Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/788 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2022 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

In forceVersion 2022-05-16from 2022-06-09
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/788@2022-05-16/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(2) Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

(3) De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

(4) Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

(5) Níor thug an Coiste um an gCód Custaim tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

Airteagal 2 Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Bealtaine 2022. Thar ceann an Choimisiúin Gerassimos Thomas An tArd-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim

ANNEX

IARSCRÍBHINN

Tuairisc ar na hearraí Aicmiú (Cód AC) Cúiseanna (1) (2) (3) Cithfholcadán, i bhfoirm tráidire chothrom, atá déanta as meascán de mhianraí agus de phlaistigh agus as bratú seachtrach plaisteach bán. Tá na comhábhair seo a leanas sa táirge, de réir meáchain: Is as scealpóga marmair, as grianchloch nó as eibhear mionbhrúite atá na comhábhair mhianracha (carbónáit chailciam agus dé-ocsaíd sileacain) déanta. Is éard atá i gceist leis an bpróiseas táirgthe an comhábhar mianrach a mheascadh le hábhar plaisteach (roisín poileistir) ar dtús. Ansin, doirtear an meascán sin isteach i múnla, múnla ar a bhfuil líneáil den bhrat glóthaí poileistir, agus mar chéim dheiridh leasaítear an roisín poileistir. Féach an íomhá . 39221000 Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1, 3 (b) agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte agus le foclaíocht chóid AC 3922 agus 39221000. Ós rud é go gcumhdaíonn an bratú plaisteach dromchla inúsáidte an táirge, ní aithris ar chloch nádúrtha é an táirge. Dá bhrí sin, ní féidir é a mheas mar earra cloiche saorga faoi cheannteideal 6810 (féach freisin Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 6810, an tríú mír). Is é an t-ábhar plaisteach an comhábhar is tábhachtaí ó thaobh úsáid an táirge de. Tugann sé neart teanntachta, frithsheasmhacht in aghaidh ceimiceán agus neamh-thréscaoilteacht ar uisce don chithfholcadán, agus dá bhrí sin is é a thugann dó a shaintréith. Na mianraí atá sa chithfholcadán, feidhmíonn siad mar líonach. Dá thoradh sin, is faoi chód AC 39221000 mar chithfholcadán plaisteach atá an táirge le haicmiú.

cion 65 % de charbónáit chailciam;

cion 28 % de roisín poileistir;

cion 5 % de dhé-ocsaíd sileacain;

cion 2 % de bhrat glóthaí poileistir (dromchla seachtrach).

Versions

  1. 2022-05-16