Cinneadh (CBES) 2023/161 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/649 maidir le tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíochtaí Rúnaíocht CTA mar thaca le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/161@2023-01-23/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 16 Aibreán 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES)2021/649.
(2) Le hAirteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2021/649 sonraítear gur cheart don Chinneadh dul in éag 24 mhí tar éis thabhairt i gcrích an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3), eadhon an 20 Bealtaine 2023.
(3) An 23 Meán Fómhair 2022, d’iarr Rúnaíocht an Chonartha Trádála Arm (CTA), atá freagrach as cur chun feidhme teicniúil na ngníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2021/649, le litir síneadh gan chostas 5 mhí a chur le tréimhse chur chun feidhme an Chinnidh sin. Leis an síneadh sin, bheadh Rúnaíocht CTA in ann na gníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2021/649 a thabhairt chun críche, a raibh tionchar diúltach ag moilleanna earcaíochta agus ag paindéim COVID-19 ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin.
(4) Maidir le síneadh a chur le tréimhse chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2021/649 go dtí an 20 Deireadh Fómhair 2023, níl aon impleachtaí aige a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais.
(5) Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2021/649 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 20 Deireadh Fómhair 2023..
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2023. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán J. Borrell Fontelles