhianaise a sholáthar nach mó astaíochtaí tuairiscithe earnáil LULUCF ná meánmhéid na n-as-aistrithe thar na 10 mbliana roimh dhéanamh an fhómhair bithmhaise foraoise agus go gcaomhnaítear nó go bhfeabhsaítear, ó thréimhse go tréimhse den dá thréimhse 10 mbliana chomhleanúnacha roimh dhéanamh fhómhair na bithmhaise foraoise, na stoic charbóin agus na linnte carbóin.
Airteagal 6 Measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar LULUCF ar leibhéal limistéar foinsithe na foraoise
I gcás nach mbeidh fianaise ar fáil go bhfuiltear ag comhlíonadh na gcritéar LULUCF ar an leibhéal náisiúnta, cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha faisnéis iniúchta a sholáthar a dheimhníonn go bhfuil córais bhainistíochta ann ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise agus go bhfuil na córais sin á gcur chun feidhme, chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil na stoc carbóin agus na linnte carbóin san fhoraois a chaomhnú nó a neartú san fhadtéarma. Chuige sin, soláthróidh na hoibreoirí eacnamaíocha fianaise chruinn, cothrom le dáta agus infhíoraithe i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
a)
teorainneacha spásúla an limistéir foinsithe a shainaithint ar gá comhlíonadh a léiriú ina leith, mar shampla trí bhíthin comhordanáidí geografacha, dáileachtaí nó stang, lena n-áirítear clampaí agus achair talún, agus na taiscumair carbóin foraoise ábhartha a shainaithint, lena n-áirítear bithmhais os cionn talún, bithmhais faoi thalamh, bruscar, adhmad marbh agus carbón orgánach san ithir;
b)
ríomh a dhéanamh ar mheánmhéid na stoc agus na linnte carbóin san fhoraois thar thréimhse thagartha stairiúil d’fhonn tagarmharc a bhunú ionas go bhféadfar comparáid a dhéanamh maidir le caomhnú nó neartú stoc carbóin agus linnte carbóin na foraoise i limistéar foinsithe. Bainfidh na hoibreoirí eacnamaíocha úsáid as an tréimhse thagartha 2000-2009, nó as tréimhse chomhfhada eile a bheidh chomh gar agus is féidir do 2000-2009, chun úsáid sonraí fardail foraoise a éascú nó chun tionchar suaite nádúrtha nó teagmhas foircneach eile a mhaolú. Tabharfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha údar cuí maidir le roghnú a dtréimhse tagartha. Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch meastacháin ar leithligh ar na luachanna tagartha le haghaidh na taiscumair carbóin ábhartha uile arna sainaithint de bhun phointe (a);
c)
tuairisc a thabhairt ar chás na gcleachtas bainistithe foraoise a bhfuiltear coinne leo i limistéar foinsithe, thar thréimhse fhadtéarmach réamh-mheasta, nach giorra ná 30 bliain tar éis dhéanamh an fhómhair as ar foinsíodh an bhithmhais. Cuirfear an cás sin i dtoll a chéile ar bhonn na gcleachtas i leith bainistiú foraoise i limistéar foinsithe arna ndoiciméadú i leith na tréimhse tagartha stairiúla, nó ar bhonn pleananna bainistíochta foraoise atá ann cheana nó fianaise infhíoraithe eile;
d)
meastachán a dhéanamh ar mheánmhéid na stoc carbóin agus na linnte carbóin sa limistéar foinsithe mar a bheidh ar feadh na tréimhse fadtéarmaí réamh-mheasta, nach giorra ná 30 bliain, más cuí sin de réir ráta fáis na foraoise, tar éis dhéanamh an fhómhair bithmhaise foraoise. Chun inchomparáideacht leis an tréimhse thagartha stairiúil a áirithiú, bunófar na meastacháin sin ar na taiscumair carbóin chéanna, na sonraí céanna agus na modhanna céanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b). I gcás nach mbeidh oibreoirí eacnamaíocha in ann cainníochtú a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na linnte arna sainaithint de bhun phointe (a), tabharfaidh siad údar cuí leis sin;
e)
meánmhéid na stoc carbóin agus na linnte carbóin sa limistéar ábhartha foinsithe foraoise sa tréimhse fhadtéarmach réamh-mheasta a chur i gcomparáid le stoic charbóin agus linnte carbóin na foraoise sa tréimhse thagartha stairiúil. Ach meánmhéid stoc carbóin agus linnte carbóin na foraoise sa tréimhse fhadtéarmach réamh-mheasta a bheith cothrom le, nó níos mó ná, meánmhéid stoc carbóin agus linnte carbóin na foraoise na tréimhse thagartha stairiúil, beidh an bhithmhais foraoise ag comhlíonadh na gcritéar LULUCF ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise. Cuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha córais leordhóthanacha faireacháin agus fíoraithe ar bun maidir le forbairt iarbhír na stoc carbóin agus na linnte carbóin, agus déanfaidh siad é sin ar shlí a thaispeánfaidh go bhfuil an méid sin ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach san Airteagal seo.
