Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/524 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2022 lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/577 a mhéid a bhaineann le tagairtí áirithe do tháirgí íocshláinte tréidliachta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/524@2022-01-27/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE, agus go háirithe Airteagal 109(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Tá an earráid le feiceáil i ngach leagan teanga den téacs in aithris (4), chomh maith le pointe (1)(a) agus pointí (2)(a) agus (b) d’Iarscríbhinn I agus pointe (1)(c)(ii) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/577 ón gCoimisiún, a mhéid a bhaineann le húsáid earráideach an fhocail tréidliachta i gcás ina mbeidh baint ag an téacs le táirgí íocshláinte tréidliachta agus le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine. Dá bhrí sin, ba cheart an téarma táirge íocshláinte a úsáid, lena gcuimsítear an dá tháirge sin.
(2) Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/577 a cheartú dá réir,
(3) Ba cheart an Rialachán seo a bheith infheidhme ón 28 Eanáir 2022 i gcomhréir le dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/577.
(4) I gcomhréir le hAirteagal 147(5) de Rialachán (AE) 2019/6, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Ceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/577 mar a leanas:
Airteagal 1
(1) ceartaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
(1)
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1)(a):
(a)
(a) sonraí teagmhála an tréidlia fhreagraigh is sínitheoir a chuir cóireáil ar an ainmhí eachaí lena mbaineann le táirge íocshláinte tréidliachta údaraithe faoin díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2019/6 nó le táirge íocshláinte a tugadh i gcomhréir le hAirteagal 112(4) den Rialachán sin;
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (2)(a) agus (b):
(b)
(a) sonraí teagmhála an tréidlia fhreagraigh is sínitheoir a thug táirge íocshláinte a raibh substaint ann atá ar an liosta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 115(5) de Rialachán (AE) 2019/6;
(b) dáta deireanach ar a tugadh agus suíomh deireanach inar tugadh an táirge íocshláinte dá dtagraítear i bpointe (a) don ainmhí eachaí lena mbaineann;;
(2) in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1)(c)(ii):
(2)
(ii) chun an dáta deireanach a tugadh táirge íocshláinte a bhfuil substaint ann atá ar an liosta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 115(5) de Rialachán (AE) 2019/6, agus sonraí na substainte sin.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 28 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Eanáir 2022. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen