Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/364 ón gCoimisiún an 3 Márta 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann, le Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/364@2022-03-03/ga
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) I Rialachán (AE) 2016/429, ceanglaítear gur gá coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.
(2) Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún, leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe dobharshaothraithe.
(3) Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún, bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear teacht isteach san Aontas speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692.
(4) Thar aon ní eile, le hIarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach anois na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas.
(5) Chuir Ceanada an Coimisiún ar an eolas maidir le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i measc na héanlaithe clóis. Tá an ráig sin ann sa dara bunaíocht i gcúige na hAlban Nua agus deimhníodh í an 8 Feabhra 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).
(6) Sa bhreis air sin, chuir an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas maidir le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá na ráigeanna ann gar do Grimsby, Oirthuaisceart Lincolnshire, Lincolnshire, Sasana, gar do Newtown agus gar do Welshpool, Montgomeryshire, Powys, an Bhreatain Bheag agus deimhníodh iad an 21 Feabhra 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).
(7) Thairis sin, thug Stáit Aontaithe Mheiriceá fógra don Choimisiún maidir le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá an ráig sin ann i gcontae New Castle, stát Delaware, Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus deimhníodh í an 22 Feabhra 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).
(8) Sa bhreis air sin, thug Stáit Aontaithe Mheiriceá fógra don Choimisiún maidir le dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá na ráigeanna sin ann i gcontae Greene, stát Indiana, Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus deimhníodh iad an 23 Feabhra 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).
(9) Sa bhreis air sin, thug Stáit Aontaithe Mheiriceá fógra don Choimisiún maidir le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá an ráig sin ann sa tríú bunaíocht i gcontae Dubois, contae atá buailte cheana féin, stát Indiana, Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus deimhníodh í an 24 Feabhra 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).
(10) Bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe crios rialaithe 10 km timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus leathadh an ghalair sin a theorannú.
(11) Tá faisnéis curtha isteach ag Ceanada, ag an Ríocht Aontaithe agus ag Stáit Aontaithe Mheiriceá chuig an gCoimisiún maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh sin a chosc. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. Ar bhonn na meastóireachta sin agus chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, níor cheart, mar gheall ar na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach, údarú a thabhairt a thuilleadh do choinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis ná d’fheoil úr ó éanlaith chlóis ná d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas ó na limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe.
(12) Ina theannta sin, chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ina críoch i ndáil leis na ráigeanna de HPAI a dearbhaíodh i mbunaíocht éanlaithe clóis gar do Wrexham, an Bhreatain Bheag an 2 Samhain 2021 agus gar do Frinton-on-Sea, Tendring, Essex, Sasana an 12 Samhain 2021 maidir leis na bearta atá déanta aici chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. Thar aon ní eile, tar éis an ráig sin de HPAI, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag an Ríocht Aontaithe chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú. Ina theannta sin, thug an Ríocht Aontaithe chun críche na bearta glantacháin agus díghalraithe ba ghá tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe ar an mbunaíocht éanlaithe clóis a bhí ionfhabhtaithe ina críoch.
(13) Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir an Ríocht Aontaithe isteach agus chinn sé go raibh na ráigeanna de HPAI sna bunaíochtaí éanlaithe clóis gar do Wrexham, an Bhreatain Bheag agus gar do Frinton-on-Sea, Tendring, Essex, Sasana díothaithe agus nach bhfuil aon riosca ag baint a thuilleadh le teacht isteach san Aontas tráchtearraí éanlaithe clóis ó na criosanna sa Riocht Aontaithe óna raibh teacht isteach san Aontas na dtráchtearraí éanlaithe clóis ar fionraí de dheasca na ráigeanna sin.
(14) Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.
(15) Tríd an staid eipidéimeolaíoch reatha i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus an riosca tromchúiseach atá ann go dtabharfaí isteach san Aontas é, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne.
