Gelex

Cinneadh (AE) 2022/61 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2022 maidir le ceapadh comhaltaí de Choiste na gCigirí Sinsearacha Saothair le haghaidh téarma nua oifige

In forceVersion 2022-01-14from 2022-01-01
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/61@2022-01-14/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh 95/319/CE ón gCoimisiún an 12 Iúil 1995 lena mbunaítear Coiste Cigirí Sinsearacha Saothair, agus go háirithe Airteagal 5 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) De bhun Airteagal 5(1) de Chinneadh 95/319/CE, lánchomhalta amháin in aghaidh an Bhallstáit a bheidh ar an gcoiste, agus féadfar comhalta malartach amháin a cheapadh i gcás gach lánchomhalta.

(2) De bhun Airteagal 5(2) den Chinneadh sin, tá an Coimisiún le lánchomhaltaí agus comhaltaí malartacha an Choiste a cheapadh ar thogra ón mBallstát.

(3) Foráiltear in Airteagal 5(3) den Chinneadh sin gur 3 bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Choiste agus gur féidir a gceapachán a athnuachan.

(4) Is ar an 31 Nollaig 2021 a thiocfaidh deireadh le téarma oifige reatha an Choiste.

(5) Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún comhaltaí an Choiste a cheapadh de réir na moltaí ó na Ballstáit go ceann tréimhse 3 bliana.

(6) Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Déanfar lánchomhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na gCigirí Sinsearacha Saothair a cheapadh go ceann tréimhse 3 bliana ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2024, de réir na hIarscríbhinne. Foilseofar liosta na gcomhaltaí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun críoch faisnéise.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Eanáir 2022. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

ANNEX

IARSCRÍBHINN

Ballstát Lánchomhalta Comhalta malartach An Bheilg Paul TOUSSEYN Maria-Cristina RIBAS Y RIBAS An Bhulgáir Tsvetomila FILIPOVA Irena DIMITROVA Poblacht na Seice Rudolf HAHN Pavel HEISIG An Danmhairg Sine FREDERIKSEN Annemarie KNUDSEN An Ghearmáin Kai-Michael SCHÄFER Helmut GOTTWALD An Eastóin Maret MARIPUU Silja SOON Éire Mark CULLEN Dermot O’BRIEN An Ghréig Chrysoula TOUFEKOULA Panagiota KATSAKIORI An Spáinn Héctor ILLUECA BALLESTER Gonzalo GIMÉNEZ COLOMA An Fhrainc Annaick LAURENT Imed BENTALEB An Chróit Miroslav BABIĆ gđa Božica BREŠKI DŽODAN An Iodáil Orazio PARISI Roberta FABRIZI An Chipir Anastassios YIANNAKI Aristodemos ECONOMIDES An Laitvia Renārs LŪSIS Linda MATISĀNE An Liotuáin Jonas GRICIUS Dalia LEGIENE Lucsamburg Marco BOLY Patrice FURLANI An Ungáir Péter NESZTINGER Nóra KISSNÉ PÁLMAI Málta Mark GAUCI Vincent ATTARD An Ísiltír Rits DE BOER Frances DIEPSTRATEN An Ostair Gertrud BREINDL Alexandra MARX An Pholainn Katarzyna ŁAŻEWSKA-HRYCKO Michal WYSZKOWSKI An Phortaingéil Maria Fernanda FERREIRA CAMPOS Nelson FERREIRA An Rómáin Dantes Nicolae BRATU Cristian Bogdan CĂLINA An tSlóivéin Jadranko GRLIC Slavko KRIŠTOFELC Poblacht na Slóvaice Hedviga MACHAYOVÁ Stanislav KRAJŇÁK An Fhionlainn Raimo ANTILA Arto TERONEN An tSualainn Håkan OLSSON Pia ZÄTTERSTRÖM

Versions

  1. 2022-01-14