Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/984 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2022 maidir leis an gcoibhéis idir creat rialála Dhaon-Phoblacht na Síne i ndáil le contrapháirtithe lárnacha atá údaraithe chun díorthaigh thar an gcuntar a imréiteach sa mhargadh idirbhainc agus a ndéanann People’s Bank of China maoirseacht orthu, agus ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2022/984@2022-06-22/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála agus go háirithe Airteagal 25(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An nós imeachta maidir le haitheantas a thabhairt do chontrapháirtithe lárnacha (CPLanna) atá bunaithe i dtríú tíortha agus a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, is é is aidhm dó a cheadú do CPLanna, atá bunaithe agus údaraithe i dtríú tíortha a bhfuil a gcaighdeáin rialála coibhéiseach leo sin a leagtar síos sa Rialachán sin, seirbhísí imréitigh a sholáthar do chomhaltaí imréitigh nó d’ionaid trádála atá bunaithe san Aontas. Dá bhrí sin, leis an nós imeachta sin maidir le haitheantas a thabhairt agus leis na cinntí coibhéise dá bhforáiltear ann, rannchuidítear le haidhm uileghabhálach Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bhaint amach i ndáil leis an riosca sistéamach a laghdú, tríd an úsáid a bhaintear as CPLanna sábháilte fónta a leathnú chun conarthaí díorthach thar an gcuntar a imréiteach, lena n-áirítear i gcásanna ina bhfuil na CPLanna sin bunaithe agus údaraithe i dtríú tír.
(2) Chun go measfaí córas dlí tríú tír a bheith coibhéiseach le córas dlí an Aontais i leith CPLanna, ba cheart toradh substaintiúil na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta is infheidhme a bhaineann leis an gcóras dlí sin a bheith coibhéiseach le ceanglais an Aontais i leith na gcuspóirí rialála a bhaintear amach leis na ceanglais sin. Dá bhrí sin, is é is aidhm don mheasúnú coibhéise sin a fhíorú go n-áirithítear le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta Dhaon-Phoblacht na Síne nach ndéanfaidh na CPLanna atá bunaithe agus údaraithe sa tír sin chun díorthaigh thar an gcuntar a imréiteach sa mhargadh idirbhainc comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas a fhágáil neamhchosanta ar leibhéal riosca is airde ná an leibhéal ar a bhféadfadh na comhaltaí imréitigh agus na hionaid trádála sin a bheith neamhchosanta agus, dá bhrí sin, nach mbaineann leibhéil riosca shistéamaigh leo atá doghlactha san Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, na rioscaí i bhfad níos ísle a bhaineann le gníomhaíochtaí imréitigh a dhéantar i margadh airgeadais atá níos lú ná margadh airgeadais an Aontais a chur san áireamh go háirithe.
(3) In Airteagal 25(6), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, tá trí choinníoll is gá a chomhlíonadh chun a chinneadh go bhfuil na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta atá ag tríú tír maidir le CPLanna atá údaraithe inti coibhéiseach leis na socruithe sin a leagtar síos sa Rialachán sin.
(4) De réir Airteagal 25(6), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní mór do CPLanna atá údaraithe i dtríú tír ceanglais a chomhlíonadh atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV den Rialachán sin.
(5) Cumhdaítear leis an gCinneadh seo an córas rialála agus maoirseachta is infheidhme maidir le CPLanna atá údaraithe ag People’s Bank of China chun díorthaigh thar an gcuntar a imréiteach sa mhargadh idirbhainc. Tá People’s Bank of China freagrach as údarú agus maoirsiú CPLanna a sholáthraíonn imréiteach lárnach idirbheart díorthach thar an gcuntar ar mhargadh idirbhainc na Síne. I nDaon-Phoblacht na Síne, sainmhínítear idirbhearta idirbhainc díorthach thar an gcuntar mar idirbhearta idir infheisteoirí institiúideacha a bhaineann le conarthaí díorthach nach dtrádáiltear ar mhalartán arna mhaoirsiú ag Coimisiún Rialála Urrús na Síne (CSRC). Is é atá i margaí idirbhainc na Síne go príomha an margadh bannaí idirbhainc, an margadh iasachta idirbhainc agus an margadh malairte eachtraí idirbhainc. Áirítear le margaí idirbhainc na ndíorthach thar an gcuntar díorthaigh ráta úis, díorthaigh ráta malairte, díorthaigh bannaí, díorthaigh chreidmheasa agus díorthaigh tráchtearraí. Na conarthaí díorthach a thagann faoi inniúlacht People’s Bank of China, comhfhreagraíonn siad d’fhothacar conarthaí díorthach a chumhdaítear leis na forálacha is infheidhme maidir le CPLannna a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
(6) Ní chumhdaítear leis an gCinneadh seo an córas rialála agus maoirseachta is infheidhme maidir le CPLanna a imréitíonn díorthaigh ar mhalartán a ndéanann CSRC maoirseacht air i gcomhréir le Caibidil V de Dhlí Urrús Dhaon-Phoblacht na Síne, le Caibidil II den Rialachán maidir le Trádáil Todhchaíochtaí a Riar agus le Dlí Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Todhchaíochtaí agus Díorthaigh.
