Gelex

Rialachán (AE) 2022/2514 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 a mhéid a bhaineann lena thréimhse cur i bhfeidhm

In forceVersion 2022-12-14from 2022-12-22
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/2514@2022-12-14/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil le catagóirí áirithe de Státchabhair chothrománach, agus go háirithe Airteagal 2(1) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) In 2019, sheol an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmíocht na n-ionstraimí earnála is infheidhme maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe ó glacadh iad in 2014-2015, lena n-áirítear Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún, d’fhonn iad a leasú nó ionstraim nua a chur ina n-ionad le haghaidh na tréimhse 2021-2027. Léirigh torthaí na meastóireachta sin gur uirlis ábhartha, éifeachtach, éifeachtúil é Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 i gcónaí, go háirithe chun a chur ar chumas na mBallstát dul i ngleic go tapa le tionchair dhiúltacha ghearrthéarmacha a eascraíonn as teagmhais gan choinne a d’fhéadfadh feidhmíocht eacnamaíoch oibreoirí inmharthana a chur i mbaol agus poist a chur i gcontúirt.

(2) I gcomhthéacs na meastóireachta dá dtagraítear in aithris (1) agus chun a áirithiú go bhféadfadh na Ballstáit leanúint de mhéideanna beaga cabhrach a dheonú go dtí go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuireadh síneadh le tréimhse cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 go dtí an 31 Nollaig 2022 le Rialachán (AE) 2020/2008 ón gCoimisiún.

(3) Tar éis an chomhairliúcháin le Coiste Comhairleach um Státchabhair an 11 Márta 2022 agus an 9 Meán Fómhair 2022, agus i bhfianaise na n-aighneachtaí a fuarthas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí, lean an Coimisiún dá mhachnamh i ndáil le raon feidhme an leasaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 717/2014.

(4) Chun a chur ar chumas an Choimisiúin teacht ar a sheasamh críochnaitheach maidir leis an gceist sin agus chun a áirithiú go bhféadfaidh na Ballstáit leanúint de mhéideanna beaga cabhrach a dheonú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 717/2014, is iomchuí síneadh a chur le tréimhse cur chun feidhme an Rialacháin sin, le héifeacht ón 1 Eanáir 2023 agus go dtí an 31 Nollaig 2023.

(5) Chun a áirithiú go bhféadfaidh na Ballstáit leanúint de chabhair de minimis a dheonú gan aon bhriseadh, is gá go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(6) Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 In Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 717/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2023..

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2022. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

Versions

  1. 2022-12-14