Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1700 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an tSile, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/1700@2023-09-06/ga
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.
(2) Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha.
(3) Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear do na speicis agus do na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas.
(4) Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach anois na liostaí de thríú tíortha, nó de thríú críocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr agus táirgí feola ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas.
(5) Tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe don Choimisiún faoi thrí ráig den fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI) in éanlaith chlóis in Albain, i limistéir chomhairle Angus (1) agus Dumfries agus Galloway (1), agus in Oileán Lewis (1), ráigeanna a deimhníodh le hanailís saotharlainne (RT-PCR) an 18 Lúnasa 2023, an 17 Lúnasa 2023 agus an 22 Lúnasa 2023.
(6) Tar éis na ráigeanna deireanacha sin den fhliú éanúil ardphataigineach, bhunaigh údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe criosanna srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú.
(7) Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch agus maidir leis na bearta atá déanta aici chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc.
(8) Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe, measann an Coimisiún gur cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim sna limistéir sin a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint.
(9) Chuir an tSíle, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faisnéis nuashonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le staideanna eipidéimeolaíocha ar a gcríocha a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach ba chúis le teacht isteach roinnt táirgí san Aontas a chur ar fionraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.
(10) Chuir Ceanada faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a chríoch i ndáil le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíocht éanlaithe clóis i gcúige British Alberta, ráig a deimhníodh an 20 Meán Fómhair 2022.
(11) Chuir an tSile faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a chríoch i ndáil le 5 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i réigiúin Biobío (3) agus Maule (2), ráigeanna a deimhníodh idir an 19 Márta 2023 agus an 20 Aibreán 2023.
(12) Chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a chríoch i ndáil le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíocht éanlaithe clóis i gcontae Kent, i Sasana, ráig a deimhníodh an 20 Iúil 2023.
(13) Ar deireadh, chuir na Stáit Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch i ndáil le 21 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i stáit Colorado (1) agus Pennsylvania (20), ráigeanna a deimhníodh idir an 1 Feabhra 2023 agus an 28 Márta 2023.
(14) Chuir Ceanada, an tSile, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinneadh chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna sin den ghalar sin, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag Ceanada, ag an tSile, ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe ar na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe ar a gcríocha.
(15) Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada, an tSile, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe isteach. Measann an Coimisiún go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha ag Ceanada, an tSíle, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe nach bagairt do shláinte ainmhithe ná don tsláinte phoiblí laistigh den Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis leis an bhfionraí, agus, dá bhrí sin, gur cheart teacht isteach san Aontas tráchtearraí éanlaithe clóis ó na criosanna lena mbaineann i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe óna raibh teacht isteach san Aontas curtha ar fionraí a athúdarú.
(16) Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach i gCeanada, sa tSile, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe.
(17) Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair sa Ríocht Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus chun cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil leis an gCeanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinn V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne.
