Gelex

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/117 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2023 maidir le ceanglais an leibhéil seirbhíse le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá le déanamh ag eu-LISA i dtaca leis an gcóras e-CODEX (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2023-01-13from 2023-02-06
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/117@2023-01-13/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX
  3. 2.2.1.2.2.
  4. 3.
  5. 3.1.3.1.1.3.1.2.3.1.3.3.1.4.3.1.5.3.1.6.3.1.7.3.1.8.3.1.9.3.1.10.3.1.11.3.1.12.3.1.13.
  6. 3.2.3.2.1.3.2.2.3.2.3.3.2.4.
  7. 5.
  8. 6.
  9. 8.
  10. 8.2.

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus choiriúla (an córas e-CODEX), agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726, agus go háirithe Airteagal 6(1), pointe (b), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Is gá ceanglais an leibhéil seirbhíse a shainiú le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá le déanamh ag eu-LISA i dtaca leis an gcóras e-CODEX agus sonraíochtaí teicniúla eile is gá le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear líon na gcomhfhreagraithe e-CODEX.

(2) Ba cheart na cúraimí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/850 a chumhdach le ceanglais an leibhéal seirbhíse le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá le déanamh ag eu-LISA i dtaca leis an gcóras e-CODEX.

(3) Is duine nádúrtha é comhfhreagraí e-CODEX, arna ainmniú ag Ballstát nó ag an gCoimisiún, ar féidir leis tacaíocht theicniúil a iarraidh agus a fháil ó eu-LISA maidir le comhpháirteanna uile an chórais e-CODEX.

(4) Ba cheart líon na gcomhfhreagraithe e-CODEX sna Ballstáit agus sa Choimisiún a chinneadh i gcomhréir le líon na bpointí rochtana údaraithe e-CODEX agus le líon na gcaighdeán nós imeachta digiteach a chuireann siad i bhfeidhm.

(5) I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní raibh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2022/850 agus, dá bhrí sin, níl sí faoi cheangal an Chinnidh seo ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(6) I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, ní raibh Éire rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2022/850 agus, dá bhrí sin, níl sí faoi cheangal an Chinnidh seo ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(7) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus thug sé tuairim uaidh an 24 Samhain 2022.

(8) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2022/850,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leagfar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo ceanglais an leibhéil seirbhíse le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá le déanamh eu-LISA dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2022/850 agus sonraíochtaí teicniúla eile is gá le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin.

Airteagal 2 Leagfar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo líon na gcomhfhreagraithe e-CODEX dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/850.

Airteagal 3 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Eanáir 2023. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

ANNEX

IARSCRÍBHINN Ceanglais an leibhéil seirbhíse le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá le déanamh ag eu-LISA i dtaca leis an gcóras e-CODEX

1. RÉAMHRÁ Leis an Iarscríbhinn seo leagtar amach ceanglais an leibhéil seirbhíse le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá le déanamh ag eu-LISA dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2022/850 agus sonraíochtaí teicniúla eile is gá le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear líon na gcomhfhreagraithe e-CODEX. I ndáil leis an méid sin, tá sé de chuspóir ag na gníomhaíochtaí uile soláthar seirbhísí costéifeachtacha ardcháilíochta a ráthú is gá chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach an chórais e-CODEX agus a rialachas a áirithiú. Chun na críche sin, sainítear san Iarscríbhinn seo na táscairí a úsáidfear chun cáilíocht na seirbhísí a sholáthraítear agus na spriocleibhéil íosta atá le baint amach a thomhas. Sonraítear san Iarscríbhinn seo freisin líon na gcomhfhreagraithe e-CODEX atá i dteideal tacaíocht theicniúil a iarraidh agus a fháil ó eu-LISA.

2.2.1.2.2. SAINMHÍNITHE Tá feidhm ag sainmhínithe agus comhdhéanamh an chórais e-CODEX a leagtar síos in Airteagail 3 agus 5 de Rialachán (AE) 2022/850 agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis. Chun críche na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

2.2.1.2.2.

(a) ciallaíonn leagan amach phacáiste e-CODEX dá dtugtar tacaíocht an teaglaim idir leaganacha den nascóir agus leaganacha den tairseach a tástáladh agus a mhol eu-LISA chun pointe rochtana a fheidhmiú i gceart;

(b) ciallaíonn laethanta oibre gnáthlaethanta oibre d’institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh, gan laethanta saoire poiblí a áireamh, mar a shocraítear do gach bliain féilire de bhun Airteagal 61 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle;

(c) ciallaíonn uaireanta gnó uaireanta oibre ar laethanta oibre idir 09:00 — 17:00 (EET/EEST);

(d) ciallaíonn BSTF nó Bainistiú na Seirbhísí TF na gníomhaíochtaí a dhéanann eu-LISA chun seirbhísí teicneolaíochta faisnéise (TF) a dhearadh, a thógáil, a sholáthar, a oibriú agus a rialú;

(e) ciallaíonn Plean Leanúnachais Gnó an próiseas trína gcruthaítear córais chun bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do e-CODEX a chosc agus chun teacht slán ó na bagairtí sin. Chomh maith le bagairtí a chosc, is é an sprioc atá le Plean Leanúnachais Gnó go bhféadfaí oibríochtaí leanúnacha a chur i gcrích roimh thubaiste agus le linn tubaiste;

(f) ciallaíonn próiseas bainistithe éilimh próiseas arb é is aidhm dó a áirithiú go ndéantar na hiarrataí ar athrú a thaifeadadh, a mheasúnú agus, má fhormheastar iad, go ndéanfar ceanglais astu a bheidh le láimhseáil a thuilleadh le táirge rialaithe, le clár nó le próiseas bainistithe tionscadal in eu-LISA;

(g) ciallaíonn próiseas bainistithe athruithe oibríochtúla próiseas arb é is aidhm dó cur i bhfeidhm na n-athruithe teicniúla oibríochtúla a éascú, ar bhealach rialaithe agus le rioscaí teoranta inghlactha, an breisluach a uasmhéadú, agus suaitheadh agus athobair a laghdú nó a sheachaint;

(h) ciallaíonn eisiúint braisle athruithe nua agus/nó nuashonraithe, a rinneadh a thástáil agus a fhormheas ar dtús;

(i) ciallaíonn próiseas bainistithe eisiúna próiseas arb é is aidhm dó bealach struchtúrtha a sholáthar chun eisiúintí nua a sholáthar, lena gcumhdaítear an sainmhíniú agus an comhaontú maidir le pleananna eisiúna agus cur in úsáid agus lena n-áirithítear go mbeidh i ngach pacáiste eisiúna sraith de shócmhainní gaolmhara agus de chomhpháirteanna seirbhíse gaolmhara atá comhoiriúnach dá chéile.

3. CÚRAIMÍ eu-LISA

3.

3.1.3.1.1.3.1.2.3.1.3.3.1.4.3.1.5.3.1.6.3.1.7.3.1.8.3.1.9.3.1.10.3.1.11.3.1.12.3.1.13.

Cúraimí eu-LISA faoi Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2022/850 Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2022/850 (fabhtanna a fhorbairt, a choinneáil ar bun, a réiteach agus a nuashonrú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le slándáil, táirgí bogearraí agus sócmhainní eile agus iad a dháileadh ar na heintitis a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu), beidh eu-LISA freagrach as gach gné den tsaolré forbartha bogearraí a bhaineann le forbairt agus cothabháil comhpháirteanna e-CODEX. Coinneoidh eu-LISA stór ar bun ina stórálfar déantáin comhpháirteanna e-CODEX agus ina bhfuil siad ar fáil do na heintitis a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu. Cuirfear comhpháirteanna an chórais e-CODEX a chumhdaítear le Ceadúnas Poiblí an Aontais Eorpaigh ar fáil go poiblí. Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2022/850 (an doiciméadacht a bhaineann le comhpháirteanna an chórais e-CODEX, lena tháirgí bogearraí tacaíochta agus le sócmhainní eile a ullmhú, a choinneáil ar bun agus a nuashonrú, agus an doiciméadacht sin a dháileadh ar na heintitis a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu), cuirfear na haschuir doiciméadachta ar fáil do na heintitis a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu i stór arna sholáthar ag eu-LISA. Saineoidh eu-LISA próiseas iomchuí bainistithe eisiúna. Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2022/850 (comhad cumraíochta a fhorbairt, a choinneáil ar bun agus a nuashonrú ina bhfuil liosta uileghabhálach de phointí rochtana údaraithe e-CODEX, lena n-áirítear na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha a bhfuil feidhm ag gach ceann de na pointí rochtana údaraithe e-CODEX sin maidir leo, agus é a dháileadh ar na heintitis a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu), mar gheall ar chriticiúlacht na seirbhíse Comhad Cumraíochta, déanfaidh eu-LISA an Uirlis Bainistíochta Cumraíochta a fhorbairt agus a choinneáil ar bun i gcomhréir leis na ceanglais maidir le hinfhaighteacht a leagtar amach thíos. Is táirge bogearraí í an uirlis seo a úsáidtear chun cuidiú leis an gcúram dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a chur i gcrích. Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (d) de Rialachán (AE) 2022/850 (lena ndéantar athruithe teicniúla agus gnéithe nua a chur leis an gcóras e-CODEX, arna bhfoilsiú mar leaganacha nua bogearraí, chun freagairt do cheanglais atá ag teacht chun cinn, amhail na ceanglais sin a eascraíonn as na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6(2), nó i gcás ina n-iarrfaidh Grúpa Comhairleach e-CODEX), is i bhfoirm eisiúintí a bheidh leaganacha bogearraí nua. Chun freagairt do cheanglais ghnó agus theicniúla atá ag teacht chun cinn, beidh eu-LISA freagrach as éabhlóid leanúnach na gcomhpháirteanna bogearraí lena gcuimsítear córas e-CODEX. Tar éis dó an tuairim ó Ghrúpa Comhairleach e-CODEX a chur san áireamh, glacfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA próiseas bainistithe éilimh agus próiseas bainistithe athruithe oibríochtúla eu-LISA. Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (e) de Rialachán (AE) 2022/850 (tacú le gníomhaíochtaí tástála agus iad a chomhordú, lena n-áirítear nascacht, a bhfuil baint ag pointí rochtana údaraithe e-CODEX leo), cuirfidh eu-LISA tacaíocht ar fáil agus comhordóidh sé gníomhaíochtaí tástála a bhfuil baint ag pointí rochtana údaraithe e-CODEX leo. I ndáil leis sin, saineoidh eu-LISA treoraíocht, pleananna tástála agus cásanna tástála, chomh maith le tuarascálacha ar thástálacha/ar chomhlíontacht a sholáthar. Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (f) de Rialachán (AE) 2022/850 (tacaíocht theicniúil a thabhairt do na comhfhreagraithe e-CODEX i ndáil le e-CODEX), cuirfidh eu-LISA tacaíocht theicniúil ar fáil do na comhfhreagraithe e-CODEX i ndáil le e-CODEX. Chun na críche sin, cuirfidh eu-LISA acmhainní ar fáil ar bhonn leanúnach le linn uaireanta gnó chun pointe teagmhála iontrála aonair a sholáthar do comhfhreagraithe e-CODEX le haghaidh tacaíocht theicniúil, lena n-áirítear le haghaidh na tairsí (seirbhís deasc chabhrach). Déanfaidh eu-LISA obair leantach ar iarrataí ar an tairseach a mhéid a bhaineann siad lena fheidhmiú ceart leis an nascóir, laistigh de leagan amach phacáiste e-CODEX dá dtugtar tacaíocht. Cuirfear tacaíocht theicniúil ar fáil i gcomhréir leis an Lámhleabhar Oibreora e-CODEX. Agus é ag déileáil le hiarrataí ar thacaíocht theicniúil agus le teagmhais, cuirfidh eu-LISA tacaíocht ar fáil de réir a inniúlachta agus de réir a chumais, ach amháin má bhaineann na hiarrataí agus na teagmhais go heisiach le himthosca a bhaineann go sonrach le bonneagar na n-eintiteas a bhfuil pointe rochtana údaraithe e-CODEX á oibriú acu. Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (g) de Rialachán (AE) 2022/850 (na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha a fhorbairt, a chur in úsáid, a chothabháil agus a nuashonrú agus iad a dháileadh ar na heintitis a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu), beidh eu-LISA freagrach as forbairt, cothabháil, nuashonrú agus cur in úsáid na gcaighdeán nós imeachta digiteach arna nglacadh faoi ghníomhartha cur chun feidhme faoi Rialachán (AE) 2022/850 (Airteagal 6(2) de), faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus choiriúla, nó iad siúd a d’ullmhaigh Grúpa Comhairleach e-CODEX (Airteagal 12(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/850). Beidh eu-LISA freagrach as cur in úsáid caighdeán nós imeachta digiteach nua agus/nó nuashonraithe a eagrú trína ndáileadh ar na heintitis ábhartha a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu. Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (h) de Rialachán (AE) 2022/850 (lena bhfoilsítear ar a shuíomh gréasáin liosta de na pointí rochtana údaraithe e-CODEX ar tugadh fógra ina leith dó agus de na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha a bhfuil feidhm ag gach ceann de na pointí rochtana údaraithe e-CODEX sin maidir leo), léireofar ar liosta na bpointí rochtana údaraithe ainm na n-eintiteas a oibríonn iad agus foilseofar é ar shuíomh gréasáin eu-LISA atá tiomnaithe do e-CODEX. Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (i) de Rialachán (AE) 2022/850 (ag freagairt d’iarrataí ar chomhairle agus tacaíocht theicniúil ó sheirbhísí an Choimisiúin i gcomhthéacs ullmhú na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6(2)), cuirfidh eu-LISA cúnamh teicniúil agus saineolas ar fáil don Choimisiún maidir le caighdeáin nós imeachta dhigiteacha nua a fhorbairt, lena n-áirítear, go háirithe, cúlra teicniúil agus fianaise a ullmhú, chomh maith le cúnamh le linn an nós imeachta go dtí go nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme, lena n-áirítear rannpháirtíocht i gcruinnithe. Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (j) de Rialachán (AE) 2022/850 (meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le caighdeáin nós imeachta dhigiteacha nua, agus measúnú agus ullmhú a dhéanamh orthu, lena n-áirítear trí cheardlanna le comhfhreagraithe e-CODEX a eagrú agus a éascú), déanfaidh eu-LISA meastóireacht ar an ngá atá le caighdeáin nós imeachta dhigiteacha nua, agus measúnú agus ullmhú a dhéanamh orthu. Go háirithe, cuirtear an dualgas sin de chúram ar Ghrúpa Comhairleach e-CODEX (Airteagal 12(2), pointe (b) den Rialachán). Bainfear úsáid as ceardlanna leis na comhfhreagraithe e-CODEX a eagrú agus a éascú mar cheann de na huirlisí chun an mheastóireacht a dhéanamh. Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (k) de Rialachán (AE) 2022/850 (Croístór Focal r-Cheartais an Aontais ar a bhfuil na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha bunaithe a fhorbairt, a chothabháil agus a nuashonrú), déanfaidh eu-LISA Croístór Focal r-Cheartais an Aontais ar a bhfuil na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha bunaithe a fhorbairt, a chothabháil agus a nuashonrú. I ndáil leis an méid sin, coinneofar Croístór Focal r-Cheartais an Aontais faoi phróiseas bainistithe éilimh agus stórálfar é mar chuid de stór arna sholáthar agus arna óstáil ag eu-LISA. Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (l) de Rialachán (AE) 2022/850, tá eu-LISA freagrach as caighdeáin oibriúcháin slándála a fhorbairt agus a dháileadh, dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/850). Maidir le hAirteagal 7(1), pointe (m) de Rialachán (AE) 2022/850 (oiliúint a chur ar fáil, lena n-áirítear oiliúint do na páirtithe leasmhara ábhartha go léir, faoi úsáid theicniúil an chórais e-CODEX i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1726, lena n-áirítear ábhair oiliúna ar líne a sholáthar), cuirfidh eu-LISA plean oiliúna ar fáil don chóras e-CODEX bunaithe ar an anailís ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara.

3.2.3.2.1.3.2.2.3.2.3.3.2.4.

Cúraimí eu-LISA faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2022/850 Maidir le hAirteagal 7(2), pointe (a) de Rialachán (AE) 2022/850 (bonneagar TF na gcrua-earraí agus na mbogearraí a sholáthar, a oibriú agus a chothabháil ar a shuíomhanna teicniúla is gá chun a chúraimí a chur i gcrích), déanfaidh eu-LISA gach bonneagar TF crua-earraí agus bogearraí is gá a sholáthar, a oibriú agus a chothabháil ar a shuíomhanna teicniúla is gá chun cúraimí eu-LISA a chur i gcrích maidir leis an gcóras e-CODEX. Déanfaidh eu-LISA a nósanna imeachta ábhartha, lena n-áirítear an Plean Leanúnachais Gnó, a nuashonrú chun comhpháirteanna uile an chórais e-CODEX a chuimsiú. Maidir le hAirteagal 7(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2022/850 (ardán lárnach tástála a sholáthar, a oibriú agus a choinneáil ar bun, agus an tsláine agus an infhaighteacht a bhaineann leis an gcuid eile den chóras e-CODEX á háirithiú an tráth céanna), déanfaidh eu-LISA an tArdán Lárnach Tástála e-CODEX a sholáthar, a oibriú agus a choinneáil ar bun i gcomhréir leis na ceanglais infhaighteachta a leagtar amach thíos. Ní dhéanfaidh aon chothabháil maidir le gníomhaíochtaí tástála a dhéantar ar an Ardán Lárnach Tástála dochar do shláine ná d’infhaighteacht a bhaineann leis an gcuid eile den chóras e-CODEX. Maidir le hAirteagal 7(2), pointe (c) de Rialachán (AE) 2022/850 (an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoin gcóras e-CODEX trí bhíthin sraith cainéal cumarsáide mórscála, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin nó ardáin meán sóisialta), beidh eu-LISA freagrach as an bpobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoin gcóras e-CODEX agus faoi aon fhorbairt mór. Déanfar é sin trí bhíthin sraith cainéal cumarsáide mórscála, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin agus/nó ardáin meán sóisialta. De bhun Airteagal 12(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2022/850, agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur i gcrích aige i ndáil leis sin, cuirfidh eu-LISA ionchur ó Ghrúpa Comhairleach e-CODEX san áireamh. Maidir le hAirteagal 7(2), pointe (d) de Rialachán (AE) 2022/850 tá eu LISA freagrach as faisnéis neamhtheicniúil ar líne a ullmhú, a nuashonrú agus a dháileadh a bhaineann leis an gcóras e-CODEX agus leis na gníomhaíochtaí a chuireann sé i gcrích)

4. RÓL eu-LISA MAIDIR LEIS AN TAIRSEACH De réir Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2022/850, cuirfidh eu-LISA acmhainní ar fáil ar bhonn glao-dhualgais le linn uaireanta gnó ionas go mbeidh pointe teagmhála aonair ann do chomhfhreagraithe e-CODEX maidir le tacaíocht theicniúil, lena n-áirítear maidir leis an tairseach. De réir Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2022/850, tá eu-LISA freagrach as comhpháirteanna an chórais e-CODEX, cé is moite den tairseach, ós rud é go bhfuil sé bunaithe faoi láthair ar bhloc tógála ar a dtugtar r-Sheachadadh, a choinníonn an Coimisiún ar bun agus a chuirtear ar fáil ar bhonn trasearnála. Glacfaidh eu-LISA freagracht iomlán as bainistiú an nascóra agus as na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha ón eintiteas a bhainistíonn an córas e-CODEX. Ós rud é gur comhpháirteanna dílse an chórais e-CODEX iad an tairseach agus an nascóir, ba cheart do eu-LISA a áirithiú go bhfuil an nascóir comhoiriúnach leis an leagan is déanaí den tairseach. Déanfaidh eu-LISA obair leantach maidir le saincheisteanna tairsí a mhéid a bhaineann sé lena bhfeidhmiú ceart leis an nascóir, laistigh de leagan amach phacáiste e-CODEX dá dtugtar tacaíocht. Maidir le saincheisteanna tacaíochta teicniúla laistigh de leagan amach phacáiste e-CODEX dá dtugtar tacaíocht, a bhaineann leis an tairseach, agus nach féidir le deasc freastail eu-LISA amháin réiteach a sholáthar ina leith, déanfaidh eu-LISA idirchaidreamh leis an eintiteas atá freagrach as an tairseach a bhainistiú. Beidh an próiseas sin trédhearcach do na comhfhreagraithe e-CODEX. Cé go bhfeidhmeoidh eu-LISA cur chuige i leith an iarracht is fearr chun iad a réiteach, d’fhéadfadh sé sin a bheith ag brath ar chúnamh ó na gníomhaithe atá freagrach as an tairseach ar deireadh. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir leis an leibhéal seirbhíse spriocanna i gcásanna ina bhféadfadh cúnamh a bheith de dhíth ar eu-LISA ó na gníomhaithe atá freagrach as an tairseach. Úsáideoirí chur chun feidhme chóras r-Sheachadadh an Choimisiúin Úsáideoirí cur chun feidhme córais seachas cur chun feidhme an chórais r-Sheachadadh Sonraíochtaí API San áireamh San áireamh Cur in úsáid agus cumraíocht San áireamh Ní áirítear iad Deimhnithe San áireamh San áireamh Tacaíocht le nascacht a thástáil San áireamh San áireamh Tacaíocht comhtháthú a thástáil San áireamh San áireamh Fabhtcheartú San áireamh Ní áirítear iad

5. TUAIRISCIÚ DON GHRÚPA COMHAIRLEACH Chun go mbeidh an Grúpa Comhairleach in ann faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh ceanglais an leibhéil seirbhíse ag eu-LISA dá dtagraítear in Airteagal 12(2), pointe (d) de Rialachán (AE) 2022/850, coinneoidh eu-LISA Grúpa Comhairleach e-CODEX cothrom le dáta go rialta maidir leis na gníomhaíochtaí bainistithe oibríochtúla uile a dhéantar i ndáil leis an gcóras e-CODEX. Go háirithe, déanfaidh eu-LISA an méid seo a leanas a choinneáil ar bun agus a chur in iúl go rialta do Ghrúpa Comhairleach e-CODEX: Socróidh Grúpa Comhairleach e-CODEX an struchtúr beacht, ábhair agus paraiméadair bheachta an tuairiscithe seo, chomh maith lena mhódúlachtaí beachta agus a mhinicíocht bheacht.

5.

(a) aon fhaisnéis is ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh ceanglais an leibhéil seirbhíse a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo;

(b) cur chun feidhme sceideal agus déantán pleanála i ndáil le hiarratais ar athrú agus eisiúintí bogearraí nua.

6. AN LÁMHLEABHAR OIBREORA e-CODEX Soláthróidh eu-LISA an Lámhleabhar Oibreora e-CODEX, arb é a bheidh ann an doiciméad tagartha le haghaidh bhainistiú oibríochtúil na gcóras le haghaidh na gcomhfhreagraithe e-CODEX agus deasc freastail eu-LISA. Tabharfar tuairisc ann ar na hidirghníomhaíochtaí uile a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le Bainistiú Seirbhíse TF. Is é a bheidh sa Lámhleabhar Oibreora e-CODEX doiciméad ar bhonn riachtanas eolais teoranta a chuirfidh deasc freastail eu-LISA ar fáil do gach comhfhreagraí sa leagan formheasta is déanaí uaidh. Ní fhéadfaidh na comhfhreagraithe an Lámhleabhar Oibreora e-CODEX a roinnt ach amháin má údaraítear dóibh déanamh amhlaidh. Beidh an méid seo a leanas go háirithe sa Lámhleabhar Oibreora e-CODEX: Glacfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA an Lámhleabhar Oibreora e-CODEX, tar éis an tuairim ó Ghrúpa Comhairleach e-CODEX a chur san áireamh.

6.

(a) Cur chuige cumarsáide agus cainéil chumarsáide;

(b) Ceanglais maidir le leagan amach oibríochtúil le spriocanna sainithe seirbhísí agus an leibhéil seirbhíse;

(c) Bainistiú Teagmhas/Nós Imeachta Méadúcháin, lena n-áirítear Aicmiú agus Cur in Ord Tosaíochta;

(d) Nós Imeachta um Bainistiú Comhlíonta Iarrataí agus Nós Imeachta um Chúnamh Teicniúil;

(e) Bainistíocht Chothabhála;

(f) Aon Iarscríbhinn is infheidhme.

7. COMHFHREAGRAITHE e-CODEX De réir Airteagail 6(5) agus 8(2) de Rialachán (AE) 2022/850, ainmneoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, faoi seach, roinnt comhfhreagraithe e-CODEX i gcomhréir le líon na bpointí rochtana e-CODEX atá údaraithe aige agus le líon na gcaighdeán nós imeachta digiteach, a bhfuil feidhm ag na pointí rochtana údaraithe e-CODEX sin ina leith. Ní mór dóibh liosta de na comhfhreagraithe e-CODEX agus aon athrú ar an liosta sin a chur in iúl do eu-LISA. Ainmneofar ar a laghad dhá chomhfhreagraí e-CODEX do gach pointe rochtana e-CODEX. D’fhéadfaí níos mó ná dhá chomhfhreagraí a ainmniú do phointe rochtana údaraithe e-CODEX, agus líon na gcaighdeán nós imeachta digiteach a chuireann sé i bhfeidhm á chur san áireamh. Déanfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA líon iomlán na gcomhfhreagraithe e-CODEX agus na critéir oibiachtúla, lena gceadaítear níos mó ná dhá chomhfhreagraí a ainmniú do phointe rochtana údaraithe e-CODEX, a shainiú agus a athbhreithniú go bliantúil, de réir na gceanglas maidir le pointí rochtana údaraithe e-CODEX agus na hacmhainní atá ar fáil ag eu-LISA á gcur san áireamh, ar thogra ó Bhord Bainistíochta Chlár e-CODEX. I gcomhthéacs faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais an leibhéil seirbhíse ag eu-LISA de bhun Airteagal 12(2), pointe (d) de Rialachán (AE) 2022/850 déanfaidh Grúpa Comhairleach e-CODEX faireachán ar an ngá atá le líon iomlán na gcomhfhreagraithe e-CODEX a athrú.

8. SEIRBHÍSÍ AGUS SPRIOCLEIBHÉIL

8.

8.1. Prionsabail Is ar na heintitis a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu atá an fhreagracht pointe rochtana údaraithe e-CODEX a chur ar bun go slán agus an pointe sin a oibriú go slán. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh comhfhreagraithe e-CODEX tacaíocht tosaigh ar fáil d’úsáideoirí maidir le pointí rochtana údaraithe e-CODEX a bhfuil na comhfhreagraithe freagrach astu a chur in úsáid. Cuirfidh eu-LISA tacaíocht theicniúil ar fáil do na comhfhreagraithe e-CODEX maidir le freagairt agus réiteach a sholáthar mar a shainmhínítear sa Lámhleabhar Oibreora e-CODEX. Cuirfidh eu-LISA deasc freastail ar bun a bheidh ina pointe iontrála aonair le haghaidh tacaíocht theicniúil. Osclóidh comhfhreagraithe e-CODEX ticéid i gcomhréir leis an Lámhleabhar Oibreora e-CODEX, agus déanfaidh eu-LISA anailís orthu de réir mar a chruthaítear iad. Déanfaidh an comhfhreagraí e-CODEX na ticéid a shainaithint agus a chatagóiriú ar dtús tar éis treoir a fháil ón Lámhleabhar Oibreora. Le comhaontú ón gcomhfhreagraí ábhartha e-CODEX, féadfaidh eu-LISA ticéad a athaicmiú. Is faoin bpróiseas bainistithe éilimh a dhéileálfar le hathruithe. I bhfoirm iomlán agus shintéiseach, roinnfidh eu-LISA iad go rialta leis na heintitis a bhfuil pointí rochtana údaraithe e-CODEX á n-oibriú acu agus le Grúpa Comhairleach e-CODEX. Beidh deasc freastail eu-LISA ar fáil le linn uaireanta gnó.

8.2. Comhpháirteanna faoi Bhainistíocht Seirbhíse TF: I gcás na gcomhpháirteanna sin, sonrófar sa Lámhleabhar Oibreora seirbhísí gaolmhara agus spriocanna leibhéil seirbhíse ar cheart iad a chomhlíonadh faoi chuimsiú bainistithe réitigh teagmhas agus infhaighteachta.

8.2.

(a) Bogearraí Nascóra;

(b) An tArdán Lárnach Tástála;

(c) Uirlis Bainistíochta Cumraíochta;

(d) Stór e-CODEX;

(e) Caighdeáin Nós Imeachta Dhigiteacha.

8.3. Infhaighteacht Déantar infhaighteacht chomhpháirteanna e-CODEX a ríomh thar tréimhse an tuairiscithe a shaineofar sa Lámhleabhar Oibreora e-CODEX. Ní chuirfear na tréimhsí neamh-infhaighteachta atá beartaithe san áireamh agus infhaighteacht á ríomh. Comhpháirt Infhaighteacht An stór 95 % CMT 98 % An tArdán Lárnach Tástála 90 % Uirlis ITSM 95 %

Versions

  1. 2023-01-13