Gelex

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/559 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 a mhéid a bhaineann leis an údarú arna dheonú don Pholainn leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 226 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

In forceVersion 2022-04-05from 2022-04-07
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/559@2022-04-05/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1
  3. ANNEX

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, agus go háirithe Airteagal 395(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 26 Iúil 2021, d’iarr an Pholainn údarú leanúint de de bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 226 de Threoir 2006/112/CE d’fhonn sásra um íocaíocht dheighilte a chur i bhfeidhm (an beart speisialta). Ceanglaítear leis an mbeart speisialta go n-áireofar ráiteas speisialta á rá go gcaithfear cáin bhreisluacha (CBL) a íoc isteach i gcuntas CBL blocáilte an tsoláthróra i dtaobh sonraisc arna n-eisiúint i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí atá soghabhálach i leith calaoise agus a chumhdaítear go ginearálta le sásra aistrithe táillí agus le dliteanas comhpháirteach agus leithleach sa Pholainn. D’iarr an Pholainn go gcuirfí síneadh leis an mbeart speisialta ar feadh tréimhse 3 bliana, ón 1 Márta 2022 go dtí an 28 Feabhra 2025.

(2) I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, chuir an Coimisiún an iarriadh arna déanamh ag an bPolainn faoi bhráid na mBallstát eile le litir dar dáta an 27 Deireadh Fómhair 2021. Le litir dar dáta an 28 Deireadh Fómhair 2021, thug an Coimisiún fógra don Pholainn go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithniú a dhéanamh ar an iarraidh.

(3) De bhun Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 ón gComhairle, chuir an Pholainn tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le tionchar foriomlán an bhirt speisialta ar leibhéal na calaoise CBL agus ar na daoine inchánach lena mbaineann le litir dar dáta an 29 Aibreán 2021.

(4) Tá an-chuid beart glactha ag an bPolainn cheana féin chun an chalaois a chomhrac. Thug síisteach, inter alia, an sásra aistrithe táillí agus dliteanas comhpháirteach agus leithleach an tsoláthróra agus an chustaiméara, an Comhad Iniúchóireachta Caighdeánach, rialacha níos déine maidir le clárú agus díchlárú daoine inchánach le haghaidh CBL, agus tá líon na n-iniúchtaí méadaithe ag an bPolainn. Mar sin féin, measann an Pholainn nach leor na bearta sin chun calaois CBL a chosc.

(5) Thug an Pholainn isteach an sásra roghnach um íocaíocht dheighilte an 1 Iúil 2018 agus an sásra éigeantach um íocaíocht dheighilte an 1 Márta 2019.

(6) Tá na na hearraí agus na seirbhísí a thagann faoi raon feidhme an bhirt speisialta liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 i gcomhréir le hAicmiú Polannach Earraí agus Seirbhísí 2008 (PKWiU 2008). Cuireadh Aicmiú Polannach Earraí agus Seirbhísí 2015 (PKWiU 2015) in ionad PKWiU 2008 ón 1 Iúil 2020. Faoi PKWiU 2015, athraíodh siombailí an aicmithe staidrimh agus ainmneacha eagarthóireachta earraí agus seirbhísí áirithe atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310. Cé nár tháinig aon athruithe ar raon feidhme na n-earraí agus na seirbhísí a chumhdaítear leis an sásra éigeantach um íocaíochtaí deighilte mar thoradh ar PKWiU 2015 a chur in ionad PKWiU 2008, ba cheart an Iarscríbhinn a thabhairt cothrom le dáta agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur ina hionad ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil.

(7) Leanfaidh an beart speisialta d’fheidhm a bheith aige maidir le soláthairtí earraí agus seirbhísí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 idir daoine inchánach, arna thabhairt cothrom le dáta agus arna ionadú leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, i soláthairtí gnólacht le gnólacht (B2B), agus ní chumhdófar leis an mbeart speisialta ach aistrithe bainc leictreonacha. Leanfaidh an beart speisialta d’fheidhm a bheith aige maidir le gach soláthróir, lena n-áirítear soláthróirí nach bhfuil bunaithe sa Pholainn.

(8) Deimhníodh sa tuarascáil a chuir an Pholainn isteach go mbaintear torthaí éifeachtacha amach sa chomhrac in aghaidh na calaoise cánach leis an mbeart speisialta le haghaidh soláthairtí earraí agus seirbhísí atá soghabhálach i leith na calaoise.