Airteagal 7 Iniúchóireacht agus fíorú
1. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha:
1.
(a) go gcuirfidh siad faisnéis iontaofa isteach a léiríonn gur comhlíonadh go cuí na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 3 go 6, agus go gcuirfidh siad ar fáil, ar fháil iarrata dóibh, na sonraí mionsonraithe a úsáideadh chun an fhaisnéis sin a thiomsú. Má sholáthraítear fianaise eile chun comhlíonadh na gcritéar um dhéanamh Fómhair agus chritéir LULUCF a léiriú, comhlíonfaidh an fhianaise sin ardchaighdeán iontaofachta agus infhíoraitheachta;
(b) go n-úsáidfidh siad an córas cothromúcháin maise dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001;
(c) go ndéanfaidh siad socrú le haghaidh caighdeán leordhóthanach iniúchóireachta tríú páirtí neamhspleáiche ar an bhfaisnéis a chuirfear isteach, ach amháin i dtaca le comhlíonadh na gcritéar um dhéanamh Fómhair agus na gcritéar LULUCF, ar an leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta, óir is critéir iad sin a bhféadfar iniúchóireacht chéadpháirtí nó dara páirtí a chur ar fáil ina leith maidir leis an gcuid de dhéanamh an fhómhair óna thús go dtí céadphointe bailiúcháin na bithmhaise foraoise;
(d) go n-áiritheoidh siad leibhéal leordhóthanach trédhearcachta, agus an gá atá le grinnscrúdú poiblí ar an gcur chuige iniúchóireachta á chur san áireamh;
(e) go gcuirfidh siad fianaise ar fáil go ndéantar na hiniúchtaí ábhartha go rialta, lena n-áirítear iniúchtaí trí chigireachtaí tréimhsiúla i gcás inarb ábhartha.
2. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú, i dtaca leis an iniúchóireacht dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad mhír, go ndéanfaidh an iniúchóireacht sin meastóireacht ar mhinicíocht agus ar mhodheolaíocht na samplála agus ar stóinseacht na sonraí, agus go bhfíoraítear léi, i dtaca leis an bhfaisnéis a chuireann na hoibreoirí eacnamaíocha isteach, go bhfuil an fhaisnéis sin cruinn iontaofa agus go bhfuil sí cosanta ar chalaois.
3. Féadfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha úsáid a bhaint as scéimeanna náisiúnta nó scéimeanna deonacha idirnáisiúnta atá aitheanta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 30(4) de Threoir (AE) 2018/2001 chun comhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagail 3 go 6 den Rialachán seo a léiriú.
4. Féadfar iniúchadh grúpa a dhéanamh faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 chun cuidiú leis an ualach riaracháin a laghdú, go háirithe an t-ualach oibre ar oibreoirí eacnamaíocha beaga.
Airteagal 8 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Nollaig 2022. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen