Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1591 ón gComhairle an 3 Lúnasa 2023 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin

In forceVersion 2023-08-03
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/1591@2023-08-03/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha Rúise faoin Úcráin, agus go háirithe Airteagal 8a(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.

(2) I bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa Bhealarúis agus a rannpháirtíochta i bhfogha na Rúise faoin Úcráin, ba cheart 38 nduine aonair agus 3 eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.

(3) Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo í.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Lúnasa 2023. Thar ceann na Comhairle P. Navarro Ríos An tUachtarán

ANNEX

IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:

(1) cuirtear na daoine nádúrtha seo a leanas leis an tábla A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagail 2(1): Ainmneacha (Traslitriú an litrithe Bealarúisise) (Traslitriú an litrithe Rúisise) Ainmneacha (litriú Bealarúisise) (litriú Rúisise) Faisnéis Aitheantais Cúiseanna lena liostú Dáta an liostaithe ‘196. Aliaksandr Uladzimirovich KARNIENKA Alexander Vladimirovich KORNIENKO Аляксандр Уладзiмiравiч КАРНIЕНКА Александр Владимирович КОРНИЕНКО Post/poist: Iarcheann Choilíneacht Phionósach IK-17 Shklov, Leifteanant-Choirnéal na Seirbhíse Inmheánaí Post reatha: Cigire Ceantair; Roinn Gnóthaí Inmheánacha Choiste Feidhmiúcháin Cheantar Slutsk Dáta breithe: 9.1.1979 Inscne: fireann Náisiúntacht: Bealarúiseach Ina phost mar iarcheann Choilíneacht Phionósach IK-17 in Shklov, tá Aliaksandr Karnienka freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céastóireacht, a tugadh ar na príosúnaigh pholaitiúla agus ar shaoránaigh eile arna gcoinneáil sa choilíneacht phionósach sin tar éis thoghchán uachtaránachta 2020 agus na n-agóidí síochánta ina dhiaidh sin. Bhí sé i gceannas ar an gcoilíneacht phionósach nuair a fuair an príosúnach polaitiúil Vitold Ashurak bás sa choilíneacht phionósach an 21 Bealtaine 2021, in imthosca nár míníodh. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. 3.8.2023 197. Andrei Siarheevich PALCHIK Andrei Sergeevich PALCHIK Андрэй Сяргеевiч ПАЛЬЧЫК Андрей Сергеевич ПАЛЬЧИК Poist: Iarcheann ar choilíneacht cheartúcháin Uimh. 1 in Novopolotsk Dáta breithe: 3.3.1981 Inscne: fireann Náisiúntacht: Bealarúiseach Sa phost a bhí aige mar cheann ar choilíneacht cheartúcháin Uimh. 1 in Novopolotsk, bhí Andrei Palchik freagrach as céastóireacht agus drochíde, pionóis mhí-úsáideacha, lena n-áirítear gaibhniú aonair a úsáid arís agus arís eile, agus as páirt a ghlacadh sa mhéid sin, i gcoinne na bpríosúnach polaitiúil agus na saoránach eile arna gcoinneáil sa choilíneacht phionósach sin, go háirithe tar éis thoghchán uachtaránachta 2020 agus na n-agóidí síochánta ina dhiaidh sin. Mar cheann na coilíneachta pionósaí sin, ní hamháin go bhfuil Andrei Palchik freagrach as na mí-úsáidí sin a ordú agus maoirseoireacht a dhéanamh orthu, ach tá cuntas teiste doiciméadaithe aige maidir le rannpháirtíocht phearsanta i ngníomhartha céastóireachta agus foréigin i gcoinne príosúnach. Le linn riarachán Andrei Palchik ó 2017 go mí an Mhárta 2023, tá droch-cháil tagtha ar choilíneacht cheartúcháin Uimh. 1 in Novopolotsk mar gheall ar na dálaí coinneála atá ann atá thar a bheith crua agus mar gheall ar an drochíde a thugtar do na príosúnaigh, go leor acu ina bpríomhghníomhaithe polaitiúla agus ina n-ionadaithe ar an tsochaí shibhialta arna gcoinneáil toisc go raibh siad i gcoinne réimeas an Uachtaráin Lukashenka. Tar éis dó aistriú ó Choilíneacht Phionósach Uimh. 1, leanann Andrei Palchik de phost gníomhach ardchéimnitheach a bheith aige i saoráid choinneála eile agus dá bhrí sin tá sé ag obair don chóras smachtúil go fóill. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. 3.8.2023 198. Aliaksandr Uladzimiravich KAROL Aleksandr Vladimirovich KAROL Аляксандр Уладзiмiравiч КАРОЛЬ Александр Владимирович КОРОЛЬ Post/poist: Ionchúisitheoir Sinsearach i Roinn Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta Dáta breithe: 28.6.1992 Áit bhreithe: Bobruisk, réigiún Mogilev, Poblacht na Bealarúise Inscne: fireann Náisiúntacht: Bealarúiseach Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3280692M019PB8 Ina phost mar Ionchúisitheoir Sinsearach i Roinn Oifig Ionchúisitheora Ghinearálta na Bealarúise, tá Aliaksandar Karol freagrach as an iliomad cásanna coiriúla dar siocair an pholaitíocht, i gcoinne chosantóirí chearta an duine sa Bhealarúis. Go háirithe, tá baint aige le hionchúiseamh ionadaithe de chuid Viasna, eagraíocht chearta an duine sa Bhealarúis, ar chúiseanna dar siocair an pholaitíocht, lena n-áirítear Ales Bialiatski, cathaoirleach Viasna, Valiantsin Stefanovic, leas-chathaoirleach Viasna, an dlíodóir Uladzimir Labkovich, Viasna, Marfa Rabkova, comhordaitheoir líonra deonach, Leanid Sudalenka, ceann oifig Viasna in Gomel, agus an deonach Andrei Chapiuk, mar aon leis an deonach Tatsiana Lasitsa a scaoileadh ó choilíneacht phionósach Gomel an 24 Meán Fómhair 2022. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint, go tromchúiseach, ón smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 199. Mikhail Mikhailavich MURASHKIN Mikhail Mikhailovich MURASHKIN Мiхаiл Мiхайлавiч МУРАШКIН Михаил Михайлович МУРАШКИН Post/poist: Iar-Leas-Cheann ar Roinn Bardasach Gnóthaí Inmheánacha (Municipal Department of Internal Affairs) in Zhodino - Ceann na bPóilíní Slándála Poiblí (Public Security Police); Céad-Leas-Cheann ar Roinn Ceantair Gnóthaí Inmheánacha (District Department of Internal Affairs) in Borisov - Ceann na bPóilíní Slándála Poiblí (Public Security Police) ón 29.10.2021 ar aghaidh Dáta breithe: 8.9.1989 Inscne: fireann Náisiúntacht: Bealarúiseach Ina phost mar iarcheann ar na Póilíní Slándála Poiblí in Zhodino, d’ordaigh Mikhail Murashkin do thrúpaí na bpóilíní agus do phóilíní círéibe OMON agóidí síochánta a chur faoi chois go brúidiúil tar éis an thoghcháin uachtaránachta in 2020, agóideoirí a bhatráil agus foréigean a dhéanamh orthu. Tá baint aige freisin le hiriseoirí neamhspleácha a chlúdaigh na hagóidí sa tréimhse roimh na toghcháin uachtaránachta a choinneáil arís agus arís eile. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. Tá post ardchéime den chineál céanna aige i gcónaí laistigh den Roinn Gnóthaí Inmheánacha. 3.8.2023 200. Mikalai Vasilievich MAKSIMAVICH Nikolai Vasilievich MAKSIMOVICH Мiкалай Васiльевiч МАКСIМАВIЧ Николай Васильевич МАКСИМОВИЧ Post/poist: Leas-Cheann ar an Mílíste Slándála Poiblí (Public Security Militia), Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha (Internal Affairs Directorate) Choiste Feidhmiúcháin Réigiúnach Mhionsc Dáta breithe: 25.2.1977 Inscne: fireann Náisiúntacht: Bealarúiseach Seoladh: Mionsc, sráid Yankee Brylya 21, árasán 224; Mionsc, sráid Kolesnikova 32, árasán 3 Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3250277M077PB2 Ina phost mar Leas-Cheann Mhílíste Slándála Poiblí Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Choiste Feidhmiúcháin Réigiúnach Mhionsc, tá Mikalai Maksimavich freagrach as an gcniogbheartaíocht bhrúidiúil ar agóidí síochánta sa tréimhse roimh na toghcháin uachtaránachta i mí Lúnasa 2020 agus ina dhiaidh sin. Tá orduithe tugtha aige go pearsanta do na póilíní círéibe OMON na léirsithe a chur faoi chois go foréigneach, na hagóideoirí agus na hiriseoirí neamhspleácha a chlúdaigh na himeachtaí sin a choinneáil, agus iad a chur faoi choinníollacha diana coinneála. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. 3.8.2023 201. Piotr Aleksandrovich ARLOU Petr Aleksandrovich ORLOV Пётр Александровiч АРЛОЎ Петр Александрович ОРЛОВ Post/poist: Breitheamh i gCúirt Chathrach Mhionsc (Minsk City Court) Dáta breithe: 6.4.1967 Áit bhreithe: Mionsc, an Bhealarúis Inscne: fireann Náisiúntacht: Bealarúiseach Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3040667A088PB0 Seoladh: Mionsc, sráid Sharangovicha 78, árasán 60 Agus é ina bhreithimh i gCúirt Chathrach Mhionsc, tá ionadaíocht déanta ag Piotr Arlou do réimeas Lukashenka in iliomad trialacha polaitiúla agus tá sé freagrach as na fíoraisc fhada atá tugtha in absentia i gcoinne roinnt comhaltaí den fhreasúra daonlathach; Sviatlana Tsikhanouskaya (15 bliana), Pavel Latushka (18 mbliana), agus Volha Kavalkova, Maryia Maroz agus Siarhei Dyleuski (12 bliana an duine). Tá Piotr Arlou freagrach freisin as stiúradh na trialach agus as na fíoraisc dar siocair an pholaitíocht i gcoinne an bhlagálaí Eduard Palchys (13 bliana príosúnachta) agus an iriseora Katsiaryna Andreyeva (2 bhliain). Tá na fíoraisc sin mar chuid de dhiúltú córasach a bheith á dhéanamh ag údaráis na Bealarúise d’fheidhmiú na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus de phionós a chur má fheidhmítear an tsaoirse sin. Is samplaí iad fíoraisc Piotr Arlou den chur faoi chois córasach atá á dhéanamh ar an easaontú. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go mór den daonlathas agus den smacht reachta sa Bhealarúis. 3.8.2023 202. Ruslan Khikmetavich MASHADZEOU Ruslan Khikmetovich MASHADIYEV Руслан Хiкметовiч МАШАДЗЕЎ Руслан Хикметович МАШАДИЕВ Post/poist: Iar-Leas-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 1; Ceann Reatha Choilíneacht Phionósach Uimh. 1 Inscne: fireann Náisiúntacht: Bealarúiseach Ina phost mar Cheann agus iarLeas-Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 1, tá Ruslan Mashadziyeu freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céastóireacht, a tugadh ar na príosúnaigh pholaitiúla agus ar shaoránaigh eile arna gcoinneáil sa choilíneacht phionósach sin tar éis thoghchán uachtaránachta 2020 agus na n-agóidí síochánta ina dhiaidh sin. Bhí sé i gceannas ar an gcoilíneacht phionósach nuair a fuair an príosúnach polaitiúil Vitold Ashurak bás sa choilíneacht phionósach sin an 21 Bealtaine 2021, in imthosca nár míníodh. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. 3.8.2023 203. Siarhei Uladzimiravich KARCHEUSKY Sergey Vladimirovitch KARCHEVSKY Сяргей Уладзiмiравiч КАРЧЭЎСКI Сергей Владимирович КАРЧЕВСКИЙ Post/poist: Maor agus Ceann roinn réimis Choilíneacht Phionósach Uimh.17 Shklow Dáta breithe: 15.6.1983 Seoladh: 6 Sráid Fatina, árasán 100, Mogilev, an Bhealarúis Inscne: fireann Náisiúntacht: Bealarúiseach Uimhir Aitheantas Phearsanta: 3150683MO74PB5 Mar cheann roinn réimis Choilíneacht Phionósach Uimh. 17 in Shklow, tá Siarhei Kharcheusky freagrach go díreach as dálaí mídhaonna coinneála sa choilíneacht, as na cleachtais fhoréigneacha a dhéantar ar phríosúnaigh agus as an drochíde a thugtar dóibh, go háirithe príosúnaigh pholaitiúla. Bhí baint phearsanta aige le batráil agus gníomhaithe eile foréigin mhíchuibheasaigh a dhéanamh i gcoinne príosúnach agus tá baint dhíreach aige le bás an phríosúnaigh pholaitiúil, Vitold Ashurak, sa choilíneacht phionósach sin an 21 Bealtaine 2021 agus tá sé freagrach go díreach as an mbás sin. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. 3.8.2023 204. Siarhei Vasilyevich MASLIUKOU Sergey Vasilyevich MASLIUKOV Сяргей Васiльевiч МАСЛЮКОЎ Сергей Васильевич МАСЛЮКОВ Post/poist: Príomhchoirnéal sheirbhís inmheánach Choilíneacht Oideachais Uimh 2 in Bobruysk Áit bhreithe: Shklov, an Bhealarúis Inscne: fireann Náisiúntacht: Bealarúiseach Seoladh amhrasta: Bobruysk Ina phost mar Phríomhchoirnéal sheirbhís inmheánach Choilíneacht Oideachais Uimh. 2 in Bobruysk, tá Siarhei Masliukou freagrach as íde mhídhaonna tháireach mionaoiseach. Tá sé freagrach as ocras, céastóireacht, saothar éignithe agus cineálacha éagsúla foréigin fhisiciúil agus shíceolaíoch a chur ar leanaí. Tá sé freagrach freisin as rochtain ar chúram leighis a bhaint de dhaoránaigh faoi aois. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. 3.8.2023 205. Sviatlana Aliaksandrauna BANDARENKA Svetlana Aleksandrovna BONDARENKO Святлана Аляксандраўна БАНДАРЭНКА Светлана Александровна БОНДАРЕНКО Post/poist: Breitheamh ag cúirt i ndúiche Moskovsky de Mhionsc Inscne: baineann Náisiúntacht: Bealarúiseach Ina post mar Bhreitheamh i ndúiche Moskovsky de Mhionsc, tá Sviatlana Bandarenka freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht. Tá pianbhreith gearrtha aici ar roinnt saoránach de chuid na Bealarúise as páirt a ghlacadh in agóidí agus as barúlacha frithrialtais a fhoilsiú ar Telegram. Ghearr sí pianbhreith freisin ar an iriseoir Ekaterina Borisevich agus ar an dochtúir éigeandála san ospidéal Artyom Sorokin as rúin leighis a nochtadh faoi Roman Bondarenko, a bhuail na fórsaí slándála chun báis. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealrúis. 3.8.2023 206. Sviatlana Paulauna PAKHODAVA Svetlana Pavlovna POKHODOVA Святлана Паўлаўна ПАХОДАВА Светлана Павловна ПОХОДОВА Post/poist: Ceann Choilíneacht Phionósach Uimh. 4 do mhná in Gomel Inscne: baineann Náisiúntacht: Bealarúiseach An áit a meastar ina bhfuil sí: Gomel Ina post mar Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 4 do mhná in Gomel, tá Sviatlana Pakhodava freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céastóireacht, a tugadh do na príosúnaigh pholaitiúla agus do shaoránaigh eile arna gcoinneáil sa choilíneacht phionósach bhan sin. Bhí sí ina ceann cheana féin ar an gcoilíneacht phionósach nuair a ionchúisíodh Maria Kalesnikava, príosúnach polaitiúil ar tugadh pianbhreith choimeádta 11 bhliain di as a rannpháirtíocht sna hagóidí i gcoinne riail fhorlámhach Aliaksandr Lukashenko sa choilíneacht phionósach. Baineadh cearta uile na bpríosúnach di, lena n-áirítear an ceart dul i gcomhairle le dlíodóir. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. 3.8.2023 207. Tatsiana Valerieuna PIROZHNIKAVA Tatiana Valeryevna PIROZHNIKOVA Таццяна Валер’еўна ПIРОЖНIКАВА Татьяна Валерьевна ПИРОЖНИКОВА Post/poist: Breitheamh ag cúirt i ndúiche Moskovsky de Mhionsc Dáta breithe: 8.1.1987 Inscne: baineann Náisiúntacht: Bealarúiseach Uimhir Aitheantais Phearsanta: 4010887M019PB2 Ina post mar bhreitheamh i ndúiche Moskovsky de Mhionsc, ghearr Tatsiana Pirozhnikava pianbhreith ar roinnt saoránach de chuid na Bealarúise ar fhorais pholaitiúla, lena n-áirítear as a rannpháirtíocht in agóidí agus as tuairimí frithrialtais a fhoilsiú ar Telegram. Tá fianaise ann go ngearrann sí, ó am go chéile, pianbhreitheanna níos déine ná iad siúd a iarrann an t-ionchúisitheoir. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealrúis. 3.8.2023 208. Tatsiana Aliaksandrauna GRAKUN Tatyana Alexandrovna GRAKUN Таццяна Аляксандраўна ГРАКУН Татьяна Александровна ГРАКУН Post/poist: Ionchúisitheoir Sinsearach in Oifig Ionchúisitheora Réigiún Mhionsc um Maoirseacht ar Chomhlíonadh Dlí na gCinntí Cúirte i gCásanna Coiriúla; Comhairleoir Sóisearach an Cheartais Inscne: baineann Náisiúntacht: Bealarúiseach Is ionchúisitheoir Bealarúiseach í Tatsiana Grakun atá ag obair in Oifig Ionchúisitheora Réigiún Mhionsc. Sa phost sin, tá ionadaíocht déanta aici do réimeas Lukashenka i gcásanna dar siocair an pholaitíocht i gcoinne iriseoirí. Go háirithe, d’ionchúisigh sí Maryna Zolatava, príomheagarthóir TUT.BY, ar gearradh téarma príosúnachta 12 bhliain uirthi, agus Liudmila Chekina, stiúrthóir ginearálta TUT.BY, ar gearradh téarma príosúnachta 12 bhliain uirthi i mí an Mhárta 2023, bunaithe ar na cúisimh gan forais, dochar a dhéanamh do shlándáil náisiúnta Phoblacht na Bealarúise. Tá Tatsiana Grakun freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 209. Valentina Mikalaeuna ZIANKEVICH Valentina Nikolaevna ZENKEVICH Валянцiна Мiкалаеўна ЗЯНКЕВIЧ Валентина Николаевна ЗЕНЬКЕВИЧ Post/poist: Coláiste Breithiúnach um Chásanna Coiriúla Chúirt Chathrach Mhionsc, Breitheamh Dáta breithe: 8.1.1969 Inscne: baineann Náisiúntacht: Bealarúiseach Is breitheamh Bealarúiseach í Valentina Ziankevich atá ag obair i gColáiste Breithiúnach um Chásanna Coiriúla Chúirt Chathrach Mhionsc. D’eisigh sí rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise. Chiontaigh sí seachtar saoránach de chuid na Bealarúise ar a laghad ar fhorais pholaitiúla, lena n-áirítear Maryna Zolatava, príomheagarthóir TUT.BY, ar gearradh téarma príosúnachta 12 bhliain uirthi, agus Liudmila Chekina, stiúrthóir ginearálta TUT.BY, ar gearradh téarma príosúnachta 12 bhliain uirthi i mí an Mhárta 2023. Tá neart fianaise ann de rialuithe dar siocair an pholaitíocht a d’eisigh sí i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise ó 2022. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 210. Yauheni Valerievich BUBICH Yevgeny Valerievich BUBICH Яўген Валер’евiч БУБIЧ Евгений Валерьевич БУБИЧ Post/poist: Ceann Choilíneacht Phionósach uimh. 2; Leifteanant-Choirnéal na seirbhíse inmheánaí Dáta breithe: 3.6.1979 Inscne: fireann Náisiúntacht: Bealarúiseach Seoladh: Bobruysk, sráid Kovzana 60, árasán 42; Bobruysk, sráid Kovzana 5/485; Bobruysk, sráid Internationalnaya 66B, árasán 31 Ina phost mar Cheann Choilíneacht Uimh. 2 in Bobruysk, tá Yauheni Bubich freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céastóireacht, saothar éignithe, agus foréigean fisiciúil agus síceolaíoch, a tugadh do na príosúnaigh. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. 3.8.2023 211. Yuri Ivanavich VASILEVICH Yury Ivanovich VASILEVICH Юры Iванавiч ВАСIЛЕВIЧ Юрий Иванович ВАСИЛЕВИЧ Post/poist: Ceann Choilíneacht Phionósach Uimh. 14 in Novosady Inscne: fireann Náisiúntacht: Bealarúiseach Ina phost mar Cheann Choilíneacht Phionósach Uimh. 14, tá Yury Vasilevich freagrach as an drochíde a tugadh do na ciontuithe arna gcoinneáil faoina dhlínse, agus as íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céastóireacht, a tugadh do na príosúnaigh pholaitiúla agus do shaoránaigh eile arna gcoinneáil sa choilíneacht phionósach sin. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. 3.8.2023 212. Raman Ivanavich BIZIUK Roman Ivanovich BIZYUK Раман Iванавiч БIЗЮК Роман Иванович БИЗЮК Post/poist: Ionchúisitheoir Dáta breithe: 25.3.1986 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3250386H012PB7 Seoladh: Mionsc, 30 Masherova Ave., árasán 25 Ina phost mar ionchúisitheoir ag Cúirt Dúiche Mhionsc, tá ionadaíocht déanta ag Raman Biziuk do réimeas Lukashenka in iliomad cásanna dar siocair an pholaitíocht, go háirithe i gcoinne Marfa Rabkova, agus Andrei Chapiuk, ar forchuireadh breitheanna rífhada orthu de 15 bliana agus 6 bliana sa phríosún faoi seach, agus a n-ochtair comhchosantóirí, ar gearradh téarmaí príosúnachta idir 5 bliana agus 17 mbliana orthu. Cuireadh Marfa Rabkova i bpríosún ar chúisimh dar siocair an pholaitíocht dar bunús oiliúint a chur ar dhaoine chun páirt a ghlacadh i gcíréibeacha ollmhóra nó na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú, an tseirbhís saorálaithe a chomhordú sa ghrúpa um chearta an duine a aithnítear go hidirnáisiúnta, Viasna, agus faireachán ar thoghchán Lúnasa 2020 a eagrú. Tá taifead fianaise aici freisin ar chásanna céastóireachta agus ar dhrochíde eile i gcoinne agóideoirí atá á gcoinneáil. Bhí Marfa Rabkova ar dhuine de na chéad bhaill de Viasna ar dhírigh na húdaráis uirthi le cúisimh choiriúla dar siocair an pholaitíocht tar éis na n-agóidí i Lúnasa 2020. Cúisíodh Andrei Chapiuk as páirt a ghlacadh in eagraíocht choiriúil agus as fuath a ghríosú, i measc nithe eile, agus as a rannpháirtíocht in Viasna mar shaorálaí. Reáchtáladh a dtriail go rúnda ar iarraidh ón ionchúisitheoir Raman Biziuk agus ar fhormheas an bhreithimh Siarhei Khrypach mar gheall ar ábhair de chineál antoisceach a líomhnaíodh a bheith bainteach leis an gcás. Tá Raman Biziuk freagrach freisin as an ionchúiseamh dar siocair an pholaitíocht i gcoinne na gcomhchosantóirí sa triail chéanna, eadhon Akihiro Haeuski-Hanada, Alyaksandr Frantaskevich, Alykaksei Galauko, Alyaksandr Kazlyanka, Pavel Shpteny, Mikita Dranets, Andrei Marach agus Daniil Chul. Tá sé freagrach freisin as na cúisimh dar siocair an pholaitíocht i gcoinne Andrei Linnik agus Anton Bialenski, chomh maith leis an iochúiseamh i gcoinne Dzmitry Kanapelka, Vitalii Kavalenka, Tsimur Pipiya, Dzianis Boltuts, Vital Shyshlou agus Emil Huseinau. Tá Raman Biziuk freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go mór den daonlathas nó den smacht reachta sa Bhealarúis. 3.8.2023 213. Siarhei Fiodaravich KHRYPACH Sergey Fedorovich KHRIPACH Сяргей Фёдаравiч ХРЫПАЧ Сергей Федорович ХРИПАЧ Post/poist: Breitheamh ag Cúirt Réigiúnach Mhionsc Dáta breithe: 16.4.1966 Áit bhreithe: Mionsc, an Bhealarúis Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3160466A077PB2 Seoladh: Mionsc, sráid Odintsova 105, árasán 206 Ina phost mar bhreitheamh ag Cúirt Réigiúnach Mhionsc, tá ionadaíocht déanta ag Siarhei Khrypach do réimeas Lukashenka in iliomad cásanna dar siocair an pholaitíocht, go háirithe i gcoinne Marfa Rabkova, Andrei Chapyuk, ar forchuireadh pianbhreitheanna rífhada orthu de 15 bliana agus 6 bliana sa phríosún faoi seach) agus a n-ochtair comhchosantóirí, ar gearradh pianbhreitheanna coimeádta idir 5 bliana agus 17 mbliana orthu. Cuireadh Marfa Rabkova i bpríosún ar chúisimh dar siocair an pholaitíocht dar bunús oiliúint a chur ar dhaoine chun páirt a ghlacadh i gcíréibeacha ollmhóra nó na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú, an tseirbhís saorálaithe a chomhordú sa ghrúpa um chearta an duine a aithnítear go hidirnáisiúnta, Viasna, agus faireachán ar thoghchán Lúnasa 2020 a eagrú. Tá taifead fianaise aici freisin ar chásanna céastóireachta agus ar dhrochíde eile i gcoinne agóideoirí atá á gcoinneáil. Bhí Marfa Rabkova ar dhuine de na chéad bhaill de Viasna ar dhírigh na húdaráis uirthi le cúisimh choiriúla dar siocair an pholaitíocht tar éis na n-agóidí i Lúnasa 2020. Cúisíodh Andrei Chapiuk as páirt a ghlacadh in eagraíocht choiriúil agus as fuath a ghríosú i measc nithe eile, agus as a rannpháirtíocht in Viasna mar shaorálaí. Reáchtáladh a dtriail go rúnda ar iarraidh ón ionchúisitheoir Raman Biziuk agus ar fhormheas an bhreithimh Siarhei Khrypach mar gheall ar ábhair de chineál antoisceach a líomhnaíodh a bheith bainteach leis an gcás. Tá Siarhei Khrypach freagrach freisin as stiúradh na trialach agus na fíoraisc dar siocair an pholaitíocht i gcoinne na gcomhchosantóirí sa triail chéanna, eadhon Akihiro Haeuski-Hanada, Alyaksandr Frantaskevich, Alykaksei Galauko, Alyaksandr Kazlyanka, Pavel Shpteny, Mikita Dranets, Andrei Marach and Daniil Chul. Tá Siarhei Khrypach freagrach freisin as an bhfíorasc dar siocair an pholaitíocht i gcoinne Yegor Dudnikov, i mBealtaine 2021. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go mór den daonlathas nó den smacht reachta sa Bhealarúis. 3.8.2023 214. Vadim Frantzavich GIGIN Vadim Franzevich GIGIN Vadzim HIHIN Вадзiм Францавiч ГIГIН Вадим Францевич ГИГИН Post/poist: Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na Bealarúise, iarcheann ar chumann rialtais na Bealarúise Knowledge, agus déan Dhámh na Fealsúnachta agus na nEolaíochtaí Sóisialta, Ollscoil Stáit na Bealarúise, iarrthóir ar eolaíocht stairiúil Dáta breithe: 21.10.1977 Áit bhreithe: Mionsc, iar-Phoblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise (an Bhealarúis anois) Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann Tá Vadim Gigin ar na daoine is glóraí agus is mó tionchair ó thaobh chóras bholscaireacht stát na Bealarúise a chur chun cinn. Tacaíonn sé go córasach le réimeas Lukashenka agus is minic a chuireann sé a thuairimí i láthair ar chainéal teilifíse an stáit ONT agus ag Belarus 1. Thacaigh Vadim Gigin agus thug sé údar le cos ar bolg a imirt ar an bhfreasúra daonlathach, ar an tsochaí shibhialta agus na meáin neamhspleácha, go háirithe tar éis na dtoghchán uachtaránachta i Lúnasa 2020. Scaipeann Vadim Gigin a chuid scéalta bolscaireachta ndáil le réimeas Naitsíoch san Úcráin, clúmhilleadh an Iarthair agus údar a thabhairt le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Go mí an Mheithimh 2023, bhí Vadim Gigin i gceannas ar an gcumann Bealarúiseach Knowledge, a aithnítear mar eagraíocht neamhrialtasach státurraithe a chuireann Lukashenka agus a réimeas chun cinn. Thug Lukashenka aitheantas do rannchuidiú Gigin leis an réimeas i mí Mheán Fómhair 2021 nuair a bronnadh an bonn For Labor Merits ar Gigin. Thairis sin, i mí Feabhra 2023, ceapadh é ina chomhalta den Choimisiún a bhreithníonn achomhairc saoránach den Bhealarúis thar lear maidir le cionta a rinne siad, faoi cheannas Ard-Ionchúisitheoir na Bealarúise, Andrei Shved. Tá Vadim Gigin, dá bhrí sin, ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis. 3.8.2023 215. Ksenia Piatrouna LEBEDZEVA Ksenia Petrovna LEBEDEVA Ксенiя Пятроўна ЛЕБЕДЗЕВА Ксения Петровна ЛЕБЕДЕВА Post/poist: Bolscaire agus fostaí den chainéil stáit Belarus 1 agus TV News Agency. Dáta breithe: 12.12.1987 Áit bhreithe: Mogilev, iar-Phoblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise (an Bhealarúis anois) Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: baineann Tá Ksenia Lebedzeva ar dhuine de phríomhbholscairí réimeas Lukashenka agus tá dlúthbhaint aici le meáin an réimis. Is láithreoir teilifíse Bealarúiseach í ag an gcainéal Belarus 1, atá faoi úinéireacht an stáit. Tá an clár faisnéise anailíseach This is different á chur i láthair aici ó mhí Iúil 2021, ar an gcainéal teilifíse Belarus 1, atá faoi úinéireacht an stáit. Ina colún agus ina tuairiscí don chainéal teilifíse Bealarus 1, cuireann sí bolscaireacht na Rúise chun cinn maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, mar aon le bolscaireacht stáit na Bealarúise atá dírithe ar an bhfreasúra agus ar thíortha comharsanachta. Tá an smaoineamh go bhfuil an Úcráin, in éineacht le ECAT, ag seoladh faisnéise agus oibríochtaí speisialta síceolaíocha i gcoinne na Bealarúise ó 2020 á chur chun cinn ag Ksenia Lebedzeva, mar aon le cuntas Lukashenka go bhfuil ionadaithe an fhreasúra á maoiniú ag tíortha an Iarthair. An 16.1. 2021, bhronn Lukashenka buíochas ar Ksenia Lebedzeva as rannchuidiú suntasach le cur chun feidhme bheartas faisnéise an stáit, ardghairmiúlacht, clúdach oibiachtúil agus cuimsitheach ar imeachtaí shaol sochpholaitiúil agus soch-chultúrtha na tíre. Tá Ksenia Lebedeva, dá bhrí sin, ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú le réimeas Lukashenka. 3.8.2023 216. Zinaida Vasilieuna BALABALAVA Zinaida Vasilievna BALABALAVA Зiнаiда Васiльеўна БАЛАБАЛАВА Зинаида Васильевна БАЛАБОЛАВА Post/poist: Breitheamh ag Cúirt Chathrach Navapolatsk Inscne: baineann Ina post mar bhreitheamh de Chúirt Chathrach Navapolatsk, tá Zinaida Balabalava freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar an gceannaire ceardchumainn Volha Bytsikava, agus ar na gníomhaithe Hanna Tukava agus Andrei Halavyryn. Ghearr sí fíneálacha agus d’ordaigh sí go ngabhfaí daoine as comharthaí frithchogaíochta a fhoilsiú nó as tuairisciú neamhspleách ar thrialacha. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 217. Halina KNIZHONAK Galina KNIZHONAK Галiна КНIЖОНАК Галина КНИЖОНАК Post/poist: Breitheamh i gCúirt Dúiche Mazyr Inscne: baineann Ina post mar bhreitheamh i gcúirt dúiche Mazyr, tá Halina Knizhonak freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar Hleb Koipish, Uladzislau Hancharou, Aliaksandr Tsimashenka agus Daniil Skipalski. Tá téarma príosúnachta gearrtha aici ar dhaoine as páirt a ghlacadh in agóidí síochánta i gcoinne réimeas Lukashenka. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 218. Hanna Barisauna LIAVUSIK Anna Borisovna LEUSIK Ганна Барысаўна ЛЯВУСIК Анна Борисовна ЛЕУСИК Post/poist: Breitheamh i gcúirt dúiche Leninsky in Hrodna/Grodno Dáta breithe: 7.10.1973 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: baineann Seoladh: Grodno, sráid Soviet Border Guards 120, árasán 47 Uimhir Aitheantais Phearsanta: 4071073K000PB2 Ina post mar bhreitheamh i gcúirt dúiche Leninsky, Hrodna, tá Hanna Liavusik freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe as pianbhreith a fhorchur ar Alexander Tyelega. Tá fíneálacha agus téarmaí príosúin gearrtha aici ar dhaoine as labhairt suas i gcoinne an fhoréigin agus an chos ar bolg. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 219. Henadz Ivanavich KUDLASEVICH Gennady Ivanovich KUDLASEVICH Генадзь Iванавiч КУДЛАСЕВIЧ Геннадий Иванович КУДЛАСЕВИЧ Post/poist: Breitheamh i gCúirt Dúiche Ivanovsky Dáta breithe: 5.5.1973 Áit bhreithe: Tereblychi, Ceantar Stolin, iar-Phoblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise (an Bhealarúis anois) Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann Ina phost mar bhreitheamh i gCúirt Dúiche Leninsky, tá Henadz Kudlasevich freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe as pianbhreith a fhorchur ar Yuryi Holik. Tá pianbhreitheanna príosúnachta, coinneáil tí agus fíneálacha gearrtha aige ar dhaoine as agóid a dhéanamh i gcoinne an rialtais nó as tuairisciú neamhspleách. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go mór ón smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 220. Ina Leonidauna PAULOUSKAYA Inna Leonidovna PAVLOVSKAYA Iна Леанiдаўна ПАЎЛОЎСКАЯ Инна Леонидовна ПАВЛОВСКАЯ Post/poist: Breitheamh i gCúirt Dúiche Baranovichi Dáta breithe: 29.7.1975 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: baineann Seoladh: Baranovichi, sráid Mikolskaya 32 Uimhir Aitheantais Phearsanta: 4290775C016PB9 Ina post mar bhreitheamh i gcúirt dúiche Baranovichi, tá Ina Paulouskaya freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe as pianbhreith a fhorchur ar Vitaly Korsak agus Anatoly Pugach. Tá téarmaí príosúin agus fíneálacha gearrtha aici ar dhaoine as an Uachtarán Lukashenka a cháineadh agus as agóid a dhéanamh i gcoinne thoradh thoghcháin uachtaránachta 2020. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 221. Aliaksandr Mikalaevich TARAKANAU Alexander Nikolaevich TARAKANOV Аляксандр Мiкалаевiч ТАРАКАНАЎ Александр Николаевич ТАРАКАНОВ Post/poist: Cúirt Dúiche Shklov, Réigiún Mogilev, Breitheamh Dáta breithe: 19.5.1965 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann Is breitheamh Bealarúiseach é Aliaksandr Tarakanau a fhreastalaíonn i gCúirt Dúiche Shklov i Réigiún Mogilev. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap é ar feadh tréimhse éiginnte in 2017. Den chuid is mó, d’fhorchuir sé pianbhreitheanna a mhéadaigh ar na pionóis i gcoinne freasúra polaitiúil údaráis na Bealarúise, go háirithe i gcomhthéacs athrú a dhéanamh ar na pianbhreitheanna a forchuireadh go príosúnacht iomlán nó go córas níos déine chun na pianbhreitheanna sin a sheirbheáil. Rinneadh cinneadh den sórt sin i gcás an fhealsaimh agus an iriseora Uladzimir Matskievich atá bainteach leis an gcainéal teilifíse neamhspleách Belsat. Tá Aliaksandr Tarakanau freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go mór den smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 222. Dzmitry Vitalevich BUBENCHIK Dmitry Vitalievich BUBENCHIK Дзмiтрый Вiтальевiч БУБЕНЧЫК Дмитрий Витальевич БУБЕНЧИК Post/poist: Cúirt Réigiúnach Grodno, Breitheamh Dáta breithe: 15.7.1985 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann Is breitheamh Bealarúiseach é Dzmitry Bubenchik a fhreastalaíonn i gCúirt Dúiche Grodno. Ba é Aliaksandr Lukashenka a cheap é. D’eisigh sé rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise. An 8 Feabhra 2023 ghearr sé téarma príosúnachta 8 mbliana ar Andrzej Poczobut, iriseoir neamhspleách agus gníomhaí den mhionlach Polannach atá cáinteach ar rialtas Phoblacht na Bealarúise. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go mór den smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 223. Aleg Uladzimiravich KHOROSHKA Oleg Vladimirovich KHOROSHKO Алег Уладзiмiравiч ХОРОШКА Олег Владимирович ХОРОШКО Post/poist: Cúirt Réigiúnach Grodno, Breitheamh Dáta breithe: 22.5.1977 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann Is breitheamh Bealarúiseach é Aleg Khoroshka a fhreastalaíonn i gCúirt Dúiche Gomel. Ba é Aliaksandr Lukashenka a cheap é. D’eisigh sé rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise, lena n-áirítear iriseoir ón stáisiún teilifíse neamhspleách Belsat, Katsiaryna Andreyeva a ghearradh pianbreith 8 mbliana agus 3 mhí i gcoilíneacht phionósach di. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go mór den smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 224. Anastastasia Uladzimirouna BENEDZISIUK Anastasia Vladimirovna BENEDISYUK Анастасiя Уладзiмipаўна БЕНЕДЗIСЮК Анастасия Владимировна БЕНЕДИСЮК Post/poist: Ceann Roinn Tuairisceoirí an TV News Agency sa chainéal teilifíse stáit náisiúnta Belarus 1 TV Dáta breithe: 31.10.1992 Áit bhreithe: Oshmyan, an Bhealarúis Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: baineann Tá Anastasia Benedzisiuk ar dhuine de phríomhbholscairí réimeas Lukashenka agus Ceann Roinn Tuairisceoirí an TV News Agency, a ullmhaíonn tuairiscí don chainéal Belarus 1 TV. Bíonn sí ina hóstach ar an gclár faisnéise Plan B ar an gcainéal teilifíse Belarus 1 atá faoi úinéireacht an stáit. Ar a clár agus ina tuairiscí do chainéal teilifíse Belarus 1, scaipeann sí insintí bolscaireachta na Rúise faoin réimeas Naitsíoch san Úcráin, faoi Fhórsaí Armtha na hÚcráine, chomh maith le bolscaireacht Lukashenka i gcoinne fhreasúra na Bealarúise agus reisimint Kalinousky. Chomh maith leis sin, scaipeann sí bolscaireacht i gcoinne smachtbhannaí an Iarthair. In 2023, thug Lukashenka bonn oifigiúil le buíochas ar Anastasia Benedisyuk as rannchuidiú suntasach le cur chun feidhme bheartas faisnéise an stáit, ardghairmiúlacht, clúdach oibiachtúil agus cuimsitheach ar imeachtaí shaol sochpholaitiúil agus soch-chultúrtha na tíre. Tá sí, dá bhrí sin, ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis. 3.8.2023 225. Yauhen PUSTAVY Yevgeniy PUSTOVOY Яўген ПУСТАВЫ Евгений ПУСТОВОЙ Feidhm: Bolscaire agus craoltóir Bealarúiseach Dáta breithe: 29.2.1984 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann Is bolscaire Bealarúiseach é Yauhen Pustavy atá ag obair do Stolichnoye Televideniye, ceann de na trí chainéal teilifíse náisiúnta sa Bhealarúis, agus do Minskaya Prauda, nuachtán stáit. Tá sé freagrach as bolscaireacht a scaipeadh mar thaca le beartais Lukashenka agus as údar a thabhairt le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Bhronn Lukashenka aitheantas air dá bhuanna i mbun bheartas faisnéise an Stáit a fhorbairt. Thairis sin, tá sé ina chomhalta den Choimisiún Stáit a bhfuil sé d’aidhm aige teifigh pholaitiúla ar mian leo filleadh ar an mBealarúis a fhíorú. Is é Lukashenka a chruthaigh an coimisiún sin agus é mar aidhm pholaitiúil na dídeanaithe atá ag filleadh ar an mBealarúis a chur i láthair mar dhaoine ar oth leo a gcuid gníomhaíochtaí i gcoinne réimeas Lukashenka. Tá sé, dá bhrí sin, ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis. 3.8.2023 226. Alena Stanislavauna HARMASH Alena Stanislavovna GORMASH Алена Станiславаўна ГОРМАШ Елена Станиславовна ГОРМАШ Feidhm: Cúirt Dúiche Bobruisk agus Bobruisk, Breitheamh Dáta breithe: 10.9.1967 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: baineann Is breitheamh Bealarúiseach í Alena Harmash a fhreastalaíonn i gCúirt i nDúiche Bobruisk agus Bobruisk. D’eisigh sí rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise. Chiontaigh sí seisear de lucht tacaíochta agus gníomhaithe an fhreasúra ar chúiseanna polaitiúla. Tá neart fianaise ann de rialuithe dar siocair an pholaitíocht a d’eisigh sí i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise ó 2020. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 227. Andrei Ramanavich TARASEVICH Andrei Romanovich TARASEVICH Андрэй Раманавiч ТАРАСЕВIЧ Андрей Романович ТАРАСЕВИЧ Feidhm: Cúirt Dúiche Glubokoye, Breitheamh Dáta breithe: 10.11.1974 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann Is breitheamh Bealarúiseach é Andrei Tarasevich a fhreastalaíonn i gCúirt Dúiche Glubokoye. D’eisigh sé rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise. Chiontaigh sé 13 shaoránach ón mBealarúis ar fhorais pholaitiúla. Tá neart fianaise ann de rialuithe dar siocair an pholaitíocht a d’eisigh sé i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise ó 2017 go dtí 2023. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 228. Hanna Mikhailauna ASIPIENKA Hanna Mikhailovna OSIPIENKO Ганна Мiхайлаўна АСIПЕНКА Анна Михайловна ОСИПЕНКО Feidhm: Breitheamh i gCúirt Dúiche Bobruisk agus Bobruisk, Dáta breithe: 7.12.1982 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: baineann Is breitheamh Bealarúiseach í Hanna Asipienka a fhreastalaíonn i gCúirt i nDúiche Bobruisk agus Bobruisk. D’eisigh sí rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise. Idir 2020 agus 2023, ghlac sí páirt ghníomhach i bpianbhreith a ghearradh ar fhreasúra polaitiúil an réimis. Le linn na tréimhse sin, ghearr sí 13 phianbhreith ar a laghad, lena n-áirítear cásanna bheirt iriseoirí neamhspleácha sna meáin. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 229. Iryna Uladzimirauna PADKAVYRAVA Irina Vladimirovna PODKOVYROVA Iрына Уладзiмiраўна ПАДКАВЫРАВА Ирина Владимировна ПОДКОВЫРОВА Feidhm: Ionchúisitheoir Dáta breithe: 22.9.1972 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: baineann Is ionchúisitheoir Bealarúiseach í Iryna Padkavyrava. Tá baint aici leis na húdaráis ionchúisimh ó 2009 ar a laghad, nuair a d’fhreastail sí mar ionchúisitheoir sinsearach i réigiún Gomel. In 2022, ghníomhaigh sí mar ionchúisitheoir i dtriail iriseora neamhspleách atá cleamhnaithe le TVP agus Belsat TV. Ag an am, d’iarr sí téarma príosúnachta 4 bliana don iriseoir. Ghlac sí páirt freisin i mbreithniú na n-achomharc i gcoinne pianbhreitheanna a forchuireadh as iontrálacha a phostáil ar mheáin shóisialta na Bealarúise a bhí neamhfhabhrach don rialtas agus dá oifigigh. Mar ionchúisitheoir, thacaigh sí leis na pionóis, agus mheas sí go raibh siad leordhóthanach agus cothrom. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 230. Ludmila Stsiapanauna VASHCHANKA Ludmila Stiepanovna VASHCHENKO Людмiла Сцяпанаўна ВАШЧАНКА Людмила Степановна ВАЩЕНКО Feidhm: Breitheamh i gCúirt Dúiche Glubokoye, Dáta breithe: 22.9.1972 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: baineann Is breitheamh ón mBealarúis í Liudmila Vashchanka a fhreastalaíonn i gCúirt Dúiche Glubokoye. D’eisigh sí rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise. Tá neart fianaise ann de rialuithe dar siocair an pholaitíocht a d’eisigh sí i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise ó 2007 go 2023. Le linn na tréimhse sin, chiontaigh sí ar a laghad 9 saoránach ón mBealarúis, lena n-áirítear lucht tacaíochta agus gníomhaithe an fhreasúra, ar fhorais pholaitiúla. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 231. Uladzimir Aliaksandrovich DAVYDAU Vladimir Alexandrovich DAVYDOV Уладзiмiр Аляксандравiч ДАВЫДАЎ Владимир Александрович ДАВЫДОВ Feidhm: Breitheamh i gCúirt Uachtarach na Bealarúise Dáta breithe: 11.4.1967 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann Is breitheamh Bealarúiseach í Uladzimir Davydau a fhreastalionn i gCúirt Uachtarach na Bealarúise. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap é ar feadh tréimhse éiginnte in 2014. Rialaigh an Breitheamh Davydau go príomha ar achomhairc maidir le pianbhreitheanna príosúnachta do ghníomhaithe polaitiúla agus d’iriseoirí. D’fhág sé na téarmaí príosúnachta sin gan athrú. Rinneadh cinneadh mar sin, i gcás an iriseora Belsat, Pavel Vinahradau. Tá Uladzimir Davydau freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 232. Viachaslau Uladimirovich YELISEENKA Vyacheslav Vladimirovich ELISEENKO Вячаслаў Уладзiмiравiч ЕЛIСЕЕНКА Вячеслав Владимирович ЕЛИСЕЕНКО Feidhm: Breitheamh i gCúirt Dúiche Dokshitsy Dáta breithe: 10.4.1979 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann Is breitheamh Bealarúiseach é Viachaslau Yeliseenka a fhreastalaíonn i gCúirt Dúiche Dokshitsy. D’eisigh sé rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise. Chiontaigh sé 10 saoránach ón mBealarúis ar fhorais pholaitiúla. Tá neart fianaise ann de rialuithe dar siocair an pholaitíocht a d’eisigh sé i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise ó 2018. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023 233. Anton Uladzimiravich KALYAGA Anton Vladimirovich KOLYAGO Антон Уладзiмiравiч КАЛЯГА Антон Владимирович КОЛЯГО Feidhm: Príomh-imscrúdaitheoir - imscrúdaitheoir le haghaidh cásanna thar a bheith tábhachtach sa Phríomh-Stiúrthóireacht um Imscrúdú Coireanna i Sféar na Coireachta Eagraithe agus an Éillithe i bhFearas Lárnach Choiste Imscrúdaitheach, Maor Dlí agus Cirt Dáta breithe: 2.10.1989 Áit bhreithe: Mionsc, Poblacht na Bealarúise Náisiúntacht: An Bhealarúis Inscne: fireann Is imscrúdaitheoir é Anton Kalyaga de chuid na Príomh-Stiúrthóireachta um Imscrúdú Coireanna i Sféar na Coireachta Eagraithe agus an Éillithe i Lároifig Choiste Imscrúdaitheach Phoblacht na Bealarúise. Tugann sé comhaltaí Viasna os comhair na cúirte. Áirítear go leor neamhrialtachtaí sna himeachtaí breithiúnacha i gcoinne Ales Bialiatski, Valianstin Stefanovich agus Uladzimir Labkovich agus chuir na húdaráis síneadh, mar dhea, leis an tréimhse imscrúdaithe chun iarracht a dhéanamh fianaise a chumadh agus sáraíodh an teorainn ama arna bunú le dlí na Bealarúise agus le caighdeáin idirnáisiúnta lena rialaítear an ceart chun triail chóir a fháil. Níor chloígh imscrúdú agus triail chás Viasna leis an smacht reachta. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go mór den smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. 3.8.2023

