Gelex

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/420 ón gComhairle an 14 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/932/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide san Éimin

In forceVersion 2022-03-14
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/420@2022-03-14/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX
  3. EINTITIS 1. Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2014/932/CBES ón gComhairle an 18 Nollaig 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide san Éimin, agus go háirithe Airteagal 3 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 18 Nollaig 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/932/CBES.

(2) An 28 Feabhra 2022, chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 2140 (2014) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, eintiteas amháin le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3) Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/932/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear leis seo an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/932/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Márta 2022. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán É. Borne

ANNEX

IARSCRÍBHINN

Cuirtear an fo-cheannteideal agus an t-eintiteas seo a leanas leis an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/932/CBES (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagail 1(1), 2a(1) agus Airteagal 2b(1) agus (2)):

EINTITIS 1. THE HOUTHIS (dá ngairtear freisin: (a) ANSARALLAH; (b) ANSAR ALLAH; (c) PARTISANS OF GOD; (d) SUPPORTERS OF GOD). Faisnéis: Tá gníomhaíochtaí déanta ag na Houthis a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht in Éimin i mbaol. Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 24.2.2022.

EINTITIS 1. Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Tá ionsaithe déanta ag na Houthis ar shibhialtaigh agus ar an mbonneagar sibhialtach in Éimin; tá beartas curtha chun feidhme acu – atá bunaithe ar an bhforéigean gnéasach agus ar an mbrú faoi chois – i gcoinne gairmithe mná agus i gcoinne ban atá gníomhach ó thaobh na polaitíochta de; tá earcú déanta acu ar leanaí agus úsáid bainte acu astu; tá foréigean spreagtha acu in aghaidh grúpaí ar bhonn reiligiúin agus náisiúntachta i measc cúiseanna eile; agus tá úsáid neamh-idirdhealaitheach bainte acu as mianaigh talún agus as gairis phléascacha seiftithe ar Chósta Thiar Éimin. Tá bac curtha ag na Houthis ar sheachadadh cúnaimh dhaonnúil go hÉimin nó ar rochtain an chúnaimh dhaonnúil sin, nó ar a dháileadh, in Éimin. Tá ionsaithe déanta acu ar an loingseoireacht tráchtála sa Mhuir Rua le gairis phléascacha seiftithe uisce-iompartha agus le mianaigh mhara. Ina theannta sin, tá ionsaithe sceimhlitheoireachta trasteorann déanta arís agus arís eile ag na Houthis, agus sibhialtaigh agus bonneagar sibhialta i Ríocht na hAraibe Sádaí agus i Ríocht na nÉimíríochtaí Arabacha mar sprioc ag na hionsaithe sin, agus bagairt déanta acu díriú d’aon ghnó ar láithreáin shibhialta.

Versions

  1. 2022-03-14