Cinneadh (AE) 2023/1051 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2023 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/1754 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/1051@2023-05-22/ga
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207, i gcomhar le hAirteagal 218(6), pointe (a), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Is conradh a riarann an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI) é Comhaontú Liospóin maidir le Sonrúcháin Tionscnaimh a Chosaint agus maidir lena gClárú go hIdirnáisiúnta an 31 Deireadh Fómhair 1958(Comhaontú Liospóin). Le Comhaontú Liospóin, cruthaítear aontas speisialta (an tAontas Speisialta) faoi chuimsiú Aontas Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint. Tá sé ar oscailt do pháirtithe i gCoinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint, a síníodh i bPáras, an 20 Márta 1883. Tá a pháirtithe conarthacha (na páirtithe) le cosaint a thabhairt ar a gcríocha féin do shonrúcháin tionscnaimh táirgí de chuid na bpáirtithe conarthacha eile a aithnítear agus a chosnaítear amhlaidh ina dtír tionscnaimh agus a chláraítear sa Bhiúró Idirnáisiúnta EDMI, ach amháin má dhearbhaíonn na páirtithe laistigh de thréimhse bliana ón bhfógra clárúcháin a fháil nach féidir leo an cosaint a áirithiú.
(2) Tá seacht mBallstát ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin, eadhon an Bhulgáir, an Fhrainc, an Iodáil, an Phortaingéil, an tSeicia, an tSlóvaic agus an Ungáir. Ní páirtí é an tAontas féin i gComhaontú Liospóin toisc nach féidir ach le tíortha aontú don Chomhaontú sin.
(3) Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar Chomhaontú Liospóin, an 20 Bealtaine 2015 ghlac Comhdháil Taidhleoireachta EDMI Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (Ionstraim na Ginéive). Le hIonstraim na Ginéive, déantar an chosaint ar shonrúcháin tionscnaimh a leathnú chun tásca geografacha uile a chumhdach agus ceadaítear d’eagraíochtaí idir-rialtasacha a bheith ina bpáirtithe inti.
(4) Ina breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2017, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt) go bhfuil caibidlíocht Ionstraim na Ginéive faoi réim na hinniúlachta eisiaiche a thugtar don Aontas Eorpach le hAirteagal 3(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i réimse an chomhbheartais tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 207(1) CFAE.
(5) An 27 Iúil 2018, rinne an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le haontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive ar bhonn Airteagal 207 agus Airteagal 218(6), pointe (a), de CFAE. I bhfianaise inniúlacht eisiach an Aontais a mhéid a bhaineann le hIonstraim na Ginéive a chaibidliú, foráladh leis an togra sin gurb é an tAontas Eorpach amháin a d’aontódh don Ionstraim sin.
(6) An 7 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle d’aon toil Cinneadh (AE) 2019/1754 maidir le haontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive i gcomhréir le hAirteagal 293(1) CFAE. Le hAirteagal 3 de Chinneadh (AE) 2019/1754 foráiltear go n-údaraítear do na Ballstáit ar mian leo déanamh amhlaidh, Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di, de réir mar is iomchuí, taobh leis an Aontas, chun leas an Aontais agus lánurraim á tabhairt dá inniúlacht eisiach. Foráiltear le hAirteagal 4 de Chinneadh(AE), 2019/1754 go ndéanfaidh, san Aontas Speisialta, an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais agus aon Bhallstáit a dhaingníonn Ionstraim na Ginéive nó a aontaíonn di i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 4 de Chinneadh (AE) 2019/1754 go bhfuil an tAontas freagrach as feidhmiú chearta agus comhlíonadh oibleagáidí an Aontais agus na mBallstát a dhaingneoidh Ionstraim na Ginéive nó a aontóidh di a áirithiú.
(7) I ráiteas a cuireadh isteach i miontuairiscí na Comhairle a bhaineann le Cinneadh (AE) 2019/1754 a ghlacadh, chuir an Coimisiún i gcoinne na féidearthachta go bhféadfaí na Ballstáit uile ar mian leo déanamh amhlaidh a údarú chun Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di taobh leis an Aontas. Dúirt an Coimisiún freisin, áfach, go mbeadh sé toilteanach a chomhaontú go bhféadfadh na seacht mBallstát ar páirtithe iad cheana féin i gComhaontú Liospóin agus a raibh líon mór cearta maoine intleachtúla cláraithe acu faoin gComhaontú sin a údarú chun aontú d’Ionstraim na Ginéive chun leas an Aontais Eorpaigh.
(8) Tháinig Ionstraim na Ginéive i bhfeidhm an 26 Feabhra 2020, trí mhí tar éis don Aontas a ionstraim aontachais a thaisceadh, rud a fhágann gurb ann do na cúig pháirtí is gá.
(9) An 17 Eanáir 2020, thug an Coimisiún caingean faoi Airteagal 263 CFAE lena n-iarrtar neamhniú páirteach Chinneadh (AE) 2019/1754 ar na forais go ndearnadh sárú ar Airteagal 218(6) agus Airteagal 293(1) CFAE, ar an bprionsabal tabhartha cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 13(2) CAE, ar phrionsabal na cothromaíochta institiúidí agus ar cheart tionscnaimh an Choimisiúin, agus, mar mhalairt air sin, ar na forais gur sáraíodh Airteagal 2(1) agus Airteagal 207 CFAE agus an dualgas cúiseanna a lua.