(16) Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2022. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen
ANNEX
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
(1) leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
(1)
(a) leasaítear Cuid 1 mar a leanas:
(a)
(i) san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an ró seo a leanas le haghaidh an chreasa CA-2.2 tar éis an ró le haghaidh an chreasa CA-2.1: CA Ceanada CA-2.2 Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh BPP N, P1 8.2.2022 Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla BPR N, P1 8.2.2022 Éanlaith chlóis a bhfuil sé beartaithe iad a mharú seachas raitítigh SP N, P1 8.2.2022 Raitítigh a bhfuil sé beartaithe iad a mharú SR N, P1 8.2.2022 Sicíní lae seachas raitítigh DOC N, P1 8.2.2022 Sicíní lae raitíteach DOR N, P1 8.2.2022 Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh POU-LT20 N, P1 8.2.2022 Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HEP N, P1 8.2.2022 Uibheacha goir raitíteach HER N, P1 8.2.2022 Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HE-LT20 N, P1 8.2.2022
(ii) san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh an chreasa GB-2.17: GB an Ríocht Aontaithe GB-2.17 Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh BPP N, P1 2.11.2021 19.2.2022 Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla BPR N, P1 2.11.2021 19.2.2022 Éanlaith chlóis a bhfuil sé beartaithe iad a mharú seachas raitítigh SP N, P1 2.11.2021 19.2.2022 Raitítigh a bhfuil sé beartaithe iad a mharú SR N, P1 2.11.2021 19.2.2022 Sicíní lae seachas raitítigh DOC N, P1 2.11.2021 19.2.2022 Sicíní lae raitíteach DOR N, P1 2.11.2021 19.2.2022 Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh POU-LT20 N, P1 2.11.2021 19.2.2022 Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HEP N, P1 2.11.2021 19.2.2022 Uibheacha goir raitíteach HER N, P1 2.11.2021 19.2.2022 Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HE-LT20 N, P1 2.11.2021 19.2.2022
(iii) san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh an chreasa GB-2.20: GB an Ríocht Aontaithe GB-2.20 Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh BPP N, P1 12.11.2021 20.2.2022 Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla BPR N, P1 12.11.2021 20.2.2022 Éanlaith chlóis a bhfuil sé beartaithe iad a mharú seachas raitítigh SP N, P1 12.11.2021 20.2.2022 Raitítigh a bhfuil sé beartaithe iad a mharú SR N, P1 12.11.2021 20.2.2022 Sicíní lae seachas raitítigh DOC N, P1 12.11.2021 20.2.2022 Sicíní lae raitíteach DOR N, P1 12.11.2021 20.2.2022 Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh POU-LT20 N, P1 12.11.2021 20.2.2022 Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HEP N, P1 12.11.2021 20.2.2022 Uibheacha goir raitíteach HER N, P1 12.11.2021 20.2.2022 Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HE-LT20 N, P1 12.11.2021 20.2.2022
(iv) san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh na gcriosanna GB-2.98, GB-2.99 agus GB-2.100 tar éis an ró le haghaidh an chreasa GB-2.97: GB an Ríocht Aontaithe GB-2.98 Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh BPP N, P1 21.2.2022 Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla BPR N, P1 21.2.2022 Éanlaith chlóis a bhfuil sé beartaithe iad a mharú seachas raitítigh SP N, P1 21.2.2022 Raitítigh a bhfuil sé beartaithe iad a mharú SR N, P1 21.2.2022 Sicíní lae seachas raitítigh DOC N, P1 21.2.2022 Sicíní lae raitíteach DOR N, P1 21.2.2022 Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh POU-LT20 N, P1 21.2.2022 Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HEP N, P1 21.2.2022 Uibheacha goir raitíteach HER N, P1 21.2.2022 Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HE-LT20 N, P1 21.2.2022 GB-2.99 Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh BPP N, P1 21.2.2022 Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla BPR N, P1 21.2.2022 Éanlaith chlóis a bhfuil sé beartaithe iad a mharú seachas raitítigh SP N, P1 21.2.2022 Raitítigh a bhfuil sé beartaithe iad a mharú SR N, P1 21.2.2022 Sicíní lae seachas raitítigh DOC N, P1 21.2.2022 Sicíní lae raitíteach DOR N, P1 21.2.2022 Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh POU-LT20 N, P1 21.2.2022 Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HEP N, P1 21.2.2022 Uibheacha goir raitíteach HER N, P1 21.2.2022 Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HE-LT20 N, P1 21.2.2022 GB-2.100 Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh BPP N, P1 21.2.2022 Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla BPR N, P1 21.2.2022 Éanlaith chlóis a bhfuil sé beartaithe iad a mharú seachas raitítigh SP N, P1 21.2.2022 Raitítigh a bhfuil sé beartaithe iad a mharú SR N, P1 21.2.2022 Sicíní lae seachas raitítigh DOC N, P1 21.2.2022 Sicíní lae raitíteach DOR N, P1 21.2.2022 Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh POU-LT20 N, P1 21.2.2022 Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HEP N, P1 21.2.2022 Uibheacha goir raitíteach HER N, P1 21.2.2022 Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HE-LT20 N, P1 21.2.2022
(v) san iontráil a bhaineann le Stáit Aontaithe Mheiriceá, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh na gcriosanna US-2.8, U.S-2.9, U.S-2.10 agus US-2.11 tar éis an ró le haghaidh an chreasa US-2.7: US Stáit Aontaithe Mheiriceá US.2.8 Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh BPP N, P1 22.2.2022 Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla BPR N, P1 22.2.2022 Éanlaith chlóis a bhfuil sé beartaithe iad a mharú seachas raitítigh SP N, P1 22.2.2022 Raitítigh a bhfuil sé beartaithe iad a mharú SR N, P1 22.2.2022 Sicíní lae seachas raitítigh DOC N, P1 22.2.2022 Sicíní lae raitíteach DOR N, P1 22.2.2022 Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh POU-LT20 N, P1 22.2.2022 Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HEP N, P1 22.2.2022 Uibheacha goir raitíteach HER N, P1 22.2.2022 Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HE-LT20 N, P1 22.2.2022 US 2.9 Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh BPP N, P1 23.2.2022 Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla BPR N, P1 23.2.2022 Éanlaith chlóis a bhfuil sé beartaithe iad a mharú seachas raitítigh SP N, P1 23.2.2022 Raitítigh a bhfuil sé beartaithe iad a mharú SR N, P1 23.2.2022 Sicíní lae seachas raitítigh DOC N, P1 23.2.2022 Sicíní lae raitíteach DOR N, P1 23.2.2022 Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh POU-LT20 N, P1 23.2.2022 Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HEP N, P1 23.2.2022 Uibheacha goir raitíteach HER N, P1 23.2.2022 Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HE-LT20 N, P1 23.2.2022 US.2.10 Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh BPP N, P1 23.2.2022 Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla BPR N, P1 23.2.2022 Éanlaith chlóis a bhfuil sé beartaithe iad a mharú seachas raitítigh SP N, P1 23.2.2022 Raitítigh a bhfuil sé beartaithe iad a mharú SR N, P1 23.2.2022 Sicíní lae seachas raitítigh DOC N, P1 23.2.2022 Sicíní lae raitíteach DOR N, P1 23.2.2022 Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh POU-LT20 N, P1 23.2.2022 Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HEP N, P1 23.2.2022 