Gelex

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/206 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na cineálacha fachtóirí atá le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na n-ualaí priacail le haghaidh risíochtaí a urraítear le maoin dhochorraithe agus na coinníollacha atá le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht luachanna íosta an chaillteanais i gcás mainneachtana le haghaidh risíochtaí a urraítear le maoin dhochorraithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2022-10-05from 2023-02-21
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2023/206@2022-10-05/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1 Na cineálacha fachtóirí atá le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na n-ualaí priacail maidir le risíochtaí a urraítear le maoin dhochorraithe
  3. 1.
  4. 2.
  5. 3.
  6. 5.
  7. Airteagal 2 Coinníollacha atá le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na luachanna íosta LGD le haghaidh risíochtaí a urraítear le maoin dhochorraithe
  8. 1.
  9. 2.
  10. Airteagal 3 Measúnuithe ar dheighleoga maoine nó ar chodanna sonracha de chríoch Ballstáit
  11. Airteagal 4 Foinsí eile sonraí a úsáid
  12. Airteagal 5 Teacht i bhfeidhm

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus go háirithe Airteagal 124(4), an tríú fomhír, agus Airteagal 164(8), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Tugtar aghaidh in Airteagal 124(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar thaobh amháin, ar an measúnú ar oiriúnacht na n-ualaí priacail le haghaidh risíochtaí a urraítear le morgáistí ar mhaoin chónaithe agus ar mhaoin tráchtála dhochorraithe. Ar an taobh eile, tugtar aghaidh in Airteagal 164(6), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar an measúnú ar oiriúnacht luachanna íosta an chaillteanais i gcás mainneachtana (LGD) le haghaidh risíochtaí a urraítear le morgáistí ar mhaoin chónaithe nó ar mhaoin tráchtála dhochorraithe. Dá bhrí sin, baineann an dá fhoráil le calabrú na bparaiméadar le haghaidh risíochtaí a urraítear le maoin dhochorraithe. Is iomchuí, dá bhrí sin, go sonrófar ar bhealach comhleanúnach na cineálacha fachtóirí atá le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na n-ualaí riosca sin agus na coinníollacha atá le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na luachanna íosta LGD sin.

(2) Agus na fachtóirí agus na coinníollacha sin á sonrú, is gá comhréireacht a áirithiú agus ilchineálacht na margaí maoine dochorraithe ar fud na mBallstát a chur san áireamh, agus an tráth céanna creat atá comhchuibhithe go leormhaith a leagan amach chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na n-ualaí priacail agus ar na luachanna íosta LGD le haghaidh risíochtaí a urraítear le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe. Chuige sin, ba cheart cur chuige a oireann do gach cás a sheachaint.

(3) Agus an caillteanas ionchasach á shonrú chun oiriúnacht na n-ualaí priacail a chinneadh, ba cheart breithniú a dhéanamh ar roinnt tosca a thugann léargas ar fhorbairtí réamhbhreathnaitheacha sa mhargadh, lena n-áirítear saintréithe struchtúracha margaí maoine dochorraithe san am a chuaigh thart agus san am i láthair agus sainiúlachtaí náisiúnta a bhaineann le maoiniú réadmhaoine.

(4) I bhfianaise ábharthacht eacnamaíoch margaí réadmhaoine do na Ballstáit, ba cheart foinsí priacail shistéamaigh, seachas cora chun donais eacnamaíocha agus priacail neamhghnácha amháin, a chur san áireamh agus na coinníollacha maidir le measúnú a dhéanamh ar na luachanna íosta LGD á sonrú. Agus na coinníollacha maidir le measúnú a dhéanamh ar luachanna íosta LGD á gcur san áireamh, ba cheart roinnt coinníollacha a mheas a bhaineann le foinsí priacail shistéamaigh a dhéanann difear d’fhorbairtí réamhbhreathnaitheacha sa mhargadh maoine, ina measc cé acu a bhaineann nó nach mbaineann míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha le cor chun donais, cé acu atá nó nach bhfuil bearta macrastuamachta eile i bhfeidhm, agus sainiúlachtaí náisiúnta a bhaineann le margaí maoine dochorraithe agus le maoiniú na margaí sin.

(5) Thairis sin, i bhfianaise na ndifríochtaí móra idir margaí réadmhaoine na mBallstát, ba cheart na sainiúlachtaí a bhaineann go heisiach le margadh náisiúnta réadmhaoine agus le maoiniú an mhargaidh sin a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar oiriúnacht na n-ualaí priacail le haghaidh risíochtaí a urraítear le maoin dhochorraithe, agus oiriúnacht luachanna íosta an chaillteanais i gcás mainneachtana le haghaidh na risíochtaí sin.

