Cinneadh (AE) 2023/1034 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2023 maidir le togra a thíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine a leasú, ag féachaint don 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/1034@2023-05-22/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Thug an tAontas an Coinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (an Coinbhinsiún) i gcrích le Cinneadh 82/461/CEE ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Samhain 1983.
(2) De bhun Airteagal XI den Choinbhinsiún, is féidir le Comhdháil na bPáirtithe leis an gCoinbhinsiún (Comhdháil na bPáirtithe) leasuithe a ghlacadh ar Fhoscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.
(3) Féadfaidh Comhdháil na bPáirtithe, le linn an 14ú cruinniú idir an 23 agus an 28 Deireadh Fómhair 2023, leasuithe den sórt sin a ghlacadh. Chuir Rúnaíocht an Choinbhinsiúin na Páirtithe sa Choinbhinsiún ar an eolas go bhfuil aon togra le haghaidh leasú le cur in iúl, i gcomhréir le hAirteagal XI(3) den Choinbhinsiún, faoin 26 Bealtaine 2023. Féadfaidh an tAontas, ós rud é gur Páirtí sa Choinbhinsiún é, tograí den sórt sin a dhéanamh.
(4) Bheadh sé fónta ó thaobh na heolaíochta de muc mhara Cheartlimistéar Mhuir Bhailt, Phocoena phocoena (pobal Cheartlimistéar Mhuir Bhailt amháin), a áireamh i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún i bhfianaise a stádais chaomhantais mar speiceas i mBaol Criticiúil, agus i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus le tiomantas an Aontais don chomhar idirnáisiúnta ar son chosaint na bithéagsúlachta.
(5) Ba cheart don Aontas togra den sórt sin a thíolacadh chun Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú. Ba cheart don Choimisiún an togra sin a chur in iúl do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ag féachaint don 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine, tíolacfaidh an Aontais togra le haghaidh leasú ar Fhoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún chun muc mhara Cheartlimistéar Mhuir Bhailt, Phocoena phocoena, (pobal Cheartlimistéar Mhuir Bhailt amháin) a áireamh.
2. Cuirfidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, an togra dá dtagraítear i mír 1 in iúl do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2023. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán E. Busch