(2) cuirtear na daoine dlítheanacha seo a leanas le tábla B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1): Ainmneacha Traslitriú an litrithe Bealarúisise Traslitriú an litrithe Rúisise Ainmneacha (litriú Bealarúisise) (litriú Rúisise) Faisnéis Aitheantais Cúiseanna lena liostú Dáta an liostaithe 36. Cuideachta Comhstoic Oscailte (OJSC) MINSK ELECTROTECHNICAL PLANT NAMED AFTER V. I. KOZLOV Адкрытае акцыянернае таварыства МIНСКI ЭЛЕКТРАТЭХНIЧНЫ ЗАВОД IМЯ В.I.КАЗЛОВА Открытое акционерное общество МИНСКИЙ ЭЛЕКТРОТЕХНИЧЕСКИЙ ЗАВОД ИМЕНИ В.И.КОЗЛОВА/ОАО МЭТЗ ИМ. В.И.КОЗЛОВА Seoladh: Room 502, 4, sráid Uralskaya, Mionsc 220037, Poblacht na Bealarúise An cineál eintitis: Cuideachta faoi úinéireacht stáit Áit chláraithe: 4, sráid Uralskaya, Mionsc 220037, Poblacht na Bealarúise Dáta clárúcháin: 1.3.1994 Cláruimhir: 100211261(УНП) Príomhionad gnó: An Bhealarúis Suíomh gréasáin na cuideachta: www.metz.by Seoladh ríomhphoist na cuideachta: urist@metz.by Uimhir theileafóin na cuideachta: 8017 230 11 22 Is fiontar faoi úinéireacht stáit é OJSC Minsk Electrotechnical Plant named after V.I. Kozlov, ceann de na táirgeoirí trealaimh leictreachais is mó san Eoraip agus ceann de na hollchuideachtaí tionsclaíocha sa Bhealarúis. Dá bhrí sin, is ceann de na foinsí móra ioncaim é do réimeas Lukashenka. Rinneadh bagairt ar fhostaithe OJSC Minsk Electrotechnical Plant named after V.I. Kozlova a ghlac páirt i stailceanna agus in agóidí síochánta tar éis na dtoghchán calaoiseacha sa Bhealarúis i mí Lúnasa 2020, a leagan as a bpost agus rinne bainistíocht na cuideachta imeaglú orthu. Briseadh oibrithe as a bpost ina dhiaidh sin mar gheall ar a rannpháirtíocht sna stailceanna. Tá OJSC Minsk Electrotechnical Plant named after V.I. Kozlov, dá bhrí sin, ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis. Thairis sin, tá OJSC Minsk Electrotechnical Plant named after V.I. Kozlov freagrach as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois sa Bhealarúis. 3.8.2023 37. Cuideachta Comhstoic Oscailte (OJSC) “Byelorussian Steel Works – management company of Byelorusssian Metallurgical Company holding ar a dtugtar freisin OJSC BSW (BMZ) - management company of BMC holding Адкрытае акцыянернае таварыства Беларускi металургiчны завод - кiруючая кампанiя холдынгу “Беларуская металургiчная кампанiя ar a dtugtar freisin ААТ “БМЗ - кiруючая кампанiя холдынгу БМК Открытое акционерное общество ‘Белорусский металлургический завод- управляющая компания холдинга Белорусская металлургическая компания ar a dtugtar freisin ОАО БМЗ- управляющая компания холдинга БМК Seoladh: 37, Sráid Promyshlennaya, Zhlobin, réigiún Gomel, an Bhealarúis, 247210 An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic oscailte Áit chláraithe: Zhlobin, réigiún Gomel, an Bhealarúis Dáta clárúcháin: 24.4.1991 mar БЕЛОРУССКИЙ МЕТАЛЛУРГИЧЕСКИЙ ЗАВОД, 11.9.1996 mar Государственное предприятие - Белорусский металлургический завод, 1.12.1997 mar Белорусский металлургический завод, 3.11.1999 mar Республиканское унитарное предприятие Белорусский металлургический завод, 1.1.2012 mar Открытое акционерное общество Белорусский металлургический завод Cláruimhir: 400074854 Príomhionad gnó: Zhlobin, réigiún Gomel, an Bhealarúis OJSC BSW - management company of BMC holding - is fiontar stáit uathúil é sa tionscal miotalóireachta sa Bhealarúis, agus ar cheann de na cuideachtaí is mó sa tír. Dá bhrí sin, is foinse thábhachtach ioncaim é do réimeas Lukashenka. Tá Stát na Bealarúise ag baint tairbhe go díreach as an méid a thuilleann OJSC BSW - management company of BMC holding. Thairis sin, faigheann an chuideachta deontais mhóra ón rialtas agus tacaíocht pholaitiúil ó réimeas Lukashenka. Cheap an tUachtarán Lukashenka stiúrthóir ginearálta OJSC BSW - management company of BMC holding é féin. Fostaithe OJSC BSW - management company of BMC holding a ghlac páirt sna hagóidí agus a chuaigh ar stailc tar éis thoghcháin uachtaránachta 2020 sa Bhealarúis, briseadh as a bpoist iad. Ó shin i leith, leanann an fiontar de bhearta a ghlacadh i gcoinne fostaithe atá ag iarraidh stailceanna a eagrú, trí bhagairtí agus trí dhífhostú. Dá bhrí sin, tá OJSC BSW - management company of BMC holding ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis. Thairis sin, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. 3.8.2023 38. Belneftekhim Gnóthas Stáit na Bealarúise maidir le hOla agus Ceimic Белнафтахiм — Беларускi дзяржаўны канцэрн па нафце i хiмii Белнефтехим, Белорусский государственный концерн по нефти и химии Seoladh: 73, Sráid Dzerzhinskogo, Mionsc, 220116 An cineál eintitis: Gnóthas stáit Áit chláraithe: 73, Sráid Dzerzhinskogo, Mionsc, 220116 Dáta clárúcháin: 21.7.1997 Cláruimhir: 101272253 Príomhionad gnó: Mionsc, an Bhealarúis Tá Gnóthas Stáit na Bealarúise maidir le hOla agus Ceimic (Belneftekhim) ar cheann de na coimpléisc thionsclaíocha is mó i bPoblacht na Bealarúise agus atá comhdhéanta d’iliomad cuideachtaí eile faoi úinéireacht an stáit; bunaíodh é i 1997. Measann Aliaksandr Lukashenka go bhfuil Belneftekhim ar cheann de na gnóthais is tábhachtaí agus is straitéisí sa Bhealarúis. Go háirithe, is sócmhainn bhunúsach í Belneftekhim do gheilleagar agus do bheartas eachtrach na Bealarúise, go háirithe i ndáil leis an gcomhar idir an Rúis agus an Bhealarúis maidir le cómhargadh ola a fhorbairt. Bíonn comhairliúcháin rialta ann idir an gnóthas agus an tUachtarán Lukashenka. Baineann Belneftekhim tairbhe as an tacaíocht a thug réimeas Lukashenka, go háirithe i bhfianaise éifeachtaí smachtbhannaí an Iarthair. Tá Belneftekhim, dá bhrí sin, ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis. 3.8.2023

Versions

  1. 2023-08-03