(6) Le hAirteagal 124(2) agus Airteagal 164(6), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déantar foráil maidir le measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na n-ualaí priacail nó na luachanna íosta LGD i ndáil le deighleog mhaoine amháin nó níos mó nó maidir le cuid amháin nó níos mó de chríoch Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh go bhféadfar na cineálacha fachtóirí nó na coinníollacha chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na n-ualaí priacail nó na luachanna íosta LGD a chur i bhfeidhm maidir le deighleog mhaoine amháin nó níos mó nó maidir le cuid amháin nó níos mó de chríoch Ballstáit. D’fhéadfadh sé, áfach, nach mbeadh na sonraí a bhailítear trí bhíthin tuairisciú comhchuibhithe san Aontas mionsonraithe go leor chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na n-ualaí priacail nó na luachanna íosta LGD ar leibhéal na deighleoige maoine sin nó ar leibhéal cuid de chríoch Ballstáit. I gcásanna den chineál sin, ba cheart do na húdaráis arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 124(1a) agus Airteagal 164(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bheith in ann foinsí breise sonraí a úsáid le haghaidh na measúnuithe sin.

(7) Ós rud é go dtugtar aghaidh in Airteagail 124 agus 164 araon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar na measúnuithe ar oiriúnacht na bparaiméadar ionchuir chun ceanglais cistí dílse a chinneadh le haghaidh cineálacha risíochtaí a urraítear le maoin dhochorraithe, is gá comhleanúnachas a áirithiú idir an dá mheasúnú. Is iomchuí, dá bhrí sin, an dá shraith de na caighdeáin theicniúla rialála ábhartha a cheanglaítear leis na hAirteagail sin a chur in aon Rialachán amháin.

(8) Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE).

(9) Rinne ÚBE comhairliúchán poiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a mbunaítear an Rialachán seo, rinne sé anailís ar na costais agus ar na sochair a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Na cineálacha fachtóirí atá le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na n-ualaí priacail maidir le risíochtaí a urraítear le maoin dhochorraithe

1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar oiriúnacht na n-ualaí priacail dá dtagraítear in Airteagal 124(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cinnfidh na húdaráis arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 124(1a) den Rialachán sin na nithe uile seo a leanas: Chun críocha phointe (b), cinnfear an caillteanas ionchasach mar mheán na gcaillteanas measta do gach bliain le linn na tréimhse réamhbhreathnaithí roghnaithe.

1.

(a) an taithí chaillteanais mar chóimheas na nithe seo a leanas:

(a)

(i) i gcás risíochtaí a urraítear le morgáistí ar mhaoin chónaithe dá dtagraítear in Airteagal 124(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, na caillteanais a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 430a(1), pointe (a), den Rialachán sin agus luach na risíochta a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 430a(1), pointe (c), den Rialachán sin;

(ii) i gcás risíochtaí a urraítear le morgáistí ar mhaoin tráchtála dhochorraithe dá dtagraítear in Airteagal 124(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, na caillteanais a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 430a(1), pointe (d), den Rialachán sin agus luach na risíochta a thuairiscítear I gcomhréir le hAirteagal 430a(1), pointe (f), den Rialachán sin;

(b) an caillteanas ionchasach mar an meastachán is fearr ar chaillteanais atá le réadú le linn tréimhse réamhbhreathnaitheach aon bhliana amháin ar a laghad agus, má chinneann an t-údarás sin amhlaidh, suas le trí bliana.

2. Cinnfidh na húdaráis arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 124(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an caillteanas ionchasach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), ar cheann de na bealaí seo a leanas: Agus an caillteanas ionchasach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) á chinneadh, léireoidh na húdaráis na forbairtí réamhbhreathnaitheacha sa mhargadh maoine dochorraithe dá dtagraítear in Airteagal 124(2), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le linn tréimhse réamhbhreathnaitheach aon bhliana amháin ar a laghad agus, má chinneann an t-údarás sin amhlaidh, suas le trí bliana.

2.

(a) tríd an taithí chaillteanais dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a choigeartú suas nó síos;

(b) tríd an taithí chaillteanais a choiméad mar an gcéanna.

3. Beidh an caillteanas ionchasach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), agus a chinntear i gcomhréir le mír 2, bunaithe ar gach ceann de na nithe seo a leanas:

3.