(9) Deonaítear údaraithe chun beart speisialta a chur i bhfeidhm go ginearálta ar feadh tréimhse theoranta chun gur féidir leis an gCoimisiún a mheas an bhfuil an beart speisialta iomchuí agus éifeachtach nó nach bhfuil. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh a chur leis an údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 28 Feabhra 2025.

(10) I bhfianaise raon feidhme leathan an bhirt speisialta, ba cheart don Pholainn, i gcás ina n-iarrann sí síneadh breise leis an údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm, tuarascáil a thíolacadh i ndáil le feidhmiú agus éifeachtacht an bhirt speisialta ar leibhéal na calaoise CBL agus ar na daoine inchánach maidir le, inter alia, aisíocaíochtaí CBL, an t-ualach riaracháin agus na costais do dhaoine inchánach.

(11) Ní bheidh tionchar diúltach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bailíodh ag céim an tomhaltais deiridh agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL.

(12) D’fhonn a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí arna saothrú leis an mbeart speisialta, lena n-áirítear go gcuirfear an beart speisialta i bhfeidhm gan bhriseadh, agus lena soláthraítear deimhneacht dhlíthiúil maidir leis an tréimhse chánach, is iomchuí údarú a dheonú chun síneadh a chur leis an mbeart speisialta le héifeacht ón 1 Márta 2022. Ós rud é gur iarr an Pholainn údarú an 26 Iúil 2021 chun leaniúnt den bheart speisialta a chur i bhfeidhm agus go bhfuil an córas dlí a bunaíodh faoina dlí náisiúnta á chur i bhfeidhm ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 ón 1 Márta 2022, urramaítear ionchais dhlisteanacha na ndaoine lena mbaineann mar is cuí.

(13) Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 ón gComhairle a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 mar a leanas:

Airteagal 1

(1) in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: I gcás ina measann an Pholainn go bhfuil gá le síneadh a chur leis an mbeart dá dtagraítear in Airteagal 1, cuirfidh sí iarraidh ar shíneadh faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil maidir lena thionchar foriomlán ar leibhéal na calaoise CBL agus ar na daoine inchánach lena mbaineann.

(2) in Airteagal 3, an dara mír, cuirtear an dáta 28 Feabhra 2025 in ionad an dáta 28 Feabhra 2022.

(3) cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2 Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an lá a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 3 Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Polainne.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 5 Aibreán 2022. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán B. Le Maire

ANNEX

IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN Liosta soláthairtí earraí agus seirbhísí a chumhdaítear le hAirteagal 1