(18) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Meán Fómhair 2023 Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen
ANNEX
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
(1) Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
(1)
(a) i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:
(a)
(i) san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.94: CA Ceanada CA-2.94 BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20 N, P1 20.9.2022 24.8.2023;
(ii) san iontráil a bhaineann leis an tSile, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CL-2.2 agus CL-2.3: CL An tSile CL-2.2 BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20 N, P1 19.3.2023 28.8.2023 CL-2.3 N, P1 24.3.2023 28.8.2023;
(iii) san iontráil a bhaineann leis an tSile, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CL-2.5 agus CL-2.6: CL An tSile CL-2.5 BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20 N, P1 10.4.2023 28.8.2023 CL-2.6 N, P1 12.4.2023 28.8.2023;
(iv) san iontráil a bhaineann leis an tSile, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CL-2.10: CL An tSile CL-2.10 BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20 N, P1 20.4.2023 28.8.2023;
(v) san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.308: GB An Ríocht Aontaithe GB-2.308 BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20 N, P1 20.7.2023 23.8.2023;
(vi) san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna GB-2.315, GB-2.316 agus GB-2.317 tar éis an ró le haghaidh chrios GB-2.314: GB An Ríocht Aontaithe GB-2.315 BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20 N, P1 17.8.2023 GB-2.316 N, P1 18.8.2023 GB-2.317 N, P1 22.8.2023;
(vii) san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios US-2.408: US Na Stáit Aontaithe US-2.408 BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20 N, P1 1.2.2023 31.8.2023;
(viii) san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios US-2.416: US Na Stáit Aontaithe US-2.416 BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20 N, P1 22.2.2023 31.8.2023;
(ix) san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios US-2.418: US Na Stáit Aontaithe US-2.418 BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20 N, P1 23.2.2023 31.8.2023;
(x) san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.422 agus US-2.423: US Na Stáit Aontaithe US-2.422 BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20 N, P1 24.2.2023 31.8.2023 US-2.423 N, P1 27.2.2023 31.8.2023;
(xi) san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.427, US-2.428 agus US-2.429: US Na Stáit Aontaithe US-2.427 BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20 N, P1 3.3.2023 31.8.2023 US-2.428 N, P1 3.3.2023 31.8.2023 US-2.429 N, P1 3.3.2023 31.8.2023;
(xii) san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.432 go US-2.441: US Na Stáit Aontaithe US-2.432 BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20 N, P1 6.3.2023 31.8.2023 US-2.433 N, P1 6.3.2023 31.8.2023 US-2.434 N, P1 6.3.2023 31.8.2023 US-2.435 N, P1 13.3.2023 31.8.2023 US-2.436 N, P1 14.3.2023 31.8.2023 US-2.437 N, P1 14.3.2023 31.8.2023 US-2.438 N, P1 14.3.2023 31.8.2023 US-2.439 N, P1 14.3.2023 31.8.2023 US-2.440 N, P1 14.3.2023 31.8.2023 US-2.441 N, P1 15.3.2023 31.8.2023;
(xiii) san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.443 agus US-2.444: US Na Stáit Aontaithe US-2.443 BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20 N, P1 16.3.2023 31.8.2023 US-2.444 N, P1 16.3.2023 31.8.2023;
(xiv) san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios US-2.447: US Na Stáit Aontaithe US-2.447 BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20 N, P1 28.3.2023 25.8.2023;
(b) i gCuid 2, san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar chriosanna GB-2.315, GB-2.316 agus GB-2.317 tar éis na tuairisce ar chrios GB-2.314: An Ríocht Aontaithe GB-2.315 gar do Kirkcudbright, Dumfries agus Galloway, Albain, GB An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas, Domhanleithead: N54.80 agus Domhanfhad: W4.05 GB-2.316 gar do Forfar, Angus, Albain, GB An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas, Domhanleithead: Domhanleithead: N56.69 agus Domhanfhad: W2.87 GB-2.317 gar do Barvas, Oileán Leodhais, Albain, GB An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas, Domhanleithead: Domhanleithead: N58.35 agus Domhanfhad: W6.51