Uibheacha goir raitíteach HER N, P1 23.2.2022 Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HE-LT20 N, P1 23.2.2022 US.2.11 Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh BPP N, P1 24.2.2022 Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla BPR N, P1 24.2.2022 Éanlaith chlóis a bhfuil sé beartaithe iad a mharú seachas raitítigh SP N, P1 24.2.2022 Raitítigh a bhfuil sé beartaithe iad a mharú SR N, P1 24.2.2022 Sicíní lae seachas raitítigh DOC N, P1 24.2.2022 Sicíní lae raitíteach DOR N, P1 24.2.2022 Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh POU-LT20 N, P1 24.2.2022 Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HEP N, P1 24.2.2022 Uibheacha goir raitíteach HER N, P1 24.2.2022 Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh HE-LT20 N, P1 24.2.2022
(b) leasaítear Cuid 2 mar a leanas:
(b)
(i) san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an tuairisc seo a leanas ar an gcrios CA-2.2 tar éis na tuairisce ar an gcrios CA-2.1: Ceanada CA-2.2 Cúige na hAlban Nua: Bardais Newport Landing, Poplar Grove, Miller Creek, Centre Burlington, Mount Denson, Hantsport, Upper Falmouth, Windsor Forks, Five Mile Plains, Falmouth, Three Mile Plains, Newport Station, Saint Croix, Gypsum Mines, Sweets Corner, Mantua, Hartville, Belmont agus Union Corner
(ii) san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar na criosanna GB-2.98, GB-2.99 agus GB-2.100 tar éis na tuairisce ar an gcrios GB-2.97: an Ríocht Aontaithe GB-2.98 Gar do Grimsby, Northeast Lincolnshire, Lincolnshire, Sasana: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N53,53 agus W0,15. GB-2.99 Gar do Newtown, Montgomeryshire, Powys, an Bhreatain Bheag: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52,54 agus W3,37. GB-2.100 Gar do Welshpool, Montgomeryshire, Powys, an Bhreatain Bheag: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52,69 agus W3,12.
(iii) san iontráil a bhaineann le Stáit Aontaithe Mheiriceá, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar na criosanna US-2.8, US-2.9, US-2.10 agus US-2.11 tar éis na tuairisce ar an gcrios US-2.7: Stáit Aontaithe Mheiriceá US-2.8 Stát Delaware: Contae New Castle: Crios dar ga 10 km dar tús pointe Thuaidh (comhordanáidí GPS: 75,7420940°W 39,5302267°N) agus ag síneadh leis deiseal: US-2.9 Stát Indiana: Contae Greene (Greene 01): Crios dar ga 10 km dar tús pointe Thuaidh (comhordanáidí GPS: 87,0249854°W 39,0522695°N) agus ag síneadh leis deiseal: US-2.10 Stát Indiana: Contae Greene (Greene 02): Crios dar ga 10 km dar tús pointe Thuaidh (comhordanáidí GPS: 86,9268450°W 39,0433847°N) agus ag síneadh leis deiseal: US-2.11 Stát Indiana: Contae Dubois (Dubois 03): Crios dar ga 10 km dar tús pointe Thuaidh (comhordanáidí GPS: 86,9082905°W 38,3575910°N) agus ag síneadh leis deiseal:
(iii)
(a) Ó thuaidh: 0,3 km ó thuaidh de chrosbhealach Bethel Church Road agus Dillon Circle.
(b) Soir ó thuaidh: 0,8 km siar de chrosbhealach Bakersfield Driev agus Old Stagecoach Road.
(c) Soir: 0,3 km soir ó thuaidh de chrosbhealach Dupont Parkway agus Old State Road.
(d) Soir ó dheas: 1,3 km siar de chrosbhealach Blackbird Station Road agus Grears Corner Road.
(e) Ó dheas: 1,5 km soir soir ó dheas de chrosbhealach Massey Road agus Bradford Johnson Road.
(f) Siar ó dheas: 1,3 km ó dheas soir ó dheas de chrosbhealach S Bohemia Avenue agus E. Main Street.
(g) Siar: 0,9 km siar de chrosbhealach Augustine Herman Highway agus Glebe Road.
(h) Siar ó thuaidh: 0,6 km siar ó thuaidh de chrosbhealach Augustine Herman Highway agus Randalia Road.
(a) Ó thuaidh: 2,5 km ó thuaidh siar ó thuaidh de chrosbhealach IN-57 agus W State Road 54.