Beidh feidhm ag Airteagal 1 maidir leis na soláthairtí earraí agus seirbhísí seo a leanas a thuairiscítear de réir Aicmiú Polannach Earraí agus Seirbhísí (PKWiU 2015) Ítim PKWiU 2015 Ainm na n-earraí (grúpa earraí)/na seirbhísí (grúpa seirbhísí) 1 05.10.10.0 Antraicít 2 05.20.10.0 Lignít 3 ex 10.4 Olaí agus saillte ainmhíocha agus plandúla — ola ráibe go heisiach 4 19.10.10.0 Cóc agus leathchóc guail, ligníte nó móna; carbón freangáin 5 19.20.11.0 Brícíní, ubhchruthóidigh agus breoslaí soladacha comhchosúla a mhonaraítear as gual 6 19.20.12.0 Brícíní, ubhchruthóidigh agus breoslaí soladacha comhchosúla a mhonaraítear as lignít 7 ex 20.59.12.0 Eibleachtaí le haghaidh íogrú dromhchla lena n-úsáid sa ghrianghrafadóireacht; ullmhóidí ceimiceacha lena n-úsáid sa ghrianghrafadóireacht, nach n-aicmítear in áit ar bith eile - go heisiach tónóirí nach bhfuil ceann priontála orthu le haghaidh printéirí le haghaidh meaisíní próiseála sonraí uathoibríocha 8 ex 20.59.30.0 Dúch clóscríobháin, dúch líníochta nó dúigh eile - go heisiach cartúis dúigh nach bhfuil ceann priontála orthu le haghaidh printéirí le haghaidh meaisíní próiseála sonraí uathoibríocha 9 ex 22.21.30.0 Plátaí, leatháin, scannán, scragall, stiallóg agus stiallóga plaisteacha, nach bhfuil treisithe, lannaithe ná i gcumasc le hábhair eile - go heisiach scragall sínteach 10 24.10.12.0 Fearó-chóimhiotail 11 24.10.14.0 Muciarann agus muciarann scáthánach nó cruach, i bhfoirm gráinníní nó púdair 12 24.10.31.0 Earraí cothromrollta cruach neamh-chóimhiotail, atá teorollta, atá >= 600 mm ar leithead 13 24.10.32.0 Earraí cothromrollta cruach neamh-chóimhiotail, atá teorollta, atá < 600 mm ar leithead 14 24.10.35.0 Earraí cothromrollta cruach cóimhiotail eile, atá teorollta, atá >= 600 mm ar leithead, seachas táirgí cruach sileacain leictreonaí 15 24.10.36.0 Earraí cothromrollta cruach cóimhiotail eile, atá teorollta, atá < 600 mm ar leithead, seachas táirgí cruach sileacain leictreonaí 16 24.10.41.0 Earraí cothromrollta cruach neamh-chóimhiotail, atá fuar-rollta, atá >= 600 mm ar leithead 17 24.10.43.0 Earraí cothromrollta cruach cóimhiotail, atá fuar-rollta, atá >= 600 mm ar leithead, seachas táirgí cruach sileacain leictreonaí 18 24.10.51.0 Earraí cothromrollta cruach neamh-chóimhiotail, atá >= 600 mm ar leithead, atá cumhdaithe, plátáilte, nó brataithe 19 24.10.52.0 Earraí cothromrollta cruach cóimhiotail eile, atá >= 600 mm ar leithead, atá cumhdaithe, plátáilte, nó brataithe 20 24.10.61.0 Barraí agus slata, teo-rollta,, atá i gcornaí atá tochraiste go mírialta, de chruach neamh-chóimhiotail 21 24.10.62.0 Barraí agus slata cruach eile, atá gaibhnithe, teorollta, teo-tharraingthe nó easbhrúite, gan bheith oibrithe seachas sin, lena n-áirítear na cinn a gcuirtear casadh iontu tar éis a rollta 22 24.10.65.0 Barraí agus slata cruach cóimhiotail eile, atá teorollta, agus atá i gcornaí atá tochraiste go mírialta 23 24.10.66.0 Barraí agus slata cruach cóimhiotail eile, atá gaibhnithe, teorollta, teo-tharraingthe nó easbhrúite, agus gan bheith oibrithe seachas sin, lena n-áirítear na cinn a gcuirtear casadh iontu tar éis a rollta 24 24.10.71.0 Cónaisc oscailte cruach neamh-chóimhiotail, atá teorollta, teo-tharraingthe nó easbhrúite, agus gan bheith oibrithe seachas sin 25 24.10.73.0 Cónaisc oscailte cruach cóimhiotail eile, atá teorollta, teo-tharraingthe nó easbhrúite, agus gan bheith oibrithe