Gelex

Cinneadh (AE) 2022/968 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 lena gceaptar beirt chomhaltaí den Chúirt Iniúchóirí

In forceVersion 2022-06-16
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/968@2022-06-16/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 286(2) de,

Ag féachaint do na tograí ó Phoblacht na Cipire agus ó Mhálta,

Ag féachaint do na tuairimí ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Rachaidh téarma oifige Leo BRINCAT in éag an 30 Meán Fómhair 2022.

(2) Rachaidh téarma oifige Lazaros LAZAROU in éag an 1 Samhain 2022.

(3) Ba cheart, dá bhrí sin, beirt chomhaltaí nua a cheapadh ar an gCúirt Iniúchóirí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí den Chúirt Iniúchóirí:

Lefteris CHRISTOFOROU, don tréimhse ón 2 Samhain 2022 go dtí an 1 Samhain 2028,

George Marius HYZLER, don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2028.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 16 Meitheamh 2022. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán O. Dussopt

Versions

  1. 2022-06-16