Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1418 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2023 lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm Pic Saint-Loup (STFC)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/1418@2023-06-30/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 99 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) I gcomhréir le hAirteagal 97(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas a chuir an Fhrainc ar aghaidh an t-ainm Pic Saint-Loup a chlárú agus tá sé foilsithe aige in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(2) Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.
(3) I gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an t-ainm Pic Saint-Loup a chosaint agus a chlárú sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 104 den Rialachán sin.
(4) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Cosnaítear leis seo an t-ainm Pic Saint-Loup (STFC).
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Meitheamh 2023. Thar ceann an Choimisiúin, Thar ceann an Uachtaráin, Janusz Wojciechowski Comhalta den Choimisiún