seachas sin 26 24.20.11.0 Píobán líne cruach gan uaim den chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis 27 24.20.12.0 Cásáil, feadánra agus píobán druilire cruach gan uaim, den chineál a úsáidtear chun ola agus gás a dhruileáil 28 24.20.13.0 Feadáin agus píobáin cruach gan uaim eile, de thrasghearradh ciorclach 29 24.20.31.0 Píobán líne cruach den chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis, atá táthaithe agus arb é <= 406,4 mm a thrastomhas seachtrach 30 24.20.33.0 Feadáin agus píobáin cruach eile, de thrasghearradh ciorclach, atá táthaithe agus arb é <= 406,4 mm a dtrastomhas seachtrach 31 24.20.34.0 Feadáin agus píobáin cruach, a bhfuil trasghearradh neamhchiorclach iontu, atá táthaithe agus arb é <= 406,4 mm a dtrastomhas seachtrach 32 24.20.40.0 Feistis feadáin cruach nó feistis píobáin cruach, nach bhfuil teilgthe 33 24.31.10.0 Barraí, uillinneacha, cónaisc agus próifílí soladacha cruach neamh-chóimhiotail, atá fuartharraingthe 34 24.31.20.0 Barraí, uillinneacha, cónaisc agus próifílí soladacha cruach cóimhiotail eile, atá fuartharraingthe 35 24.32.10.0 Táirgí cruach comhréidhe neamhbhrataithe, atá fuar-rollta gan bheith oibrithe seachas sin, atá < 600 mm ar leithead 36 24.32.20.0 Táirgí cruach cothromrollta, atá fuar-rollta gan bheith oibrithe seachas sin, atá < 600 mm ar leithead, atá cumhdaithe, plátáilte, nó brataithe 37 24.33.11.0 Cónaisc oscailte cruach neamh-chóimhiotail, atá fuarfhoirmithe nó fuarfhillte 38 24.33.20.0 Leatháin easnacha cruach neamh-chóimhiotail 39 24.34.11.0 Sreang chruach neamh-chóimhiotail fhuartharraingthe 40 24.41.10.0 Airgead neamhshaoirsithe nó airgead i bhfoirm leathmhonaraithe nó i bhfoirm púdair 41 ex 24.41.20.0 Ór neamhshaoirsithe nó ór i bhfoirm leathmhonaraithe nó i bhfoirm púdair, seachas ór infheistíochta de réir bhrí Airteagal 121 den Ghníomh maidir le cáin earraí agus seirbhísí, faoi réir ítim 43 42 24.41.30.0 Platanam neamhshaoirsithe nó platanam i bhfoirm leathmhonaraithe nó i bhfoirm púdair 43 gan beann ar an tsiombail PKWiU Ór infheistíochta de réir bhrí Airteagal 121 den Ghníomh maidir le cáin earraí agus seirbhísí 44 ex 24.41.40.0 Táirmhiotail nó airgead, atá plátáilte le hór, atá i bhfoirm leathmhonaraithe gan bheith oibrithe seachas sin - go heisiach airgead, atá plátáilte le hór, atá i bhfoirm leathmhonaraithe gan bheith oibrithe seachas sin 45 ex 24.41.50.0 Táirmhiotail atá plátáilte le hairgead agus táirmhiotail, airgead nó ór, atá plátáilte le platanam, atá i bhfoirm leathmhonaraithe gan bheith oibrithe seachas sin — go heisiach ór agus airgead, atá plátáilte le platanam, atá i bhfoirm leathmhonaraithe gan bheith oibrithe seachas sin 46 24.42.11.0 Alúmanam neamhshaoirsithe 47 24.43.11.0 Luaidhe neamhshaoirsithe 48 24.43.12.0 Sinc neamhshaoirsithe 49 24.43.13.0 Stán neamhshaoirsithe 50 24.44.12.0 Copar, neamh-mhínghlanta; anóidí copair le haghaidh mínghlanadh leictrealaíoch 51 24.44.13.0 Copar mínghlanta agus cóimhiotail chopair, atá neamhshaoirsithe; príomh-chóimhiotail chopair 52 24.44.21.0 Púdair agus calóga copair agus a chóimhiotal 53 24.44.22.0 Barraí plánacha, slata, cónaisc agus slat sreinge copair agus a chóimhiotal 54 24.44.23.0 Sreanga copair agus a chóimhiotal 55 24.45.11.0 Nicil neamhshaoirsithe 56 ex 24.45.30.0 Miotail agus táirgí neamhfheiriúla eile atá déanta as an ábhar céanna; ceirméid; luaithreach agus iarmhair ina bhfuil miotail agus