Gelex

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2543 ón gComhairle an 21 Nollaig 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

In forceVersion 2022-12-21from 2022-12-23
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/2543@2022-12-21/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES, agus go háirithe Airteagal 12(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333.

(2) Tar éis an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta i gCás T-627/20, ba cheart iontráil a bhaineann le heintiteas amháin atá liostaithe a scriosadh.

(3) Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Nollaig 2022. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán M. Bek

ANNEX

IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 9(2)), Cuid B (Eintitis), scriostar an iontráil seo a leanas:

1. Libyan Arab African Investment Company — LAAICO (dá ngairtear freisin LAICO).

Versions

  1. 2022-12-21