(b) Soir ó thuaidh: 3,5 km soir de chrosbhealach S 250W agus W Base Road.
(c) Soir: 1,4 km soir ó dheas de chrosbhealach S Baseline Road agus W Harvest Church Road.
(d) Soir ó dheas: 0,4 km siar ó dheas de chrosbhealach N County Road 1100 E agus E County Road 1650 N.
(e) Ó dheas: 1,3 km siar ó dheas de chrosbhealach N County Road 700 E agus E County Road 1550 N.
(f) Siar ó dheas: 1,5 km siar ó dheas de chrosbhealach S County Road 900 W agus W County Road 750 S.
(g) Siar: 1,9 km soir ó dheas de chrosbhealach S County Road 1200 W agus W County Road 300 S.
(h) Siar ó thuaidh: 0,7 km ó dheas de chrosbhealach N County Road 900 W agus W State Road 54.
(a) Ó thuaidh: 1,3 km soir ó thuaidh de chrosbhealach N Washington Street agus Sand Road.
(b) Soir ó thuaidh: 0,6 km soir ó dheas de chrosbhealach S Haslers Road agus E Sylvania Road.
(c) Soir: 1,8 km soir ó dheas de chrosbhealach S Fowler Road agus E Smith Drive.
(d) Soir ó dheas: 0,6 km soir ó thuaidh de chrosbhealach Highway 5 agus Highway 486.
(e) Ó dheas: 1,2 km soir ó dheas de chrosbhealach N County Road 1100 E agus E County Road 1475 N.
(f) Siar ó dheas: 0,8 km soir de chrosbhealach S County Road 700 E agus W County Road 1650 N.
(g) Siar: 1,5 km ó dheas de chrosbhealach S County Road 600 W agus W County Road 300 S.
(h) Siar ó thuaidh: 0,2 km soir de chrosbhealach S State Road 57 agus W Base Road.
(a) Ó thuaidh: 1,7 km ó dheas soir ó dheas de chrosbhealach S Meridian Road agus E 3rd Avenue.
(b) Soir ó thuaidh: 1,3 km ó thuaidh siar ó thuaidh de chrosbhealach S St Anthony RDW agus E 450S.
(c) Soir: 0,4 km siar ó thuaidh de chrosbhealach E State Road 264 agus E 850S.
(d) Soir ó dheas: 1,9 km soir ó dheas de chrosbhealach Highway 64 agus N State Road 162.
(e) Ó dheas: 2,5 km ó dheas soir ó dheas de chrosbhealach Highway 64 agus N 700 E.
(f) Siar ó dheas: 2,5 km soir de chrosbhealach S State Road 161 agus W 1150S.
(g) Siar: 0,9 km ó dheas soir ó dheas de chrosbhealach S State Road 161 agus W 650S.
(h) Siar ó thuaidh: 1,7 km soir ó dheas de chrosbhealach S 550W agus W Kessner Bridge Road.