(a) forbairt stairiúil agus saintréithe timthriallacha mhargadh na maoine dochorraithe mar a léirítear in idirbhearta agus i bpraghsanna an mhargaidh maoine dochorraithe, agus i luaineacht na bpraghsanna sin, mar a léirítear leis na táscairí sonraí ábhartha nó leis an bhfaisnéis cháilíochtúil ábhartha;

(b) saintréithe struchtúracha mhargadh na maoine dochorraithe san am atá caite agus san am i láthair, agus forbairt na saintréithe struchtúracha sin amach anseo, ar saintréithe iad a bhaineann le méid an mhargaidh maoine dochorraithe, sainiúlachtaí mhaoiniú na réadmhaoine, córais chánachais náisiúnta agus na forálacha rialála náisiúnta maidir le maoin dhochorraithe a cheannach, a shealbhú nó a ligean ar cíos;

(c) na príomhthosca a chothaíonn éileamh agus soláthar sa mhargadh maoine dochorraithe, mar a léirítear le haon táscaire sonraí ábhartha nó faisnéis cháilíochtúil, lena n-áirítear caighdeáin iasachtaithe, gníomhaíocht tógála, rátaí folúntas, nó gníomhaíocht maidir le hidirbhearta;

(d) riosca na risíochtaí a urraítear le maoin dhochorraithe, arna thomhas le gach ceann de na nithe seo a leanas:

(d)

(i) táscairí atá ábhartha do dheighleoga maoine an Bhallstáit agus, i gcás inarb ábhartha, do chodanna de chríoch an Bhallstáit sin, ag féachaint do Roinn 6 de Threoirlínte ÚBE maidir le fothacair risíochtaí i gcur i bhfeidhm an Mhaoláin maidir le Priacal Sistéamach, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 133(6) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(ii) na táscairí caighdeánacha iasachtaithe a shonraítear sa mholadh ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach maidir le bearnaí i sonraí eastáit réadaigh a dhúnadh;

(e) an fhorbairt a bhfuil coinne léi i bpraghsanna an mhargaidh maoine dochorraithe agus an luaineacht a bhfuil coinne léi sna praghsanna sin, lena n-áirítear measúnú ar an éiginnteacht maidir leis na hionchais sin;

(f) an fhorbairt a bhfuil coinne léi i bpríomhathróga fóinteacha maicreacnamaíocha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shócmhainneacht iasachtaithe, lena n-áirítear measúnú ar an éiginnteacht maidir leis na hionchais sin;

(g) an tréimhse ama ina bhfuil coinne leis go dtiocfaidh forbairtí réamhbhreathnaitheacha chun cinn sa mhargadh maoine;

(h) sainiúlachtaí náisiúnta a bhaineann go heisiach leis an margadh réadmhaoine agus le maoiniú an mhargaidh sin, lena n-áirítear scéimeanna ráthaíochta poiblí agus príobháideacha, in-asbhainteacht cánach, agus tacaíocht phoiblí i bhfoirm córas iontaofa agus bearta sábháilteachta sóisialta;

(i) aon táscaire eile sonraí agus aon fhoinse eile sonraí a thugann léargas ar fhorbairtí réamhbhreathnaitheacha sa mhargadh maoine a dhéanann difear don chaillteanas ionchasach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), nó a thacaíonn le cáilíocht sonraí na taithí caillteanais dá dtagraítear i mír 1, pointe (a).

4. I gcás ina bhfuil go leor éiginnteachta ann maidir leis na tosca dá dtagraítear i mír 3, pointe (e), déanfaidh na húdaráis arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 124 (1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 corrlach stuamachta a mheas agus an caillteanas ionchasach á chinneadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

5. Chun críocha mhír 1, tabharfaidh na húdaráis arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 124 (1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 aird ar bhearta macrastuamachta eile atá i bhfeidhm lena dtugtar aghaidh cheana féin ar na phriacail shistéamacha shainaitheanta a dhéanann difear d’oiriúnacht na n-ualaí priacail dá dtagraítear in Airteagal 124(2), an chéad fhomhír, den Rialachán sin, lena n-áirítear na bearta seo a leanas sa dlí náisiúnta atá ceaptha chun athléimneacht an chórais airgeadais a fheabhsú:

5.

(a) teorainneacha iasachta/luacha;

(b) teorainneacha fiachais/ioncaim;

(c) teorainneacha fiach-sheirbhíse/ioncaim;

(d) ionstraimí eile lena dtugtar aghaidh ar chaighdeáin iasachtaithe.

Airteagal 2 Coinníollacha atá le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na luachanna íosta LGD le haghaidh risíochtaí a urraítear le maoin dhochorraithe

1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar oiriúnacht na luachanna íosta LGD i gcomhréir le hAirteagal 164(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na húdaráis arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal sin, agus an measúnú ar phriacal sistéamach á dhéanamh acu ar bhonn míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a dhéanann difear do mheastacháin LGD lasmuigh den timthriall eacnamaíoch, aird a thabhairt ar na coinníollacha uile seo a leanas:

1.

