Gelex

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1650 ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2023 lena gceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh fíordheimhniú láidir custaiméara agus caighdeáin chumarsáide shlána oscailte (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2023-05-15from 2023-09-12
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/1650@2023-05-15/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE, agus go háirithe Airteagal 98(4), an dara fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Sa leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 ón gCoimisiún, tá earráidí in Airteagail 30, 31 agus 36 a mhéid a bhaineann leis na cineálacha soláthraithe seirbhíse lena mbaineann ceanglas sonrach. Déanann na hearráidí sin difear do shubstaint na bhforálacha sin.

(2) Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 (Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2023. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

Versions

  1. 2023-05-15