Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/955 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin, Taleggio (STFC)

In forceVersion 2022-06-14from 2022-07-11
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/955@2022-06-14/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) I gcomhréir le hAirteagal 53(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na hIodáile ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint Taleggio atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún.

(2) Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin.

(3) Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm Taleggio (STFC) formheasta anois.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Meitheamh 2022. Thar ceann an Choimisiúin, Ar son an Uachtaráin, Janusz Wojciechowski Comhalta den Choimisiún

Versions

  1. 2022-06-14