cumaisc mhiotail — go heisiach fuíoll agus dramhaíl miotail neamhlómhair 57 ex 25.11.23.0 Struchtúir eile agus páirteanna de struchtúir; plátaí, slata, uillinneacha, cruthanna agus a leithéidí, atá déanta as iarann, cruach nó alúmanam — go heisiach iad atá déanta as cruach 58 ex 25.93.13.0 Éadach, gríoscáin, líontán agus fálú iarainn, cruach nó sreinge copair; miotal leata iarainn, cruach nó copair — go heisiach miotal leata cruach 59 ex 26.11.30.0 Ciorcaid iomlánaithe leictreonacha — go heisiach próiseálaithe 60 26.20.1 Ríomhairí agus meaisíní próiseála sonraí uathoibríocha agus páirteanna agus gabhálais lena n-aghaidh 61 ex 26.20.21.0 Aonaid chuimhne — go heisiach tiomántáin chrua (HDDanna) 62 ex 26.20.22.0 Gairis stórála soladstaide — go heisiach SSDanna 63 ex 26.30.22.0 Gutháin cheallacha nó líonraí eile gan sreang — go heisiach gutháin phóca, lena n-áirítear gutháin chliste 64 26.40.20.0 Glacadóirí teilifíse, bídís comhcheangailte le glacadóirí craolta raidió nó gairis taifeadta nó atáirgthe fuaime nó físe nó ná bídís 65 ex 26.40.60.0 Consóil cluichí físeáin (amhail iad sin a úsáidtear le teilifíseán nó le scáileán neamhspleách) agus fearas eile cluichí físeáin nó cluichí áidh a bhfuil taispeáint leictreonach acu - seachas páirteanna agus gabhálais 66 26.70.13.0 Ceamaraí digiteacha agus ceamthaifeadáin dhigiteacha 67 27.20.2 Taisc-chealla leictreacha agus páirteanna díobh 68 28.11.41.0 Páirteanna le haghaidh innill dócháin inmheánaigh spréach-adhainte, seachas páirteanna le haghaidh innill aerárthaigh 69 ex 28.23.22.0 Páirteanna agus gabhálais le haghaidh meaisíní oifige – go heisiach cartúis dúigh agus cinn phriontála le haghaidh printéirí le haghaidh meaisíní próiseála sonraí uathoibríocha, tónóirí a bhfuil ceann priontála orthu le haghaidh printéirí le haghaidh meaisíní próiseála sonraí uathoibríocha 70 ex 29.31.10.0 Seolta cábla adhainte agus tacair eile sreangaithe de chineál a úsáidtear i bhfeithiclí, in aerárthaí nó in árthaí uisce – go heisiach seolta cábla adhainte agus tacair eile sreangaithe de chineál a úsáidtear i bhfeithiclí 71 29.31.21.0 Spréachphlocóidí; maignéatónna adhainte; maignéató-dineamónna; rotha lústair maighnéadacha; dáileoirí; cornaí adhainte 72 29.31.22.0 Mótair dhúisithe agus gineadóirí dúisithe dhá fheidhm; gineadóirí eile agus trealamh eile le haghaidh innill dhócháin 73 29.31.23.0 Trealamh comharthaíochta leictreach, gaothscáth, díreoáin agus dínéaltóirí le haghaidh mótarfheithiclí 74 29.31.30.0 Páirteanna de threalamh leictreach eile le haghaidh mótarfheithiclí 75 29.32.20.0 Criosanna suíocháin slándála, málaí aeir agus páirteanna agus gabhálais cabhlacha 76 29.32.30.0 Páirteanna agus gabhálais le haghaidh mótarfheithiclí nach n-aicmítear in áit ar bith eile, seachas gluaisrothair 77 30.91.20.0 Páirteanna agus gabhálais gluaisrothar agus taobhcharranna 78 ex 32.12.13.0 Seodra agus seodra eile mar aon le páirteanna díobh, atá déanta as miotas lómhar nó atá plátáilte le miotal lómhar - go heisiach páirteanna de sheodra agus páirteanna de sheodra óir, airgid agus platanaim eile, i.e. seodra neamhchríochnaithe nó neamhiomlán agus páirteanna sonracha de sheodra, lena n-áirítear páirteanna atá cumhdaithe nó plátáilte le miotal lómhar 79 38.11.49.0 Feithiclí, ríomhairí, teilifíseáin agus gairis athláimhe eile atá beartaithe lena ndiúscairt 80 38.11.51.0 Dramhaíl ghloine 81 38.11.52.0 Dramhaíl pháipéir agus