Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/318 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2022 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Nijolės Šakočienės šakotis (TGFC))

In forceVersion 2022-02-21from 2022-03-20
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/318@2022-02-21/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Liotuáin ar chlárú an ainm Nijolės Šakočienės šakotis a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(2) Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ní mór an t-ainm Nijolės Šakočienės šakotis a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leis seo, cláraítear an t-ainm Nijolės Šakočienės šakotis (TGFC). An táirge atá sainithe faoin ainm atá sa chéad mhír, is táirge d’aicme 2.3. Táirgí báicéara, táirgí taosráin, milseogra agus brioscaí é d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Feabhra 2022. Thar ceann an Choimisiúin, Ar son an Uachtaráin, Janusz Wojciechowski Comhalta den Choimisiún

Versions

  1. 2022-02-21