(7) Is é atá i gceanglais Dhaon-Phoblacht na Síne atá ceangailteach ó thaobh dlí le haghaidh CPLanna atá údaraithe ag People’s Bank of China, Dlí Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le People’s Bank of China (an Dlí maidir le People’s Bank of China) agus rialacháin fho-ordaithe, lena leagtar amach na hoibleagáidí dlíthiúla nach mór do CPLanna atá bunaithe agus údaraithe i nDaon-Phoblacht na Síne a chomhlíonadh. Go háirithe, de réir Fhógra 2013 ó Oifig Ghinearálta Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Cúrsaí a bhaineann le Cur Chun Feidhme Prionsabal le haghaidh Bhonneagair an Mhargaidh Airgeadais, ceanglaítear ar CPLanna údaraithe na caighdeáin idirnáisiúnta a leagtar amach faoi na Prionsabail le haghaidh Bhonneagair an Mhargaidh Airgeadais (PFMIanna) a d’eisigh an Coiste um Íocaíochtaí agus um Bonneagar Margaidh agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús i mí Aibreáin 2012 a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme.
(8) Leis na croíphrionsabail le haghaidh CPLanna a leagtar amach sna rialacha is infheidhme i nDaon-Phoblacht na Síne, leagtar síos caighdeáin ardleibhéil nach mór do CPLanna a chomhlíonadh chun bheith údaraithe chun seirbhísí imréitigh a sholáthar sa tSín. De bhun na bprionsabal sin, ní mór do CPLanna na Prionsabail le haghaidh Bhonneagair an Mhargaidh Airgeadais a chomhlíonadh, socruithe rialachais a bheith acu atá soiléir agus trédhearcach, sábháilteacht agus éifeachtúlacht bhonneagair an mhargaidh airgeadais a chur chun cinn, agus tacú le cobhsaíocht an chórais airgeadais i gcoitinne. Féadfaidh People’s Bank of China ceanglais shonracha a fhorchur ar CPLanna freisin, go háirithe maidir le sásraí rialaithe inmheánaigh agus córais bainistithe riosca.
(9) Tá CPLanna údaraithe faoi réir mhaoirseacht leanúnach People’s Bank of China. Ní mór do CPLanna údaraithe fógra a thabhairt do People’s Bank of China faoi aon leasú ar na rialacha maidir le CPLanna agus faoi aon ní suntasach, lena n-áirítear athruithe ar an réimse gnó agus ar sheoladh seirbhísí nua, aon athrú ar an rialú bainistithe riosca agus ar phleananna éigeandála, aon leasú ar na hairteagail chomhlachais, ar nósanna imeachta inmheánacha agus ar bheartais inmheánacha, agus aon chumasc agus aon éadáil. Ní mór do People’s Bank of China aon leasú nó aon ní suntasach den sórt sin a fhormheas.
(10) Dá bhrí sin, is struchtúr dhá shraith atá sna ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí i nDaon-Phoblacht na Síne le haghaidh CPLanna atá faoi mhaoirseacht People’s Bank of China. Is é atá sa chéad sraith an Dlí maidir le People’s Bank of China agus na rialacháin fho-ordaithe a ghabhann leis, lena leagtar amach na caighdeáin ardleibhéil, lena n-áirítear cur i bhfeidhm na bPrionsabal le haghaidh Bhonneagair an Mhargaidh Airgeadais, nach mór do CPLanna iad a chomhlíonadh. Is é atá sa dara sraith na rialacha agus na nósanna imeachta lena gceanglaítear ar CPLanna údaraithe aon leasú ar a réimse seirbhísí agus ar a rialacha gnó, lena n-áirítear rialacha bainistithe riosca agus rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha, a chur faoi bhráid People’s Bank of China lena bhformheas.
