Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1222 ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2023 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin, Strachitunt (ATFC)

In forceVersion 2023-06-19from 2023-07-16
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/1222@2023-06-19/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na hIodáile ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint Strachitunt atá cláraithe faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 244/2012 ón gCoimisiún.

(2) Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin.

(3) Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Formheastar leis seo an leasú ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm Strachitunt (STFC).

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meitheamh 2023. Thar ceann an Choimisiúin, Thar ceann an Uachtaráin, Janusz Wojciechowski Comhalta den Choimisiún

Versions

  1. 2023-06-19