(2) in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:
(2)
(a) san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.94: CA Ceanada CA-2.94 POU, RAT N, P1 20.9.2022 24.8.2023 GBM P1 20.9.2022 24.8.2023;
(b) san iontráil a bhaineann leis an tSile, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CL-2.2 agus CL-2.3: CL An tSile CL-2.2 POU, RAT N, P1 19.3.2023 28.8.2023 GBM P1 19.3.2023 28.8.2023 CL-2.3 POU, RAT N, P1 24.3.2023 28.8.2023 GBM P1 24.3.2023 28.8.2023;
(c) san iontráil a bhaineann leis an tSile, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CL-2.5 agus CL-2.6: CL An tSile CL-2.5 POU, RAT N, P1 10.4.2023 28.8.2023 GBM P1 10.4.2023 28.8.2023 CL-2.6 POU, RAT N, P1 12.4.2023 28.8.2023 GBM P1 12.4.2023 28.8.2023;
(d) san iontráil a bhaineann leis an tSile, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CL-2.10: CL An tSile CL-2.10 POU, RAT N, P1 20.4.2023 28.8.2023 GBM P1 20.4.2023 28.8.2023;
(e) san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios GB-2.308: GB An Ríocht Aontaithe GB-2.308 POU, RAT N, P1 20.7.2023 23.8.2023’; GBM P1 20.7.2023 23.8.2023;
(f) san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna GB-2.315, GB-2.316 agus GB-2.317 tar éis na rónna le haghaidh chrios GB-2.314: GB An Ríocht Aontaithe GB-2.315 POU, RAT N, P1 17.8.2023 GBM P1 17.8.2023 GB-2.316 POU, RAT N, P1 18.8.2023 GBM P1 18.8.2023 GB-2.317 POU, RAT N, P1 22.8.2023 GBM P1 22.8.2023;
(g) san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios US-2.408: US Na Stáit Aontaithe US-2.408 POU, RAT N, P1 1.2.2023 31.8.2023 GBM P1 1.2.2023 31.8.2023;
(h) san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios US-2.416: US Na Stáit Aontaithe US-2.416 POU, RAT N, P1 22.2.2023 31.8.2023’; GBM P1 22.2.2023 31.8.2023;
(i) san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios US-2.418: US Na Stáit Aontaithe US-2.418 POU, RAT N, P1 23.2.2023 31.8.2023 GBM P1 23.2.2023 31.8.2023;
(j) san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.422 agus US-2.423: US Na Stáit Aontaithe US-2.422 POU, RAT N, P1 24.2.2023 31.8.2023 GBM P1 24.2.2023 31.8.2023 US-2.423 POU, RAT N, P1 27.2.2023 31.8.2023 GBM P1 27.2.2023 31.8.2023;
(k) san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.427, US-2.428 agus US-2.429: US Na Stáit Aontaithe US-2.427 POU, RAT N, P1 3.3.2023 31.8.2023 GBM P1 3.3.2023 31.8.2023 US-2.428 POU, RAT N, P1 3.3.2023 31.8.2023 GBM P1 3.3.2023 31.8.2023 US-2.429 POU, RAT N, P1 3.3.2023 31.8.2023 GBM P1 3.3.2023 31.8.2023;
(l) san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.432 go US-2.441: US Na Stáit Aontaithe US-2.432 POU, RAT N, P1 6.3.2023 31.8.2023 GBM P1 6.3.2023 31.8.2023 US-2.433 POU, RAT N, P1 6.3.2023 31.8.2023 GBM P1 6.3.2023 31.8.2023 US-2.434 POU, RAT N, P1 6.3.2023 31.8.2023 GBM P1 6.3.2023 31.8.2023 US-2.435 POU, RAT N, P1 13.3.2023 31.8.2023 GBM P1 13.3.2023 31.8.2023 US-2.436 POU, RAT N, P1 14.3.2023 31.8.2023 GBM P1 14.3.2023 31.8.2023 US-2.437 POU, RAT N, P1 14.3.2023 31.8.2023 GBM P1 14.3.2023 31.8.2023 US-2.438 POU, RAT N, P1 14.3.2023 31.8.2023 GBM P1 14.3.2023 31.8.2023 US-2.439 POU, RAT N, P1 14.3.2023 31.8.2023 GBM P1 14.3.2023 31.8.2023 US-2.440 POU, RAT N, P1 14.3.2023 31.8.2023 GBM P1 14.3.2023 31.8.2023 US-2.441 POU, RAT N, P1 15.3.2023 31.8.2023 GBM P1 15.3.2023 31.8.2023;
(m) san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.443 agus US-2.444: US Na Stáit Aontaithe US-2.443 POU, RAT N, P1 16.3.2023 31.8.2023 GBM P1 16.3.2023 31.8.2023 US-2.444 POU, RAT N, P1 16.3.2023 31.8.2023 GBM P1 16.3.2023 31.8.2023;
(n) san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios US-2.447: US Na Stáit Aontaithe US-2.447 POU, RAT N, P1 28.3.2023 25.8.2023 GBM P1 28.3.2023 25.8.2023;