Rialachán (AE) 2022/877 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/877@2022-06-03/ga
Contents
- Preamble
- Airteagal 1
- (1)
- Airteagal 1zb
- (2)
- ANNEX
- IARSCRÍBHINN I
- IARSCRÍBHINN V LIOSTA NA nDAOINE NADÚRTHA NÓ DLÍTHEANACHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 1e(7), 1f(7) AGUS 1fa(1)
- IARSCRÍBHINN II
- IARSCRÍBHINN XV LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1zb
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin,
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.
(2) Tugtar éifeacht le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 do na bearta dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES.
(3) Le Cinneadh (CBES) 2022/882 ón gComhairle, leathnaítear raon feidhme na smachtbhannaí chun na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 Márta 2022 a chur chun feidhme a thuilleadh tar éis rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha míleata doghlactha neamhdhleathach arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráine, arb é atá ann gníomh ionsaithe faoin dlí idirnáisiúnta.
(4) I bhfianaise thromchúis na staide, is gá bearta breise a dhéanamh. Le Cinneadh (CBES) 2022/882, leathnaíodh liosta na n-eintiteas atá faoi réir srianta maidir le húdaruithe le haghaidh díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide, agus earraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíochta na Bealarúise, nó le forbairt earnáil cosanta agus slándála na Bealarúise. Le Cinneadh (CBES) 2022/882, leathnaítear freisin liosta institiúidí creidmheasa na Bealarúise agus a bhfochuideachtaí Bealarúiseacha atá faoi réir bearta sriantacha maidir le soláthar seirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais.
(5) Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:
Airteagal 1
(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1zb:
(1)
Airteagal 1zb
1. Cuirfear toirmeasc ar sheirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais, a úsáidtear chun sonraí airgeadais a mhalartú, a sholáthar do na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn XV nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Bhealarúis a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn XV.
2. Maidir le gach duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear in Iarscríbhinn XV, beidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i mír 1 ón dáta a luaitear dó san Iarscríbhinn sin. Beidh feidhm ag an toirmeasc amhail ón dáta céanna sin maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Bhealarúis a bhfuil níos mó ná 50% dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn XV.;
(2) in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
(2)
1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann le pionóis, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, pionóis choiriúla, is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit foráil freisin maidir le bearta iomchuí chun fáltais sáruithe den sórt sin a choigistiú.;
(3) cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) 765/2006;
(4) cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (CE) 765/2006.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2022. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán C. Colonna
ANNEX
IARSCRÍBHINN I
IARSCRÍBHINN V LIOSTA NA nDAOINE NADÚRTHA NÓ DLÍTHEANACHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 1e(7), 1f(7) AGUS 1fa(1)
Aireacht Chosanta na Bealarúise 140 Repair Plant JSC 558 Aircraft Repair Plant JSC 2566 Radioelectronic Armament Repair Plant JSC AGAT - Control Systems - Managing Company of Geoinformation Control Systems Holding, JSC AGAT - Electromechanical Plant OJSC AGAT - SYSTEM ATE - Engineering LLC BelOMO Holding Belspetsvneshtechnika SFTUE Beltechexport CJSC BSVT-New Technologies Department of Internal Affairs of the Gomel Region Executive Committee Internal Troops of the Ministry of Internal Affairs of the Republic of Belarus KGB Alpha Kidma Tech OJSC Minotor-Service Minsk Wheeled Tractor Plant Oboronnye Initsiativy LLC OJS KB Radar Managing Company Peleng JSC State Authority for Military Industry of the Republic of Belarus State Security Committee of the Republic of Belarus Transaviaexport Airlines JSC Volatavto OJSC.
IARSCRÍBHINN II
IARSCRÍBHINN XV LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1zb
Ainm an duine dhlítheanaigh, an eintitis nó an chomhlachta Dáta cur i bhfeidhm Belagroprombank 20 Márta 2022 Bank Dabrabyt 20 Márta 2022 Development Bank of the Republic of Belarus 20 Márta 2022 Belinvestbank (Belarusian Bank for Development and Reconstruction) 14 Meitheamh 2022