Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1653 ón gCoimisiún an 17 Lúnasa 2023 lena gcláraítear ainm i gclár na dtásc geografach deochanna biotáilleacha (Borzag pálinka)

In forceVersion 2023-08-17from 2023-09-13
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/1653@2023-08-17/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, agus go háirithe Airteagal 30(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) I gcomhréir le hAirteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2019/787, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Ungáir ar chlárú an ainm Borzag pálinka a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(2) Ní bhfuair an Coimisiún aon fhógra freasúra, i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2019/787.

(3) Dá bhrí sin, ba cheart an t-ainm Borzag pálinka a chlárú mar thásc geografach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Tá an tásc geografach Borzag pálinka cláraithe. I gcomhréir le hAirteagal 30(4) de Rialachán (AE) 2019/787, an chosaint dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2019/787, deonaítear leis an Rialachán seo í don tásc geografach Borzag pálinka.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Lúnasa 2023. Thar ceann an Choimisiúin, Thar ceann an Uachtaráin, Janusz Wojciechowski Comhalta den Choimisiún

Versions

  1. 2023-08-17