Cinneadh (CBES) 2023/1519 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1277 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/1519@2023-07-20/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 30 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1277, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin.
(2) Beidh feidhm ag Cinneadh (CBES) 2021/1277 go dtí an 31 Iúil 2023. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 31 Iúil 2024.
(3) Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2021/1277 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 In Airteagal 9 de Chinneadh (CBES) 2021/1277, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Iúil 2024 agus coinneofar faoi athbhreithniú leanúnach é. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí..
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán J. Borrell Fontelles