Cinneadh (AE) 2022/781 ón gComhairle an 16 Bealtaine 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a chuimsítear i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/781@2022-05-16/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 15 Meitheamh 2018, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 maidir le cionroinnt na gcuótaí ráta taraife a áirítear i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.
(2) Tugadh an chaibidlíocht leis an Nua-Shéalainn i gcrích, agus cuireadh inisealacha leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (an Comhaontú) an 20 Nollaig 2021.
(3) Ba cheart an Comhaontú a shíniú,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Maidir le síniú an Chomhaontaithe thar ceann an Aontais idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a chuimsítear i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, údaraítear leis seo é, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin.
Airteagal 2 Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige (acu) an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.
Airteagal 3 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Bealtaine 2022. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán J. Borrell Fontelles