Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1489 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2023 lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Edremit Zeytinyağı (ATFC))

In forceVersion 2023-07-13from 2023-08-09
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/1489@2023-07-13/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) De bhun mhír 2(a) d’Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Tuirc ar chlárú an ainm Edremit Zeytinyağı a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(2) Toisc nár cuireadh aon ráiteas agóide de réir bhrí Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 faoi bhráid an Choimisiúin, tá an t-ainm, Edremit Zeytinyağı foilsithe anois,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Tá an t-ainm Edremit Zeytinyağı (ATFC) cláraithe leis seo. An t-ainm a luaitear sa chéad mhír, is é is ainm sainiúil ar tháirgí in Aicme 1.5. Olaí, saill agus geir (im, margairín, olaí, etc.) d’Iarscríbhinn XI de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2023. Thar ceann an Choimisiúin, Thar ceann an Uachtaráin, Janusz Wojciechowski Comhalta den Choimisiún

Versions

  1. 2023-07-13