(2) leasaítear Iarscríbhinn XIV mar a leanas:
(2)
(a) leasaítear Cuid 1 mar a leanas:
(a)
(i) san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an ró seo a leanas le haghaidh an chreasa CA-2.2 tar éis an ró le haghaidh an chreasa CA-2.1: CA Ceanada CA-2.2 Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh POU N, P1 8.2.2022 Feoil úr raitíteach RAT N, P1 8.2.2022 Feoil úr éan géim GBM P1 8.2.2022
(ii) san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh an chreasa GB-2.17: GB an Ríocht Aontaithe GB-2.17 Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh POU N, P1 2.11.2021 19.2.2022 Feoil úr raitíteach RAT N, P1 2.11.2021 19.2.2022 Feoil úr éan géim GBM P1 2.11.2021 19.2.2022
(iii) san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh an chreasa GB-2.20: GB an Ríocht Aontaithe GB-2.20 Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh POU N, P1 12.11.2021 20.2.2022 Feoil úr raitíteach RAT N, P1 12.11.2021 20.2.2022 Feoil úr éan géim GBM P1 12.11.2021 20.2.2022
(iv) san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh na gcriosanna GB-2.98, GB-2.99 agus GB-2.100 tar éis an ró le haghaidh an chreasa GB-2.97: GB an Ríocht Aontaithe GB-2.98 Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh POU N, P1 21.2.2022 Feoil úr raitíteach RAT N, P1 21.2.2022 Feoil úr éan géim GBM P1 21.2.2022 GB-2.99 Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh POU N, P1 21.2.2022 Feoil úr raitíteach RAT N, P1 21.2.2022 Feoil úr éan géim GBM P1 21.2.2022 GB-2.100 Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh POU N, P1 21.2.2022 Feoil úr raitíteach RAT N, P1 21.2.2022 Feoil úr éan géim GBM P1 21.2.2022
(v) san iontráil a bhaineann le Stáit Aontaithe Mheiriceá, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh na gcriosanna US-2.8, U.S-2.9, U.S-2.10 agus US-2.11 tar éis an ró le haghaidh an chreasa US-2.7: US Stáit Aontaithe Mheiriceá US-2.8 Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh POU N, P1 22.2.2022 Feoil úr raitíteach RAT N, P1 22.2.2022 Feoil úr éan géim GBM P1 22.2.2022 US-2.9 Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh POU N, P1 23.2.2022 Feoil úr raitíteach RAT N, P1 23.2.2022 Feoil úr éan géim GBM P1 23.2.2022 US-2.10 Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh POU N, P1 23.2.2022 Feoil úr raitíteach RAT N, P1 23.2.2022 Feoil úr éan géim GBM P1 23.2.2022 US-2.11 Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh POU N, P1 24.2.2022 Feoil úr raitíteach RAT N, P1 24.2.2022 Feoil úr éan géim GBM P1 24.2.2022
(b) leasaítear Cuid 2 mar a leanas:
(b)
(i) san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an tuairisc seo a leanas ar an gcrios CA-2.2 tar éis na tuairisce ar an gcrios CA-2.1: Ceanada CA-2.2 Cúige na hAlban Nua: Bardais Newport Landing, Poplar Grove, Miller Creek, Centre Burlington, Mount Denson, Hantsport, Upper Falmouth, Windsor Forks, Five Mile Plains, Falmouth, Three Mile Plains, Newport Station, Saint Croix, Gypsum Mines, Sweets Corner, Mantua, Hartville, Belmont agus Union Corner
(ii) san iontráil a bhaineann le Stáit Aontaithe Mheiriceá, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar na criosanna US-2.8, US-2.9, US-2.10 agus US-2.11 tar éis na tuairisce ar an gcrios US-2.7: Stáit Aontaithe Mheiriceá US-2.8 Stát Delaware: Contae New Castle: Crios dar ga 10 km dar tús pointe Thuaidh (comhordanáidí GPS: 75,7420940°W 39,5302267°N) agus ag síneadh leis deiseal: US-2.9 Stát Indiana: Contae Greene (Greene 01): Crios dar ga 10 km dar tús pointe Thuaidh (comhordanáidí GPS: 87,0249854°W 39,0522695°N) agus ag síneadh leis deiseal: US-2.10 Stát Indiana: Contae Greene (Greene 02): Crios dar ga 10 km dar tús pointe Thuaidh (comhordanáidí GPS: 86,9268450°W 39,0433847°N) agus ag síneadh leis deiseal: US-2.11 Stát Indiana: Contae Dubois (Dubois 03): Crios dar ga 10 km dar tús pointe Thuaidh (comhordanáidí GPS: 86.9082905°W 38.3575910°N) agus ag síneadh leis deiseal:
(ii)
(a) Ó thuaidh: 0,3 km ó thuaidh de chrosbhealach Bethel Church Road agus Dillon Circle.