(11) Leis an measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta is infheidhme maidir le CPLanna tá bunaithe i nDaon-Phoblacht na Síne atá faoi mhaoirseacht People’s Bank of China coibhéiseach le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an Aontais, ba cheart a chur san áireamh freisin an toradh maolaithe riosca a áirithítear leis na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta sin i dtéarmaí an leibhéil riosca a bhfágtar comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas neamhchosanta air de bharr a rannpháirtíochta sna heintitis sin. Cinntear an toradh maolaithe riosca de réir an leibhéil riosca a bhaineann go dlúth leis na gníomhaíochtaí imréitigh a dhéanann na CPLanna lena mbaineann, ar leibhéal riosca é atá ag brath ar mhéid an mhargaidh airgeadais ina n-oibríonn sé, agus de réir oiriúnacht na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta is infheidhme maidir le CPLanna chun an leibhéal riosca sin a mhaolú. Chun an toradh maolaithe riosca céanna bhaint amach, tá gá le ceanglais maolaithe riosca atá níos déine le haghaidh CPLanna a dhéanann a gcuid gníomhaíochtaí i margaí airgeadais atá níos mó agus ar airde an leibhéal riosca a bhaineann leo ná mar atá sé i gcás CPLanna a dhéanann a gcuid gníomhaíochtaí i margaí airgeadais atá níos lú agus ar ísle an leibhéal riosca a bhaineann leo.
(12) Na margaí airgeadais ina ndéanann CPLanna atá údaraithe sa mhargadh idirbhainc i nDaon-Phoblacht na Síne a ngníomhaíochtaí imréitigh, tá siad i bhfad níos lú ná an margadh ina ndéanann CPLanna atá bunaithe san Aontas a ngníomhaíochtaí imréitigh. Go háirithe, le 3 bliana anuas, níos lú ná 1 % de luach iomlán na n-idirbheart díorthach a imréitíodh san Aontas a bhí i luach iomlán na n-idirbheart díorthach a imréitíodh in CPLanna a ndéanann People’s Bank of China maoirseacht orthu. Dá bhrí sin, mar thoradh ar a bheith rannpháirteach in CPLanna den sórt sin, fágtar comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas neamhchosanta ar rioscaí atá i bhfad níos ísle ná na rioscaí a bhaineann le bheith rannpháirteach in CPLanna atá údaraithe san Aontas.
(13) Dá bhrí sin, na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta is infheidhme maidir le CPLanna atá bunaithe i nDaon-Phoblacht na Síne atá faoi mhaoirseacht People’s Bank of China, ba cheart a mheas go bhfuil siad coibhéiseach le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an Aontais i gcás ina bhfuil na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta sin iomchuí chun an leibhéal riosca níos ísle sin a mhaolú. Leis na rialacha príomhúla is infheidhme maidir le CPLanna atá údaraithe ag People’s Bank of China, lena n-áirítear an oibleagáid a fhorchuirtear ar CPLanna na Prionsabail le haghaidh Bhonneagair an Mhargaidh Airgeadais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, maolaítear an leibhéal riosca níos ísle atá sa mhargadh lena mbaineann agus baintear toradh maolaithe riosca amach atá coibhéiseach leis an toradh a shaothraítear le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
(14) Dá bhrí sin, is é conclúid an Choimisiúin go n-áirithítear le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta Dhaon-Phoblacht na Síne go gcomhlíonfaidh CPLanna atá údaraithe ag People’s Bank of China ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
(15) De réir Airteagal 25(6), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, tá na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta atá ag tríú tír i leith CPLanna atá údaraithe sa tír sin le foráil a dhéanamh maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach i ndáil le CPLanna ar bhonn leanúnach.
(16) Tá People’s Bank of China freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chontrapháirtí lárnach údaraithe sa mhargadh idirbhainc agus tá baint aige le bainistíocht laethúil na gcontrapháirtithe lárnacha a ndéanann sé maoirseacht orthu. Tá cumhachtaí cuimsitheacha ag People’s Bank of China chun CPL údaraithe a rialú agus pionóis a ghearradh air, lena n-áirítear an chumhacht chun cigireachtaí ar an láthair agus lasmuigh den láthair a dhéanamh, chun a iarraidh ar CPL údaraithe ceartúcháin a dhéanamh, chun rabhaidh a eisiúint, chun gnóthachain neamhdhleathacha a choigistiú, chun pionóis a fhorchur ar CPL, agus chun rabhadh a thabhairt do stiúrthóirí an chontrapháirtí lárnaigh, d’fheidhmeannaigh shinsearacha an chontrapháirtí lárnaigh agus d’fhostaithe eile atá faoi dhliteanas díreach mar aon le fíneáil a ghearradh orthu.
(17) Dá bhrí sin, is é conclúid an Choimisiúin go bhfuil CPLanna atá údaraithe ag People’s Bank of China agus a ndéanann People’s Bank of China maoirseacht orthu faoi réir maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach.
(18) De réir Airteagal 25(6), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní mór córas coibhéiseach éifeachtach a áireamh sna socruithe dlíthiúla agus maoirseachta atá ag tríú tír chun aitheantas a thabhairt do CPLanna atá údaruithe faoi chórais dlí tríú tír (CPLanna tríú tír).
(19) De réir Airteagail 4(1)(9) agus 32(8) den Dlí maidir le People’s Bank of China, tá People’s Bank of China freagrach as gnáthoibriú córas imréitigh a choinneáil ar bun agus tá sé de chumhacht aige na rialacha agus na rialacháin a chur chun feidhme maidir leis an gcóras imréitigh. CPLanna atá bunaithe lasmuigh de Dhaon-Phoblacht na Síne agus ar mian leo ionstraimí airgeadais a imréiteach le haghaidh bainc thráchtála atá bunaithe i nDaon-Phoblacht na Síne, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar litir neamhagóide , ar litir í is féidir le People’s Bank of China a dheonú ar bhonn ad-hoc laistigh dá inniúlachtaí. Níl aon fhaisnéis ag an gCoimisiún lena dtugtar le fios go ndéanfadh People’s Bank of China a chumhachtaí lánroghnacha a fheidhmiú go míchuí. Is féidir le People’s Bank of China na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta is infheidhme maidir le CPLanna tríú tír ina ndlínse baile a chur san áireamh. Oibríonn People’s Bank of China i gcomhar le maoirseoirí agus formhaoirseoirí CPLanna tríú tír agus faoi Fhreagracht E de na Prionsabail le haghaidh Bhonneagair a Mhargaidh Airgeadais. Thairis sin, le Riail Choimisiún Rialála Baincéireachta agus Árachais na Síne (CBIRC) maidir le Caipiteal le haghaidh Neamhchosaint CPLanna ar Riosca, ceadaítear do CBIRC contrapháirtithe lárnacha tríú tír a aithint mar CPLanna cáilitheacha, rud a fhágann gur féidir le bainc thráchtála na Síne ualuithe riosca níos ísle a chur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí ar CPLanna tríú tír den sórt sin.
(20) Dá bhrí sin, is é conclúid an Choimisiúin go ndéanann socruithe dlíthiúla agus maoirseachta Dhaon-Phoblacht na Síne le haghaidh CPLanna faoi mhaoirseacht People’s Bank of China foráil maidir le córas coibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt do CPLanna tríú tír.
(21) Dá bhrí sin, ba cheart a mheas go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 25(6), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta Dhaon-Phoblacht na Síne, agus ba cheart a mheas go bhfuil siad coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Tá an Cinneadh seo bunaithe ar na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta is infheidhme maidir le CPLanna atá údaraithe ag People’s Bank of China chun díorthaigh thar an gcuntar a imréiteach tráth a ghlacfar an cinneadh seo. Leanfaidh an Coimisiún agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí d’fhaireachán a dhéanamh go tráthrialta ar éabhlóid an chreata dhlíthiúil agus maoirseachta is infheidhme maidir le CPLanna i nDaon-Phoblacht na Síne agus ar chomhlíonadh na gcoinníollacha arb iad is bonn do ghlacadh an Chinnidh seo.
(22) Gach 3 bliana ar a laghad, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na forais ar ar a mbonn a mheastar socruithe dlíthiúla agus maoirseachta Dhaon-Phoblacht na Síne a bheith coibhéiseach le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an Aontais, lena n-áirítear na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta is infheidhme maidir le CPLanna atá faoi mhaoirseacht People’s Bank of China. Beidh athbhreithnithe rialta den sórt sin gan dochar do chumhacht an Choimisiúin athbhreithniú sonrach a dhéanamh tráth ar bith i gcás inar gá don Choimisiún, de bharr forbairtí ábhartha, athmheasúnú a dhéanamh ar an gcoibhéis idir na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta sin agus socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an Aontais. Féadfaidh an Coimisiún, i bhfianaise thorthaí na n-athbhreithnithe sin, cinneadh a dhéanamh an Cinneadh seo a leasú nó a aisghairm tráth ar bith, go háirithe i gcás ina ndéanfaidh na forbairtí rialála agus maoirseachta i nDaon-Phoblacht na Síne difear do na coinníollacha arb iad is bonn do ghlacadh an Chinnidh seo.
(23) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste Eorpaigh um Urrúis,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Chun críocha Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, socruithe dlíthiúla agus maoirseachta Dhaon-Phoblacht na Síne lena gcuimsítear Dlí Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le People’s Bank of China agus na rialacháin fho-ordaithe a ghabhann leis, ar socruithe dlíthiúla agus maoirseachta iad is infheidhme maidir le contrapháirtithe lárnacha atá údaraithe ag People’s Bank of China chun díorthaigh thar an gcuntar a imréiteach sa mhargadh idirbhainc, measfar iad a bheith coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
Airteagal 2 Faoin 22 Meitheamh 2025 agus, gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na forais ar a raibh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 1 bunaithe.
Airteagal 3 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Meitheamh 2022. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen