Gelex

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1211 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2023 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil, arb é atá iontu, nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 87429, a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 3941) (Is é an téacs Ollainnise atá barántúil, agus an téacs sin amháin) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2023-06-21from 2023-06-22
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/1211@2023-06-21/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1 Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóir uathúil
  3. Airteagal 2 Údarú
  4. Airteagal 3 Lipéadú
  5. Airteagal 4 An modh braite
  6. Airteagal 5 Faireachán ar éifeachtaí comhshaoil
  7. Airteagal 6 Clár Comhphobail
  8. Airteagal 7 Sealbhóir an údaraithe
  9. Airteagal 8 Bailíocht
  10. Airteagal 9 Seolaí
  11. ANNEX
  12. (a)Ainm:Seoladh:
  13. (b)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe, agus go háirithe Airteagal 7(3) agus Airteagal 19(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 27 Meán Fómhair 2019, chuir Bayer Agriculture BV, atá lonnaithe sa Bheilg, thar ceann Bayer CropScience LP, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, iarratas faoi bhráid údaráis inniúil náisiúnta na hÍsiltíre maidir le bianna, comhábhair bia agus beatha ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 87429, a chur ar an margadh, i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (an t-iarratas). San iarratas cumhdaíodh freisin táirgí ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 87429 a chur ar an margadh le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú.

(2) I gcomhréir le hAirteagal 5(5) agus Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, áiríodh san iarratas faisnéis agus conclúidí maidir leis an measúnú riosca arna dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Áiríodh ann freisin an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Treoir sin mar aon le plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir sin.

(3) An 18 Samhain 2022, d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (an tÚdarás) tuairim eolaíoch fhabhrach i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 87429, mar a thuairiscítear san iarratas, go bhfuil sé chomh sábháilte céanna lena mhacasamhail thraidisiúnta agus leis na cineálacha tagartha arbhar Indiach neamh-ghéinmhodhnaithe a ndearnadh tástáil orthu, i ndáil leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe agus ar an gcomhshaol. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach cúis imní cothaithe atá in arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 87429 a thomhailt.

(4) Sa tuairim eolaíoch uaidh, rinne an tÚdarás breithniú ar gach ceist agus cúis imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(5) Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin i dtaca leis an bplean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil, arna chur isteach ag an iarratasóir, ina bhfuil plean ginearálta faireachais, go bhfuil an plean sin i gcomhréir leis na húsáidí atá beartaithe le haghaidh na dtáirgí.

(6) Agus na conclúidí sin á gcur san áireamh, maidir le táirgí ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 87429, ba cheart údarú a thabhairt chun na táirgí sin a chur ar an margadh le haghaidh na n-úsáidí a liostaítear san iarratas.

(7) Ba cheart aitheantóir uathúil a shannadh d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 87429 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún.

(8) I gcás na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, is cosúil nach gá aon cheanglas sonrach lipéadaithe, seachas na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chun a áirithiú, áfach, go bhfanfaidh úsáid na dtáirgí sin laistigh de theorainneacha an údaraithe a dheonaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart a léiriú go soiléir ar lipéadú na dtáirgí ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 87429, cé is moite de bhianna agus comhábhair bia, nach bhfuil siad ceaptha lena saothrú.

(9) Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún.

(10) Ní thugann an tuairim ón Údarás údar le coinníollacha sonracha nó srianta sonracha eile a fhorchur maidir le cur ar an margadh, maidir le húsáid agus láimhseáil ná maidir le héiceachórais/comhshaoil agus/nó limistéir gheografacha ar leith a chosaint, mar a fhoráiltear in Airteagal 6(5), pointe (e) agus in Airteagal 18(5), pointe (e) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(11) Gach faisnéis ábhartha maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart í a chur isteach i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(12) Tá fógra le tabhairt faoin gCinneadh seo trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do na Páirtithe i bPrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2), pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(13) Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Measadh an gníomh cur chun feidhme seo a bheith riachtanach agus chuir an Cathaoirleach faoi bhráid an choiste achomhairc é le go ndéanfar tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóir uathúil

Sanntar an t-aitheantóir uathúil MON-87429-9 d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe (Zea mays L.) MON 87429, mar a shonraítear i bpointe (b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004.

Airteagal 2 Údarú

Údaraítear na táirgí seo a leanas chun críocha Airteagal 4(2) agus Airteagal 16(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo:

(a) bianna agus comhábhair bia ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-87429-9;

(b) beatha ina bhfuil, arb é atá inti nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-87429-9;

(c) táirgí ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-87429-9 le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b), cé is moite de shaothrú.

Airteagal 3 Lipéadú

1. Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é arbhar Indiach a bheidh mar ainm an orgánaigh.

2. Beidh na focail níltear le saothrú ar an lipéad agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-87429-9 dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a).

Airteagal 4 An modh braite

Beidh feidhm ag an modh a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-87429-9 a bhrath.

Airteagal 5 Faireachán ar éifeachtaí comhshaoil

1. Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaol, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.

2. Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.

Airteagal 6 Clár Comhphobail

An fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn, cuirfear isteach í i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

Airteagal 7 Sealbhóir an údaraithe

Is é Bayer CropScience LP, Stáit Aontaithe Mheiriceá, arna ionadú san Aontas ag Bayer Agriculture BV, a bheidh ina shealbhóir údaraithe.

Airteagal 8 Bailíocht

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a thabharfar fógra ina leith.

Airteagal 9 Seolaí

Is chuig Bayer CropScience LP, 800 N. Lindbergh Boulevard, St. Louis, Missouri 63167, na Stáit Aontaithe, arna ionadú san Aontas ag Bayer Agriculture BV, Scheldelaan 460, 2040 Antuairp, an Bheilg, a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Meitheamh 2023. Thar ceann an Choimisiúin Stella Kyriakides Comhalta den Choimisiún

ANNEX

IARSCRÍBHINN

Nóta: d’fhéadfadh sé gur ghá na naisc chuig na doiciméid ábhartha a athrú thar an tréimhse ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal tríd an gclár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta.

(a)Ainm:Seoladh:

An tIarratasóir agus Sealbhóir an Údaraithe: Bayer CropScience LP 800 N. Lindbergh Boulevard, St. Louis, Missouri 63167, na Stáit Aontaithe arna ionadú san Aontas ag: Bayer Agriculture BV, Scheldelaan 460, 2040 Antuairp, An Bheilg.

(b) Ainmníocht agus sonraíocht na dtáirgí: An t-arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-87429-9, léiríonn sé an phróitéin PAT, lena dtugtar frithsheasmhacht i gcoinne luibhicíd ghlúfosanáite, an phróitéin DMO, lena dtugtar frithsheasmhacht i gcoinne luibhicíd díceamba agus an phróitéin FT_T, lena dtugtar frithsheasmhacht i gcoinne cuisileafop agus luibhicídí 2, 4-D. Ina theannta sin, arbhar Indiach MON-87429-9, léiríonn sé an phróitéin CP4-EPSPS agus úsáideann sé eilimint rialaitheach ábhar Indiach inginiúil RNAi chun a léiriú i bpailin a shochtadh, ar ní é atá ina chuid de chóras hibridithe atá le húsáid i línte ionphóraithe chun táirgeadh síolta hibrideacha a éascú.

(b)

(1) bianna agus comhábhair bia ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach (Zea mays L.) géinmhodhnaithe MON-87429-9;

(2) beatha ina bhfuil, arb é atá inti nó a tháirgtear as arbhar Indiach (Zea mays L.) géinmhodhnaithe MON-87429-9;

(3) táirgí ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach (Zea mays L.) géinmhodhnaithe MON-87429-9 le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (1) agus (2), cé is moite de shaothrú.

(c)(1)(2) Lipéadú: Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é arbhar Indiach a bheidh mar ainm an orgánaigh. Beidh na focail níltear le saothrú ar lipéad na dtáirgí agus i ndoiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-87429-9, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear i bpointe (b)(1) den Iarscríbhinn seo.

(d)(1)(2)(3) An modh braite: Modh atá bunaithe ar ISP fíor-ama theagmhas-shonrach chun arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-87429-9 a chainníochtú. Arna bhailíochtú ag saotharlann tagartha an Aontais arna bunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, arna fhoilsiú ag http://gmo-crl.jrc.ec.europa.eu/StatusOfDossiers.aspx Ábhar Tagartha: Tá AOCS 0321-A agus AOCS 0406-A2 le fáil tríd an American Oil Chemists Society ag https://www.aocs.org/crm

(e) Aitheantóir uathúil: MON-87429-9

(f) Faisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht: [Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna fhoilsiú i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a fhógraítear é].

(g) Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil: Ní gá.

(h) Plean faireacháin le haghaidh éifeachtaí comhshaoil: Plean faireacháin le haghaidh éifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. [Nasc: plean a foilsíodh sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe]

(i) Ceanglais faireacháin iarmhargaidh maidir le húsáid an bhia lena chaitheamh ag an duine: Ní gá.

Versions

  1. 2023-06-21