chairtchláir 82 38.11.54.0 Dramhaíl eile rubair 83 38.11.55.0 Dramhaíl phlaistigh 84 38.11.58.0 Dramhaíl ina bhfuil miotal seachas dramhaíl ghuaiseach 85 38.12.26.0 Dramhaíl ghuaiseach mhiotail 86 38.12.27 Dramhaíl agus cealla leictreacha agus taisc-chealla lochtacha; cealla galbhánacha agus ceallraí agus taisc-chealla leictreacha atá ídithe 87 38.32.2 Amhábhair thánaisteacha mhiotail 88 38.32.31.0 Amhábhar tánaisteach gloine 89 38.32.32.0 Amhábhar tánaisteach páipéir agus cairtchláir 90 38.32.33.0 Amhábhar tánaisteach plaistigh 91 38.32.34.0 Amhábhar tánaisteach rubair 92 Peitreal, díosal, ola, gás breosla — de réir bhrí na bhforálacha maidir le dleacht mháil 93 Ola théite agus ola bhealaithe — de réir bhrí na bhforálacha maidir le dleacht mháil 94 ex 58.29.11.0 Pacáistí bogearraí le haghaidh córais oibriúcháin — go heisiach SSD 95 ex 58.29.29.0 Pacáistí bogearraí eile — go heisiach SSDanna 96 ex 59.11.23.0 Físeáin eile agus fístaifeadtaí ar dhioscaí, téipeanna maighnéadacha agus meáin chomhchosúla — go heisiach SSDanna 97 gan beann ar an tsiombail PKWiU Seirbhísí aistrithe lamháltas astaíochtaí GCT dá dtagraítear sa Ghníomh an 12 Meitheamh 2015 maidir leis an gCóras Trádála Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa (Irisleabhar Oifigiúil 2021, ítim 332) 98 41.00.3 Obair foirgníochta ar fhoirgnimh chónaithe (oibreacha maidir le foirgnimh nua a thógáil, foirgnimh atá ann cheana a atógáil nó a athchóiriú) 99 41.00.4 Obair foirgníochta ar fhoirgnimh neamhchónaithe (oibreacha maidir le foirgnimh nua a thógáil, foirgnimh atá ann cheana a atógáil nó a athchóiriú) 100 42.11.20.0 Oibreacha foirgníochta ginearálta a bhaineann le tógáil mótarbhealaí, bóithre, sráideanna agus bóithre eile le haghaidh feithiclí agus coisithe agus le tógáil rúidbhealaí 101 42.12.20.0 Oibreacha foirgníochta ginearálta a bhaineann le tógáil iarnród agus íosbhealaí 102 42.13.20.0 Oibreacha foirgníochta ginearálta a bhaineann le tógáil droichead agus tollán 103 42.21.21.0 Oibreacha foirgníochta ginearálta a bhaineann le tógáil píblínte tarchuir 104 42.21.22.0 Oibreacha foirgníochta ginearálta a bhaineann le tógáil líonraí dáileacháin, lena n-áirítear oibreacha cúnta 105 42.21.23.0 Oibreacha foirgníochta ginearálta a bhaineann le tógáil córas uisciúcháin (séaraigh), línte bus agus uisce, saoráidí le haghaidh cóireáil uisce agus cóireáil séarachais agus stáisiún caidéil 106 42.21.24.0 Oibreacha a bhaineann le toibreacha agus iontógálacha uisce a dhruileáil agus dabhcha séarachais a shuiteáil 107 42.22.21.0 Oibreacha foirgníochta ginearálta a bhaineann le tógáil línte tarchurtha teileachumarsáide agus cumhachta 108 42.22.22.0 Oibreacha foirgníochta ginearálta a bhaineann le tógáil línte dáileacháin teileachumarsáide agus cumhachta 109 42.22.23.0 Oibreacha foirgníochta ginearálta a bhaineann le tógáil stáisiún cumhachta 110 42.91.20.0 Oibreacha foirgníochta ginearálta a bhaineann le tógáil calaí, calafort, dambaí, loc agus saoráidí hidritheicniúla gaolmhara 111 42.99.21.0 Oibreacha foirgníochta ginearálta a bhaineann le tógáil saoráidí táirgeachta agus saoráidí mianadóireachta 112 42.99.22.0 Oibreacha foirgníochta ginearálta a bhaineann le tógáil staideanna agus páirceanna spóirt 113 42.99.29.0 Oibreacha foirgníochta ginearálta a bhaineann le tógáil struchtúr innealltóireachta sibhialta eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile 114 43.11.10.0 Oibreacha a bhaineann le foirgnimh a scartáil 115 43.12.11.0 Oibreacha a bhaineann leis an láithreán a ullmhú le haghaidh foirgníochta, seachas oibreacha créafóige 116 43.12.12.0 Oibreacha créafóige: tochailt, tochailt díog agus jabanna crécharta 117 43.13.10.0 Oibreacha a bhaineann le tochailt agus le druileáil innealtóireachta geolaíche 118 43.21.10.1 Oibreacha a bhaineann le suiteálacha sábháilteachta leictreacha a chur i gcrích 119 43.21.10.2 Oibreacha a bhaineann le suiteálacha leictreacha eile a chur chun feidhme 120 43.22.11.0 Oibreacha a bhaineann le hoibreacha pluiméireachta agus draenála a chur i gcrích 121 43.22.12.0 Oibreacha a bhaineann le córais téimh, aerála agus aerchóiriúcháin a chur i gcrích 122 43.22.20.0 Oibreacha a bhaineann le suiteálacha gáis a chur i gcrích 123 43.29.11.0 Obair inslithe 124 43.29.12.0 Sconsaí a shuiteáil 125 43.29.19.0 Oibreacha suiteála eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile 126 43.31.10.0 Oibreacha plástrála 127 43.32.10.0 Obair shuiteála le haghaidh na siúinéireachta 128 43.33.10.0 Oibreacha a bhaineann le hurláir a leagan agus le héadan a chur ar bhallaí 129 43.33.21.0 Oibreacha a bhaineann le terrazzo, marmar, eibhear nó slinn a leagan ar urláir agus ar bhallaí 130 43.33.29.0 Oibreacha eile a bhaineann le hurláir a leagan agus le ballaí (lena n-áirítear páipéar balla a chrochadh) nach n-aicmítear in áit ar bith eile 131 43.34.10.0 Oibreacha péinteála 132 43.34.20.0 Oibreacha déanta gloine 133 43.39.11.0 Oibreacha a bhaineann leis an maisiúchán 134 43.39.19.0 Oibreacha a bhaineann le hoibreacha críochnaithe eile a chur i gcrích nach n-aicmítear in áit ar bith eile 135 43.91.11.0 Oibreacha a bhaineann le struchtúir dín a thógáil 136 43.91.19.0 Oibreacha a bhaineann le hobair dín eile 137 43.99.10.0 Oibreacha a bhaineann le hinsliú taisdíonach agus uiscedhíonach a shuiteáil 138 43.99.20.0 Oibreacha a bhaineann le scafall a chóimeáil agus a dhíchóimeáil 139 43.99.30.0 Oibreacha a bhaineann le dúshraitheanna a thógáil, lena n-áirítear pílí a shá 140 43.99.40.0 Oibreacha coincréite 141 43.99.50.0 Oibreacha a bhaineann le struchtúir mhiotail a thógáil 142 43.99.60.0 Oibreacha a bhaineann le struchtúir bhríce agus chloiche a thógáil 143 43.99.70.0 Oibreacha a bhaineann le struchtúir réamhdhéanta a chóimeáil agus a thógáil 144 43.99.90.0 Oibreacha a bhaineann le hoibreacha speisialaithe eile a dhéanamh nach n-aicmítear in áit ar bith eile 145 45.31.1 Seirbhísí trádála le haghaidh páirteanna agus gabhálais mótarfheithiclí, seachas gluaisrothair 146 45.32.1 Seirbhísí trádála miondíola siopaí speisialaithe le haghaidh páirteanna agus gabhálais mótarfheithiclí, seachas gluaisrothair 147 45.32.2 Seirbhísí trádála miondíola eile le haghaidh páirteanna agus gabhálais mótarfheithiclí, seachas gluaisrothair 148 ex 45.40.10.0 Seirbhísí trádála mórdhíola gluaisrothar agus páirteanna gaolmhara agus gabhálas gaolmhar — go heisiach páirteanna agus gabhálais le haghaidh gluaisrothar a dhíol 149 ex 45.40.20.0 Seirbhísí trádála miondíola siopaí gluaisrothar agus páirteanna gaolmhara agus gabhálas gaolmhar — go heisiach páirteanna agus gabhálais le haghaidh gluaisrothar a dhíol 150 ex 45.40.30.0 Seirbhísí trádála miondíola eile le haghaidh gluaisrothar agus páirteanna gaolmhara agus gabhálais ghaolmhara — go heisiach páirteanna agus gabhálais le haghaidh gluaisrothar a mhiondíol.

Versions

  1. 2022-04-05