(a) coinníollacha éilimh agus soláthair sna margaí réadmhaoine, agus dinimic i bpraghsanna réadmhaoine, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha agus i gcás ina bhfuil meastachán láidir ar fáil, an leibhéal róluachála nó tearcluachála ar phraghsanna réadmhaoine;

(b) coinníollacha a dhéanann difear do na tosca lena gcinntear meastacháin LGD, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha:

(b)

(i) athruithe ar fhad agus ar éifeachtacht an phróisis chun aisghabhálacha a shaothrú, i ngeall ar athruithe ar na nósanna imeachta aisghabhála;

(ii) athruithe ar a mhinice a fhilleann féichiúnaithe nó saoráidí creidmheasa aonair ar stádas neamh-mhainneachtana, i ngeall ar athruithe ar rátaí dífhostaíochta, nó athruithe ar leibhéil fiachais teaghlaigh nó ar leibhéil fiachais chorparáidigh;

(iii) rátaí úis;

(c) coinníollacha eile a dhéanann difear ar bhealach indíreach do luach na comhthaobhachta a chuirtear san áireamh i meastacháin LGD, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, cóimheasa iasachta/luacha, tras-chomhthaobhú, agus foirmeacha coiteanna eile cosanta creidmheasa a bhaineann le risíochtaí ar mhiondíol a urraítear le maoin dhochorraithe sa Bhallstát lena mbaineann.

2. Chun críocha mhír 1, tabharfaidh na húdaráis arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 164(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 aird ar gach ceann de na nithe seo a leanas:

2.

(a) cé acu a bhaineann nó nach mbaineann na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha le cor chun donais eacnamaíoch agus, dá bhrí sin, cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear san áireamh iad sa mheastachán LGD maidir le cor chun donais le haghaidh na risíochtaí lena mbaineann;

(b) bearta macrastuamachta eile atá i bhfeidhm cheana féin lena dtugtar aghaidh ar na priacail shistéamacha shainaitheanta a dhéanann difear do leormhaitheas luachanna íosta LGD, lena n-áirítear na bearta seo a leanas sa dlí náisiúnta atá ceaptha chun athléimneacht an chórais airgeadais a fheabhsú:

(b)

(i) teorainneacha iasachta/luacha

(ii) teorainneacha fiachais/ioncaim;

(iii) teorainneacha fiach-sheirbhíse/ioncaim;

(iv) ionstraimí eile lena dtugtar aghaidh ar chaighdeáin iasachtaithe;

(c) leibhéal na héiginnteachta maidir le forbairt sna margaí maoine dochorraithe agus maidir le luaineacht praghsanna sna margaí sin;

(d) sainiúlachtaí náisiúnta a bhaineann go heisiach leis an margadh réadmhaoine agus le maoiniú an mhargaidh sin, lena n-áirítear scéimeanna ráthaíochta poiblí agus príobháideacha, in-asbhainteacht cánach, agus tacaíocht phoiblí i bhfoirm córas iontaofa agus bearta sábháilteachta sóisialta;

(e) i gcás inarb ábhartha agus ina bhfuil an fhaisnéis ar fáil, comparáidí tagarmharcála ar mheastacháin LGD thar institiúidí creidmheasa nó ó Bhallstát go chéile le haghaidh punanna inchomparáide, leibhéil priacail inchomparáide agus saoráidí inchomparáide a urraítear le maoin dhochorraithe atá geallta mar chomhthaobhacht.

Airteagal 3 Measúnuithe ar dheighleoga maoine nó ar chodanna sonracha de chríoch Ballstáit

Féadfaidh údarás arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 124(1a) nó le hAirteagal 164(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 na tosca a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán seo a mheas, nó na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo a chur san áireamh, maidir le deighleog mhaoine amháin nó níos mó nó maidir le cuid amháin nó níos mó de chríoch Ballstáit.

Airteagal 4 Foinsí eile sonraí a úsáid

Údaráis arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 124 (1a) nó Airteagal 164(5), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lena gcinntear an taithí chaillteanais i gcomhréir le hAirteagal 1(1), pointe (a), den Rialachán seo, nó a dhéanann measúnú ar oiriúnacht na luachanna íosta LGD i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo maidir le deighleog mhaoine nó cuid de chríoch Ballstáit, féadfaidh siad úsáid a bhaint as foinsí eile sonraí, lena n-áirítear tuairisciú náisiúnta ad hoc agus cláir chreidmheasa a bhaineann leis an deighleog nó leis an gcríoch sin, ar choinníoll nach bhfuil na sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (a), agus Airteagal 430a, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mionsonraithe go leor.

Airteagal 5 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Deireadh Fómhair 2022. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

Versions

  1. 2022-10-05