(b) Soir ó thuaidh: 0,8 km siar de chrosbhealach Bakersfield Driev agus Old Stagecoach Road.
(c) Soir: 0,3 km soir ó thuaidh de chrosbhealach Dupont Parkway agus Old State Road.
(d) Soir ó dheas: 1,3 km siar de chrosbhealach Blackbird Station Road agus Grears Corner Road.
(e) Ó dheas: 1,5 km soir soir ó dheas de chrosbhealach Massey Road agus Bradford Johnson Road.
(f) Siar ó dheas: 1,3 km ó dheas soir ó dheas de chrosbhealach S Bohemia Avenue agus E. Main Street.
(g) Siar: 0,9 km siar de chrosbhealach Augustine Herman Highway agus Glebe Road.
(h) Siar ó thuaidh: 0,6 km siar ó thuaidh de chrosbhealach Augustine Herman Highway agus Randalia Road.
(a) Ó thuaidh: 2,5 km ó thuaidh siar ó thuaidh de chrosbhealach IN-57 agus W State Road 54.
(b) Soir ó thuaidh: 3,5 km soir de chrosbhealach S 250W agus W Base Road.
(c) Soir: 1,4 km soir ó dheas de chrosbhealach S Baseline Road agus W Harvest Church Road.
(d) Soir ó dheas: 0,4 km siar ó dheas de chrosbhealach N County Road 1100 E agus E County Road 1650 N.
(e) Ó dheas: 1,3 km siar ó dheas de chrosbhealach N County Road 700 E agus E County Road 1550 N.
(f) Siar ó dheas: 1,5 km siar ó dheas de chrosbhealach S County Road 900 W agus W County Road 750 S.
(g) Siar: 1,9 km soir ó dheas de chrosbhealach S County Road 1200 W agus W County Road 300 S.
(h) Siar ó thuaidh: 0,7 km ó dheas de chrosbhealach N County Road 900 W agus W State Road 54.
(a) Ó thuaidh: 1,3 km soir ó thuaidh de chrosbhealach N Washington Street agus Sand Road.
(b) Soir ó thuaidh: 0,6 km soir ó dheas de chrosbhealach S Haslers Road agus E Sylvania Road.
(c) Soir: 1,8 km soir ó dheas de chrosbhealach S Fowler Road agus E Smith Drive.
(d) Soir ó dheas: 0,6 km soir ó thuaidh de chrosbhealach Highway 5 agus Highway 486.
(e) Ó dheas: 1,2 km soir ó dheas de chrosbhealach N County Road 1100 E agus E County Road 1475 N.
(f) Siar ó dheas: 0,8 km soir de chrosbhealach S County Road 700 E agus W County Road 1650 N.
(g) Siar: 1,5 km ó dheas de chrosbhealach S County Road 600 W agus W County Road 300 S.
(h) Siar ó thuaidh: 0,2 km soir de chrosbhealach S State Road 57 agus W Base Road.
(a) Ó thuaidh: 1,7 km ó dheas soir ó dheas de chrosbhealach S Meridian Road agus E 3rd Avenue.
(b) Soir ó thuaidh: 1,3 km ó thuaidh siar ó thuaidh de chrosbhealach S St Anthony RDW agus E 450S.
(c) Soir: 0,4 km siar ó thuaidh de chrosbhealach E State Road 264 agus E 850S.
(d) Soir ó dheas: 1,9 km soir ó dheas de chrosbhealach Highway 64 agus N State Road 162.
(e) Ó dheas: 2,5 km ó dheas soir ó dheas de chrosbhealach Highway 64 agus N 700 E.
(f) Siar ó dheas: 2,5 km soir de chrosbhealach S State Road 161 agus W 1150S.
(g) Siar: 0,9 km ó dheas soir ó dheas de chrosbhealach S State Road 161 agus W 650S.
(h) Siar ó thuaidh: 1,7 km soir ó dheas de chrosbhealach S 550W agus W Kessner Bridge Road.