(10) D’iarr an Coimisiún ar an gCúirt Cinneadh (AE) 2019/1754 a neamhniú, a mhéid go n-údaraíonn an Cinneadh sin do na Ballstáit uile aontú d’Ionstraim na Ginéive. Mar sin féin, d’iarr an Coimisiún ar an gCúirt freisin éifeachtaí na gcodanna sin den Chinneadh sin a d’iarr sé a chur ar neamhní a choimeád, go háirithe aon úsáid a bhaintear as an údarú a deonaíodh chun aontú d’Ionstraim na Ginéive, arna chur chun feidhme roimh dháta an bhreithiúnais ag na seacht mBallstát atá ina bpáirtithe cheana i gComhaontú Liospóin. Chuir an Coimisiún in iúl go bhféadfadh sé, go heisceachtúil, glacadh le comhréiteach trína n-aontódh na seacht mBallstát atá ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin d’Ionstraim na Ginéive chun fadhbanna a bhaineann le leanúnachas na gceart a sheachaint.
(11) Sa breithiúnas uaithi an 22 Samhain 2022, rinne an Chúirt Airteagal 3 a neamhniú agus, sa mhéid go bhfuil tagairtí ann do na Ballstáit, rinne sí Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2019/1754 a neamhniú freisin.
(12) Sa breithiúnas uaithi an 22 Samhain 2022,d’admhaigh an Chúirt freisin, an gá le sinsearacht agus leanúnachas na cosanta ar shonrúcháin tionscnaimh a cláraíodh faoi Chomhaontú Liospóin a chaomhnú sna seacht mBallstát a bhí ina bpáirtithe cheana féin sa Chomhaontú sin, go háirithe, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis idir an tAontas agus na Ballstáit mar a leagtar amach in Airteagal 4(3) CAE, chun cearta faighte a eascraíonn as na cláruithe náisiúnta sin a chosaint. Ar an gcaoi sin, dhearbhaigh an Chúirt gur cheart éifeachtaí na gcodanna neamhnithe de Chinneadh (AE) 2019/1754 a choimeád i gcás na mBallstát a bhain leas as an údarú chun Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di go dtí go dtiocfaidh cinneadh nua ón gComhairle i bhfeidhm laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná 6 mhí ó dháta fógartha an bhreithiúnais.
(13) I bhfianaise inniúlacht eisiach an Aontais agus i bhfianaise na féidearthachta atá ag an Aontas aontú d’Ionstraim na Ginéive, ní féidir údarú a thabhairt do na Ballstáit, ach amháin in imthosca áirithe atá sonrach agus a bhfuil bonn cirt cuí leo, chun leas an Aontais, aontú, taobh leis an Aontas.
(14) Foráiltear le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle forálacha idirthréimhseacha do shonrúcháin tionscnaimh ar de thionscnamh Ballstát iad agus atá cláraithe cheana faoi Chomhaontú Liospóin. Ar bhonn na bhforálacha sin, thug na seacht mBallstát atá ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin fógra don Choimisiún faoin 14 Samhain 2022 gur roghnaigh siad an clárú idirnáisiúnta faoi Ionstraim na Ginéive maidir le sonrúcháin tionscnaimh atá cláraithe cheana féin faoi Chomhaontú Liospóin a iarraidh.
(15) I bhfianaise na n-imthosca sonracha sin, is iomchuí Cinneadh (AE) 2019/1754 a leasú chun údarás a thabhairt, agus lánurraim á tabhairt d’inniúlacht eisiach an Aontais, do na seacht mBallstát a bhí ina bpáirtithe de Chomhaontú Liospóin sular tháinig Ionstraim na Ginéive i bhfeidhm chun Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di freisin, a mhéid is a bhfuil fíorghá leis chun sinsearacht agus leanúnachas chosaint na sonrúchán tionscnaimh atá cláraithe cheana féin ag na Ballstáit sin faoi Chomhaontú Liospóin a chaomhnú, chun leas an Aontais.
(16) Dá bhrí sin ba cheart Cinneadh (AE) 2019/1754 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasuithe ar Chinneadh (AE) 2019/1754
Leasaítear Cinneadh (AE) 2019/1754 mar a leanas:
(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: Údaraítear leis seo do na Ballstáit a bhí ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin an 26 Feabhra 2020, eadhon an Bhulgáir, an tSeicia, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, an Phortaingéil agus an tSlóvaic, agus lánurraim á tabhairt d’inniúlacht eisiach an Aontais, Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú di, taobh leis an Aontas, a mhéid is fíorghá a n-aontachas chun sinsearacht agus leanúnachas chosaint na sonrúchán tionscnaimh a chláraigh na Ballstáit sin cheana féin faoi Chomhaontú Liospóin a chaomhnú, chun leas an Aontais, agus chun na hoibleagáidí dá bhforáiltear le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh.
(2) in Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: San Aontas Speisialta, déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht ar an Aontas agus ar na Ballstáit sin a dhaingnigh Ionstraim na Ginéive nó a d’aontaigh di de bhun Airteagal 3 den Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 17(1) CAE. Beidh an tAontas freagrach as feidhmiú chearta agus comhlíonadh oibleagáidí an Aontais de bhun Airteagal 3 den Chinneadh seo a áirithiú..
Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2023. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán E. Busch